Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022IE4219

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Compás Straitéiseach an Aontais” (tuairim féintionscnaimh)

    EESC 2022/04219

    IO C 140, 21.4.2023, p. 20–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    21.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 140/20


    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Compás Straitéiseach an Aontais”

    (tuairim féintionscnaimh)

    (2023/C 140/04)

    Rapóirtéir:

    Christian MOOS

    Comhrapóirtéir:

    Peter CLEVER

    Cinneadh ón Tionól Iomlánach

    14.7.2022

    Bunús dlí

    Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

     

    Tuairim féintionscnaimh

    Rannóg atá freagrach

    Caidreamh Seachtrach

    Dáta a glactha sa rannóg

    20.12.2022

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    24.1.2023

    Seisiún iomlánach Uimh.

    575

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    163/1/5

    1.   Achoimre agus moltaí

    1.1.

    Is céim thábhachtach chun cinn é an Compás Straitéiseach. Is catalóg atá ann de thionscadail agus de bhearta sonracha an-tábhachtach a chuireann leis an tslándáil san Eoraip. Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) den tuairim nach mór cur leis an gCompás le go mbeidh sé ina straitéis chuimsitheach le haghaidh beartas Eorpach eachtrach agus slándála agus nach mór don tsochaí shibhialta a bheith rannpháirteach sa phróiseas sin.

    1.2.

    Tá CESE á chur i bhfáth go bhfuil i bhfad níos mó i gceist leis an tslándáil ná an chosaint agus gur cheart do straitéis chuimsitheach slándála Eorpach díriú freisin ar ghnéithe sibhialta agus coisctheacha, rudaí a thacódh leis na bearta cosanta nithiúla agus a chomhlánódh iad.

    1.3.

    Tá CESE á chur i bhfáth freisin gur bearta coisctheacha tábhachtacha iad an ceartas sóisialta, ionchais eacnamaíocha agus an inbhuanaitheacht comhshaoil. Is réamhriachtanais thábhachtacha don neamhfhoréigean iad an tsíocháin shóisialta agus an chobhsaíocht eacnamaíoch. Le go bhféadfar an t-ord sóisialta agus an tsíocháin a chaomhnú ar fud an domhain, caithfear srian a chur leis an téamh domhanda agus iarmhairtí an téimh dhomhanda a bhainistiú.

    1.4.

    Ní leor mar a chuirtear san áireamh sa Chompás Straitéiseach an ról is féidir le sochaí shibhialta na hEorpa a imirt agus a chaithfidh sí a imirt chun teacht aniar níos fearr a áirithiú i gcoinne ionsaithe hibrideacha agus an dochair chórasaigh a bhíonn á dhéanamh ag fórsaí naimhdeacha don chomhtháthú agus don dlúthpháirtíocht laistigh de na Ballstáit agus eatarthu.

    1.5.

    Tá dlúthbhaint ag an mbeartas slándála sibhialta agus coisctheach leis an gcumas cosanta míleata. Is gá a thuiscint nach ann don tsábháilteacht murab ann don chumas cosanta, agus, toisc éifeacht dhíspreagthach a bheith leis, gur beart coisctheach é freisin.

    1.6.

    Tá CESE den tuairim go dtugann an Compás Straitéiseach léargas ródhearfach ar an mbeartas Eorpach slándála agus cosanta.

    1.7.

    Ní hamháin gur comhpháirtí straitéiseach de chuid an Aontais í Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT), ach is í an páirtí is tábhachtaí í a ráthaíonn an tslándáil san Aontas freisin. Ní mór do mhuintir na hEorpa luach breise a chur le ECAT trí bhearta a neartaíonn a gcumas féin gníomhú go straitéiseach. Go dtí seo, níor éirigh leis an Aontas ná ECAT leas iomlán a bhaint as an acmhainneacht a thagann as an gcomhar eatarthu. Is é a chiallaíonn sé colún Eorpach na slándála agus na cosanta a neartú ECAT a neartú.

    1.8.

    I ndeireadh na dála, ní mór don Aontas tuilleadh freagrachta a ghlacadh agus Aontas Eorpach um Chosaint a chruthú mar cholún Eorpach de ECAT, á áirithiú, ag an am céanna, go lán-urramóidh an tAontas sin an stádas neodrachta atá ag roinnt de na Ballstáit agus go mbeidh sé comhoiriúnach don stádas sin.

    1.9.

    Ba cheart don Aontas tuiscint níos fearr a fháil ar cé chomh tábhachtach agus atá an chomhpháirtíocht thrasatlantach do ECAT agus, dá réir sin, don tslándáil san Eoraip.

    1.10.

    Le tamall fada anois, tá an iomarca Ballstát ag déanamh faillí ina ngealltanais i leith na cosanta agus ina gcumas cosanta, agus, dá thoradh sin, tá easpa mhór acmhainní ar a bhfórsaí armtha, tá na fórsaí sin anullamh agus is go neamhéifeachtach a éiríonn leo oibriú le chéile.

    1.11.

    Ní mór do na Ballstáit forbairt an chumais náisiúnta agus an phleanáil cosanta a chomhordú níos fearr agus leas a bhaint as an soláthar poiblí comhpháirteach i bhfad níos minice. Le go mbeidh cumas cosanta na hEorpa níos éifeachtaí ann, beidh orthu na beartais tionsclaíochta náisiúnta a chomhordú níos fearr.

    1.12.

    Is gá an cumas atá san Eoraip gníomhú a neartú trí vótáil tromlaigh a thabhairt isteach sa bheartas eachtrach agus slándála.

    1.13.

    Is gá an ról is féidir le sochaí shibhialta na hEorpa a imirt ó thaobh dlúthpháirtíochta, comhair agus athléimneachta de a aithint toisc a thábhachtaí atá an ghné bhreise sin den Chompás Straitéiseach.

    1.14.

    Molann CESE fóraim phoiblí a eagrú le haghaidh díospóireachtaí straitéiseacha ar an leibhéal Eorpach agus an leibhéal náisiúnta.

    2.   Barúlacha ginearálta

    2.1.

