EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022IR2167

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — I dtreo straitéis mhacrairéigiúnach sa Mheánmhuir

COR 2022/02167

IO C 498, 30.12.2022, p. 6–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

30.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 498/6


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — I dtreo straitéis mhacrairéigiúnach sa Mheánmhuir

(2022/C 498/02)

Rapóirtéir:

Nikola DOBROSLAVIĆ (HR/PPE)

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

An méid a chuireann straitéisí macrairéigiúnacha leis an gcomhtháthú críochach, leis an daonlathas áitiúil agus leis an gcomhar ag na teorainneacha seachtracha

1.

den tuairim go bhfuil ról lárnach ag macrairéigiúin maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais Eorpaigh agus a dtíortha comharsanachta a neartú trí limistéir trasteorann a chumhachtú chun aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar dhúshláin shonracha agus chomhroinnte, bunaithe ar mhalartuithe, ar an gcomhar agus ar chur chun feidhme;

2.

á chur in iúl go láidir go bhfágann an cur chuige sin gur mó an comhleanúnachas agus an chomhlántacht idir beartais, gníomhaíochtaí, agus cláir chistiúcháin arna gcur chun feidhme ag leibhéil éagsúla rialtais i limistéar geografach sainithe. Tríd an méid sin a dhéanamh agus tríd an rialachas il-leibhéil a chur chun cinn, cuireann macrairéigiúin le héifeachtacht agus tionchar na mbeartas a fheabhsú;

3.

á mheabhrú go bhfuil straitéisí macrairéigiúnacha bunaithe ar an bprionsabal il-leibhéil agus nach mór ról lárnach a bheith ag réigiúin AE agus neamh-AE ina bhforbairt, ina dtógáil agus maidir lena gcuspóirí comhchoiteanna a shainiú i dteannta Bhallstáit an Aontais agus tíortha eile lena mbaineann;

4.

á thabhairt dá aire go bhfuil limistéar na Meánmhara comhdhéanta de roinnt tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, mar aon le tíortha nach bhfuil san Aontas. Leagann sé béim ar a thábhachtaí atá macrairéigiúin chun an comhar a neartú thar theorainneacha an Aontais. Tá gá leis an gcomhar sin chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna agus chun tíortha nach bhfuil san Aontas a rannpháirtiú i gcomhar níos doimhne agus níos fearr leis an Aontas;

5.

á mheabhrú gur glacadh an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Iúil 2012, dar teideal Developing EU macro-regional strategies: current practices and prospects for the future, in particular in the Mediterranean [Forbairt a dhéanamh ar straitéisí macrairéigiúnacha an Aontais: cleachtais agus ionchais reatha don todhchaí], go háirithe sa Mheánmhuir (1) (níl leagan Gaeilge ann);

6.

á mheabhrú gur fhoilsigh ARLEM tuarascáil maidir le Straitéis Chomhtháthaithe don Mheánmhuir (2014) ina leagtar amach bunús an mhachnaimh ar chreat rialachais mhacrairéigiúnaigh don Mheánmhuir, bunaithe ar phrionsabail an rialachais il-leibhéil agus leagan amach atá forásach agus athraitheach ar bhonn geoiméadrach;

7.

á mheabhrú freisin go bhfuil sé curtha in iúl ag Comhairle an Aontais Eorpaigh (2) go bhfuil sé oscailte chun machnamh a dhéanamh ar thionscnaimh chomhpháirteacha atá dírithe ar straitéisí nua macrairéigiúnacha a bhunú;

Macrairéigiún Meánmhara: uirlis lárnach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin sa Mheánmhuir

8.

ag leagan béim ar acmhainní uathúla na Meánmhara. Tá níos mó ná 500 milliún duine ina gcónaí sa réigiún seo, réigiún ina bhfuil 46 000 km de chósta agus 22 bhruachtír, 1/3 dá dhaonra lonnaithe i limistéir chósta agus thart ar 150 milliún post a bhfuil baint dhíreach acu leis an Meánmhuir;

