This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0765
Case T-765/22: Action brought on 8 December 2022 — Azalee Cosmetics v EUIPO — L’Oréal (UK) (LA CRÈME LIBRE)
Cás T-765/22: Caingean arna tabhairt an 8 Nollaig 2022 – Azalee Cosmetics v EUIPO – L’Oréal (UK) (LA CRÈME LIBRE)
Cás T-765/22: Caingean arna tabhairt an 8 Nollaig 2022 – Azalee Cosmetics v EUIPO – L’Oréal (UK) (LA CRÈME LIBRE)
IO C 45, 6.2.2023, p. 21–22
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
6.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 45/21 |
Caingean arna tabhairt an 8 Nollaig 2022 – Azalee Cosmetics v EUIPO – L’Oréal (UK) (LA CRÈME LIBRE)
(Cás T-765/22)
(2023/C 45/29)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Azalee Cosmetics (Páras, an Fhrainc) (ionadaí: I. Tribouillet, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: L’Oréal (UK) Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh LA CREME LIBRE – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 252 904
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 7 Deireadh Fómhair 2022 i gCás R 229/2022-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
a ordú do EUIPO agus don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc na costais a íoc agus na costais uile arna dtabhú ag an iarratasóir chun críocha imeachtaí freasúra agus achomhairc a íoc, lena n-áirítear costais an achomhairc. |
Saincheist dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |