This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62020TA0295
Case T-295/20: Judgment of the General Court of 8 February 2023 — Aquind and Others v Commission (Energy — Trans-European energy infrastructure — Regulation (EU) No 347/2013 — Delegated regulation amending the list of projects of common interest — Second paragraph of Article 172 TFEU — Refusal of a Member State to give its approval to a proposed electricity interconnector with a view to granting the status of a project of common interest — Non-inclusion by the Commission of the project in the amended list — Obligation to state reasons — Principle of good administration — Equal treatment — Legal certainty — Legitimate expectations — Proportionality — Article 10 of the Energy Charter Treaty)
Cás T-295/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Feabhra 2023 – Aquind agus páirtithe eile v an Coimisiún (Fuinneamh – Bonneagar tras-Eorpach fuinnimh – Rialachán (AE) Uimh 347/2013 – Rialachán Tarmligthe lena leasaítear liosta na dtionscadal leasa choitinn – An dara mír d'Airteagal 172 CFAE – Diúltú ó Bhallstát a cheadú a thabhairt do thionscadal idirnasctha leictreachais d'fhonn stádas tionscadail leasa choitinn a dheonú – Neamh-chuimsiú an tionscadail ag an gCoimisiún ar an liosta leasaithe – Oibleagáid cúiseanna a lua – Prionsabal an dea-riaracháin – Cóir chomhionann – Deimhneacht dhlíthiúil – Ionchais dlisteanacha – Comhréireacht – Airteagal 10 den Chonradh um Chairt Fuinnimh)

IO C 112, 27.3.2023, p. 30–30
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
27.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 112/30 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Feabhra 2023 – Aquind agus páirtithe eile v an Coimisiún
(Cás T-295/20) (1)
(Fuinneamh - Bonneagar tras-Eorpach fuinnimh - Rialachán (AE) Uimh 347/2013 - Rialachán Tarmligthe lena leasaítear liosta na dtionscadal leasa choitinn - An dara mír d'Airteagal 172 CFAE - Diúltú ó Bhallstát a cheadú a thabhairt do thionscadal idirnasctha leictreachais d'fhonn stádas tionscadail leasa choitinn a dheonú - Neamh-chuimsiú an tionscadail ag an gCoimisiún ar an liosta leasaithe - Oibleagáid cúiseanna a lua - Prionsabal an dea-riaracháin - Cóir chomhionann - Deimhneacht dhlíthiúil - Ionchais dlisteanacha - Comhréireacht - Airteagal 10 den Chonradh um Chairt Fuinnimh)
(2023/C 112/38)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Aquind Ltd (Wallsend, an Ríocht Aontaithe), Aquind SAS (Rouen, an Fhrainc), Aquind Energy Sàrl (Lucsamburg, Lucsamburg) (ionadaithe: S. Goldberg, C. Davis, J. Bille agus E. White, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: O. Beynet agus B. De Meester, Gníomhairí)
Idiragraithe mar thaca leis an gcosantóir: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (ionadaithe: J. Möller agus S. Costanzo, Gníomhairí), Ríocht na Spáinne (ionadaí: M. Ruiz Sánchez, Gníomhaire), Poblacht na Fraince (ionadaithe: A.-L. Desjonquères, A. Daniel, W. Zemamta agus R. Bénard, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí Rialachán Tarmligthe an Choimisiúin (AE) 2020/389 an 31 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le liosta tionscadal leasa choitinn an Aontais (IO 2020 L 74, lch. 1) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
2. |
Ordaítear do Aquind Ltd, Aquind SAS agus do Aquind Energy Sàrl na costais a íoc. |
3. |
Ordaítear do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, do Ríocht na Spáinne agus do Phoblacht na Fraince a gcuid costais féin a íoc. |