9.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an Mheánmhuir ó thaobh an chomhshaoil de. Cé nach bhfuil inti ach 1 % d’aigéin an domhain, tá sí freagrach as 20 % de tháirgeadh muirí an domhain (3). Tá sí ar cheann de na príomhfhoinsí de bhithéagsúlacht mhuirí agus chósta freisin, ina bhfuil 28 % de speicis eindéimeacha, 7,5 % den fhiadhúlra agus 18 % den fhlóra muirí domhanda;

10.

á chur i dtreis acmhainneacht imchuach na Meánmhara, ar limistéar geografach comhleanúnach é a bhfuil oidhreacht choiteann stairiúil agus chultúrtha ag a dhaonra, ar oidhreacht í atá mar thoradh ar thraidisiún fada comhair agus malartaithe smaointe, earraí agus daoine idir na trí chósta;

11.

á aithint go bhfuil dúshláin rialachais, shoceacnamaíocha, dhaonnúla, aeráide, slándála agus chomhshaoil os comhair imchuach na Meánmhara, agus go bhfuil gá le gníomhaíocht chomhpháirteach chun dul i ngleic leis na dúshláin sin;

12.

á chur i bhfios go láidir, mar a léiríodh sa chéad tuarascáil mheasúnachta maidir leis an Meánmhuir dar teideal “An t-athrú aeráide agus comhshaoil in imchuach na Meánmhara”, a d’eisigh MedECC, go bhfuil tionchar ag athruithe antrapaigineacha comhshaoil a rinneadh le déanaí ar fhoréigiúin uile na Meánmhara, agus go n-áirítear ar phríomhspreagthaí an athraithe aeráide na gnéithe seo a leanas: fás an daonra, an truailliú, cleachtais neamh-inbhuanaithe maidir le húsáid talún agus mara, agus speicis neamhdhúchasacha. I bhformhór na limistéar, déantar difear d’éiceachórais agus do shlite beatha na ndaoine (4);

13.

á chur in iúl, ag an ráta reatha, go sroichfidh an téamh domhanda 2,2 C i limistéar na Meánmhara faoi 2040, agus go bhfuil an réigiún ag éirí níos teo ag ráta atá 20 % níos tapúla ná an meán domhanda. Is féidir éifeachtaí an athraithe aeráide a fheiceáil go han-soiléir cheana féin trí iomadú na dteagmhas adhaimsire. Dá bhrí sin, is iad sochaithe i limistéar na Meánmhara is mó atá thíos leis an athrú aeráide (tá cónaí ar 50 % de dhaonra an domhain atá thíos leis an mbochtaineacht uisce sa limistéar seo agus bíonn tionchar ag an nganntanas uisce ar an tslándáil bia chomh maith; tá 49 de 51 láithreán cultúrtha UNESCO i mbaol freisin). I ngeall ar dhúshláin chomhshaoil eile, amhail géarú iomarcach an uirbithe, na talmhaíochta, na hiascaireachta agus na turasóireachta, mar aon leis an díghrádú talún, an gaineamhlú agus truailliú an aeir, na hithreach, an fhionnuisce agus an uisce farraige, is measa iad cuid mhór d’éifeachtaí an athraithe aeráide;

14.

ag leagan béim ar leith, mar a rinneadh sa tuairim I dtreo úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha i gcomhthéacs oileáin na Meánmhara (níl leagan Gaeilge ann), ar a leochailí atá oileáin na Meánmhara i gcomhthéacs an téimh dhomhanda, a bhfuil iarmhairtí eacnamaíocha (an t-iascach, an turasóireacht, etc.) agus iarmhairtí sóisialta aige cheana féin (an eisimirce, etc.), agus molann sé cur chuige sonrach a fhorbairt maidir le tionchar an athraithe aeráide ar an leibhéal macrairéigiúnach don chineál sin críche, lena mbreithneofar riachtanais ar leith na n-oileánraí agus na n-oileán agus lena gcothófar comhar níos dlúithe idir na críocha sin, na Ballstáit agus an tAontas Eorpach chun dul i ngleic le dúshláin chomhshaoil agus chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn;

15.

á chur in iúl gur saintréith de limistéar na Meánmhara iad na héagothromaíochtaí móra sna leibhéil forbartha, in ainneoin go bhfuil cosúlachtaí soiléire ann. Tá tionchar ag na héagothromaíochtaí sin, lena n-áirítear laigí in acmhainneachtaí institiúideacha, idirnascadh bonneagair agus caidreamh trádála, ar chobhsaíocht, ar rathúnas agus ar shlándáil shochaithe na Meánmhara;

16.

á mheas gur meabhrú í géarchéim COVID-19 ar an ngá práinneach atá le cur chuige comhordaithe agus le hathléimneacht chomhpháirteach a neartú i gcoinne eipidéimí, suaití eacnamaíocha agus an athraithe aeráide;

17.

á áitiú gur féidir le macrairéigiún na Meánmhara feidhmiú mar uirlis chomhordaithe chun sreabha imirce a bhainistiú, ar sreabha iad a dhéanann difear go háirithe do na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla ar theorainneacha seachtracha an Aontais;

18.

á mheabhrú, i bhfianaise ionsaí na Rúise ar an Úcráin, go bhfuil ról lárnach ag réigiún na Meánmhara chun éifeachtaí an chogaidh a mhaolú, fáilte a chur roimh phobail easáitithe, agus leanúint dá iarrachtaí chun dul chun cinn a áirithiú i dtreo chomhdhlúthú na síochána ar fud a bhruachchríocha;

19.

i bhfianaise na ndúshlán sin, dearbhaíonn sé gur gá na trí chladach uile a thabhairt le chéile ar bhealach níos lánpháirtithe chun an comhtháthú a neartú, chun ról domhanda agus uile-Eorpach an réigiúin agus a acmhainneacht nuálaíochta a neartú agus chun cur le dea-bhaill an duine agus le caomhnú an chomhshaoil;

20.

ag aithint, sa phróiseas sin, an róil ríthábhachtaigh atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, a bhfuil baint láidir acu le tionscnaimh agus líonraí, amhail an tAontas don Réigiún Meánmhuirí, ARLEM, Comhghuaillíocht um Chomhar sa Mheánmhuir (MedCoopAlliance), mar aon leis an gCoimisiún Idir-Mheánmhuirí de Chomhdháil Réigiúin Mhuirí Fhorimeallacha na hEorpa (CPMR);

21.

á chur i bhfios go bhfuil gach dúshlán atá os comhair limistéar na Meánmhara (an t-athrú aeráide, creimeadh, gaineamhlú, truailliú plaisteach, imirce, róthurasóireacht, etc.) níos géire ar na hoileánraí agus ar na hoileáin agus, ar an gcúis sin, gur láthair thástála idéalacha iad chun beartais chomhtháite forbartha inbhuanaithe a chur chun feidhme sa Mheánmhuir. Tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach dul chun cinn a dhéanamh maidir le straitéis oileán atá curtha in oiriúint do na himchuacha;

22.

ar aon fhocal leis an gCoimisiún Eorpach gur cheart cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a léiriú i ndlúthchomhar le tíortha comharsanachta a bhfuil na dúshláin aeráide agus chomhshaoil chéanna rompu;

23.

á chur in iúl go n-éilíonn údaráis áitiúla agus réigiúnacha ar na trí chósta, a bhfuil ról mór acu chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí an athraithe aeráide, go bhfuil Comhaontú Glas don Mheánmhuir ag teastáil (5);

24.

ag aithint an róil lárnaigh a imríonn na húdaráis áitiúla agus nach mór dóibh a imirt, mar chomhghuaillithe le réigiúin agus le tíortha maidir le cláir oibre dhomhanda agus réigiúnach a chur chun feidhme;

25.

á chur in iúl go láidir freisin go bhfuil straitéis mhacrairéigiúnach, lena gcuirtear neartú an idirphlé pholaitiúil chun cinn, ríthábhachtach chun an Clár Oibre nua don Mheánmhuir a chur chun feidhme, mar a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach i mí Feabhra 2021 Comhpháirtíocht Athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt (níl leagan Gaeilge ann) (6);

I dtreo straitéis chomhtháite d’imchuach iomlán na Meánmhara

26.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó na torthaí dearfacha agus an comhar feabhsaithe atá ann mar thoradh ar thiomantas na ngeallsealbhóirí sa Mheánmhuir, go háirithe tiomantas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach; ag iarraidh ar na geallsealbhóirí sin, go háirithe na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, an comhar sin a mhéadú chun an bealach a réiteach chun straitéis mhacrairéigiúnach a chruthú sa Mheánmhuir;

27.

á chur in iúl gur mór aige an dul chun cinn suntasach atá déanta i dtreo an chomhtháthaithe sa Mheánmhuir trí Straitéis an Aontais Eorpaigh don Réigiún Aidriadach agus Iónach (EUSAIR) agus trí straitéis imchuach farraige WestMED;

28.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach é a bheith mar ábhar práinne aige dlús a chur leis an dul chun cinn a dhéantar maidir le tionscnamh WestMED agus acmhainní, struchtúr daingean agus straitéis um chomhdhlúthú fadtéarmach a chur ar fáil dó, lena n-éascófar an comhtháthú macrairéigiúnach sa Mheánmhuir Thiar;

29.

á chur in iúl go láidir nach mór na tionscnaimh agus na cláir chomhair atá ann cheana, mar aon leis na príomhghníomhaithe ar fud na leibhéal éagsúil den rialachas il-leibhéil, a chomhordú ar bhealach níos fearr ionas nach ndéanfar a n-iarrachtaí ná a dtionchar a lagú. Tá sé fíorthábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh uirlis oibríochtúil ag críocha na Meánmhara lena gcuirfear ar a gcumas straitéis chomhtháite, plean gníomhaíochta nithiúil agus tionscadail chomhpháirteacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme, mar fhreagairt ar thosaíochtaí coiteanna a sainaithníodh i gcreataí institiúideacha um chomhar atá ann cheana, amhail an tAontas don Réigiún Meánmhuirí agus ARLEM, agus i dtionscnaimh, amhail MedCoopAlliance agus BLUEMED, etc.;

30.

den tuairim go dtabharfar aghaidh, leis an straitéis mhacrairéigiúnach don Mheánmhuir, ar na dúshláin sin, ní trí na straitéisí atá ann cheana a ionadú ach trína ngníomhaíochtaí a chomhlánú agus, ar an gcaoi sin, a dtionchar a uasmhéadú agus teacht ar réitigh ar dhúshláin choiteanna, amhail na dúshláin sin a d’eascair as na hiarrachtaí chun cur i gcoinne an athraithe aeráide agus as an aistriú digiteach. Dá réir sin, beifear in ann na dúshláin sin a iompú ina ndeiseanna iontacha don fhorbairt inbhuanaithe, agus cur le haistriú glas atá cóir agus cuimsitheach trí leas a bhaint as deiseanna comhroinnte, agus aird ar leith á tabhairt ar an ngné dhaonna agus ar dheiseanna do dhaoine óga agus, ar an gcaoi sin, acmhainneacht eacnamaíoch an réigiúin a scaoileadh chun tairbhe na saoránach;

31.

á chur i bhfáth gur gá straitéis mhacrairéigiúnach a bheith deartha ag leibhéal imchuach na Meánmhara agus go gclúdófar léi na trí fho-imchuach (Iarthar, Oirthear agus Aidriadach-Iónach), d’fhonn réitigh fhóinteacha a chur ar fáil do dhúshláin chomhroinnte. Dá bhrí sin, ní mór go mbeadh fáil ag cách uirthi agus, sa deireadh thiar, é a bheith d’aidhm aici imchuach iomlán na Meánmhara ar na trí chósta a chumhdach;

32.

á iarraidh go dtabharfaí aird ar leith i straitéis mhacrairéigiúnach na Meánmhara, mar is ceart a dhéanamh i ngach straitéis mhacrairéigiúnach mhuirí, ar chríocha oileánacha i gcomhréir le hAirteagal 174 CFAE; á iarraidh go gcuirfí saintréithe agus leochaileachtaí sonracha na gcríoch sin san áireamh go héifeachtach trí chomhpháirtíocht níos láidre a bhunú agus trí ghníomhaíochtaí nithiúla agus comhordaithe idir na críocha sin, na Ballstáit agus an tAontas Eorpach;

33.

á chur in iúl gur cheart don lánpháirtiú réigiúnach sin dul ar aghaidh de réir a chéile, ar bhonn cur chuige deonach ó údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla na Meánmhara, i bhfianaise na ndúshlán a bhaineann le staideanna áirithe éagobhsaí maidir leis an tslándáil, an pholaitíocht agus an taidhleoireacht;

Príomhphrionsabail an rialachais il-leibhéil ar leibhéal na Meánmhara

34.

á mholadh go léireofaí prionsabal an rialachais il-leibhéil ina iomláine leis an rialachas a dhéanfar ar straitéis mhacrairéigiúnach amach anseo sa Mheánmhuir agus go mbeadh na húdaráis Eorpacha, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla rannpháirteach chomh maith, mar aon lena gcomhlachais agus a réigiúin Euro faoi seach;

35.

á mheas, ionas go mbeidh sí oibríochtúil, nach mór straitéis mhacrairéigiúnach na Meánmhara a bheith bunaithe ar scéim rialachais atá láidir agus ionadaíoch ina mbeidh na nithe seo a leanas: (i) tionól ginearálta ar an leibhéal polaitiúil, a mbeidh údaráis Eorpacha, náisiúnta agus réigiúnacha rannpháirteach ann, (ii) bord feidhmiúcháin lena dtabharfar le chéile comhalta comhordaithe náisiúnta amháin (ón leibhéal réigiúnach nó náisiúnta) ó gach tír a ndéantar ionadaíocht orthu sa straitéis agus lena gcuirfear chun cinn rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach sa phróiseas cinnteoireachta, chomh maith le breathnóirí de chuid líonraí na n-údarás réigiúnach agus áitiúil agus (iii) grúpaí gníomhaíochta téamacha chun tionscadail nithiúla comhair a fhorbairt agus a chur chun feidhme, ar tionscadail iad a bhainfidh leas as gníomhaithe socheacnamaíocha san earnáil phoiblí agus phríobháideach, as an lucht acadúil agus as an tsochaí shibhialta;

36.

á mholadh go dtógfaí ar na dea-chleachtais a tháinig chun cinn le tionscnamh WestMED agus go mbunófaí comhuachtaránacht rothlach bhliantúil, a bheadh ag tír amháin san Aontas agus tír chomhpháirtíochta amháin ag an am céanna, agus go gcomhoibreoidís le dlúthtacaíocht eagraíochtaí ionadaíocha na n-údarás réigiúnach agus áitiúil. Ba cheart athrú teacht ar an Uachtaránacht chun na tíortha a bhí i gceannas san am atá caite, atá faoi láthair agus a bheidh i gceannas amach anseo a chur san áireamh agus ba cheart cothromaíocht a choinneáil idir na tíortha san Aontas agus na tíortha comhpháirtíochta a ndéantar ionadaíocht orthu sa straitéis. Is ar an mbonn rothlach céanna a d’fheidhmeodh an tacaíocht ó eagraíocht ionadaíoch na n-údarás áitiúil agus réigiúnach chomh maith. Tá an dinimic sin ríthábhachtach chun a áirithiú go gcuirfí comhlachtaí rialachais éagsúla na straitéise macrairéigiúnaí san áireamh agus go mbeidh na comhlachtaí sin nasctha le chéile, agus chun treoir straitéiseach a chur ar fáil do ghníomhaíocht an mhacrairéigiúin, trí chláir oibre bhliantúla. Ba cheart do rúnaíocht theicniúil (Rúnaíocht um Straitéis Mhacrairéigiúnach don Mheánmhuir, MRSS) an straitéis a chomhordú agus tacú léi;

37.

á mholadh, d’fhonn comhoiriúnacht leis na tionscnaimh atá ann cheana a áirithiú, ionadaithe ó na príomhinstitiúidí, na príomhchomhlachtaí agus na príomhthionscnaimh ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ar an leibhéal Eora-Mheánmhara, amhail an tAontas don Réigiún Meánmhuirí, ARLEM agus MedCoopAlliance a bheith rannpháirteach i gcur chun feidhme na straitéise, chomh maith le hionadaithe EUSAIR agus WestMED; cuirtear deiseanna fiúntacha ar fáil leis na Grúpálacha Eorpacha um Chomhar Críochach, óir feidhmíonn siad mar “saotharlanna” don rialachas il-leibhéil, chun tacú le cuspóirí an Chláir Oibre nua don Mheánmhuir;

Straitéis mhacrairéigiúnach lena ndírítear ar dhúshláin tosaíochta

38.

á mheas gur cheart do straitéis mhacrairéigiúnach na Meánmhara díriú ar líon teoranta dúshlán comhroinnte, agus aghaidh a thabhairt orthu de réir a chéile le himeacht ama; á chur i bhfios go láidir gur príomhdhúshláin iad an claochlú glas agus digiteach, ar cheart aghaidh a thabhairt orthu mar ábhar tosaíochta;

39.

á iarraidh, mar chéad chéim, go ndéanfaí iarrachtaí chun díriú ar na príomhdhúshláin – an t-athrú aeráide, an claochlú digiteach, an comhshaol agus an ghéarchéim dhaonnúil, chomh maith leis an aistriú glas, aistriú a bhfuil gá leis. Is ábhar práinne é gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal na Meánmhara a chur ar fáil do na tosaíochtaí seo a leanas: todhchaí na n-oileánraí agus na n-oileán, limistéir chósta agus uirbeacha, an truailliú muirí (go háirithe micreaphlaistigh agus fuíolluisce), an bhithéagsúlacht a chaomhnú, an agra-éiceolaíocht, an geilleagar ciorclach, guaiseacha nádúrtha a bhainistiú agus a chosc, astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, an t-oiriúnú don athrú aeráide agus freagairt don ghéarchéim dhaonnúil trí chearta bunúsacha an duine a áirithiú;

40.

á mholadh, sa ghearrthéarma, gur cheart don Choimisiún Eorpach tacú le treoirthionscadal maidir le truailliú muirí nialasach sa Mheánmhuir a chruthú in 2024, trí chlár Euro-MED Interreg nó trí chláir ábhartha eile atá ann cheana (ós rud é go gcloíonn straitéisí macrairéigiúnacha le riail na dtrí “níl”: gan aon reachtaíocht nua, gan aon chistiú nua, gan aon institiúid nua). Ach an méid sin a dhéanamh, rannchuideofar go nithiúil le misean an Aontais “Ár n-aigéan agus ár n-uiscí a athbhunú” (7). Is é an aidhm a bheidh ann páirt a ghlacadh in obair chomhpháirteach idir tíortha agus críocha ar mian leo straitéis mhacrairéigiúnach sa Mhéanmhuir a fhorbairt agus, ar an gcaoi sin, tástáil a dhéanamh ar na príomhphrionsabail a bhaineann le cuspóir nithiúil;

41.

