This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0649
Case C-649/22: Request for a preliminary ruling from the Tribunal Superior de Justicia del País Vasco (Spain) lodged on 14 October 2022 — XXX v Randstad Empleo, S. A., Ferrovial Servicios, S. A., Axa Seguros Generales S. A. de Seguros y Reaseguros
Cás C-649/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Superior de Justicia del País Vasco (an Spáinn) an 14 Deireadh Fómhair 2022 – XXX v Randstad Empleo SA, Serveo Servicios SA, Axa Seguros Generales SA de Seguros y Reaseguros
Cás C-649/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Superior de Justicia del País Vasco (an Spáinn) an 14 Deireadh Fómhair 2022 – XXX v Randstad Empleo SA, Serveo Servicios SA, Axa Seguros Generales SA de Seguros y Reaseguros
IO C 112, 27.3.2023, p. 14–14
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
27.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 112/14 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Superior de Justicia del País Vasco (an Spáinn) an 14 Deireadh Fómhair 2022 – XXX v Randstad Empleo SA, Serveo Servicios SA, Axa Seguros Generales SA de Seguros y Reaseguros
(Cás C-649/22)
(2023/C 112/18)
Teanga an cháis: an Spáinnis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal Superior de Justicia del País Vasco
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: XXX
Cosantóirí: Randstad Empleo SA, Serveo Servicios SA, Axa Seguros Generales SA de Seguros y Reaseguros
An cheist a tharchuirtear
An gcaithfear Airteagail 20 agus 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 2 CAE agus Airteagail 3(f) agus 5 de Threoir 2008/104 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar léiriú ón gcásdlí ar reachtaíocht de chuid na Spáinne ar dá réir go n-eisiatar ón gcoincheap “bunchoinníollacha oibre agus fostaíochta” cúiteamh d’oibrí gníomhaireachta sealadach ar foirceannadh a chonradh nuair a dearbhaíodh go raibh buaneasláine ceirde iomlán air mar thoradh ar thionóisc ceirde a tharla ag an ngnóthas a bhí ag baint úsáid as a chuid seirbhísí?
(1) Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach (IO 2008 L 327, lch. 9).