    Sa tuairim féintionscnaimh seo, scrúdaítear an tionchar atá ag an gCompás Straitéiseach agus féachtar le measúnú beartais a dhéanamh ar na cuspóirí agus na deiseanna a chruthaíonn sé don Eoraip ó thaobh na sochaí sibhialta de. Is díol sásaimh do CESE tionscnaimh an Aontais Eorpaigh chun an tslándáil agus an chosaint a neartú san Eoraip.

    2.2.

    Ní páirtí éighníomhach i saincheisteanna slándála an tsochaí shibhialta agus is gá cluas a thabhairt di. Nuair a bhíonn coinbhleacht ann, déantar dochar mór do na hinstitiúidí sibhialta agus bíonn na sibhialtaigh thíos le hiarmhairtí tubaisteacha an chogaidh.

    2.3.

    Ó thaobh na sochaí sibhialta de, is dearcadh cúng den tslándáil atá sa Chompás Straitéiseach, agus béim ar leith ar an gcosaint. Tá CESE á chur i bhfáth go bhfuil i bhfad níos mó i gceist leis an tslándáil ná an chosaint agus gur cheart do straitéis slándála an Aontais díriú níos mó ar ghnéithe sibhialta agus coisctheacha ná mar a dhéantar sa Chompás Straitéiseach.

    2.4.

    Is é an tAontas Eorpach glanmhalairt an fhoréigin agus an chogaidh. Ní mór dó leas níos fearr a bhaint as na hacmhainní polaitiúla, saolta agus cultúrtha atá aige chun cabhrú le coinbhleachtaí a réiteach go síochánta agus an géarú míleata a chosc, óir is ann sin a d’fhéadfadh acmhainn thábhacht bhreisluacha an Aontais, maille leis an tionchar a bhí aige go dtí seo ar an domhan, a bheith. Ní mór dó pléadáil níos éifeachtaí a dhéanamh ar son comhaontuithe iltaobhacha rialaithe arm a athbhunú, agus an Conradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach, mar aon leis an tiomantas don dí-armáil núicléach, a chomhlíonadh.

    2.5.

    Ní féidir cearta uilíocha an duine a chosaint gan ord iltaobhach riailbhunaithe a bheith ann. Ní mór don Aontas, i gcomhar leis na comhpháirtithe uile a bhfuil na luachanna céanna acu ar fud an domhain, a sheacht ndícheall a dhéanamh chun an t-ord iltaobhach riailbhunaithe a neartú agus, i gcás inar gá, é a athbhunú agus a athnuachan. Níl polaitíocht na cumhachta crua ná “cloíonn neart ceart” ag luí leis an daonlathas ná leis an smacht reachta. Ní dhéanann an tslándáil gan saoirse aon chiall. Ag an am céanna, is réamhchoinníoll tábhachtach don tsaoirse í an tslándáil freisin.

    2.6.

    Ní thagann an beartas slándála sibhialta agus coisctheach salach ar an gcumas cosanta míleata. A mhalairt atá fíor, áfach, agus is gá a thuiscint nach ann don tsábháilteacht murab ann don chumas cosanta, agus, toisc éifeacht dhíspreagthach a bheith leis, gur beart coisctheach é freisin.

    2.7.

    Nuair a dhéantar infheistíochtaí polaitiúla agus airgeadais i réimse na slándála agus na cosanta, ní mór measúnú fónta agus dáiríre a dhéanamh ar (a) láidreachtaí agus laigí sistéamacha agus (b) láidreachtaí agus laigí ábharacha an Aontais Eorpaigh, agus ar an gcumas atá ann (i) soláthar dá shlándáil féin, (ii) cobhsaíocht a chothú i gcomharsanacht na hEorpa, (iii) bealaí trádála domhanda agus rochtain ar earraí agus ábhair chriticiúla a áirithiú, agus, go mór mór, (iv) a bheith ina chomhpháirtí iontaofa lántiomanta, le cabhair na mBallstát, sna comhghuaillíochtaí ina bhfuil sé, rud atá riachtanach don tslándáil san Eoraip agus in áiteanna eile nach í.

    2.8.

    Ní leor cumas míleata as féin leis an tslándáil agus an tsaoirse a bhaint amach. Tá gá le cur chuige iomlánaíoch sóisialta, eacnamíoch agus comhshaoil le críonnacht agus le fadbhreathnaitheacht níos fearr. Ní mór tús áite a thabhairt do bheartas coisctheach agus do réiteach coinbhleachtaí trí mhodhanna taidhleoireachta agus sibhialta, agus gan dul i muinín na cumhachta míleata ach mar bheart in am an éigin. Gné eile a bhaineann leis sin, áfach, is ea cumas míleata inchreidte a bheith ag an Aontas, sin agus gan amhras ar bith a bheith ann nach dtoileoidh sé úsáid a bhaint as an gcumas sin nuair nach bhfuil aon dul uaidh. Caithfidh an tAontas a leasanna a chosaint ar bhealach níos láidre.

    2.9.

    Is é is sprioc, i ndeireadh na dála, leis an gcóras slándála domhanda síocháin chóir a áirithiú, agus is é an t-iltaobhachas an uirlis is fearr chun an sprioc sin a bhaint amach. Mar sin féin, tá an brú faoina bhfuil an tsíocháin sin ag dul i méid, agus tá CESE ar aon fhocal leis na moltaí a rinneadh i dTuarascáil 2022 ar an tSíocháin Dhomhanda, is é sin go n-éilítear beart chun struchtúr domhanda na síochána a neartú (1).

    2.10.

    Le gur féidir bearta a chur chun feidhme d’fhonn an cumas cosanta agus an tslándáil a neartú, tá gá le comhsheasmhacht idirinstitiúideach bhreise, ní ceart a bheith ag feidhmiú i bhfolús agus, thar aon ní eile, tá gá le tiomantas láidir ó na Ballstáit.

    2.11.

    De thoradh ionradh na Rúise san Úcráin, cogadh a bheith ann arís san Eoraip agus dianpholaitíocht na cumhachta a bheith ann, tá gá le cumas éifeachtach díspreagthach. Cé nach raibh sé i gceist ag an Aontas riamh polaitíocht na mórchumhachtaí a shaothrú, is léir anois, agus an córas idirnáisiúnta agus an tsábháilteacht faoi bhagairt ag an Rúis agus an tSín, nach mór don Aontas dul in oiriúint don iomaíocht shistéamach atá ag dul i méid idir na mórchumhachtaí. Tá Cairt na Náisiún Aontaithe á sárú gan náire ag an Rúis, agus tá cearta uilíocha an duine á sárú ag an tSín, rud is ríshoiléir in Xinjiang agus i Hong Cong.

