Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022IP0223

    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2022 maidir le Treochlár SEGS um Athrú Aeráide agus Cosaint (2021/2102(INI))

    IO C 493, 27.12.2022, p. 19–31 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    27.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 493/19


    P9_TA(2022)0223

    Treochlár SEGS um Athrú Aeráide agus Cosaint

    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2022 maidir le Treochlár SEGS um Athrú Aeráide agus Cosaint (2021/2102(INI))

    (2022/C 493/02)

    Tá Parlaimint na hEorpa,

    ag féachaint do Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Airteagail 42 agus 43 de,

    ag féachaint do spriocanna 2030 agus 2050 an Aontais maidir le neodracht charbóin,

    ag féachaint do Threochlár an 9 Samhain 2020 um Athrú Aeráide agus Cosaint,

    ag féachaint do Choincheap an 5 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Cur Chuige Comhtháite um Athrú Aeráide agus Slándáil,

    ag féachaint do Choincheap AE maidir le Cosaint an Chomhshaoil agus Optamú Fuinnimh d’Oibríochtaí agus do Mhisin Mhíleata faoi stiúir AE,

    ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta (CEC) (1), go háirithe aithris 60 de ina luaitear ranníocaíocht aeráide 30 % agus aithris 61 de ina luaitear ranníocaíochtaí 7,5 % agus 10 % den chaiteachas bliantúil i gcoinne chailliúint na bithéagsúlachta go dtí 2027,

    ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (2) (“Rialachán NDICI”), go háirithe aithris 49 de ina luaitear ranníocaíocht aeráide 30 %,

    ag féachaint do theachtaireacht an 8 Iúil 2020 ón gCoimisiún maidir le straitéis hidrigine i gcomhair Eoraip aeráidneodrach (COM(2020)0301),

    ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta ECAT um Athrú Aeráide agus Slándáil

    ag féachaint do dhoiciméad straitéise Mheitheamh 2016 ó SEGS dar teideal A Global Strategy for the European Union’s Foreign and Security Policy [Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh] agus do thuarascálacha leantacha na straitéise sin,

    ag féachaint do chonclúidí an 22 Eanáir 2018 ón gComhairle maidir leis an gcur chuige comhtháite i ndáil le coinbhleachtaí agus géarchéimeanna seachtracha,

    ag féachaint do chonclúidí an 10 Nollaig 2018 ón gComhairle maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil,

    ag féachaint do chonclúidí an 20 Eanáir 2020 ón gComhairle maidir le taidhleoireacht aeráide,

    ag féachaint do chonclúidí an 25 Eanáir 2021 ón gComhairle maidir le taidhleoireacht aeráide agus fuinnimh – dul chun cinn a dhéanamh maidir le gné sheachtrach Chomhaontú Glas don Eoraip;

    ag féachaint do chonclúidí an 17 Meitheamh 2020 agus an 10 Bealtaine 2021 ón gComhairle maidir le slándáil agus cosaint,

    ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach an 7 Meitheamh 2017 ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dar teideal A Strategic Approach to Resilience in the EU’s external action [Cur chuige straitéiseach don athléimneacht i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh](JOIN(2017)0021),

    ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil Gníomhaíochta 2020 ón gCoimisiún – an Tionscal Cosanta agus an Spás,

    ag féachaint do theachtaireacht an 24 Feabhra 2021 ón gCoimisiún dar teideal Forging a climate-resilient Europe – the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change [Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide], (COM(2021)0082),

    ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe,

    ag féachaint do thuarascáil taighde an 21 Meitheamh 2021 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide,

    ag féachaint do na cinntí a rinne ceannairí ECAT i mí an Mheithimh 2021 maidir le haeráid agus slándáil,

    ag féachaint do thuarascáil Mheitheamh 2021 ón gComhairle Míleata Idirnáisiúnta maidir le hAeráid agus Slándáil Dhomhanda,

    ag féachaint do thuarascáil chríochnaitheach thionscadal BIOSEC 2021, don tréimhse 2016-2020, dar teideal Biodiversity and Security [An Bhithéagsúlacht agus an tSlándáil], arna cistiú ag an gComhairle Eorpach um Thaighde (ERC),

