EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0635

Cás C-635/21, LB GmbH (Air loungers): Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Bremen – an Ghearmáin) – LB GmbH. v Hauptzollamt D (Tarchur chun réamhrialú – Aontas custaim – Comhtharaif Chustaim – Ainmníocht Chomhcheangailte – Aicmiú taraife – Ceannteideal 9401 – Raon feidhme – Toilg inséidte (air loungers))

IO C 112, 27.3.2023, p. 6–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/6


Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Bremen – an Ghearmáin) – LB GmbH. v Hauptzollamt D

(Cás C-635/21 (1), LB GmbH (Air loungers))

(Tarchur chun réamhrialú - Aontas custaim - Comhtharaif Chustaim - Ainmníocht Chomhcheangailte - Aicmiú taraife - Ceannteideal 9401 - Raon feidhme - Toilg inséidte (air loungers))

(2023/C 112/08)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a tharchur

Finanzgericht Bremen

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Lb GmbH.

Cosantóir: Hauptzollamt D

An chuid oibríochtúil

Maidir le ceannteideal 9401 den Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987, maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim, sa leagan a thagann as Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1821 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2016,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chlúdaítear leis cineál tolg inséidte comhdhéanta de phíopa plaisteach inmheánach agus clúdach seachtrach d’fhabraic teicstíle.


(1)  IO C 64, 7.2.2022


Top