    2.12.

    Tá na Stáit Aontaithe agus Ceanada, mar aon le stáit dhaonlathacha eile an domhain, ina gcomhpháirtithe tábhachtacha ag an Aontas Eorpach a fhad a bhaineann sé leis an rud sin a bhfuil ceangal foirmiúil agus deonach ar bhaill uile na Náisiún Aontaithe ina leith, is é sin “cearta uilíocha an duine”, cearta nach féidir maolú orthu in áit ar bith ná ag am ar bith.

    2.13.

    Ba cheart don Aontas tuiscint níos fearr a fháil ar cé chomh tábhachtach agus atá an chomhpháirtíocht thrasatlantach, i.e. an caidreamh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe, do ECAT agus, dá réir sin, don tslándáil san Eoraip. Cé go bhfuil leasanna na Stát Aontaithe dírithe níos mó ar réigiún na hÁise agus an Aigéin Chiúin le blianta beaga anuas, léiríonn ionsaí na Rúise go gcaithfear leanúint den ord domhanda a dhaingniú agus a chosaint, agus san Eoraip freisin, más gá.

    2.14.

    Ní hamháin gur comhpháirtí straitéiseach de chuid an Aontais é ECAT, ach ní féidir cosaint mhíleata na hEorpa a áirithiú gan é. Lena chois sin, ba cheart Colún Eorpach na Cosanta a fhorbairt i gcomhréir iomlán leis. Cruthúnas ar an méid sin gan aon agó is ea ionradh na Rúise ar an Úcráin agus bagairt na Rúise ar an ord slándála idirnáisiúnta. Is féidir le comhar cosanta Eorpach níos láidre ECAT a neartú agus cur le cumas na hEorpa gníomhú le go bhféadfaidh sí cur lena slándáil agus lena cobhsaíocht réigiúnach féin ar bhealach níos éifeachtaí.

    2.15.

    Cé nach ionann ar chor ar bith an tAontas mar chomhphobal agus ECAT mar chomhghuaillíocht, tá méadú ag teacht ar an bhforluí idir an dá eagraíocht, lena n-áirítear luachanna agus spriocanna, i measc rudaí eile. Nuair a bheidh ballraíocht ag an bhFionlainn agus an tSualainn in ECAT, beidh 23 thír ina mbaill den dá eagraíocht. Ní mór do mhuintir na hEorpa luach breise a chur leis an gcomhghuaillíocht, rud is acmhainn dóibh a dhéanamh, trí bhearta a neartaíonn a gcumas féin gníomhú go straitéiseach. I ndeireadh na dála, ní mór don Aontas tuilleadh freagrachta a ghlacadh as an tslándáil san Eoraip agus Aontas Eorpach um Chosaint a chruthú mar cholún Eorpach de ECAT, agus lánurraim á tabhairt don stádas neodrachta atá ag roinnt de na Ballstáit.

    2.16.

    Le tamall fada anois, tá faillí á déanamh ina gcumas cosanta ag an iomarca Ballstát. De thoradh an chaiteachais ar an gcosaint a bheith ró-íseal, i gcásanna, agus, go mór mór, neamhéifeachtach, tá easpa mhór acmhainní ar na fórsaí armtha i roinnt mhaith Ballstát san Aontas, tá na fórsaí sin anullamh agus is go neamhéifeachtach a éiríonn leo oibriú le chéile. Sna cásanna sin ina bhfuil na Ballstáit ina mbaill de ECAT freisin, tá faillí á déanamh acu ina n-oibleagáidí sa chomhghuaillíocht.

    2.17.

    Tá cumas cosanta na hEorpa ag brath ar mhéid an bhuiséid a leithdháiltear air, ach, níos tábhachtaí ná sin, ar úsáid éifeachtúil an bhuiséid sin. Is é an toradh ar na córais éagsúla arm san Aontas go bhfuil dúbailt acmhainní, costais arda agus neamhéifeachtúlacht ann. Ní mór do na Ballstáit forbairt an chumais náisiúnta agus an phleanáil cosanta a chomhordú níos fearr agus leas a bhaint as an soláthar poiblí comhpháirteach i bhfad níos minice. Ba cheart beartais chomhsheasmhacha i réimse an tsoláthair a ghlacadh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun na barainneachtaí scála a theastaíonn a chruthú le gur féidir costais a laghdú agus le go nginfear an oiread gníomhaíochta agus a theastaíonn chun go mbeidh gnólachtaí nuathionscanta ann (2). Is léiriú iad na cleachtais atá ann faoi láthair ar mhargadh cosanta na hEorpa ar na costais arda a bhíonn i gceist le cur chuige nach gcomhordaítear ar leibhéal na hEorpa.

    2.18.

    Ainneoin an Bhuanchomhair Struchtúrtha (PESCO), an Athbhreithnithe Chomhordaithe Bhliantúil ar Chosaint (CARD) agus an Chiste Eorpaigh Cosanta (EDF), níl mórán dul chun cinn déanta ag an Aontas maidir le struchtúir chomhpháirteacha éifeachtacha a fhorbairt le go bhféadfadh sé soláthar dá shlándáil féin. Tá tábhacht, dá réir sin, leis an méid atá luaite i nDearbhú Versailles ó mhí an Mhárta 2022, atá bunaithe ar an gcinneadh ó na Cinn Stáit agus Rialtais ó mhí na Nollag 2021, is é sin “go dtabharfadh an tAontas níos mó de fhreagracht a shlándála féin air féin, agus i réimse na cosanta, go leanfadh sé cúrsa gníomhaíochta straitéiseach agus go gcuirfeadh sé lena chumas gníomhú go neamhspleách”.

    2.19.

