See dokument on väljavõte EUR-Lexi veebisaidilt.
Dokument 62022TN0779
Case T-779/22: Action brought on 13 December 2022 — Transport Werk v EUIPO — Haus & Grund Deutschland (Haus & Grund)
Cás T-779/22: Caingean arna tabhairt an 13 Nollaig 2022 – Transport Werk v EUIPO – Haus & Grund Deutschland (Haus & Grund)
Cás T-779/22: Caingean arna tabhairt an 13 Nollaig 2022 – Transport Werk v EUIPO – Haus & Grund Deutschland (Haus & Grund)
IO C 45, 6.2.2023, lk 26—27
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
6.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 45/26 |
Caingean arna tabhairt an 13 Nollaig 2022 – Transport Werk v EUIPO – Haus & Grund Deutschland (Haus & Grund)
(Cás T-779/22)
(2023/C 45/35)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Transport Werk GmbH (Offenbach am Main, an Ghearmáin) (ionadaí: D. Donath, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Haus & Grund Deutschland Zentralverband der Deutschen Haus-, Wohnungs- und Grundeigentümer e.V. (Beirlín, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Trádmharc an Aontais Eorpaigh Haus & Grund – Trádmharc an Aontais Eorpaigh Uimh. 7 161 052
Imeachtaí os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 26 Deireadh Fómhair 2022 i gCás R 84/2022-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
a ordú do EUIPO trádmharc an Aontais Eorpaigh Uimh. 7 161 052 “Haus & Grund” a chealú ó chlár trádmharcanna an Aontais Eorpaigh le haghaidh gach earra agus seirbhíse in Aicmí 9, 16, 35, 36, 38, 42, 45, eadhon: |
Aicme 9: meáin stórála sonraí; bogearraí ríomhaire le haghaidh foirgnimh, saoráidí agus bunaíochtaí a fháil, a dhiúscairt, a riaradh, a léasú, a thógáil agus a bhainistiú;
Aicme 16: Ábhar priontáilte;
Aicme 35: Fógraíocht; bainistíocht ghnó; riarachán gnó; comhairliúchán gnó; feidhmeanna oifige; taighde a dhéanamh ar an nuacht, nuacht a bhailiú agus achoimriú córasach a dhéanamh ar an nuacht, lena n-áirítear breithiúnais agus breitheanna breithiúnacha agus aon chineál rialacháin;
Aicme 36: Cúrsaí eastáit réadaigh; tuairimí comhairleacha i réimse an árachais; cúrsaí airgeadais, cúrsaí eastáit réadaigh agus cúrsaí airgeadaíochta;
Aicme 38: Seirbhísí nuachta, lena n-áirítear breithiúnais agus breitheanna breithiúnacha agus aon chineál rialacháin;
Aicme 42: Tuairimí comhairleacha teicniúla; comhairliúchán teicniúil; bogearraí ríomhaire a chruthú le haghaidh foirgnimh, saoráidí agus bunaíochtaí a fháil, a dhiúscairt, a riaradh, a léasú, a thógáil agus a bhainistiú; bogearraí ríomhaire a chruthú chun barrfheabhsú a dhéanamh ar oibriú, ar fheidhmíocht eacnamaíoch, ar úsáid, ar mhargaíocht agus coinneáil luacha eastáit réadaigh agus bunaíochtaí.
Aicme 45: Seirbhísí dlí;
— |
a ordú do EUIPO na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí
— |
Sárú ar Airteagal 59(1)(a), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(1)(c), de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
— |
Sárú ar Airteagal 59(1)(a), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(1)(b), de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |