EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0766

Cás C-766/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht München (an Ghearmáin) a taisceadh an 16 Nollaig 2022 – WD v Allane SE

IO C 112, 27.3.2023, p. 23–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/23


Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht München (an Ghearmáin) a taisceadh an 16 Nollaig 2022 – WD v Allane SE

(Cás C-766/22)

(2023/C 112/30)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Amtsgericht München

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: WD

Cosantóir: Allane SE

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An ionann conarthaí léasúcháin bunaithe ar mhíleáiste arna gcur i gcrích le tomhaltóir maidir le mótarfheithicil ar feadh tréimhse de 24 mhí agus seirbhísí “carrchíosa” agus, sa chaoi sin, an dtagann siad faoi raon feidhme na heisceachta i leith an chirt chun tarraingt siar faoin dlí maidir le cianmhargú de bhun Airteagal 16(1) de Threoir 2011/83/AE (1)?

2.

I gcás go dtabharfar freagra diúltach ar Cheist 1:

An ionann conarthaí léasúcháin bunaithe ar mhíleáiste arna gcur i gcrích le tomhaltóir maidir le mótarfheithicil agus conarthaí le haghaidh seirbhísí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(b) de Threoir 2002/65/CE (2), arna ghlacadh ag Airteagal 2, pointe 12, de Threoir 2011/83?


(1)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2011 L 304, lch. 64).

(2)  Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus lena leasaítear Treoir 90/619/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE agus Treoir 98/27/CE (IO 2002 L 271, lch. 16).


Top