    Chuirfí le cumas an Aontais gníomhú i mbeartas eachtrach agus slándála dá dtabharfaí droim láimhe do chur chuige na gcinntí d’aon toil atá ag an gComhairle i réimse an bheartais eachtraigh, rud a thugann an deis, faoi láthair, do Bhallstát amháin bac a chur ar gach Ballstát eile. D’fhéadfaí réiteach sealadach a thabhairt isteach, idir an dá linn, is é sin céim ina ndéanfaí tástáil ar an vótáil trí thromlach cáilithe nó ar an vótáil trí thromlach cáilithe dúbailte (i.e. tairseacha níos airde tromlaigh cháilithe). Mar sin féin, ní hé an creat institiúideach is mó a chuireann bac ar na Ballstáit gníomhú as lámha a chéile. Ina ionad sin, bíonn na Ballstáit ag dul timpeall ar an gcreat institiúideach atá ann, ní bhaineann siad leas as na deiseanna a thugann an creat agus bíonn drogall orthu iad féin a chomhtháthú sa chreat.

    2.20.

    Le go bhféadfaidh an Eoraip an tslándáil a ráthú, beidh uirthi, b’fhéidir, an scéal a insint ar bhealach úrnua agus beidh gá aici le bearta nithiúla a mbeidh tacaíocht na sochaí sibhialta agus na rannpháirtíochta sibhialta acu, d’fhonn an fhéiniúlacht Eorpach agus dlúthpháirtíocht na hEorpa a neartú gan an baol a bheith ann go gcuirfí in ionad an náisiúnachais náisiúnta an náisiúnachas Eorpach. Ba cheart rannpháirtíocht an phobail a bheith oscailte, trédhearcach agus cuimsitheach.

    3.   Gnéithe dearfacha den Chompás Straitéiseach

    3.1.

    Tá an cuspóir atá leis an gCompás Straitéiseach an-oiriúnach i bprionsabal, is é sin níos mó slándála a bhaint amach tríd an bhfothú acmhainneachta (“act”), trína bheith ullmhaithe níos fearr (“secure”), tríd an infheistíocht spriocdhírithe (“invest”) agus trí thuilleadh comhair (“partner”) mar aon le comhpháirtíochtaí agus comhghuaillíochtaí a neartú.

    3.2.

    Leis an gCompás Straitéiseach, dhéanfaí tiomantas na hEorpa a neartú maidir le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe a chur i bhfeidhm, agus an tsíocháin a athbhunú agus an tsaoirse a chosaint san Eoraip.

    3.3.

    Maidir leis an tslándáil, is é an cur síos a dhéantar ar an tSín sa Chompás Straitéiseach gur “céile comhraic sistéamach” í; tuigtear go bhfuil sin amhlaidh nuair a fheictear na sáruithe móra atá á ndéanamh aici ar chearta uilíocha an duine, an bhagairt leanúnach ar an Téaváin agus an tacaíocht a thugann sí don Rúis bhagrach. Cuirtear i bhfios go láidir sa Chompás Straitéiseach go bhfuil an tSín agus an Rúis ag déanamh dochair don ord idirnáisiúnta. Tá siad ag cur lena n-armlann núicléach agus ag forbairt córais arm nua.

    3.4.

    Leagtar béim freisin ar chreimeadh contúirteach an ollstruchtúir rialaithe arm agus ar an tionchar díobhálach atá ag an bhfolús dlíthiúil sin ar shlándáil an Aontais.

    3.5.

    Tá leasanna dlisteanacha ag an Aontas i ngach réigiún ar domhan. Ní chumhdaíonn an Compás Straitéiseach na leasanna sin go léir ar bhealach córasach ach tugtar le fios ann, mar is ceart, i gcás na mBalcán Thiar, go bhfágann neamhghníomhaíocht na hEorpa go bhfuil deis á tabhairt do chumhachtaí eile an spás a líonadh.

    3.6.

    Maítear sa Chompás Straitéiseach nach mór don Aontas gníomhú ar bhonn i bhfad níos práinní agus diongbháilte agus nach mór do na Ballstáit a bheith in ann brath ar thacaíocht fhrithpháirteach. Cuirtear béim, dá bhrí sin, ar thábhacht Airteagal 42(7) CAE. Ba cheart don Aontas comhsheasmhacht an bhunúis phríomha dlí sin leis an dualgas cúnamh a chur ar fáil faoi Airteagal 5 de Chonradh ECAT a shoiléiriú.

    3.7.

    Tá ullmhacht agus idir-inoibritheacht bhreise aitheanta mar thosaíochtaí sa Chompás Straitéiseach agus luaitear nach mór dóibh a bheith i gcomhréir le ECAT. Tugtar le fios ann go réitíonn an tAontas an bealach do chosaint níos fearr san Eoraip agus fógraítear go líonfaidh an tAontas na bearnaí sna cumais chriticiúla, go neartóidh sé an teacht aniar atá i sochaithe na hEorpa agus go gcothóidh sé an chobhsaíocht i gcomharsanacht na hEorpa. Is é an chéad chéim ná Acmhainneacht Mhear-Imscartha an Aontais, ina mbeidh 5 000 duine, a bhunú, rud a bheidh i bhfeidhm ina iomláine faoi 2025. Tá CESE á chur in iúl go bhfuil géarghá le toradh, óir bhí spriocanna níos uaillmhianaí leagtha síos ag an Aontas cheana féin i ndáil leis sin breis agus scór bliain ó shin, spriocanna nár baineadh amach go fóill.

    3.8.

    Cé nach bhfuil aon tagairt sa Chompás Straitéiseach don mholadh vótáil trí thromlach cáilithe a thabhairt isteach sa bheartas eachtrach, tá CESE ag iarraidh go staonfadh Ballstáit áirithe ar bhealach dearfach le go bhféadfadh na Ballstáit sin atá toilteanach gníomhú dul chun cinn a dhéanamh. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfaí leas a bhaint níos minice as Airteagal 44 CAE le go bhféadfadh na Ballstáit sin atá toilteanach gníomhú agus a bhfuil na cumais iomchuí acu i réimse an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC) oibriú le chéile tríd an toscaireacht ón gComhairle.

    3.9.

    Tá an Compás Straitéiseach dírithe ar mhisin agus oibríochtaí sibhialta agus míleata faoi chuimsiú CBSC a nascadh ar bhealach fóinteach. Leagtar béim ann, i gcomhthéacs freagairtí neamh-mhíleata, ar a thábhachtaí atá misin shibhialta CBSC. Tá sé d’aidhm ag an gCompás Straitéiseach comhar níos dlúithe a bhaint amach idir CBSC agus geallsealbhóirí ceartais agus gnóthaí baile an Aontais.