    ag féachaint do thionscadal ADELPHI dar teideal Weathering Risk: A Climate and Security Risk and Foresight Assessment [Teacht slán ón riosca: measúnú ar an riosca don aeráid agus don tslándáil],

    ag féachaint do thionscadail arna gcomhchistiú ag AE i réigiún na Saiheile, amhail FREXUS Improving security and climate resilience in a fragile context through the water-energy-food security Nexus [FREXUS: Slándáil agus athléimneacht aeráide a fheabhsú i gcomhthéacs leochaileach tríd an nasc idir uisce agus bia agus slándáil],

    ag féachaint do dhoiciméid de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le slándáil an duine agus maidir leis an bhfreagracht as cosaint,

    ag féachaint dá rún an 7 Iúil 2021 maidir le comhar AE-ECAT i gcomhthéacs an chaidrimh thrasatlantaigh (3),

    ag féachaint dá rún an 3 Iúil 2018 maidir le taidhleoireacht aeráide (4),

    ag féachaint d’Airteagal 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0084/2022),

    A.

    de bhrí go bhfuil cogadh ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine dúshlánach d’ord slándála na hEorpa ar bhealach nach bhfacthas riamh roimhe seo agus go bhfuil brú á chur ar gach earnáil den Aontas agus ar na Ballstáit a bheith níos láidre, níos athléimní agus níos neamhspleáiche, go háirithe i réimsí na cosanta, na slándála, na cibearshlándála agus an bhonneagair chriticiúil, agus freisin i réimse an fhuinnimh, lena n-áirítear an éifeachtúlacht fuinnimh;

    B.

    de bhrí go bhféadfaidh tionchar a bheith ag tosca comhshaoil ar shlándáil an duine agus ar shlándáil an stáit ar bhealaí díreacha agus indíreacha éagsúla;

    C.

    de bhrí go gcothaítear teacht chun cinn coinbhleachtaí nó géarchéimeanna mar thoradh ar an athrú aeráide agus tionchair a bhaineann leis an aeráid, lena n-áirítear díghrádú an chomhshaoil, cailliúint na bithéagsúlachta, dífhoraoisiú, fairsingiú fásaigh, adhaimsir, ganntanas uisce agus bia, aerthruailliú agus tubaistí nádúrtha agus go bhfuil an méid sin ina bhagairt ar shlándáil, cobhsaíocht agus síocháin áitiúil, réigiúnach agus idirnáisiúnta cheana féin; de bhrí go bhfuil an t-athrú aeráide, a bhfuil a iarmhairtí le feiceáil cheana féin ar iarmhairtí iad a thuartar a bheith ag luasú sa mheántéarma agsu san fhadtéarma, tar éis iompú ina iolraitheoir ceannasach rioscaí, óir d’fhéadfadh sé rannchuidiú chun imthosca áirithe géarchéime a bhí ann cheana féin (amhail méadú ar neamhionannais eacnamaíocha nó géarleanúint láidir pholaitiúil) a dhéanamh níos measa, agus gur dúshlán slándála nua é a mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag teastáil chun freagairt air, agus ar bhagairtí hibrideacha agus cibearbhagairtí;

    D.

    de bhrí go bhféadfadh na naisc idir an t-athrú aeráide agus coinbhleacht a bheith ilchasta, agus go mbaineann éifeachtaí nithiúla an athraithe aeráide ar an gcoinbhleacht le comhthéacs sonrach den chuid is mó; de bhrí nar mhór tacú le malartuithe níos córasaí agus níos forleithne agus le crostoirchiú idir na pobail eolaíocha atá ag obair ar an nasc idir slándail agus aeráid;

    E.

