EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0673

Cás C-673/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado de lo Social n° 1 de Sevilla (an Spáinn) an 27 Deireadh Fómhair 2022 – CCC v Tesorería General de la Seguridad Social (TGSS), Instituto Nacional de la Seguridad Social (INSS)

IO C 112, 27.3.2023, p. 14–15 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/14


Iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado de lo Social no 1 de Sevilla (an Spáinn) an 27 Deireadh Fómhair 2022 – CCC v Tesorería General de la Seguridad Social (TGSS), Instituto Nacional de la Seguridad Social (INSS)

(Cás C-673/22)

(2023/C 112/19)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Juzgado de lo Social no1 de Sevilla

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: CCC

Cosantóirí: Tesorería General de la Seguridad Social (TGSS), Instituto Nacional de la Seguridad Social (INSS)

Na ceisteanna a tharchuirtear

Chinn an Juzgado de lo Social número uno de Sevilla,

na hiarrataí le haghaidhréamhrialú seo a leanas, maidir le léiriú Airteagal 5 agus aithris 37 de Threoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle (1) a tharchur go dtí Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi chuimsiú Airteagal 267 CFAE:

i)

An bhfuil an t-easnamh, ag reachtóir na Spáinne, in Airteagal 48(2) den Texto Refundido de la Ley del Estatuto de los Trabajadores (téacs comhdhlúite den dlí ar reacht na n-oibrithe) agus in Airteagail 177, 178 agus 179 den Texto Refundido de la Ley General de la Seguridad Social (téacs comhdhlúite den dlí ginearálta maidir leis an slándáil shóisialta) d’fhorálacha lena gceanglaítear go ndéanfaí measúnú ar riachtanais shonracha an teaghlaigh aontuismitheora i réimse na cothromaíochta oibre agus saoil a bhfuil iarmhairtí ag baint leo don tréimhse ina dtugtar aire do leanbh nuabheirthe, i gcomparáid le leanbh a bheirtear do theaghlach le beirt tuismitheoirí a bhfuil an bheirt acu ag coinne le rochtain a bheith acu ar shaoire íoctha, i gcás ina gcomhlíonann siad beirt na coinníollacha incháilitheachta le haghaidh Sochair Slándála Sóisialta, i gcomhréir leis an Treoir, lena gceanglaítear go ndéanfaí measúnú sonrach, inter alia, ar bhreith an linbh i dteaghlach aontuismitheora, chun na coinníollacha incháilitheachta le haghaidh saoire tuismitheora agus na mionsocruithe a bhaineann léi a chinneadh?

ii)

In éagmais foráil reachtach shonrach a bheith leagtha síos ag reachtóir na Spáinne, an gcaithfear na coinníollacha incháilitheachta le haghaidh saoire ón obair mar gheall ar bhreith linbh, na coinníollacha incháilitheachta le haghaidh sochair eacnamaíoch na Slándála Sóisialta agus an córas incháilitheachta le haghaidh saoire tuismitheora, agus, go háirithe, an síneadh féideartha ar fhad na saoire sin mar gheall ar easpa tuismitheora eile a bheith ann seachas an mháthair bhitheolaíoch chun aire a thabhairt don leanbh, a léiriú ar bhealach solúbtha faoi riail an Aontais?


(1)  IO L 188 an 12.7.2019, lch. 79-93.


Top