D’fhéadfaí cur leis na hiarrachtaí ansin chun na dúshláin seo a leanas a chur san áireamh, i ndáil leis an gClár Oibre nua don Mheánmhuir:

(a)

forbairt eacnamaíoch chothrom agus inbhuanaithe a chur chun cinn trí thionscadail chomhpháirteacha atá dírithe ar an taighde, an nuálaíocht agus úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha a neartú, agus ar an bhfiontraíocht idirnasctha;

(b)

an geilleagar gorm a chomhtháthú;

(c)

an fhorbairt dhaonna a chur chun cinn, lena n-áirítear an cultúr agus an oidhreacht, an turasóireacht, an t-oideachas, an tsláinte, an fhostaíocht, forbairt na hóige, cuimsiú sóisialta na ngrúpaí imeallaithe agus cabhair a thabhairt do dhídeanaithe, chomh maith le freastal ar na riachtanais a eascraíonn as sreabha imirce a bheith ann, go háirithe ag teorainneacha seachtracha an Aontais;

(d)

an nascacht a neartú tríd an mbonneagar iompair agus digiteach;

(e)

neamhspleáchas bia agus fuinnimh sa Mheánmhuir a fheabhsú i bhfianaise iarmhairtí an athraithe aeráide agus an chogaidh atá ar siúl san Úcráin i ngeall ar ionsaí na Rúise;

(f)

uirlisí agus acmhainneachtaí na n-institiúidí poiblí agus príobháideacha a neartú chun cúiseanna an athraithe aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta a mhaolú;

Plean gníomhaíochta oibriúcháin a chuirfidh leis an gcistiú atá ann cheana

42.

á mheas gur gá straitéis mhacrairéigiúnach don Mheánmhuir a bheithe bunaithe ar phlean gníomhaíochta oibriúcháin chun tosaíochtaí a iompú ina ngníomhaíocht nithiúil ar leibhéal na Meánmhara. Chun a áirithiú go n-áireofar an ghné fhonáisiúnta mar is ceart sa phlean (rud a chuideoidh ní hamháin chun fís chomhroinnte a bhaint amach maidir le forbairt níos fearr, níos comhtháite agus níos inbhuanaithe in imchuach na Meánmhara, ach freisin chun go mbeidh an tsochaí shibhialta ó thrí thaobh na Meánmhara rannpháirteach ann), beidh baint ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha le dréachtú an phlean, ós iadsan is gaire do na saoránaigh;

43.

á thabhairt dá aire gur féidir leas a bhaint as méid mór cistithe chun tacú le tionscadail na Meánmhara, lena n-áirítear EUR 7 mbilliún arna n-úsáid ag an gCoimisiún Eorpach faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI). Is deis mhór iad na cláir um Chomhar Críochach Eorpach atá gníomhach sa Mheánmhuir (Next-MED, EUROMED, ADRION, MARITTIMO) chun tionscadail a éascú atá in ann cur le cuspóirí straitéise macrairéigiúnaí;

44.

á chur in iúl go bhfuil roinnt mhaith clár atá á gcur chun feidhme go díreach ag an gCoimisiún Eorpach, amhail Fís Eorpach, LIFE nó Erasmus +, oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha agus, dá bhrí sin, gur foinse suimiúil cistiúcháin iad. Sa bhreis air sin, le cláir amhail an Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA) nó na hionstraimí déthaobhacha arna mbunú ag an Aontas Eorpach sna tíortha comharsanachta, tacaítear go díreach leis an gcomhar sa Mheánmhuir;

45.

á chur in iúl go bhfuil deontóirí amhail an Banc Domhanda nó an Banc Eorpach Infheistíochta, agus institiúidí amhail Fondúireacht Anna Lindh, gníomhach freisin sa Mheánmhuir agus go bhféadfaidh siad teacht chun cinn comhthionscadal a éascú;

46.