    de bhrí go bhfuil an t-athrú aeráide i gcroílár chlár oibre na síochána agus na slándála agus gurb é an t-iolraitheoir bagairtí is mó ar fad é, go gcuireann sé le rioscaí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil atá ann cheana féin a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le míshuaimhneas agus a bhféadfadh coinbhleacht foréigneach a bheith mar thoradh orthu; de bhrí go gcuireann athruithe comhshaoil agus aeráide agus a n-iarmhairtí, arna gcumasc le himthosca eile, le leochaileachtaí, teannais agus rioscaí a bhí ann cheana, seachas iad a bheith ina spreagadh iontu féin i gcónaí nó ina gcúis dhíreach le coinbhleachtaí armáilte idir-stáit nó idirnáisiúnta de bhrí go bhfuil an t-athrú aeráide in ann difear a dhéanamh do shlándáil daoine ar bhealaí difriúla ag brath ar a n-inscne, a stádas socheacnamaíoch, a n-aois, a dtreoshuíomh gnéasach, a n-eitneacht, a reiligiún (nó easpa reiligiúin), a míchumas nó a gcumas, etc.; de bhrí go ndéanann an t-athrú aeráide difear diúltach díréireach do ghrúpaí imeallaithe go háirithe; de bhrí go ndéanann rioscaí slándála a bhaineann leis an athrú aeráide difear do phobail atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch go háirithe agus go mbíonn éifeachtaí socheacnamaíocha ag gabháil leo; de bhrí go mbíonn éifeachtaí diúltacha ag an athrú aeráide ar oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha na limistéar a ndéantar difear dóibh;

    F.

    de bhrí go bhfuil tionchar ag an ngéarchéim aeráide ar shlándáil an duine agus ar shlándáil an stáit araon; de bhrí go dtrasnaíonn an t-athrú aeráide agus an dinimic pholaitiúil, eitneach agus shocheacnamaíoch a chéile ar bhealaí éagsúla, agus go bhfuil an t-athrú aeráide ina údar díreach coinbhleachta sa mhéid go méadaíonn sé ar rioscaí tubaistí agus go gcuireann sé brú breise ar éiceachórais, rud a chuireann slite beatha daoine, slándáil uisce agus bia, agus bonneagar criticiúil i mbaol, trí, inter alia, athruithe talamhúsáide agus díghrádú an chomhshaoil a spreagadh;

    G.

    de bhrí gurb ann do thuilte agus salannú cheana féin mar thoradh ar leibhéil na farraige a bheith ag ardú, rud a chruthaíonn mór-riosca slándála agus eiseach do limistéir ísle chósta agus d’oileáin; de bhrí, de réir thuarascáil nuashonraithe Groundswell 2021, ón mBanc Domhanda, go mb’fhéidir go dtabharfadh an t-athrú aeráide ar 216 mhilliún duine aistriú laistigh dá dtíortha faoi 2050; de bhrí go ndeirtear sa tuarascáil freisin go bhféadfaí laghdú go suntasach ar scála na himirce de dheasca aeráide ach gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh láithreach bonn; de bhrí go mbíonn tionchar ilghnéitheach ag ganntanas uisce ar an tslándáil dhaonna agus ar an gcobhsaíocht shochpholaitiúil de bhrí go ndéanfar difear do sholáthairtí uisce sna tíortha i mbéal forbartha go háirithe, mar thoradh ar an athrú aeráide, agus go dtiocfaidh méadú ar an éileamh domhanda ar uisce freisin; de bhrí go bhfuil an riosca ó thriomaigh agus baol tuilte ag méadú de bharr an athraithe aeráide; de bhrí go mbaineann tionchar an athraithe aeráide ar phraghsanna bia ó shlite beatha daoine agus go spreagann sé díláithriú, galar agus gorta, agus go ndéantar imirce ar scála nach bhfacthas cheana dá thoradh;

    H.

    de bhrí, sa tSaiheil, gur iomaíocht bhreise le haghaidh acmhainní nádúrtha teoranta – talamh torthúil agus uisce go háirithe – atá mar thoradh ar dhálaí athraitheacha aeráide ar infhaighteacht acmhainní nádúrtha, mar aon le himthosca amhail fás an daonra, rialachas lag agus dúshláin tionachta talaimh, agus go gcruthaítear teannais agus coinbhleachtaí dá bharr idir pobail agus grúpaí a leanann slí bheatha ar leith;

    I.

