Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AE5805

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta maidir le hardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Rialachán um an Eoraip Idir-inoibritheach) (COM(2022) 720 final — 2022/0379 (COD)) agus maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le beartas idir-inoibritheachta neartaithe san earnáil phoiblí — Lena nascaítear seirbhísí poiblí, lena dtacaítear le beartais phoiblí agus lena gcuirtear tairbhí don phobal ar fáil ionsar an “Eoraip Idirinoibritheach” (COM(2022) 710 final)

    EESC 2022/05805

    IO C 184, 25.5.2023, p. 28–33 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    25.5.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 184/28


    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta maidir le hardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Rialachán um an Eoraip Idir-inoibritheach)

    (COM(2022) 720 final — 2022/0379 (COD))

    agus maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le beartas idir-inoibritheachta neartaithe san earnáil phoiblí — Lena nascaítear seirbhísí poiblí, lena dtacaítear le beartais phoiblí agus lena gcuirtear tairbhí don phobal ar fáil ionsar an “Eoraip Idirinoibritheach”

    (COM(2022) 710 final)

    (2023/C 184/05)

    Rapóirtéir:

    Vasco DE MELLO

    Comhairliúchán

    a)

    Parlaimint na hEorpa, 21.11.2022

    b)

    Comhairle an Aontais Eorpaigh, 25.11.2022

    Bunús dlí

    a)

    Airteagal 172 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    b)

    Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    Rannóg atá freagrach

    An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

    Dáta a glactha sa rannóg

    10.3.2023

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    22.3.2023

    Seisiún iomlánach Uimh.

    577

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    200/0/3

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Ach oiread leis an gCoimisiún, creideann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) gur réamhriachtanas atá san idir-inoibritheacht idir na seirbhísí poiblí chun margadh aonair digiteach a chruthú.

    1.2.

    Mar sin féin, ní hé toradh a bheidh ar shaothrú an chuspóra sin go gcuirfidh na Ballstáit rompu cloí le beartas a thapóidh digitiú iomlán na seirbhísí poiblí, rud ab aimhleas na seirbhísí a chuirtear ar fáil i láthair an duine féin, agus ní ceart gan freastal ar na grúpaí saoránach is leochailí atá sa tsochaí. Ba cheart oiliúint maidir le scileanna digiteacha a bheith ar fáil do chách, ach go háirithe do na grúpaí sin den daonra.

    1.3.

    In ionad an pearsanra a laghdú, is amhlaidh a chruthóidh forbairt agus oibriú seirbhísí digiteacha gá breise le pearsanra i dtús ama. Is réamhriachtanas atá ann dóthain foirne a bheith ar fáil má tá rath le bheith ar an gclaochlú digiteach.

    1.4.

    Is díol sásaimh do CESE go raibh dul chun cinn mór ann i ndigitiú na seirbhísí poiblí le linn na paindéime.

    1.5.

    Is díol sásaimh do CESE gur bunaíodh samhail rialachais chun críocha an bheartais sin, samhail ina bhfuil dhá phríomhchomhlacht mar atá an Bord um an Eoraip idir-inoibritheach agus an comhphobal don “Eoraip Idir-inoibritheach”.

    1.6.

    Is próisis iad sin a fhágfaidh gur féidir comhpháirtíochtaí a chur ar bun idir an earnáil phoiblí agus cuideachtaí nuálacha teicneolaíochta, sin nó gnólachtaí nuathionscanta. Is d’fhonn réitigh thurgnamhacha nuálacha a fhorbairt a tharlódh sin, réitigh a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm laistigh de na seirbhísí poiblí, réitigh a d’fhéadfadh na seirbhísí poiblí a roinnt le chéile.

    1.7.

    Dar le CESE gur thábhachtach na prionsabail agus na struchtúir a mholtar sa chreat seirbhíse poiblí Eorpach a bheith ina choinníoll le maoiniú na dtionscadal idir-inoibritheachta i réimse na seirbhíse poiblí san am atá romhainn, agus gur thábhachtach gan acmhainní a chur i dtreo tionscadail nár ghlac leis na prionsabail agus na struchtúir sin.