    3.10.

    Is díol sásaimh do CESE go nglactar cur chuige atá dírithe ar ghníomhaíochtaí agus go leagtar amach tograí agus céimeanna nithiúla, mar aon le sprioc-amanna agus garspriocanna, maidir leis an dul chun cinn a thomhas. Bheadh ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus an Chomhairle Eorpach na spriocanna sin a mheasúnú go rialta.

    3.11.

    Leagtar béim freisin sa Chompás Straitéiseach ar bhearta tábhachtacha chun “coincheap na hinscne, na síochána agus na slándála” agus na héifeachtúlachta aeráide a thabhairt isteach ar bhealach níos fearr i misin agus oibríochtaí CBSC. Go háirithe, faoi 2023, déanfaidh an tAontas a líonra comhairleoirí maidir le cearta uilíocha an duine agus saincheisteanna inscne a neartú i misin agus oibríochtaí CBSC, agus beidh cur chun feidhme threochlár an Aontais maidir leis an athrú aeráide agus leis an gcosaint tábhachtach chun an earnáil mhíleata a thabhairt níos gaire don aeráidneodracht.

    4.   Tuairimí cáinteacha faoin gCompás

    4.1.

    Is doiciméad thar a bheith uaillmhianach é an Compás Straitéiseach ina leagtar amach breis agus 80 beart sonrach atá le déanamh faoi 2025. Tá gá le toil láidir pholaitiúil na mBallstát i ndáil leis an méid sin, óir gan í tá an baol ann gur Aontas gan inniúlacht in ábhair an bheartais eachtraigh agus na cosanta is mó a thabharfar le tuiscint sa doiciméad.

    4.2.

    Is dearcadh róchúng ar choincheap na slándála atá sa Chompás Straitéiseach. Tá níos mó i gceist leis an tslándáil ná an chosaint. Tá an-tábhacht le cosc breise agus le fadbhreathnaitheacht bhreise le go bhféadfar coinbhleachtaí míleata a sheachaint. Is é atá i gceist leis an gCompás Straitéiseach catalóg de thionscadail agus de bhearta nithiúla a shainiú. Is díol sásaimh do CESE é sin. Is beag tagairt a dhéantar, áfach, do limistéir gheografacha shonracha agus ní leor an sainmhíniú a thugtar maidir leis an áit a dteastaíonn ón Aontas an chobhsaíocht agus an tslándáil a chur chun cinn i gcomhréir lena luachanna agus lena chuspóirí, lena n-áirítear lasmuigh de chríoch an Aontais, mar shampla sa gharchomharsanacht. Ní mór cur leis an gCompás le go gcruthófar straitéis chuimsitheach a mbeidh páirt ag an tsochaí shibhialta ann.

    4.3.

    Sa Chompás Straitéiseach, tugtar léargas measartha dearfach ar an gcomhleanúnachas i mbeartas slándála agus cosanta an Aontais agus ar na hacmhainní a d’fhéadfadh a bheith ann, e.g. nuair a thugtar le fios gurb é an buntáiste atá ag an Aontas maidir le coinbhleachtaí agus géarchéimeanna seachtracha a chosc agus a bhainistiú gur féidir leis leas a bhaint as acmhainní míleata agus acmhainní sibhialta araon. Níl aon samplaí sonracha tugtha sa Chompás, áfach, maidir leis an áit a n-éireodh leis sin. Mar sin féin, ní féidir anailís neamhréalaíoch a úsáid mar bhonn daingean le straitéis slándála. Ní leor mar thátal macánta an féinmheasúnú gur ceannródaí comhsheasmhach i réitigh iltaobhacha atá san Aontas ná an féinmholadh a cuireadh in iúl go soiléir sa Chompás Straitéiseach, e.g. i ndáil leis an gcaoi a bhfuil ag éirí leis an bhfreagracht atá air as an tslándáil dhomhanda.

    4.4.

    Ainneoin an oiread sin acmhainní polaitiúla agus airgeadais a bheith infheistithe ag an Aontas san iltaobhachas, is léir, áfach, ar a laghad go dtí ionradh na Rúise, nach raibh na Ballstáit ag saothrú spriocanna comhordaithe maidir leis an mbeartas eachtrach Eorpach ach sna cásanna sin inar oir sé dá leasanna náisiúnta féin. Is féidir an easpa bhunúsach sin maidir le fadbhreathnaitheacht straitéiseach a chur síos do chúiseanna éagsúla, mar shampla, próiseas an mhéadaithe sna Balcáin Thiar, an chaoi ar dhéileáil an Eoraip leis an gcogadh sa Libia, an spleáchas maidir leis an soláthar fuinnimh, an soláthar amhábhar agus soláthairtí eile, ionadaíocht na hEorpa sna Náisiúin Aontaithe agus an infheistíocht an-éagsúil i gcoibhneas leis an olltáirgeacht intíre ó Bhallstát go chéile sa chumas míleata náisiúnta.

    4.5.

    Aithnítear sa Chompás Straitéiseach go bhfuil ECAT tábhachtach don tslándáil Eorpach, ach ní leor sin a rá. Is é a thugtar le fios sa Chompás gur comhpháirtíocht straitéiseach le ECAT, comhlántacht agus neamhspleáchas cinnteoireachta atá i gceist. Mar sin féin, níl ach líon beag Ballstát ann anois atá neodrach go fóill, i.e. nach ball de ECAT iad ar chor ar bith, agus is í an chomhghuaillíocht seachas comhpháirtíocht straitéiseach is mó atá i gceist, dá bhrí sin. ECAT an t-aon eagraíocht i ndáiríre a ráthaíonn an tslándáil san Eoraip, agus ní dócha go dtiocfaidh athrú air sin go ceann i bhfad. Mar sin féin, is féidir leis an Aontas cabhrú le muintir na hEorpa an méid a chuireann siad leis an tslándáil Eorpach a eagrú ar bhealach níos fearr trína gcumas cosanta a chomhthiomsú agus trína mbeartais náisiúnta neamhchomhordaithe a thréigean i bhfabhar cur chuige coiteann Eorpach. Ainneoin go bhfuil an iliomad cur chuige maith sa Chompás Straitéiseach, níor bhain an tAontas ná ECAT leas iomlán go fóill as na roghanna comhair eatarthu.