    de bhrí go bhfuil an t-athrú aeráide ar na himthosca a mhúnlaíonn an timpeallacht straitéiseach, sa mhéid go méadaíonn sé ar na rioscaí agus go gcruthaítear sriantachtaí dá bharr; de bhrí gur ghin an ghéarchéim aeráide éifeachtaí ar an gcóras idirnáisiúnta, áit a bhfuil d’acmhainn aici teannais gheopholaitiúla a dhéanamh níos measa agus an chothromaíocht idir na mórchumhachtaí a athrú. de bhrí go bhfuil gníomhaithe mailíseacha ag teacht i dtír ar shaincheisteanna athraithe aeráide d’fhonn cur le héifeacht a ngiarála nó coinbhleachtaí a chothú; de bhrí go bhfuil leá na n-oighearchaidhpeanna polacha ag cur le teannais gheopholaitiúla, thart ar an bPol Thuaidh go háriithe;

    J.

    de bhrí go bhfuil níos mó crua-earraí agus bonneagair mhíleata caillte ag fórsaí armtha na Stát Aontaithe i ngeall ar thubaistí nádúrtha ná mar a chaill siad mar gheall ar na coinbhleachtaí armtha san Afganastáin agus san Iaráic le chéile; de bhrí go bhfuil iarrachtaí dearfacha déanta ag Rialtas Biden chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, lena n-áirítear trína bheith athpháirteach i gComhaontú Pháras agus tríd an athrú aeráide a ionchorprú ina Threoraíocht Straitéiseach Eatramhach i leith Slándáil Náisiúnta;

    K.

    de bhrí go bhfuil fórsaí armtha ar na tomhaltóirí breosla iontaise is mó, ar fud an domhain;

    L.

    de bhrí go bhfuil táirgeadh intíre ola agus gáis an Aontais ag meath de réir a chéile; de bhrí go mbraitheann an tAontas go mór ar fhuinneamh agus a spleáchas ar fhuinneamh ag dul i méid, agus de bhrí gur glanallmhaireoirí fuinnimh iad na Ballstáit uile, ó líon teoranta tríú tíortha, agus gur mhéadaigh ar a ráta spleáchais ar fhuinneamh ó 56 % go 61 % i gcaitheamh na tréimhse 2000-2019; de bhrí gur mheas staidéar a rinneadh le deireanas gurbh ionann lorg carbóin na hearnála míleata sna Ballstáit in 2019, lena n-áirítear na fórsaí armtha náisiúnta agus tionscail teicneolaíochta míleata a bhí bunaithe san Aontas Eorpach, agus coibhéis 24,8 milliún tona de CO2; de bhrí go gceanglaítear leis an gclaochlú fuinnimh, de bhreis ar chórais armán ardfhorbartha, go mbeidh rochtain ar amhábhair chriticiúla ar amhábhair iad a gcruthaíonn a slabhraí soláthair leochaileachtaí i gcásanna áirithe, agus i gcás FBManna speisialaithe san earnáil chosanta Eorpach, go háirithe i gcás earnáil a bhfuil ceannas ag líon teoranta tríú tíortha uirthi;

    M.

    de bhrí, de réir na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC), gurbh ionann breoslaí iompair agus 52 % de thomhaltas fuinnimh an 22 Bhallstát a sholáthair sonraí do 2016 agus 2017 (tíortha arbh iad faoi deara 96,9 % de chaiteachas cosanta foriomlán Bhallstáit GEC); de bhrí, de réir an tsuirbhé chéanna ó GEC, gur mórthomhaltóir eile fuinnimh iad bonneagair agus foirgnimh mhíleata, inarb ionann téamh as féin, agus 32 %, ar an meán, de thomhaltas fuinnimh fhórsaí armtha na mBallstát in 2017, agus gur breoslaí ola agus gás nádúrtha a ghin 75 % díobh sin;

    N.

    de bhrí, mar gheall ar chogadh ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go dteastaíonn ón Aontas agus óna Bhallstáit deireadh a chur le hallmhairí breosla iontaise ón Rúis; de bhrí, mar gheall ar ionsaí na Rúise ar an ord slándála Eorpach, gur gá d’fhórsaí armtha na hEorpa a bheith níos neamhspleáiche ar allmhairí breosla iontaise freisin, agus gur gá a neart míleata agus a n-éifeachtacht misean a mhéadú ag an am céanna;

    O.

    de bhrí go bhfuil roinnt de Bhallstáit AE ag baint leas as a limistéir ollmhóra, atá ainmnithe chun críche cúrsaí míleata, chun an bhithéagsúlacht a chosaint, mar shampla trí eitiltí héileacaptair os cionn limistéar neadaithe a chosc;