    1.8.

    Cé gur díol sásaimh do CESE go bhfuil an cur chuige sin ina chuid den “aistriú dúbailte”, is mian leis a chur in iúl go bhfuil roinnt sásraí teicneolaíochta ann i gcomhair an digitithe a d’fhéadfadh a bheith an-tomhaltach ar fhuinneamh.

    1.8.1.

    Fiú má tá gá le réamhchúraimí, measann CESE nár cheart go gcuirfeadh cosaint na sonraí bac ar sheirbhísí poiblí agus ar dhaoine aonair ar mian leo réitigh nua idir-inoibritheachta a chruthú.

    1.8.2.

    Thairis sin amach, creideann CESE i leith inrochtaineacht na sonraí seirbhíse poiblí do ghnólachtaí nó do dhaoine eile, do na saoránaigh, cuir i gcás, gur rud é ba cheart a bheith faoi réir leibhéil éagsúla údaraithe chun an rúndacht a chaomhnú agus chun gan ach na sonraí is riachtanaí a chur ar fáil.

    2.   Cúlra

    2.1.

    Is éard atá i gcruthú margaidh inmheánaigh i.e. limistéar saorghluaiseachta daoine agus earraí, seirbhísí agus caipitil, cruthú limistéir ina bhfuil na bacainní náisiúnta bainte óna chéile.

    2.2.

    Ó bunaíodh an tAontas Eorpach, agus ó tháinig treise leis ó bunaíodh an Margadh Aonair, tá a dhícheall déanta aige deireadh a chur le bacainní a d’fhéadfadh srian nó lancais a chur ar inmhe agus ar fhorás an mhargaidh inmheánaigh iarbhír.

    2.3.

    Ionas go mbeidh margadh inmheánach ann iarbhír, ní mór rochtain a bheith ag na saoránaigh agus ag na gnólachtaí ar sheirbhísí poiblí na mBallstát, agus ní mór é a bheith ar a gcumas idirghníomhú leis na seirbhísí sin ar bhealach simplí agus tapa, bíodh sin ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal náisiúnta.

    2.4.

    Thairis sin amach, má tá spás oscailte ann, spás na hEorpa, cuir i gcás, ní mór do chomhlachtaí riaracháin phoiblí na mBallstát a gcuid sonraí a roinnt le chéile agus obair i gcomhar le chéile ar na leibhéil éagsúla atá ann.

    2.5.

    Ó na 1990idí i leith, tá iarracht déanta ag an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun idir-inoibritheacht (1) nó, níos fearr fós, idirnascacht idir seirbhísí poiblí éagsúla na mBallstát a fhorbairt agus a chothabháil (2).

    2.6.

    De réir a chéile, tá scéal an riachtanais seo ag dul chun práinne, ós rud é gur tháinig gné bhreise i gceist sa mhargadh inmheánach, is é sin an ghné dhigiteach (3).

    2.7.

    Is réabhlóid atá sa digitiú gan aon agó, réabhlóid i nósmhaireacht na ndaoine, réabhlóid sa tslí a bhfeidhmíonn gnólachtaí, agus réabhlóid sa riarachán poiblí chomh maith.

    2.8.

    Sraith seirbhísí poiblí nach raibh ar fáil ach go fisiceach go dtí le blianta beaga anuas, is seirbhísí iad atá tagtha chun cinn go digiteach faoin am seo, rud a chruthaíonn buntáistí móra, bíodh sin don saoránach, don phobal gnó, nó do na seirbhísí poiblí féin, seirbhísí ar éirigh leo an-choigilt a dhéanamh ar uaireanta oibre agus ar acmhainní airgeadais.

    2.9.

    Is éard a tharla aimsir COVID-19 gur cuireadh luas leis an treocht, rud a tharla nuair ba léir gur rud é an idir-inoibritheacht idir seirbhísí poiblí Eorpacha éagsúla a fhéadfaidh a bheith ina huirlis luachmhar le haghaidh shaorghluaiseacht na ndaoine, faoi mar a thaispeáin úsáid an deimhnithe COVID i gcoinne an ghalair sin dúinn.

