This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0711
Case C-711/22: Request for a preliminary ruling from the Sąd Najwyższy (Poland) lodged on 18 November 2022 — Advance Pharma sp. z o.o. v The Treasury — Chief Pharmaceuticals Inspector
Cás C-711/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Najwyższy (an Pholainn) a taisceadh an 18 Samhain 2022 – Advance Pharma sp. z o.o. v Skarb Państwa – Główny Inspektor Farmaceutyczny
Cás C-711/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Najwyższy (an Pholainn) a taisceadh an 18 Samhain 2022 – Advance Pharma sp. z o.o. v Skarb Państwa – Główny Inspektor Farmaceutyczny
IO C 45, 6.2.2023, p. 9–10
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
6.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 45/9 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Najwyższy (an Pholainn) a taisceadh an 18 Samhain 2022 – Advance Pharma sp. z o.o. v Skarb Państwa – Główny Inspektor Farmaceutyczny
(Cás C-711/22)
(2023/C 45/16)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Najwyższy
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Advance Pharma sp. z o.o.
Cosantóir: Skarb Państwa – Główny Inspektor Farmaceutyczny
An cheist a tharchuirtear
I bhfianaise Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 19(1) agus (2) CAE, an ionann leigheas dlí dá bhforáiltear i ndlíchórais áirithe de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i bhfoirm na féidearthachta athbhreithniú ar imeachtaí inar tugadh breithiúnas críochnaitheach a fháil, tar éis breithiúnas ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine inar rialaíodh go ndearnadh sárú ar fhorálacha an Choinbhinsiúin, agus gné bhunriachtanach den cheart chun cosanta breithiúnaí éifeachtaí in ábhair shibhialta i gcás ina bhforáiltear do leigheas dlí eile i ndlíchóras Ballstáit ar mhaithe le cosaint bhreithiúnach do chearta páirtí in imeachtaí inar tugadh breithiúnas críochnaitheach?