    P.

    de bhrí go bhfuil an choireacht chomhshaoil an-choitianta mar ghníomhaíocht choiriúil ar fud an domhain agus ina hábhar imní suntasach sa tslándáil; de bhrí go bhfuil comhar níos láidre ag teastáil idir AE agus tíortha comhpháirtíochta maidir leis an gceist, trí thacaíocht a thabhairt do stáit méadú ar a gcumais dul i ngleic leis an gcoireacht chomhshaoil;

    Q.

    de bhrí go bhfuil an choireacht chomhshaoil ar an gceathrú hearnáil choireachta is mó ar domhan maidir le fáltais a ghiniúint, agus ráta fáis aici atá a thrí oiread ráta fáis an gheilleagair dhomhanda; de bhrí gur mheas tuarascáil ó Interpol agus Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe in 2016 go bhféadfadh sé gurbh ionann na fáltais ón gcoireacht chomhshaoil agus USD 258 billiún sa bhliain, lena n-áirítear an trádáil neamhdhleathach i dtáirgí fiadhúlra, agus coireanna foraoiseachta agus iascaigh, gáinneáil ar dhramhaíl agus mianadóireacht neamhdhleathach;

    R.

    de bhrí go bhfuair tuarascáil le Interpol, RHIPTO agus an Chomhpháirtíocht Dhomhanda in aghaidh Coireacht Eagraithe Trasnáisiúnta go bhfuil an choireacht chomhshaoil ar an údar airgeadais is mó le coinbhleachtaí agus ar an bhfoinse ioncaim is mó ag grúpaí armáilte neamhstáit agus eagraíochtaí sceimhlitheoireachta, agus é chun tosaigh ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha traidisiúnta amhail fuadach i gcomhair airgead fuascailte agus gáinneáil ar dhrugaí;

    S.

    de bhrí nach luaitear earnáil na cosanta i gComhaontú Pháras 2015, agus é á fhágáil faoi na rialtais náisiúnta a chinneadh cibé an gcuimseofar iarrachtaí maolúcháin san earnáil cosanta ina ngealltanais náisiúnta i leith Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC); de bhrí nár mhór do na hearnálacha uile a bheith rannpháirteach sa laghdú ar astaíochtaí agus ag an am céanna dul in oiriúint don athrú aeráide chun cuspóirí an Aontais i ndáil leis an neodracht ó thaobh carbóin de a bhaint amach agus leanúint dá n-éifeachtacht oibriochtúil; de bhrí gur nocht an Fhrainc a Straitéis nua maidir le Fuinneamh um Chosaint i Meán Fómhair 2020 agus go raibh 34 mholadh inti chun tomhaltas fuinnimh a fórsaí armtha a laghdú agus a bharrfheabhsú agus chun feabhas a chur ar a slándáil fuinnimh;

    T.

    de bhrí dur iarmhairtí daonnúla uafásacha a bheadh ann mar thoradh ar mhalartú arm núicléach, malartú beag go fiú, agus go mbeadh tionchar an-diúltach aige ar an aeráid, go dtabharfadh sé gortaí agus go laghdófaí ar na séasúir fáis go ceann na mblianta;

    U.

    de bhrí go gcaithfidh an tslándáil a bheith i gcroílár na smaointeoireachta comhshaoil d’fhonn réitigh forbartha inbhuanaithe le haghaidh slándáil dhaoine agus cobhsaíocht dhomhanda a fhorbairt a bheidh réalaíoch agus marthanach; de bhrí, mar thoradh air, go gcaithfear an t-athrú aeráide agus cúrsaí comhshaoil a chur san áireamh i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar mhór-riosca slándála agus dá réir sin go gcaithfear straitéisí agus coincheapa, nósanna imeachta, crua-earraí agus bonneagar míleata agus sibhialtach, forbairt cumas, lena n-áirítear oiliúint, a chur in oiriúint agus, i gcás inarb iomchuí, a chreat institiúideach agus sásraí cuntasacha; de bhrí gur cheart go mbeadh beartas slándála agus cosanta an Aontais agus a ionstraimí ag rannchuidiú go díreach chun laghdú ar éifeachtaí diúltacha slándála na géarchéime aeráide agus iad a chosc; de bhrí go gcaithfidh líon iomlán na n-ionstraimí rialachais agus comhdhlúthú na síochána aghaidh a thabhairt ar an nasc idir aeráid agus slándáil;