    4.6.

    Is gá coincheap an neamhspleáchais straitéisigh Eorpaigh a shainiú go soiléir nuair a chuirtear i bhfeidhm é maidir le saincheisteanna slándála agus cosanta, rud a dhéantar sa Chompás Straitéiseach. Ní hé atá i gceist leis an neamhspleáchas straitéiseach an tAontas a iomaire féin a threabhadh, ach é a bheith ina chomhpháirtí níos fearr agus é in ann beart a dhéanamh nuair is gá sin, fiú nuair nach mbeadh aon tacaíocht ar fáil. Tá sé tábhachtach nach gciallódh sé, ach an oiread, go mbeadh ar an Eoraip beartas an chomhfhaid a chleachtadh i leith chumhachtaí an domhain, rud a chuir CESE in iúl le deireanas sa tuairim uaidh maidir leis an gcaidreamh trasatlantach. Is iad na Stáit Aontaithe an comhghuaillí agus an comhpháirtí is tábhachtaí atá ag an Eoraip. Mar sin féin, ba cheart don Aontas líon na spleáchas straitéiseach sin a laghdú, lena n-áirítear sna hearnálacha slándála agus cosanta, rud atá luaite sa tuairim ó CESE Treochlár maidir le teicneolaíochtaí criticiúla le haghaidh na slándála agus na cosanta (3).

    4.7.

    Is gá spleáchais aontaobhacha na hEorpa a laghdú, i réimse na cosanta agus i réimsí eile lena chois. Tá an-tábhacht leis sin i gcás na slándála san Eoraip. Tá CESE den tuairim, áfach, nach amháin go bhfuil fiúntas le hidirspleáchais, go háirithe idir comhpháirtithe a bhfuil an meon céanna acu, ach nach féidir déanamh dá n-uireasa i gcás ord iltaobhach riailbhunaithe.

    4.8.

    Maidir leis an gcumas míleata a bheidh ag an Aontas Eorpach sna blianta amach romhainn, tá an Fórsa Mearfhreagartha a fógraíodh sa Chompás Straitéiseach i gcomhréir leis na coincheapa maidir le fórsaí beaga atá in-imscartha go tapa le linn misin faoi chomhordú idirnáisiúnta. Mar sin féin, ní féidir na hiarrachtaí sin a thuiscint mar iarrachtaí atá neamhspleách ar ionchur cuí ón Eoraip chun cur lena slándáil féin faoi chuimsiú ECAT. Ní mór d’iarrachtaí na hEorpa tacú le héifeachtacht cholún Eorpach ECAT. Faoi láthair, ní léir conas a d’fhéadfadh Ballstáit an Aontais agus ECAT a ndóthain acmhainní a leithdháileadh ar Fhórsa Freagartha ECAT agus ar Fhórsa Mearfhreagartha an Aontais araon dá mba ghá na hacmhainní sin a ghníomhachtú ag an am céanna. Ina theannta sin, tá roinnt de na bearta a moladh maidir le fórsaí a bheadh in-imscartha go tapa easnamhach i gcomparáid le cinntí a rinneadh cheana féin scór bliain ó shin (Heilsincí, 1999).

    4.9.

    Ní chuirtear san áireamh sa Chompás Straitéiseach an ról is féidir le sochaí shibhialta na hEorpa a imirt agus a chaithfidh sí a imirt chun teacht aniar níos fearr a áirithiú i gcoinne an dochair chórasaigh a bhíonn á dhéanamh ag fórsaí naimhdeacha don chomhtháthú agus don dlúthpháirtíocht laistigh de na Ballstáit agus eatarthu.

    4.10.

    Chun cur le ról an Aontais mar ráthóir daonlathach agus riailbhunaithe na slándála, ní hamháin go bhfuil gá le hinstitiúidí Eorpacha láidre nó níos láidre agus le tuilleadh fadbhreathnaitheachta ó na Ballstáit, ach freisin le comhghuaillíochtaí forleathana sóisialta trasteorann, rud nach féidir a shamhlú gan sochaí shibhialta eagraithe uile-Eorpach láidir agus bhríomhar a bheith ann mar aon le comhpháirtithe sóisialta Eorpacha atá rannpháirteach sa phróiseas iomlán.

    4.11.

    Ní oibríochtaí míleata amháin atá i gceist le hionsaithe naimhdeacha ach freisin bréagaisnéis, cibirionsaithe, dúmhál eacnamaíoch, etc. Tá sé luaite sa Chompás Straitéiseach gur cheart Bosca Uirlisí Hibrideach le haghaidh freagairt chomhordaithe i leith bagairtí hibrideacha agus Bosca Uirlisí um Ionramháil agus Cur Isteach Eachtrach ar Fhaisnéis a fhorbairt, mar aon le Bosca Uirlisí na Cibearthaidhleoireachta a neartú. Mar sin féin, ní mór don Chompás Straitéiseach tuilleadh sonraí a thabhairt maidir leis an ngné ríthábhachtach sin. Tá géarghá ag an Aontas le cur chuige idirinstitiúideach chun cur i gcoinne ionsaithe agus cur isteach den chineál sin, cur chuige a mbeadh baint ag an tsochaí shibhialta ionadaíoch leis, d’fhonn an dúshraith a leagan síos le haghaidh dlúthpháirtíocht, comhar agus athléimneacht éifeachtach i measc shaoránaigh an Aontais, go háirithe ar an leibhéal áitiúil, an áit is mó a mbíonn tionchar na n-ionsaithe sin le brath.

    4.12.

    Ní ionsaithe míleata de chineál traidisiúnta amháin atá ag bagairt ar an tslándáil san Eoraip. Ba cheart freisin cibirionsaithe agus sabaitéireacht a dhéantar ar chuideachtaí príobháideacha, institiúidí poiblí agus bonneagar criticiúil a mheas mar ionsaithe hibrideacha cogaidh a d’fhéadfadh damáiste tubaisteach a dhéanamh. Ní leor an aird a thugtar sa Chompás Straitéiseach ar an ngné sin, go háirithe maidir le bearta éifeachtacha cosanta agus freagartha.

