EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TA0141

Cás T-141/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Feabhra 2023 – Sport1 v EUIPO – SFR (SFR SPORT1) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh SFR SPORT 1 – Marcanna fíortha náisiúnta agus idirnáisiúnta níos luaithe sport1 – Forais choibhneasta le diúltú – Easpa baol mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 207/2009 [Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois] – Saincháilíocht a fuarthas trí úsáid – Idirspleáchas na bhfactóirí)

IO C 112, 27.3.2023, p. 34–34 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/34


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Feabhra 2023 – Sport1 v EUIPO – SFR (SFR SPORT1)

(Cás T-141/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh SFR SPORT 1 - Marcanna fíortha náisiúnta agus idirnáisiúnta níos luaithe sport1 - Forais choibhneasta le diúltú - Easpa baol mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 207/2009 [Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois] - Saincháilíocht a fuarthas trí úsáid - Idirspleáchas na bhfactóirí)

(2023/C 112/43)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Sport1 GmbH (Ismaning, an Ghearmáin) (ionadaithe: J. Krekel agus C. Otto, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Markakis, i gcáil Gníomhaire)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Société française du radiotéléphone – SFR (Páras, an Fhrainc) (ionadaí: M. Pasquier, Dlíodóir)

Ábhar:

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 10 Nollaig 2021 a chur ar neamhní (Cás R 2329/2020-1).

An chuid oibríochtúil

1.

Cuirtear cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 10 Nollaig 2021 (Cás R 2329/2020-1) ar neamhní i bpáirt, a mhéid a dhearbhaigh an Bord Achomhairc nárbh ann d’aon bhaol mearbhaill maidir leis na seirbhísí a chumhdaítear faoin marc a bhfuil iarratas déanta air a ndéantar tagairt dóibh i míreanna 42 go 44 agus 52 go 61 den chinneadh sin.

2.

Diúltaítear don chuid eile don chaingean.

3.

Ordaítear do EUIPO a chostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Sport1 GmbH, a íoc.

4.

Ordaítear do Société française du radiotéléphone – SFR a chostais féin a íoc.


(1)  IO C 191, 10.5.2022.


Top