Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023XC0202(02)

    Foilsiú leasaithe chaighdeánaigh fhormheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásca geografacha faoi chosaint san earnáil táirgí talmhaíochta agus earraí bia, dá dtagraítear in Airteagal 6b(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún 2023/C 40/07

    PUB/2022/1457

    IO C 40, 2.2.2023, p. 17–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    2.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 40/17


    Foilsiú leasaithe chaighdeánaigh fhormheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásca geografacha faoi chosaint san earnáil táirgí talmhaíochta agus earraí bia, dá dtagraítear in Airteagal 6b(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún

    (2023/C 40/07)

    Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 6b (5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (1).

    Formheas leasaithe chaighdeánaigh a chur in iúl (Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012)

    “Wiśnia nadwiślanka”

    Uimh. AE: PDO-PL-0586-AM01

    Dáta cur i bhfeidhm: 26.10.2022

    TGFC ( ) STFC (X)

    1.   Ainm an táirge

    “Wiśnia nadwiślanka”

    2.   An Ballstát ina bhfuil an limistéar geografach

    An Pholainn

    3.   Údarás an Bhallstáit atá ag cur an leasaithe chaighdeánaigh in iúl

    An Aireacht Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe

    ul. Wspólna 30, 00-930 Vársá

    An Pholainn

    oznaczenia@minrol.gov.pl

    4.   Tuairisc ar an leasú (na leasuithe) formheasta

    Limistéar geografach

    Tuairisc

    An téacs i bpointe 5 den tsonraíocht agus pointe 4 den doiciméad aonair (Sainmhíniú beacht ar an limistéar geografach):

    “Táirgtear silíní ‘Wiśnia nadwiślanka’ i limistéar geografach atá comhdhéanta de:

    bhardais Lipsko, Sienno agus Solec nad Wisłą i gCeantar Lipsko, Cúige Mazowieckie,

    bhardais Ożarów agus Tarłów i gCeantar Opatów, Cúige Świętokrzyskie,

    bhardas Annopol i gCeantar Kraśnik, Cúige Lubelskie.”

    cuireadh an téacs a leanas ina ionad:

    “Táirgtear silíní ‘Wiśnia nadwiślanka’ i limistéar geografach atá comhdhéanta de:

    bhardais Lipsko, Sienno, Solec nad Wisłą agus Rzeczniów i gCeantar Lipsko, Cúige Mazowieckie,

    bhardais Ożarów agus Tarłów i gCeantar Opatów, agus bhardais Ostrowiec Świętokrzyski, Bałtów agus Bodzechów i gCeantar Ostrowiec, Cúige Świętokrzyskie,

    – bhardas Annopol i gCeantar Kraśnik, Cúige Lubelskie.”

    Leathnaítear an limistéar geografach leis an leasú chun bardais Rzeczniów, Ostrowiec Świętokrzyski, Bałtów agus Bodzechów a áireamh.

    Suite díreach taobh leis an bpríomhlimistéar, tá an ithir agus an aeráid chéanna ag na bardais sin agus tá na scileanna céanna ag a dtáirgeoirí. Leis sin, is féidir silíní “wiśnia nadwiślanka” a shaothrú agus a thabhairt isteach ag a bhfuil na saintréithe a shainmhínítear san iarratas agus táirgeachtaí sásúla a bhaint amach. Is í an bhuncharraig aolchloiche príomhthoisc na hithreach a thugann saintréith uathúil don limistéar agus na cúrsaí uisce, lena n-áirítear abhainn Kamienna, a dhéanann dálaí aeráide níos cineálta le linn an bhláthaithe, rud a chuireann le pailniú agus toirchiú éifeachtach na mbláthanna. Tá líon plandálacha silíní “wiśnia nadwiślanka”, nach raibh mórán acu go dtí seo, ag dul i méid sna bardais sin, arb é sin an cruthúnas is fearr gur féidir an cineál silín searbh seo a shaothrú sa limistéar sin.

    Baineann an leasú seo le limistéar geografach, agus mar sin tagann sé faoin sainmhíniú leasaithe caighdeánaigh dá ndéantar foráil in Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012; Ní le catagóir na leasuithe a luaitear in Airteagal 53(2)(a-d) an leasú seo.