    5.   Tástáil ar chruinneas an Chompáis

    5.1.

    Aontaíonn CESE go hiomlán leis an tuiscint go mbeidh ar an Aontas dul i ngleic níos mó agus níos mó le cumhachtaí ionsaitheacha athbhreithnitheacha a dhéanann sárú ar Chairt na Náisiún Aontaithe. Is féidir ord iltaobhach riailbhunaithe a athbhunú má chloíonn na stáit dhaonlathacha liobrálacha lena bprionsabail féin, má úsáideann siad cumais taidhleoireachta, shibhialta agus mhíleata chun tacú leis na prionsabail sin agus mura ngéilleann siad don chathú, don bhrú ná do na bagairtí a chruthaíonn cumhachtaí forlámhacha.

    5.2.

    Ní mór don pholaitíocht Eorpach fónamh don sprioc an choinbhleacht armtha a chosc agus é a chur san áireamh nach bhfuil an domhan chomh síochánta céanna agus a bhí, is léir, ag deireadh an Chogaidh Fhuair. Dá bhrí sin, tá comhdhearcadh polaitiúil ag teastáil ó shochaí na hEorpa, comhdhearcadh maidir leis an gcaoi le cur go héifeachtach leis an gcosaint i gcoinne ionsaitheoirí féideartha agus, thar aon ní eile, cur le cumas cosanta sibhialta na hEorpa. Tá ríthábhacht le díospóireacht phoiblí níos láidre agus rannpháirtíocht ghníomhach ghníomhaithe na sochaí sibhialta.

    5.3.

    Tá tiomantas níos mó ó thaobh na polaitíochta de a dhíth ar an gcomhpháirtíocht thrasatlantach. Cé go dtéann an chomhpháirtíocht thrasatlantach céim níos faide ná ECAT, is colún taca den chomhghuaillíocht í. Ní mór do mhuintir na hEorpa iarracht níos mó a dhéanamh chun an caidreamh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe a chothabháil agus a dhoimhniú. Tá comhpháirtíocht chobhsaí leis na Stáit Aontaithe fíorthábhachtach, ó thaobh caidreamh trádála agus ó thaobh slándála de araon.

    5.4.

    Is sprioc Eorpach é an domhan a bheith saor ó airm núicléacha. Go dtí go mbainfear an sprioc sin amach, tá ráthaíocht Mheiriceá maidir leis an tslándáil núicléach san Eoraip, cur chuige ECAT maidir le díspreagadh núicléach agus fórsa díspreagtha na Fraince (Force de dissuasion) ríthábhachtach i gcónaí don tslándáil Eorpach.

    5.5.

    Ní mór do na comhpháirtithe Eorpacha díriú go práinneach ar éifeachtúlacht a gcaiteachais arm a neartú. Is féidir sin a dhéanamh trí chur go mór le hidir-inoibritheacht a ngnáthchóras míleata náisiúnta, sin i measc rudaí eile. Ní mór do na Ballstáit teacht ar réiteach faoi na deacrachtaí agus na míthuiscintí atá ann faoi láthair a fhad a bhaineann sé le cumais chosanta ghearrthéarmacha a bhfuil géarghá leo a cheannach. Ní mór dóibh freisin teacht ar chur chuige comhchoiteann maidir lena gcórais chosanta a neartú sa mheántéarma agus san fhadtéarma trí leas a bhaint as an soláthar comhpháirteach agus tionscadail chomhoibríocha chomhpháirteacha. Níor cheart comhghuaillithe agus comhpháirtithe dlútha na hEorpa a eisiamh ó thionscadail chomhpháirteacha Eorpacha; mar sin féin, ní mór prionsabal na cómhalartachta a chur i bhfeidhm go docht maidir le haon rochtain a thabharfaí dóibh ar mhargadh cosanta na hEorpa.

    5.6.

    Tá an méid den olltáirgeacht intíre a chaitear ar an gcosaint tábhachtach sa chaoi is gur comhaontaíodh é idir comhghuaillithe an Iarthair – pacta sunt servanda! Maidir leis na cumais féin, tá sé níos tábhachtaí iad sin a shainiú go cruinn agus iad a bhaint amach in am trátha. Is beag an tábhacht a bhaineann leis an méid de OTI a bheadh ag teastáil chuige sin, is cuma an 2 % a bheadh ann nó céatadán níos airde. Is é an rud is tábhachtaí, thar aon ní eile, go gcuirfí drogall ar ionsaitheoir féideartha dul i mbun ionsaí toisc costas ró-ard a bheith i gceist leis. Ní mór don Aontas cur leis na hionstraimí agus na saoráidí atá aige, amhail PESCO, CARD, an Ciste Eorpach Cosanta agus an tSaoráid Eorpach Síochána, le go mbeidh éifeacht níos fearr le caiteachas na mBallstát ar an gcosaint.

    5.7.

    Tá soláthar na cosanta agus struchtúir thionscal cosanta na hEorpa ríthábhachtach don tslándáil san Eoraip. Ní faoi réir rialacha an mhargaidh, agus iad sin amháin, atá siad. Níor cheart go ndéanfaí dochar don tslándáil Eorpach de thoradh comhréitigh chostasacha neamhéifeachtacha. Ba cheart comhthionscadail a chinneadh de réir chumas na dtionscal nuálaíoch agus iomaíoch earraí a sheachadadh seachas de réir cuótaí náisiúnta i dtionscadail chomhoibríocha.

    5.8.

    Tá a lán gnéithe tábhachtacha a bhaineann leis an tslándáil sonraithe sa Chompás ach ní leor an méid atá sonraithe ann faoin bhfaisnéis. Ba cheart don Aontas an Compás a thabhairt cothrom le dáta trí anailís shoiléir ar chumais faisnéise na hEorpa a thabhairt le fios ann, mar aon le tograí nithiúla maidir leis an gcaoi is fearr le feabhas a chur orthu.

    5.9.

