This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023XG0221(04)
Notice for the attention of the persons and entities to whom measures provided for in Council Decision 2011/235/CFSP, as implemented by Council Implementing Decision (CFSP) 2023/381 and in Council Regulation (EU) No 359/2011, as implemented by Council Implementing Regulation (EU) 2023/379 concerning restrictive measures directed against certain persons, entities and bodies in view of the situation in Iran apply 2023/C 64/09
Fógra le haghaidh na ndaoine agus na n-eintiteas a bhfuil feidhm ag na bearta maidir leo, ar bearta iad dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2023/381 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/379 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin 2023/C 64/09
Fógra le haghaidh na ndaoine agus na n-eintiteas a bhfuil feidhm ag na bearta maidir leo, ar bearta iad dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2023/381 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/379 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin 2023/C 64/09
ST/6136/2023/INIT
IO C 64, 21.2.2023, p. 26–26
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
21.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 64/26 |
Fógra le haghaidh na ndaoine agus na n-eintiteas a bhfuil feidhm ag na bearta maidir leo, ar bearta iad dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2023/381 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/379 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
(2023/C 64/09)
Dírítear an fhaisnéis seo a leanas ar na daoine agus ar na heintitis atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle (1), arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 22023/381 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/379 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin.
Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh tar éis a chinneadh gur cheart na daoine agus na heintitis sin a áireamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle.
Cuirtear in iúl do na daoine agus na heintitis lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 4 den Rialachán).
Féadfaidh na daoine agus na heintitis lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar an liosta thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle roimh an 14 Márta 2023, ag an seoladh seo a leanas:
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
An Ardrúnaíocht |
RELEX.1 |
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
1048 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
rphost: sanctions@consilium.europa.eu |
Cuirtear in iúl do na daoine agus na heintitis lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) IO L 100, 14.4.2011, lch. 51.
(2) IO L 51 I, 20.2.2023, lch. 36.