    Déanann an leasú difear don doiciméad aonair

    DOICIMÉAD AONAIR

    “Wiśnia nadwiślanka”

    Uimh. AE: PDO-PL-0586-AM01— 26-10-2022

    TGFC ( ) STFC (X)

    1.   Ainm nó ainmneacha [STFC nó TGFC]

    “Wiśnia nadwiślanka”

    2.   Ballstát nó Tríú Tír

    An Pholainn

    3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

    3.1.   An cineál táirge [a liostaítear in Iarscríbhinn XI]

    Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh úra nó phróiseáilte

    3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

    Ní fhéadfar torthaí a dhíol faoi ainm cosanta “Wiśnia nadwiślanka” ach amháin na torthaí sin a thagann ó chrainn silíní “sokówka” a chuireann meatháin fréimhe.

    Baineann an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint le torthaí chrann silíní “wiśnia nadwiślanka”, a fhástar lena n-úsáid sa tionscal próiseála agus, mar gheall ar a bhlas eisceachtúil, lena gcaitheamh go díreach. Is ceann de na cineálacha crann silíní sokówka a chuireann meatháin fréimhe é “wiśnia nadwiślanka”, crann atá sa Pholainn agus atá níos coitianta anois feadh abhainn Vistula (Polainnis: Wisła), agus as sin a thagann an t-ainm (a chiallaíonn “silín ó thaobh abhainn Vistula”). Níl aon choibhéis ann sa Laidin. Tá an crann silíní díorthaithe go roghnaitheach ón gcrann silíní searbha Eorpach, a iomadaítear go fásúil trí mheatháin fréimhe. Tugtar silín steipe air freisin (Prunus fruticosa Pall.), is den fhine Rosaceae Juss., den fho-fhine Prunoideae, den ghéineas Prunus L., den fho-ghéineas Cerasus (Mill.) é. Maidir le ginealach “wiśnia nadwiślanka” ó Prunus fruticosa Pall. a mheastar a bheith ann, fíoraítear é lena mhodh iomadaithe, méid an toraidh, déine an datha agus an fíoras nach n-aimsítear, sa limistéar saothraithe, eiseamail iarmharacha Prunus fruticosa Pall. ach i gcúpla iamhchríoch nádúrtha anois. Bíonn torthaí “wiśnia nadwiślanka” níos lú ná na torthaí ó chineálacha saothraithe a síolraíodh ó Prunus avium L, Prunus cerasus L agus a hibridí.

    Léiríonn an téarma “sokówka” go n-úsáidtear na torthaí chun sú a dhéanamh go príomha (Polainnis: sok), dath déine ar bhia an tsilín; bíonn an cloch dorcha agus dath cosúil le dath an bhia air. Tagraíonn an téarma “a chuireann meatháin fréimhe” don fhíoras go bhfásann crainn silíní den chineál seo, cúig bliana tar éis cuir, meatháin fréimhe le haghaidh iomadaithe.

    Bíonn dath dian ar na torthaí, idir dúdhearg agus burgúnach, aonfhoirmeach thar dhromchla iomlán an toraidh. Bíonn na torthaí cruinn agus beagán oblátach. Braitheann cóimheas an meáchain idir cloch agus toradh ar aois na gcrann agus bíonn sé 9.4-11.3 % go hiondúil. Bíonn trastomhas na dtorthaí 12-20 mm ar an meán agus a meáchan 1.6-3.3 g, ag brath ar aois agus ar shuíomh an chrainn. D’fhéadfaí torthaí a bheith níos mó mar gheall ar bheathú duilleach agus ar dhálaí aimsire fabhracha, le trastomhas suas le 25 mm agus meáchan suas le 4 g. Bíonn dath dúdhearg ar bhia na dtorthaí, aonfhoirmeach ar fad. Coinnítear an dath dian ar bun fiú i ndiaidh na próiseála. Bíonn dea-bholadh ar na torthaí, agus baineann a mblas agus a mboladh go sonrach le silíní, agus bíonn an blas an-láidir agus beagán searbh.