    Ní mór na fórsaí cosanta náisiúnta a chuíchóiriú, i.e. comhstruchtúir éifeachtúla cheannasaíochta a chruthú a bheidh mar bhonn, sa deireadh, le fórsaí armtha comhpháirteacha na hEorpa. Ní mór beocht a chur i bhFoireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh agus sa Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint.

    6.   Ionchur na sochaí sibhialta i slándáil agus i gcosaint na hEorpa

    6.1.

    Is céim thábhachtach chun cinn é an Compás Straitéiseach. Mar sin féin, ba cheart cur leis chun go n-áireofaí straitéis Eorpach um beartas eachtrach ann, straitéis ina mbeadh tuiscint níos leithne ar an tslándáil agus a bheadh i gcomhréir le spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus ina mbeadh páirt ag an tsochaí shibhialta.

    6.2.

    Tá an-tábhacht le faisnéis bhreise, le cosc breise agus le fadbhreathnaitheacht bhreise le go bhféadfar coinbhleachtaí míleata a sheachaint. Beidh ar a lán Ballstát níos mó a infheistiú ina gcumas cosanta agus tá tús curtha leis sin ag a bhformhór cheana féin. Ní mór don rannpháirtíocht sin a bheith ina rannpháirtíocht fhadtéarmach, agus tacaíocht na sochaí sibhialta a bheith ann di. Ní mór an díspreagadh míleata a áirithiú i gcolún Eorpach ECAT, agus ní mór don Aontas cur lena chumas míleata, lena n-áirítear trína acmhainní míleata féin, le go bhféadfaidh sé bearta coisctheacha nithiúla a dhéanamh a chuirfidh leis an tsíocháin agus an chobhsaíocht réigiúnach.

    6.3.

    Ba cheart don Aontas gach tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit, rud atá luaite sa Chompás, le go bhféadfaidh siad cur leis an gcomhar atá eatarthu, rud a chabhróidh le hilroinnt neamhéifeachtach agus dúbailt chostasach na gcumas cosanta a laghdú. Mar sin féin, fad agus nach bhfuil an tAontas freagrach dáiríre as an gcosaint, ba cheart dó leanúint de na hacmhainní teoranta atá aige a infheistiú go príomha i mbeartais agus i sásraí sibhialta ar mhaithe le coinbhleachtaí a chosc, óir sin mar is féidir leis an tsochaí shibhialta fíorthionchar a imirt trína líonraí sóisialta agus eacnamaíocha agus tríd an acmhainneacht láidir taidhleoireachta poiblí agus cultúrtha atá inti.

    6.4.

    Is féidir le sochaí shibhialta atá saor agus bríomhar cabhrú go nádúrtha leis an gcobhsaíocht tráth géarchéimeanna a mbíonn tionchar acu ar an tslándáil san Eoraip. Tá sé cruthaithe ag an tsochaí shibhialta go bhfuil sí inchurtha lena leithéid a dhéanamh, mar shampla, le linn ionsaí na Rúise, nuair a thogair na milliúin saoránach ar fud na mBallstát dídeanaithe ón Úcráin a óstáil agus cabhrú leo, agus go háirithe Ballstáit atá ar theorainn na hÚcráine a léirigh toilteanas as an ngnách. Ní mór ullmhacht Eorpach i dtaca le héigeandálaí agus tacaíocht leanúnach d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a áireamh i gcur chuige cuimsitheach i leith na slándála.

    6.5.

    Tá CESE á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an ceartas sóisialta, ionchais eacnamaíocha agus an inbhuanaitheacht comhshaoil don tslándáil. Is réamhriachtanas tábhachtach don neamhfhoréigean í an tsíocháin shóisialta. Le go bhféadfar an t-ord sóisialta agus an tsíocháin a chaomhnú ar fud an domhain, caithfear srian a chur leis an téamh domhanda agus iarmhairtí an téimh dhomhanda a bhainistiú.

    6.6.

    Molann CESE fóraim phoiblí a eagrú le haghaidh díospóireacht straitéiseach ionas gur féidir leis an tsochaí shibhialta cur le forbairt na hEorpa, le hEoraip a thugann cosaint ar ionsaithe naimhdeacha agus ina bhfuil teacht aniar i gcoinne na n-ionsaithe sin, ionsaithe arb é is aidhm dóibh lagmhisneach a chruthú agus baint den chobhsaíocht pholaitiúil laistigh de na Ballstáit agus eatarthu. “In the struggle for advantage among world powers, it is not military or economic might that makes the crucial difference but the fundamental qualities of a society.” (4)

    6.7.

    Is féidir ról lárnach a bheith ag CESE agus ag a Rannóg um Chaidreamh Seachtrach (REX), agus, maidir le tionscal na cosanta, ag an gCoimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI) (5), sa phlé idir an leibhéal polaitiúil agus an tsochaí maidir leis an tslándáil san Eoraip agus ar fud an domhain. Leanfaidh CESE de bheith ag éileamh nuashonruithe rialta ar an gCompás Straitéiseach agus déanfaidh sé measúnú críochnúil ar thionscnaimh ghaolmhara nua, amhail an Pacáiste Cosanta.

    6.8.

    Léiríonn ionsaí na Rúise agus an iomaíocht shistéamach idir an Eoraip agus an tSín nár cheart don Aontas aon am a chur amú ach é féin a chur in oiriúint do na réaltachtaí geopholaitiúla atá ann. Ní féidir sin a dhéanamh i stát daonlathach liobrálach gan dlúthchomhar ná tacaíocht pholaitiúil na sochaí sibhialta.

    An Bhruiséil, an 24 Eanáir 2023.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Christa SCHWENG


    (1)  Common Security – For our shared future, Stócólm, 2022.

    (2)  Treochlár maidir le teicneolaíochtaí criticiúla le haghaidh na slándála agus na cosanta (COM(2022) 61 final), mír 4.9.

    (3)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an treochlár maidir le teicneolaíochtaí slándála agus cosanta (COM(2022) 61 final) (IO C 443, 22.11.2022, lch. 112).

    (4)  Mazarr, M. J.: What Makes a Power Great. The Real Drivers of Rise and Fall, Foreign Affairs, Iúil/Lúnasa 2022, lch. 52.

    (5)  https://www.eesc.europa.eu/ga/sections-other-bodies/sections-commission/consultative-commission-industrial-change-ccmi


    Top