    2.10.

    I bhfianaise na tábhachta atá leis an earnáil phoiblí san OTI (4), admhaíonn an tAontas Eorpach go bhféadfaidh an digitiú a bheith ina fhachtóir cinntitheach sa phróiseas Eorpach sa réimse seo, ní hamháin toisc go bhféadfadh sé réimsí eile a ghiaráil, ach toisc go bhféadfadh sé gníomhú ina chatalaíoch don phróiseas ina iomláine i gcomhthéacs gheilleagar na hEorpa.

    2.11.

    Mar thoradh air sin, tá foráil luach EUR 47 mbilliún ina hiomláine sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta i gcomhair infheistíocht phoiblí chun an córas riaracháin phoiblí a dhigitiú.

    2.12.

    Is rud é a d’aithin an tAontas Eorpach, tríd an gCoimisiún, agus rialtais na mBallstát le himeacht ama gur gá idir-inoibritheacht agus idirnascacht na seirbhísí poiblí náisiúnta a dhoimhniú, i measc a chéile, agus idir na seirbhísí sin agus seirbhísí an Aontais (5), ionas gur féidir le daoine agus gnólachtaí ar fud an Aontais rochtain a fháil ar na seirbhísí sin cibé áit a bhfuil siad.

    2.13.

    Cé nach scéal nua (6) í idir-inoibritheacht na seirbhíse poiblí, féachann an teachtaireacht seo le creat níos foirmiúla, níos cobhsaí agus níos sláine a chruthú le haghaidh comhair, as a dtiocfaidh doimhniú breise ar an idirnascacht atá ann cheana idir córais dhigiteacha na seirbhísí poiblí náisiúnta éagsúla agus idir iad agus seirbhísí an Aontais Eorpaigh féin (7). Cé nach scéal nua ann féin atá san idir-inoibritheacht idir na seirbhísí poiblí, tá sé beartaithe sa Teachtaireacht creat comhair a bhunú a bheidh níos foirmiúla, téacs a bheidh níos cobhsaí agus níos sláine, d’fhonn cur leis an idirnascacht atá ann cheana idir trealamh digiteach na seirbhísí poiblí náisiúnta éagsúla, eatarthu féin agus le feistí an Aontais Eorpaigh, agus an cuspóir sin a chomhdhlúthú chun ráta digitithe na seirbhísí sin ar a chríoch a bhaint amach in 2030, faoi mar a moladh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, (COM(2021) 118), 2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade [Compás Digiteach do 2030: An bealach digiteach á leagan síos ag an Eoraip go ceann deich mbliana.

    2.14.

    Chuige sin, leagtar na príomhphrionsabail seo a leanas amach sa Teachtaireacht chun cur chuige comhleanúnach a chur chun feidhme sa réimse:

    struchtúr rialachais idir-inoibritheachta a chruthú ina mbeidh dhá chomhlacht (an Bord um Eoraip Idir-inoibritheach agus an Comhphobal Idir-inoibritheach na hEorpa), a ceapadh chun go bhféadfaidh riaracháin phoiblí comhoibriú ar leibhéal ginearálta (Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil) agus earnála (ceartas, iompar, gnóthaí inmheánacha, sláinte, éiceolaíocht, etc.), agus le geallsealbhóirí príobháideacha — agus sainordú acu teacht ar chomhaontú maidir le réitigh chomhroinnte idir-inoibritheachta (e.g. creataí, sonraíochtaí oscailte, caighdeáin oscailte, feidhmchláir nó treoirlínte);

    measúnú éigeantach a thabhairt isteach ar aon tionchar ar idir-inoibritheacht trasteorann a bhaineann le córas faisnéise seirbhíse poiblí a thabhairt isteach nó a athrú;

