This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021CA0370
Case C-370/21: Judgment of the Court (Eighth Chamber) of 1 December 2022 (request for a preliminary ruling from the Landgericht München I — Germany) — DOMUS-Software-AG v Marc Braschoß Immobilien GmbH (Reference for a preliminary ruling — Directive 2011/7/EU — Combating late payment in commercial transactions — Compensation for recovery costs incurred by the creditor due to late payment by the debtor — Article 6 — Fixed minimum sum of EUR 40 — Several late payments for periodic supplies of goods or services under a single contract)
Cás C-370/21: Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 1 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Landgericht München I – an Ghearmáin) – DOMUS-Software-AG v Marc Braschoß Immobilien GmbH (Tarchur chun réamhrialú – Treoir 2011/7/AE – Cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála – Cúiteamh as costais aisghabhála arna dtabhú ag an gcreidiúnaí i gcás íocaíocht dhéanach ag an bhféichiúnaí – Airteagal 6 – Cnapshuim íosta EUR 40 – Moill ar roinnt íocaíochtaí le haghaidh soláthar earraí nó seirbhísí de chineál tréimhsiúil arna ndéanamh faoi chonradh aonair a fhorghníomhú)

IO C 35, 30.1.2023, pp. 9–10
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
30.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 35/9 |
Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 1 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Landgericht München I – an Ghearmáin) – DOMUS-Software-AG v Marc Braschoß Immobilien GmbH
(Cás C-370/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 2011/7/AE - Cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála - Cúiteamh as costais aisghabhála arna dtabhú ag an gcreidiúnaí i gcás íocaíocht dhéanach ag an bhféichiúnaí - Airteagal 6 - Cnapshuim íosta EUR 40 - Moill ar roinnt íocaíochtaí le haghaidh soláthar earraí nó seirbhísí de chineál tréimhsiúil arna ndéanamh faoi chonradh aonair a fhorghníomhú)
(2023/C 35/10)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis.
An chúirt a rinne an tarchur
Landgericht München I
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: DOMUS-Software-AG
Cosantóir: Marc Braschoss Immobilien GmbH
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 6(1) de Threoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 den Treoir sin,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
i gcás ina ndéantar foráil i gconradh aonair maidir le seachadtaí earraí nó soláthar seirbhísí de chineál tréimhsiúil, a bhfuil gach ceann díobh le híoc laistigh de thréimhse shonraithe, beidh an chnapshuim íosta de EUR 40 mar chúiteamh ar chostais aisghabhála iníoctha don chreidiúnaí ar gach íocaíocht dhéanach.