EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0708

Cás C-708/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Supremo (an Spáinn) an 16 Samhain 2022 – Asociación Española de Productores de Vacuno de Carne – ASOPROVAC v Administración General del Estado

IO C 112, 27.3.2023, p. 16–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/16


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Supremo (an Spáinn) an 16 Samhain 2022 – Asociación Española de Productores de Vacuno de Carne – ASOPROVAC v Administración General del Estado

(Cás C-708/22)

(2023/C 112/23)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Supremo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Asociación Española de Productores de Vacuno de Carne – ASOPROVAC

Cosantóir: Administración General del Estado

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gcaithfear Airteagail 4 agus 32(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 agus Airteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar riail náisiúnta amhail an Real Decreto 41/2021 (Foraithne Ríoga 41/2021) lena bhforáiltear, d’fhonn a sheachaint go gcruthófaí dálaí saorga maidir le féarach buan faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann a dheonú do thairbhithe nach n-úsáideann an féarach sin, nach gceadófar gníomhaíocht na hinnilte ach amháin má dhéantar í le hainmhithe a bhaineann leis an ngabháltas?

2)

An gcaithfear Airteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, maidir le cruthú dálaí saorga chun cabhair a fháil a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar riail náisiúnta amhail an Real Decreto 41/2021, lena mbunaítear toimhde gur cruthaíodh dalaí maidir le rochtain ar chabhair go saorga i gcásanna ina ndéantar gníomhaíocht talamhaíochta na hinnilte ar fhéarach buan faoi úinéireacht phoiblí agus ar thalamh d’úsáid choiteann le hainmhithe nach mbaineann le gabháltas féin an iarratasóra ar an gcabhair?

3)

An gcaithfear Airteagal 4(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar riail náisiúnta amhail an Real Decreto 1075/2014 (Foraithne Ríoga 1075/2014) an 19 Nollaig lena bhforáiltear nach féidir innilt ar limistéir talamhaíochta a mheas mar ghníomhaíocht chun na limistéir sin a choinneáil i riocht oiriúnach chun innilte?

4)

An gcaithfear Airteagal 4(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar riail náisiúnta amhail an Real Decreto 1075/2014 an 19 Nollaig lena bhforáiltear nach gcuireann daoine, nach bhfuil acu ach ceart innilte neamh-eisiach i leith tailte feirmeoireachta nach leo iad, agus a ghéilleann an ceart sin do thríú páirtí ionas go bhféadfadh an páirtí sin an féarach a úsáid chun a dtréada a chur ag innilt, gníomhaíocht talamhaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 4(1)(c)(i) i gcrích?

5)

An gcaithfear Airteagal 4(1)(b) agus (c) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar riail náisiúnta amhail an Real Decreto 1075/2014 an 19 Nollaig lena bhforáiltear nach féidir caitheamh le daoine, nach bhfuil ach ceart innilte neamh-eisiach acu i leith tailte feirmeoireachta d’úsáid choiteann nach leo iad, mar riarthóirí an fhéaraigh lena mbaineann an ceart innilte sin, d’fhonn gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun na limistéir talamhaíochta sin a choinneáil i riocht oiriúnach chun innilte?


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 637/2008 agus (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 608).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 549).


Top