    éiceachóras réiteach idir-inoibritheachta a chomhchruthú d’earnáil phoiblí an Aontais (catalóga de shócmhainní aitheanta idir-inoibritheachta a thabhairt isteach ar féidir le riaracháin iad a úsáid agus beartais a cheapadh, amhail uirlisí digiteacha, sonraíochtaí nó réitigh), ionas gur féidir le riaracháin phoiblí ar gach leibhéal san Aontas agus le geallsealbhóirí eile rannchuidiú le cruthú, le feabhsú agus le hathúsáid na réiteach sin, rud a chuirfidh ar a gcumas nuáil a dhéanamh le chéile agus luach poiblí a chruthú;

    maoiniú áirithe ón Aontas Eorpach a dheonú chun córais faisnéise náisiúnta a chruthú nó a neartú coinníollach ar réitigh agus prionsabail atá réamhshainithe ag an Aontas Eorpach a úsáid (8).

    3.   Barúlacha ginearálta

    3.1.

    Dála an Choimisiúin, creideann CESE gur ceanglas bunriachtanach í an idir-inoibritheacht idir seirbhísí poiblí chun margadh aonair digiteach a bhunú agus chun deireadh a chur leis na bacainní atá fós ann sa mhargadh fisiciúil (9).

    3.2.

    Más linn ráta 100 % de sheirbhísí poiblí digitithe a chur i réim ar fud an Aontais Eorpaigh faoi 2030, ní mór gréasán tras-Eorpach a bhunú agus a fheabhsú, gréasán a nascfaidh na córais riaracháin sin le chéile, gréasán a úsáidfidh eilimintí coiteanna ar gach leibhéal, idir ghnéithe teicniúla agus ghnéithe séimeantacha, ghnéithe dlíthiúla agus ghnéithe eagraíochtúla.

    3.3.

    Mar sin féin, ní hé toradh a bheidh ar shaothrú an chuspóra sin go gcuirfidh na Ballstáit rompu cloí le beartas a thapóidh digitiú iomlán na seirbhísí poiblí, rud ab aimhleas do na seirbhísí a chuirtear ar fáil i láthair an duine féin, agus ní ceart gan freastal ar na grúpaí saoránach is leochailí atá sa tsochaí, ós éard atá le rá gur cheart go mbeadh deis ag cách gan eisceacht coinne a fháil le lucht na seirbhísí poiblí i láthair duine den fhoireann. Ba cheart oiliúint maidir le scileanna digiteacha a bheith ar fáil do chách, ach go háirithe do na grúpaí sin den daonra.

    3.4.

    In ionad an pearsanra a laghdú, is amhlaidh a chruthóidh forbairt agus oibriú seirbhísí digiteacha gá breise le pearsanra i dtús ama. Is réamhriachtanas atá ann dóthain foirne a bheith ar fáil má tá rath le bheith ar an gclaochlú digiteach.

    3.5.

    Ba cheart an digitiú a úsáid lena áirithiú gur fearr na seirbhísí poiblí a bheidh ar fáil.

    3.6.

    Faoi mar a dúirt CESE sa tuairim uaidh roimhe seo, “níor cheart go mbeadh sé dírithe ar ríomhairí a chur in ionad daoine, ach ar am daoine a shaoradh chun díriú ar chúraimí níos luachmhaire” (10).

    3.7.

    Ní bealach é an digitiú ná úsáid na hintleachta saorga chun ciorruithe a dhlisteanú ar líon na bpost atá ann. Má chuirtear deireadh leis na gnáthchúraimí mar gheall ar an digitiú, is éard ba cheart go mbeadh níos mó ama ag fostaithe chun obair dhúshlánach a dhéanamh, sin agus chun comhairle a chur ar na daoine.

    3.8.

    Is géire an gá atá leis an moladh sin ós cinnte go séanfar an fhaisnéis a bheidh ar fáil don phobal in 2030 ar mhionlach de na saoránaigh, daoine a bheidh gan rochtain ar sheirbhísí poiblí ach amháin ach i láthair an duine féin (11). Na bealaí rochtana analógacha atá ar fáil do dhaoine chun seirbhísí poiblí a úsáid, is bealaí iad nár cheart a dhéanamh níos deacra le linn an digitithe, nár níor cheart na bealaí sin a chaitheamh i dtraipisí le linn an digitithe ach oiread.

