Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0453

    Cás C-453/21, X-FAB Dresden: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht – an Ghearmáin) – X-FAB Dresden GmbH & Co. KG v FC (Tarchur chun réamhrialú – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 38(3) – an tOifigeach Cosanta Sonraí – Toirmeasc ar é nó í a chur as a phost nó a post as na cúraimí atá air nó uirthi a dhéanamh – Ceanglas maidir le neamhspleáchas feidhmiúil – Rialacháin náisiúnta lena dtoirmisctear oifigeach cosanta sonraí a dhífhostú in éagmais cúiseanna córa – Airteagal 38(6) – Coinbhleacht leasa – Critéir)

    IO C 112, 27.3.2023, p. 4–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    27.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 112/4


    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht – an Ghearmáin) – X-FAB Dresden GmbH & Co. KG v FC

    (Cás C-453/21, (1) X-FAB Dresden)

    (Tarchur chun réamhrialú - Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil - Rialachán (AE) 2016/679 - Airteagal 38(3) - an tOifigeach Cosanta Sonraí - Toirmeasc ar é nó í a chur as a phost nó a post as na cúraimí atá air nó uirthi a dhéanamh - Ceanglas maidir le neamhspleáchas feidhmiúil - Rialacháin náisiúnta lena dtoirmisctear oifigeach cosanta sonraí a dhífhostú in éagmais cúiseanna córa - Airteagal 38(6) - Coinbhleacht leasa - Critéir)

    (2023/C 112/04)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Bundesarbeitsgericht

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: X-FAB Dresden GmbH & Co. KG

    Cosantóir: CF

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Maidir leis an dara habairt d’Airteagal 38(3) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí),

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    ní chuirtear cosc léi ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go bhféadfaidh rialaitheoir nó próiseálaí Oifigeach Cosanta Sonraí is comhalta dá fhoireann a dhífhostú ar chúiseanna córa amháin, fiú mura bhfuil baint ag an dífhostú le comhlíonadh cúraimí an oifigigh sin, ar choinníoll nach gcuirfidh reachtaíocht den sórt sin gnóthú chuspóirí an rialacháin sin i mbaol.

    2)

    Maidir le hAirteagal 38(6) de Rialachán 2016/679,

    Ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    a léirmhíniú sa chaoi go bhféadfadh “coinbhleacht leasa”, dá bhforáiltear san fhoráil sin, a bheith ann i gcás ina gcuirfí cúraimí nó dualgais eile ar Oifigeach Cosanta Sonraí, a mbeadh sé mar thoradh air nó uirthi cinneadh a dhéanamh maidir le cuspóirí agus modhanna próiseála sonraí pearsanta ag an rialaitheoir nó ag a phróiseálaí, ar faoin gcúirt náisiúnta atá sé é seo a chinneadh ar bhonn cás ar chás, ar bhonn measúnaithe ar na himthosca ábhartha go léir, go háirithe struchtúr eagraíochtúil an rialaitheora nó a phróiseálaí agus i bhfianaise na rialacha uile is infheidhme, lena n-áirítear aon bheartais de chuid an rialaitheora nó a phróiseálaí.


    (1)  IO C 490, 6.12.2021


    Top