    Gan beann ar a n-úsáid bheartaithe, ní mór silíní “wiśnia nadwiślanka” a bheith folláin, gan comharthaí lobhaidh agus gan ábhar coimhthíoch le feiceáil, saor ó lotnaidí nó ó dhamáiste a dhéanann lotnaidí, agus saor ó thaise sheachtrach neamhghnách agus aon bholadh nó bhlas coimhthíoch.

    Ní mór silíní “wiśnia nadwiślanka” atá beartaithe le haghaidh próiseáil thionsclaíochta a bhuain gan ghais, nuair a bhíonn a dhath iomlán bainte amach ag craiceann na dtorthaí. Féadfar méideanna éagsúla a bheith ar na silíní agus féadfar damáiste griandó nó clocha sneachta a bheith á léiriú acu, ar choinníoll go gcoinnítear saintréithe “wiśnia nadwiślanka” ar bun.

    Ní mór silíní “wiśnia nadwiślanka” atá beartaithe le haghaidh caitheamh díreach a bhuain de láimh. Ní mór na torthaí a bheith saor ó dhamáiste agus cuma úr a bheith orthu.

    3.3.   Amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin) agus beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin)

    3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe

    Ní mór gach céim sa táirgeadh a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe. Ní mór na goirt silíní a bheith suite sa limistéar geografach a sainmhínítear in (4), ar ithreacha cailcreacha nó cailcreacha créúla. Faightear an t-ábhar plandaithe ó mheatháin fréimhe ó ghoirt silíní táirgiúla atá 5 bliana d’aois ar a laghad, suite sa limistéar geografach atá i gceist. Níor cheart an spás plandála a bheith níos lú ná 4 m faoi 2 m, rud a fhágann go mbíonn achar dromchla 8 m2 in aghaidh an chrainn ann. Cuirtear leasachán orthu i gcomhréir leis na rialacha caighdeánacha maidir le húsáid leasacháin ar phlandaí torthaí.

    Ní mór silíní “wiśnia nadwiślanka” atá beartaithe le haghaidh caitheamh díreach a bhuain de láimh. Le linn an fhómhair i mí Iúil, pioctar na torthaí le gais, cé gur féidir iad a phiocadh gan ghais níos déanaí sa bhliain.

    Ní gá silíní “wiśnia nadwiślanka” a shroicheann an mhonarcha phróiseála laistigh de 24 uair an chloig a bheith fuaraithe. Má choinnítear ar feadh tréimhsí níos faide iad, ní mór iad a bheith fuaraithe go cuí.

    3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

    Buaintear silíní atá beartaithe le haghaidh caitheamh díreach isteach i bpacáistí idir 0.5 agus 5 kg.

    Buaintear silíní “wiśnia nadwiślanka” atá beartaithe le haghaidh próiseála isteach i mboscaí laitíse a bhfuil glanmheáchan nach mó ná 13 kg nó i mboscaí pailéid ag a bhfuil na bunanna iata agus a bhfuil meáchan iomchuí acu.

    Pacáiltear silíní “wiśnia nadwiślanka” isteach i bpacáistí oiriúnacha go díreach ag áit an fhómhair. Tugadh an oibleagáid amhlaidh a dhéanamh isteach chun cáilíocht iomchuí an táirge a áirithiú agus chun críoch maoirseachta agus faireacháin ar thionscnamh.

    3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

    4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

    Táirgtear silíní “wiśnia nadwiślanka” i limistéar geografach atá comhdhéanta de:

    bhardais Lipsko, Sienno, Solec nad Wisłą agus Rzeczniów i gCeantar Lipsko, Cúige Mazowieckie,

    bhardais Ożarów agus Tarłów i gCeantar Opatów, agus bhardais Ostrowiec Świętokrzyski, Bałtów agus Bodzechów i gCeantar Ostrowiec, Cúige Świętokrzyskie,

    - bardas Annopol i gCeantar Kraśnik, Cúige Lubelskie.