    3.9.

    Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE gurb é is aidhm don Teachtaireacht seo leibhéal idir-inoibritheachta na hearnála poiblí a dhoimhniú agus a fheabhsú, agus creat dlíthiúil a chruthú atá le sainiú ar leibhéal an Aontais (12).

    3.10.

    Admhaíonn CESE go mbeidh buntáistí ollmhóra ag na saoránaigh ar an méid sin, go háirithe ag oibrithe trasteorann, ag saol na heacnamaíochta agus ag riarachán poiblí na mBallstát féin.

    3.11.

    Mar sin féin, faoi mar a thuigeann an Coimisiún féin, ní leor caighdeáin theicniúla a bhunú a fhéadfaidh na seirbhísí a idirnascadh le chéile ionas go bhféadfar iad a aistriú go praiticiúil. Ní mór do na Ballstáit na hinfheistíochtaí poiblí iomchuí a dhéanamh ar gach leibhéal.

    3.12.

    Is éard is gá a áirithiú go mbeidh comhordú ann, más ar an leibhéal reachtach é nó ar leibhéal na líonraí seirbhíse earnála, ionas nach obair in aisce a bheidh in aimsiú na dtorthaí trí bhíthin na hidir-inoibritheachta faoi ualaí maorlathais mhíriachtanacha, agus ionas nach mbeidh ar dhaoine aonair ná ar ghnólachtaí na sonraí céanna a sholáthar do gach ceann de na seirbhísí poiblí éagsúla sin, rud a d’fhágfadh go mbeadh orthu nósanna imeachta a leanúint arís agus arís eile agus costais mhíriachtanacha a thabhú.

    3.13.

    Ar an taobh eile den scéal, is ríthábhachtach gan bac ar bith a bheith ar sheirbhísí poiblí digiteacha ar an leibhéal náisiúnta ó thaobh nascachta agus idir-inoibritheachta de, bac a chuirfeadh constaic roimh an úsáid trasteorann, agus is ríthábhachtach nach mbrisfidís an nasc idir na saoránaigh agus gnólachtaí nó seirbhísí poiblí eile le Ballstáit eile (13).

    3.14.

    Is díol sásaimh do CESE go raibh dul chun cinn mór ann i ndigitiú na seirbhísí poiblí le linn na paindéime agus le linn na dianghlasála.

    3.15.

    I ndáil leis an méid sin, is inmholta go bhféachfaí leis go n-áiritheodh an teachtaireacht is ábhar don tuairim seo go mbunófaí comhleanúnachas idir na beartais idir-inoibritheachta uile, beartais ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon, rud a dhéanfaí ach úsáid na samhlacha coiteanna a spreagadh, is é sin trí roinnt na sonraíochtaí teicniúla ar rud amháin agus trí réitigh choiteanna de chineálacha eile a úsáid ar rud eile.

    3.16.

    Ar an gcúis chéanna, tacaíonn CESE leis an bprionsabal go ndéanfadh na seirbhísí poiblí míreanna agus sonraí a athúsáid agus a roinnt le chéile ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon.

    3.17.

    Thairis sin, is mian le CESE a chur in iúl go bhfuil imní air faoi úsáid teangacha i réimse idir-inoibritheacht na seirbhísí poiblí. Ní ceart réim na teanga a bheith ina chonstaic mhaorlathach, agus is gá a áirithiú go roinnfear sonraí agus faisnéis i bhfriotal atá sothuigthe do chách.

    3.18.