    V.

    de bhrí de barr éifeachtaí slándála an athraithe aeráide agus tionchair a bhaineann le haeráid, go gcaithfear, maidir le bearta slándála aeráide, i.e. iarmhairtí an athraithe aeráide a thuar agus oiriúnú dóibh le haghaidh na misean straitéiseach comhshaoil agus míleata, agus maidir lena maoiniú, go gcaithfear a thuiscint go bhfuil siad sin freisin rannpháirteach sa chosaint agus slándáil; de bhrí go bhfuil sprioc caiteachais 30 % dá bhuiséad seacht mbliana EUR 80 billiún ag NDICI chun tacú le gníomhaíocht ar son na haeráide, agus idir 7,5 % agus 10 % sa bhliain aige le haghaidh cosaint an chomhshaoil agus cuspóirí bithéagsúlachta;

    Straitéis agus coincheap

    1.

    á chur i bhfios go soláthraítear le hAirteagal 21 de CAE bunús dlí iomchuí chun gníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus an comhbheartas slándála agus cosanta (CBSC) a oiriúnú chun dul i ngleic le príomhdhúshláin an 21ú haois, arb iad imthosca athraithe aeráide agus aeráidbhunaithe na húdair is mó leo; á mheabhrú go n-éilítear le hAirteagal 21 CAE an méid seo a leanas ar an Aontas: “(c) an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú; […] (f) forbairt beart idirnáisiúnta chun mianach an chomhshaoil agus bainistiú inbhuanaithe acmhainní nádúrtha an domhain a chaomhnú agus a fheabhsú…; [agus] (g) cabhrú le pobail, le tíortha agus le réigiúin atá ag tabhairt aghaidh ar thubaistí nádúrtha nó ar thubaistí de dhéantús an duine”; á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé maolú aeraide atá íogair ó thaobh na coinbhleachta de agus an t-oiriúnú dó a chomhtháthú i mbeartais sheachtracha, eachtracha, slándála agus cosanta an Aontais, CBSC go háirithe, agus an comhtháthú sin a luasú agus a dhoimhniú; á dhearbhú gurb iad príomhchuspóirí misin agus oibríochtaí CBSC, i gcomhlíonadh Airteagail 42(1) agus 43(1) CAE, síochántaíocht, cosc coinbhleachta agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú in áiteanna ina bhfuiltear á imscaradh, agus nach mór éifeachtúlacht oibríochtúil iomlán CBSC a áirithiú;

    2.

    . ag cur i dtreis a phráinní atá sé ceachtanna a fhoghlaim ón staid slándála atá ag athrú san Eoraip mar thoradh ar chogadh ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus dlús a chur le próisis forbartha cumais mhíleata, chomh maith le tionscadail chun an teicneolaíocht mhíleata a dhéanamh níos neamhspleáiche ar bhreoslaí iontaise, agus ag an am céanna éifeachtacht misean a mhéadú agus neart a chomhrac;

    3.

    ag cur i bhfios go láidir, i bhfianaise an chogaidh leanúnaigh ar mhór-roinn na hEorpa, nach mór soláthar soláthairtí fuinnimh d’fhórsaí armtha na hEorpa a ráthú i gcónaí chun cosaint cheart chríoch agus shaoránaigh an Aontais a áirithiú; á aithint go bhféadfadh sé go mbeadh gá le bearta solúbtha gearrthéarmacha chun cinnteacht an tsoláthair a áirithiú;

    4.

    á chreidiúint go láidir nach mór do ghníomhaíochtaí míleata agus do theicneolaíocht mhíleata rannchuidiú le spriocanna an Aontais maidir le neodracht charbóin chun go mbeidh siad ag rannchuidiú leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide gan cur as do shlándáil misin agus gan baint ó chumais oibríochtúla na bhfórsaí armtha; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, gur cheart do ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus d’fhórsaí armtha na mBallstát oibriú i dtreo a lorg carbóin féin agus drochéifeachtaí as sin ar acmhainní nádúrtha agus ar an mbithéagsúlacht a laghdú;

    5.