    5.   Nasc leis an limistéar geografach

    Tá an limistéar ina dtáirgtear silíní “wiśnia nadwiślanka” suite feadh abhainn Vistula agus baineann dálaí comhshaoil oiriúnacha agus substráit chailcreach nó chailcreach chréúil leis. Ní bhíonn an bharrithir níos mó ná 0.5 m ar doimhneacht, agus carraig aolchloiche sholadach fúithi. Na dálaí aeráide sa limistéar a thuairiscítear, bíonn tionchar ag a shuíomh taobh leis an Vistula orthu, is é sin an abhainn is mó sa Pholainn, agus tá miocraeráid sa cheantar máguaird. Sa limistéar ina bhfásann silíní “wiśnia nadwiślanka”, tá baol seaca ann le linn na tréimhse bláthaithe, agus bíonn inathraitheacht ann a mhéid a bhaineann le foirmiú torthaí i gcaitheamh na mblianta mar thoradh air sin, ach íoslaghdaítear a n-éifeacht trí iarmhairt téimh an Vistula. Dá thoradh sin, is féidir an silín a shaothrú le leibhéal réasúnta ard iontaofachta sa limistéar geografach sin.

    Bíonn na hithreacha sa limistéar ina bhásann an silín neodrach agus alcaileach go príomha, agus léiríonn “wiśnia nadwiślanka” fulaingt mhaith ar pH níos airde ná 7.0, i gcodarsnacht le cineálacha saothraithe, arb é 6.7-7.1 a pH is fearr. Is de bharr an ardchion cailciam (níos mó ná 1 000 mg/l) é pH ard na n-ithreacha sin.

    Is gné thábhachtach de shainiúlacht an limistéir é eolas agus scil na dtáirgeoirí áitiúla, a d’fhoghlaim conas silín a shaothrú a bhaineann go sonrach leis an limistéar agus conas modhanna saothraithe a chur in oiriúint do na dálaí ithreach agus aeráide atá ann faoi láthair. Thar aon rud eile léirítear é sin leis an rogha ceart maidir le dlús plandála agus an modh chun meatháin a bhaint de réir an chineáil ithreach ina gcuirtear an crann silíní, agus le baint na meathán fréimhe ag tosú ón gcúigiú bliain saothraithe. Má fhágtar na meatháin ina n-áit, éiríonn na crainn rosánach agus bíonn meath ar choinníollacha fíteashláintíochta an bhairr agus ar mhéid na dtorthaí, agus laghdú ar an mbarr. Maidir le frithsheasmhacht ghalair fheabhsaithe silíní “wiśnia nadwiślanka”, tá sé fíor-riachtanach bearta cosanta plandaí iomchuí a roghnú. Baineann sé sin go háirithe le bearta chun an chuil torthaí silíní (Rhagoletis cerasi) a smachtú; is féidir gurb é meascán den earrach té agus bláthú níos luaithe crainn silíní den chineál sin an tsiocair atá ag ionsaithe na cuile torthaí silíní fásta ag amanna nár taifeadadh i gcás cineálacha saothraithe.

    Sainiúlacht an táirge

    Is mar a leanas atá gnéithe saintréitheacha “Wiśnia nadwiślanka”:

    méid toraidh i bhfad níos lú ná méid cineálacha saothraithe;

    dath sú an-dian,

    cion antóiciainine an-ard: níos mó ná 115 mg/100 g (ag baint úsáid as an modh crómatagrafaíochta leachta ardfheidhmíochta (HPLC));

    innéacs athraonmhéadrach ard: 16-23ooBx

    ardmhéid siúcra: níos mó ná 13 %

    aigéadacht ard (cion aigéid orgánaigh): 1.4 % ar a laghad arna léiriú mar aigéad malach, ag pH 8.1.

    Bíonn cion antóiciainine silíní “wiśnia nadwiślanka” 20 % ar a laghad níos airde ná mar a bhíonn ag an silín Lutówka, an silín saothraithe a bhfuil is mó tóir air sa Pholainn agus a aithnítear a bheith ina chineál is oiriúnaí le haghaidh próiseála, agus is féidir an difríocht a bheith suas le 100 %. Braitheann méid na difríochta agus an cion iarbhír i ndearbhthéarmaí ar dhálaí atmaisféaracha in aon bhliain ar leith agus ar shuíomh.