    Tacaíonn CESE le samhail rialachais a chruthú agus a institiúidiú i gcomhair an bheartais sin, samhail a bhfuil dhá phríomhchomhlacht le lua leis. Sin iad an Bord um an Eoraip idir-inoibritheach, coiste arb é an Coimisiún a dhéanfaidh cathaoirleacht air, maille le beirt chomhaltaí as gach Ballstát, mar aon le beirt eile a bheidh ina n-ionadaithe ar CESE féin agus ar Choiste na Réigiún, agus ar an taobh eile den scéal, pobal idir-inoibritheacha na hEorpa agus é comhdhéanta de ghníomhaithe ón tsochaí shibhialta agus ón earnáil phríobháideach (14) (15).

    3.19.

    Measann CESE gur tábhachtach don tsochaí shibhialta, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta go háirithe, páirt a ghlacadh sa sainmhíniú ar bheartais idir-inoibritheachta, ní hamháin toisc gurb iad saoránaigh agus gnólachtaí faighteoirí deiridh na gníomhaíochta sin, ach freisin toisc gur féidir leis an tsochaí shibhialta rannchuidiú trí réitigh theicneolaíocha nua a sholáthar nach mbeadh an earnáil phoiblí in acmhainn a fhorbairt.

    3.20.

    Creideann CESE gur cheart rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a dhéanamh ar leibhéil éagsúla, agus an Coimisiún ag spreagadh na mBallstát an tiomantas sin a chur chun cinn ar na leibhéil éagsúla idir náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.

    3.21.

    Is díol sásaimh do CESE go bhfuil pointe rochtana aonair á chruthú ag an gCoimisiún, pointe arb é is aidhm dó an t-eolas agus na sásraí idir-inoibritheachta. Is nithe iad sin a fhéadfaidh eintitis phoiblí agus eintitis phríobháideacha a sholáthar.

    3.22.

    Ach oiread leis an gCoimisiún, creideann CESE gur cheart do sheirbhísí poiblí an Aontais a gcuid spleáchais ar bhonneagar digiteach atá á sholáthar ag tríú tíortha a laghdú, bonneagar atá ina bhagairt do cheannasacht dhigiteach na hEorpa.

    3.23.

    Maidir leis an bpointe áirithe sin, tugtar faoi deara go measann an Coimisiún gur cheart tús áite a thabhairt do chórais oscailte, córais a mbeadh cód foinse oscailte ag gabháil leo, chun deis a thabhairt do na forbróirí a gcuid réiteach a roinnt le daoine eile.

    3.24.

    I dtaca leis sin, is díol sásaimh do CESE beartú agus spreagadh a bheith sa Teachtaireacht chun próisis thurgnamhacha a dhearadh. Is próisis iad sin a fhágfaidh gur feidir comhpháirtíochtaí a chur ar bun idir an earnáil phoiblí agus cuideachtaí nuálacha teicneolaíochta, sin nó gnólachtaí nuathionscanta. Is d’fhonn réitigh thurgnamhacha nuálacha a fhorbairt a tharlódh sin, réitigh a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm laistigh de na seirbhísí poiblí ach a mbeadh tréimhse thástála curtha isteach acu agus dea-thoradh air, réitigh a d’fhéadfadh na seirbhísí poiblí a roinnt le chéile.

    3.25.

    Dar le CESE gur thábhachtach na prionsabail agus na struchtúir a mholtar sa chreat seirbhíse poiblí Eorpach a bheith ina choinníoll le maoiniú na dtionscadal idir-inoibritheachta i réimse na seirbhíse poiblí san am atá romhainn, agus gur thábhachtach gan acmhainní a chur i dtreo tionscadail nár ghlac leis na prionsabail agus na struchtúir sin.

    3.26.

    Is rímhaith an rud a bheadh i gcoinníoll mar sin leis na seirbhísí poiblí a chur i dtreo na gcaighdeán coiteann dá ndeoin féin.

    3.27.

    Is cúis iontais do CESE, murab ionann agus teachtaireachtaí eile a bhí ann roimhe seo (16), nach luaitear sa tuairim seo beag ná mór an tairbhe a d’fhéadfaí a bhaint as idir-inoibritheacht na gcóras poiblí Eorpach sa chomhrac i gcoinne na calaoise agus, ar an gcaoi sin, fáltas agus ioncam breise a chruthú go héifeachtach le haghaidh na mBallstát.