    á chur i bhfáth a ghéire a theastaíonn fadbhreathnaitheacht fheabhsaithe chun iarmhairtí athruithe éiceachórais agus aeráide a chosc in áiteanna ina bhféadfaidís cur leis an mbrú ar fhórsaí armtha nó teannais réigiúnacha a chruthú;

    6.

    á chur i bhfios go láidir a riachtanaí a bheidh sé infheistiú ar bhonn práinne i réitigh uile-shochaí a bheidh cliste agus comhtháite chun laghduithe suntasacha ar astaíochtaí a bhaint amach, chun na hiarmhairtí is measa den athrú aeráide a sheachaint agus chun infheistíochtaí móra a dhéanamh freisin in athléimneacht aeráide na náisiún sin a mbeidh a leithéid ag teastáil uathu, chun éagobhsaíocht, coinbhleacht agus mórthubaistí daonnúla a sheachaint;

    7.

    á iarraidh ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR) a áirithiú go ndéanfar cosaint an chomhshaoil, an comhrac in aghaidh an athraithe aeráide agus tionchair a bhaineann le haeráid á gcomhtháthú go hiomchuí agus á bpríomhshruthú i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais, agus déanamh de réir na hIionstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta; á iarraidh go bhforbrófaí straitéisí, beartais, nósanna imeachta, bearta agus cumais a bhaineann go sonrach leis an aeráid; á iarraidh ar VP/HR a áirithiú go ndéanfar cur chuige slándála an duine a chur chun feidhme i bhforbairt bheartas slándála agus cosanta aeráide an Aontais; á chur in iúl gur geal léi rún intinne SEGS go bhféachfadh misin agus oibríochtaí sibhialtacha agus míleata CBSC le tacar gníomhartha a fhorbairt agus a ionchorprú a dhéanfadh gnéithe comhshaoil a chur chun feidhme go héifeachtach ina gcuid oibre á chur in iúl go dtacaíonn sí le neartú chumais na mBallstát trí ghnéithe comhshaoil a ionchorprú i gcláir oiliúna na misean sibhialtach agus míleata agus trí dhea-chleachtais agus saineolas a mhalartú;

    8.

    á iarraidh go ndéanfaí tagarmharcanna nithiúla a fhorbairt chun an dul chun cinn a thomhas i leith aghaidh a thabhairt ar na naisc idir an t-athrú aeráide, ar thaobh amháin, agus coinbhleacht ar an taobh eile; á iarraidh ar VP/HR tuairisciú chuig an bParlaimint dhá uair sa bhliain maidir leis an dul chun cinn atá déanta maidir le húsáid na dtagarmharcanna agus na dtáscairí sin agus maidir lena gcomhlíonadh; á iarraidh ar na Ballstáit eolas maidir le hiarmhairtí slándála na haeráide a ionchorprú sna cláir um chúnamh míleata eachtrach;

    9.

    á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar na naisc idir athrú aeráide, slándáil agus cosaint sa Chompás Straitéiseach, d’fhonn spriocanna soiléire agus bearta nithiúla a shainaithint le haghaidh na mBallstát chun éifeachtúlacht fuinnimh na bhfórsaí armtha a neartú agus dul in oiriúint d’éifeachtaí slándála uileghabhálacha an athraithe aeráide sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó fhadbhreathnaitheacht, oiliúint agus nuálaíocht straitéiseach go forbairt cumais laistigh de chreat AE;

    10.

    á mheabhrú go n-eascraíonn easpa slándála ón iliomad bunchúiseanna idirnasctha amhail bochtanas, leochaileacht stáit, easpa bonneagair agus seirbhísí poiblí, rochtain an-teoranta ar earraí bunúsacha, easpa oideachais, éilliú, etc., agus an t-athrú aeráide ina measc;

    11.

    á mheabhrú go gcuireann an t-idirghníomhú idir athrú aeráide agus imthosca traidisiúnta coinbhleachta (inter alia teip stáit, easpa seirbhísí poiblí agus meath na timpeallachta slándála), le fadhbanna an fhoréigin agus na sceimhlitheoireachta san Afraic, agus sa tSaiheil go háirithe;

    12.