á chur i bhfios, ar deireadh, go bhfuil cláir um chomhar díláraithe á gcur chun feidhme ag roinnt mhaith tíortha, réigiún agus cathracha, cláir ar féidir leo rannchuidiú freisin le cur chun feidhme tionscadal comhair níos mó sa Mheánmhuir;

47.

á chur in iúl go láidir, thairis sin, go mbeidh sásraí rialachais chun comhordú an chistithe Eorpaigh atá ar fáil sa réimse seo a éascú ag gabháil le cur chun feidhme na gclár um Chomhar Críochach Eorpach don tréimhse 2021-2027. Creideann an Coiste gur féidir leis sin cur go praiticiúil le straitéis mhacrairéigiúnach don Mheánmhuir a chruthú;

Conclúidí

48.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an spreagadh nua a tugadh don chomhar sa Mheánmhuir ag Fóram Domhanda na Meánmhara a eagraíodh faoi Uachtaránacht na Fraince;

49.

ag tnúth leis an gcéad Uachtaránacht eile ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a bheidh ag tír de chuid na Meánmhara, eadhon an Spáinn, in 2023. Tá súil aige go ndíreofar arís ar rialachas na Meánmhara agus ar an acmhainneacht atá ann an creat rialachais agus comhair macrairéigiúnach a athnuachan;

50.

á mholadh don Choimisiún Eorpach agus do Bhallstáit an Aontais tacú le straitéis mhacrairéigiúnach a fhorbairt don Mheánmhuir agus le straitéisí macrairéigiúnacha nua eile a bhfuil gá leo;

51.

ar an gcaoi chéanna, tá sé ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa agus ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tacú leis an dreasacht i dtreo Straitéis Mhacrairéigiúnach don Mheánmhuir ina hiomláine, chun go mbeidh réigiún na Meánmhara níos fearr, níos aontaithe agus níos comhtháite;

52.

á iarraidh ar an gComhairle Eorpach an t-ábhar a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh in 2022 chun straitéis mhacrairéigiúnach don Mheánmhuir a tharraingt suas a mbeidh plean gníomhaíochta ag gabháil léi, d’fhonn go bhformheasfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa í faoi Uachtaránacht na Spáinne sa dara leath de 2023.

An Bhruiséil, an 11 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  P7_TA (2012) 0269

(2)  13424/20. Conclúidí ón gComhairle maidir le straitéisí macrairéigiúnacha an Aontais a chur chun feidhme, 2 Nollaig 2020.

(3)  Randone. et al. 2017, Reviving the Economy of the Mediterranean Sea: Actions for a Sustainable Future, tionscnamh maidir leis an Meánmhuir de chuid an Chiste Dhomhanda Fiadhúlra.

(4)  MedECC (2020) Climate and Environmental Change in the Mediterranean Basin – Current Situation and Risks for the Future [An t-athrú aeráide agus comhshaoil in imchuach na Meánmhara – an staid reatha agus rioscaí don todhchaí] An chéad tuarascáil mheasúnachta maidir leis an Meánmhuir [Cramer, W., Guiot, J., Marini, K. (eds.)] An tAontas don Réigiún Meánmhuirí, Plan Bleu, UNEP/MAP, Marseille.

(5)  Cruinniú iomlánach a bhí ag an gComhthionól Réigiúnach agus Áitiúil Eora-Mheánmhara (ARLEM), 23 Eanáir 2020

(6)  JOIN(2021) 2 final. Féach freisin an tuairim ó CnaR An Chomhpháirtíocht Athnuaite le Comharsanacht an DeiscirtClár Oibre Nua don Mheánmhuir, Iúil 2021, (IO C 440, 29.10.2021, lch. 19).

(7)  Misean an Aontais: “Ár n-aigéan agus ár n-uiscí a athbhunú”.


Top