    Gné shonrach eile a bhaineann le “wiśnia nadwiślanka” is ea, tar éis an gas a bhaint (go háirithe sna chéad seachtainí den fhómhar), siltear méid beag sú isteach sa chuas gais agus socraíonn sé mar ghlóthach, ag cosc sceitheadh sú breise agus ag síneadh bheatha na dtorthaí i gcomparáid le cineálacha a shaothraítear go speisialta.

    Nasc cúisíoch idir an limistéar geografach agus cáilíocht nó saintréithe an táirge

    Fásadh crainn silíní sokówka a chuireann meatháin fréimhe ar dtús sa limistéar timpeall Słupia Nadbrzeżna. In imeacht ama, scaip siad ar fud chonair Vistula ina bhfuil na dálaí ithreach agus aeráide comhchosúil. Toisc go bhfuil sé sa limistéar sin a shainmhínítear go docht feadh an Vistula, tugtar “wiśnia nadwiślanka” ar an silín a dhíorthaítear ón gcrann silíní sokówka áitiúil a chuireann meatháin fréimhe.

    I gcás ina bhfástar iad in ithreacha alcaileacha a bhfuil cion cailciam níos airde acu, bíonn na crainn gearrshaolach (20-25 bliana) agus bíonn na torthaí níos lú, níos aramataí agus bíonn an dath níos déine. In ithreacha créúla ina mbíonn an aolchloch níos doimhne, is féidir crainn a aimsiú atá níos mó ná 50 bliain d’aois agus a bhfuil torthaí níos mó acu agus dea-bholadh beagán níos lú orthu. Cuireann an cailciam san fho-ithir leis an gcomhdhlúthú sú ard, mar a léirítear leis an úscadh réasúnta ard agus leis an gcion lí, agus bíonn blas den scoth ar na torthaí agus bíonn an-tóir ag an tionscal próiseála orthu. Ní féidir na saintréithe sin a bhaint amach má tá pH faoi neodrach agus cion cailciam íseal ag an ithir.

    I gcás ina n-aistrítear chuig limistéir geografacha eile, is iondúil go bhfásann sokówka áitiúil a chuireann meatháin fréimhe go maith ach bíonn fadhbanna foirmithe torthaí nach beag aige. Is de bharr an tréimhse bhláthaithe measartha luath iad, agus dá bhrí sin an damáiste arb é an aimsir fhuar earraigh is cúis leis, a chuireann cosc ar bharra sásúla. Tá dálaí miocraeráide atá difriúil leo siúd sa limistéar geografach sainithe fabhrach do thorthaí níos mó a mbíonn cion uisce níos airde agus úscadh níos lú acu.

    Ní amháin go mbíonn tionchar ag an meascán d’éifeacht na n-ithreacha áitiúla agus de chóngaracht na habhann ar fhás agus ar bhláthú, ach tagann ardchéim foirmithe torthaí agus torthaí ar an gcáilíocht is airde a bhfuil na saintréithe sonracha a liostaítear thuas acu as sin chomh maith. Tá dlúthcheangal idir an cháilíocht agus suíomh na ngort silíní agus an ithir agus na dálaí aeráide atá ann. Maidir le gach cineál silín eile, is go dona a fhásann agus a thugann siad toradh faoi na dálaí ithreach agus aeráide atá sa limistéar sainithe.

    Cé is moite den chomhshaol sonrach ina bhfásann silíní “wiśnia nadwiślanka”, tá cáilíocht deiridh an táirge faoi chomaoin mhór ag scileanna iontacha na dtáirgeoirí áitiúla ar a dtugtar tuairisc thuas.

    Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

    https://www.gov.pl/web/rolnictwo/produkty-zarejestrowane-jako-chronione-nazwy-pochodzenia-chronione-oznaczenia-geograficzne-oraz-gwarantowane-tradycyjne-specjalnosci


    (1)  IO L 179, 19.6.2014, lch. 17.


    Top