This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0792
Case T-792/22: Action brought on 21 December 2022 — Quatrotec Electrónica v EUIPO — Woxter Technology (WOXTER)
Cás T-792/22: Caingean arna tabhairt an 21 Nollaig 2022 – Quatrotec Electrónica v EUIPO – Woxter Technology (WOXTER)
Cás T-792/22: Caingean arna tabhairt an 21 Nollaig 2022 – Quatrotec Electrónica v EUIPO – Woxter Technology (WOXTER)
IO C 45, 6.2.2023, p. 31–31
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
6.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 45/31 |
Caingean arna tabhairt an 21 Nollaig 2022 – Quatrotec Electrónica v EUIPO – Woxter Technology (WOXTER)
(Cás T-792/22)
(2023/C 45/40)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Quatrotec Electrónica, SL (Maidrid, an Spáinn) (ionadaithe: I. Valdelomar Serrano, J. Rodríguez-Fuensalida y Carnicero, P. Ramells Higueras, A. Figuerola Moure agus P. Muñoz Moreno, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Woxter Technology Co. Ltd (Causeway Bay, Hong Cong, an tSín)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha WOXTER – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 3 217 031
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 28 Meán Fómhair 2022 i gCás R 0323/2022-4
An t-ordú atá á lorg
Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
cur i bhfeidhm earráideach Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle sa chinneadh atá faoi chonspóid a aithint; |
— |
a dhearbhú go bhfuil trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 3 217 031 WOXTER (marc fíortha) dulta i léig i leith na n-earraí agus seirbhísí uile in aicmí 9, 37 agus 39; |
— |
a ordú don chosantóir na costais a íoc, lena n-áirítear speansais ionadaíochta an iarratasóra a bhaineann leis na himeachtaí seo. |
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.