EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0538

Cás T-538/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Feabhra 2023 – PBL agus WA v an Coimisiún (Státchabhair – Cabhair do chlub sacair – Diúltú gearán a chlárú arna thaisceadh ag duine de bhaill club sacair – Stádas páirtí leasmhar)

IO C 112, 27.3.2023, p. 32–32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/32


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Feabhra 2023 – PBL agus WA v an Coimisiún

(Cás T-538/21) (1)

(Státchabhair - Cabhair do chlub sacair - Diúltú gearán a chlárú arna thaisceadh ag duine de bhaill club sacair - Stádas páirtí leasmhar)

(2023/C 112/40)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóirí: Penya Barça Lyon: Plus que des supporters (PBL) (Bron, An Fhrainc) agus WA (ionadaí: J. Branco, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B. Stromsky agus G. Braga da Cruz, Gníomhairí)

Ábhar

Lena gcaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarann na hiarratasóirí go gcuirfí, de pháirt, cinneadh an Choimisiúin COMP/C.4/AH/mdr 2021(092342) an 1 Meán Fómhair 2021 maidir le stádas gearáin faoi chúnamh Stáit líomhnaithe a deonaíodh do chlub sacair Paris Saint-Germain (SA.64489) ar neamhní agus, den pháirt eile, go nglacfaí le roinnt orduithe a seoladh chuig an gCoimisiún Eorpach.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do Penya Barça Lyon: Plus que des supporters (PBL) agus WA na costais a íoc, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis na himeachtaí le haghaidh bearta eatramhacha.


(1)  IO C 431, 25.10.2021.


Top