    3.28.

    I ndáil leis sin, tugann CESE dá aire go gcaithfidh idir-inoibritheacht na gcóras a bheith fite fuaite le húsáid na hintleachta saorga, rud a d’fhéadfadh cuidiú leis na seirbhísí poiblí in anailís na sonraí, sin agus é a bheith indéanta foláirimh agus rabhaidh a eisiúint do na seirbhísí poiblí éagsúla sna Ballstáit.

    3.29.

    Ar an ásc deiridh, ba cheart dhá bharúil a thabhairt maidir leis an aistriú glas agus cosaint na sonraí.

    3.29.1.

    Cur chuige na hidir-inoibritheachta sna córais phoiblí a chur san áireamh sa straitéis don aistriú digiteach agus don aistriú glas, sin ceann de na cuspóirí atá leis an Teachtaireacht.

    3.29.2.

    Tá sé á chur in iúl ag CESE go bhfuil roinnt sásraí TF ann a d’fhéadfadh a bheith an-tomhaltach ar fhuinneamh ainneoin iad a bheith an-éifeachtúil.

    3.29.3.

    Sin é cás an bhlocshlabhra, córas a chaitheann an t-uafás fuinnimh i réimse shlándáil na sonraí íogaire, cuir i gcás, ar mhaithe le bheith an-éifeachtach.

    3.29.4.

    Is díol sásaimh do CESE an bealach a dtugtar isteach “boscaí gainimh” sna rialacha a leagtar síos sa Teachtaireacht chun na forálacha atá beartaithe a thástáil.

    3.29.5.

    Fiú má tá gá le réamhchúraimí, measann CESE nár cheart go gcuirfeadh cosaint na sonraí bac ar sheirbhísí poiblí agus ar dhaoine aonair ar mian leo réitigh nua idir-inoibritheachta a chruthú.

    3.29.6.

    Thairis sin amach, creideann CESE i leith inrochtaineacht na sonraí seirbhíse poiblí do ghnólachtaí nó do dhaoine eile, do na saoránaigh, cuir i gcás, gur rud é ba cheart a bheith faoi réir leibhéil éagsúla údaraithe chun an rúndacht a chaomhnú agus chun gan ach na sonraí is riachtanaí a chur ar fáil.

    3.29.7.

    Dá ndéanfaí é sin, d’fhéadfaí fadhbanna den chineál sin a sheachaint, fadbhanna a tháinig chun cinn le déanaí maidir leis an bhféidearthacht rochtain a fháil ar shonraí ón gclár lárnach um úinéireacht thairbhiúil, rud ab ábhar cheana do bhreithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

    An Bhruiséil, an 22 Márta 2023.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Christa SCHWENG


    (1)  Sainmhínítear idir-inoibritheacht na hearnála poiblí mar rud “a chuireann ar chumas riarachán comhoibriú agus feidhmiú seirbhísí poiblí thar theorainneacha, thar earnálacha agus thar theorainneacha eagraíochtúla”. Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le beartas idir-inoibritheachta neartaithe san earnáil phoiblí Lena nascaítear seirbhísí poiblí, lena dtacaítear le beartais phoiblí agus lena gcuirtear tairbhí don phobal ar fáil ionsar “an Eoraip Idirinoibritheach”.

    (2)  Le Cinneadh Uimh. 1719/1999/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, seoladh tionscnamh ón gCoimisiún maidir le hidir-inoibritheacht na seirbhíse poiblí, arbh é a bhí ann sraith treoirlínte, lena n-áirítear tionscadail leasa choitinn a shainaithint, le haghaidh gréasán tras-Eorpach le haghaidh idirmhalartú leictreonach sonraí idir riaracháin.

    (3)  Tá géarghá le margadh digiteach inmheánach, ní hamháin chun deireadh a chur le bacainní ar an margadh sin, ach chun sásraí a chruthú freisin chun cosc a chur ar bhacainní nua.

