This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023XG0221(02)
Notice for the attention of the persons, entities and bodies subject to the restrictive measures provided for in Council Decision 2013/184/CFSP, as amended by Council Decision (CFSP) 2023/380, and in Regulation (EU) No 401/2013, as implemented by Council Implementing Regulation (EU) 2023/378 concerning restrictive measures in view of the situation in Myanmar/Burma 2023/C 64/07
Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2013/184/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2023/380 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 401/2013, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/378 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma 2023/C 64/07
Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2013/184/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2023/380 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 401/2013, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/378 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma 2023/C 64/07
ST/5982/2023/INIT
IO C 64, 21.2.2023, p. 23–23
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
21.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 64/23 |
Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2013/184/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2023/380 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 401/2013, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/378 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma
(2023/C 64/07)
Na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/184/CBES ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2023/380 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/378 ón gComhairle (4), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma, dírítear a n-aird siúd ar an bhfaisnéis seo a leanas.
Tá cinneadh déanta ag Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí a ndéantar trácht orthu sna hIarscríbhinní thuasluaite a áireamh ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2013/184/CBES ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma. Luaitear sna hiontrálacha ábhartha sna hIarscríbhinní sin na forais ar a ndearnadh na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann a liostú.
Cuirtear in iúl do na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear sna suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 4b den Rialachán).
Féadfaidh na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann, iarraidh, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, faoin 14 Márta 2023, ag an seoladh seo a leanas, go ndéanfaí athmhachnamh ar an gcinneadh a rinneadh iad a áireamh ar na liostaí thuasluaite:
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
An Ardrúnaíocht |
RELEX.1. |
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
1048 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
R-phost: sanctions@consilium.europa.eu
Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch athbhreithniú tréimhsiúil na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 12 de Chinneadh 2013/184/CBES agus le hAirteagal 4i(4) de Rialachán (AE) Uimh. 401/2013.
Cuirtear in iúl do na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) IO L 111, 23.4.2013, lch. 75.
(2) IO L 51 I, 20.2.2023, lch. 27.