    (4)  De réir fhigiúirí Eurostat le haghaidh 2022, is ionann an earnáil phoiblí agus 53,1 % de OTI na hEorpa – staidreamh airgeadais rialtais — Staidreamh arna Míniú(europa.eu).

    (5)  Mar shampla, féach na dearbhuithe deiridh ó na cruinnithe idir-aireachta a tionóladh i dTaillinn (2017), i mBeirlín (2020) agus in Strasbourg (2022).

    (6)  In 2010, thíolaic an Coimisiún an Teachtaireacht dar teideal Towards interoperability for European public services (COM(2010) 744 final), a bhí ina hábhar do thuairim CESE TEN/448-449 agus ar thacaigh an clár maidir le réitigh idir-inoibritheachta do riaracháin phoiblí Eorpacha (ISA) lena cur chun feidhme – Cinneadh Uimh. 922/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ar tháinig clár ISA2 – Cinneadh (AE) 2015/2240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus an Clár don Eoraip Dhigiteach – Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcomharbas uirthi in 2015.

    (7)  Aithnítear sa togra ón gCoimisiún nach leor an cur chuige deonach a glacadh go dtí seo chun na cuspóirí idir-inoibritheachta atá beartaithe a bhaint amach.

    (8)  Féach an doiciméad míniúcháin a ghabhann leis an togra le haghaidh rialacháin agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le beartas neartaithe idir-inoibritheachta don earnáil phoiblí Na seirbhísí poiblí a nascadh, tacú le beartais phoiblí agus sochair phoiblí a sholáthar ionsar “an Eoraip idir-inoibritheach”.

    (9)  Sa tuairim uaidh cheana féin TEN/635 – an Creat Eorpach Idir-inoibritheachta – Straitéis Cur Chun Feidhme, chuir CESE in iúl a thábhachtaí atá an idir-inoibritheacht chun an margadh aonair digiteach a thabhairt i gcrích (IO C 81, 2.3.2018, lch 176).

    (10)  Féach tuairimí CESE maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – The European eGovernment Action Plan 2011-2015 Harnessing ICT to promote smart, sustainable & innovative Government [Plean Gníomhaíochta Ríomhrialtais na hEorpa 2011-2015 – leas a bhaint as TFC chun rialtas a chur chun cinn a bheidh cliste, inbhuanaithe nuálach], agus maidir leis an “Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún i dtreo na hidir-inoibritheachta i seirbhísí poiblí na hEorpa” (IO C 376, 22.12.2011, lch. 92).

    (11)  Sin cúis imní a thagann i gceist arís agus arís eile i dtuairimí CESE (IO C 81, 2.3.2018, lch 176).

    (12)  I dtuairimí dá chuid roimhe seo, chuir CESE in iúl go dtacaíonn sé leis na tionscadail uile atá seolta ag an Aontas Eorpach chun cuspóirí an aistrithe dhigitigh a bhaint amach – féach tuairim (IO C 365, 23.9.2022, lch 13).

    (13)  Gné amháin den scéal a d’fhéadfadh a bheith ina chonstaic ar idir-inoibritheacht trasteorann seirbhísí poiblí is ea an seasamh a glacadh maidir le sonraí pearsanta.

    (14)  Tá an Bord um an Eoraip Idir-inoibritheach freagrach as bearta a cheapadh, as tacaíocht a sholáthar, as comhairle a chur ar fáil agus as monatóireacht a dhéanamh ar bheartais idir-inoibritheachta na hEorpa, agus tabharfaidh Comhphobal na hEorpa Idir-inoibritheach páirtithe leasmhara na sochaí sibhialta le chéile chun cabhrú leis an gCoiste réitigh nua atá le moladh a fhiosrú agus a shainaithint.

    (15)  An rogha a rinne an Coimisiún, is rogha í atá i gcomhréir leis na moltaí a rinne CESE i dtuairimí eile roimhe seo (IO C 81, 2.3.2018, lch 176).

    (16)  Féach an iarscríbhinn a ghabhann leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – An Creat Idir-Inoibritheachta Eorpach – Straitéis Cur Chun Feidhme.


    Top