    á iarraidh go gcuirfear a thuilleadh tacaíochta ar fáil le haghaidh iarrachtaí a fhéachann le dul i ngleic leis an athrú aeráide agus roghanna maidir le neodracht aeráide a fheabhsú i ngarchomharsanacht AE, eadhon sna Balcáin Thiar, i gComhpháirtíocht an Oirthir agus i gComharsanacht an Deiscirt, chun dúshláin slándála fhéideartha a chosc;

    13.

    á chur i bhfáth gur théigh an tArtach trí huaire chomh tapa leis an bpláinéad ar meán le caoga bliain anuas, de bharr an athraithe aeráide; á chur i bhfios go láidir a oiread is atá an staid gheopholaitiúil san Artach tar éis athrú de bharr an athraithe aeráide agus go bhfuil dúshlán geopholaitiúil á chruthú aige don Aontas Eorpach; á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht straitéiseach agus pholaitiúil ag baint leis an Artach don Aontas agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil an tAontas tiomanta do bheith ina ghníomhaí freagrach, agus forbairt fhadtéarmach inbhuanaithe agus shíochánta an réigiúin á lorg aige; á chur i bhfáth nár mhór an tArtach a bheith ina limistéar comhair faoi shíocháin i gcónaí agus á iarraidh go ndéanfar bearta chun nach nglacfar céimeanna i dtreo míleatú breise; á mheabhrú go bhfuil an Fhionlainn, an tSualainn agus an Danmhairg, tíortha san Aontas Eorpach, ina gcomhaltaí den Chomhairle Artach;

    An Treochlár um Athrú Aeráide agus Cosaint

    14.

    á chur in iúl gur díol sásaimh di an Treochlár um Athrú Aeráide agus Cosaint (“an Treochlár”) agus á iarraidh ar SEGS a áirithiú, in éineacht le seirbhísí ábhartha de chuid an Choimisiúin agus GEC, i gcás inarb iomchuí, go gcuirfear chun feidhme go cuimsitheach na trí shraith oibre – an ghné oibríochtúil, forbairt cumais agus comhpháirtíochtaí; á iarraidh go ndéanfaí athmhachnamh ar na tréimhsí chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treochlár agus, go háirithe, go ndéanfaí athbhreithniú ar na cuspóirí foriomlána tráth níos luaithe ná 2030; á iarraidh ar na Ballstáit struchtúir náisiúnta a fhorbairt chun tacú leis na cuspóirí; ag tathant ar na gníomhaithe uile caitheamh leis an bpróiseas sin mar thosaíocht agus tionscnaimh a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis an gcur chuige comhtháite; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá ról na bhfórsaí cosanta ní hamháin i ndáil le hoiriúnú, ach freisin maidir lena n-éifeacht ar an athrú aeráide agus ar an gcomhshaol a mhaolú, lena n-áirítear trí lorg carbóin na bhfórsaí armtha a thomhas agus a mhapáil go cuimsitheach, amhail a moladh sa Treochlár; ag tathant ar VP/HR clár gníomhaíochta láithreach a mholadh do na Ballstáit ina mbeidh gníomhaíochtaí tosaíochta a chuirtear i láthair sa Treochlár agus a fhéadfar a chur chun feidhme sa ghearrthéarma;

    15.

    á chur in iúl gur geal léi go háirithe na bearta tionchair láithreacha agus gearrthéarma sa Treochlár do 2020-2021, go háirithe próiseas tuairiscithe de chineál tadhaill éadroim a fhorbairt – a bheadh nasctha le cumais tomhais a bheith á bhforbairt – bunaithe ar tháscairí dul chun cinn a bhaineann leis an lorg ar an gcomhshaol, lena n-áirítear fuinneamh, uisce, bainistiú dramhaíola, etc., mhisin agus oibríochtaí CBSC; á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé measúnuithe níos mionsonraithe a ghiniúint faoi 2024, agus na ceachtanna a foghlaimíodh agus dea-chleachtais á gcur san áireamh, agus ceanglais níos láidre maidir le sonraíochtaí teicniúla iomchuí a ionchorprú mar chuid den phróiseas soláthair chun maolú ar chur chuige timthriall saolré, amhail a cuimsíodh i gCoincheap Míleata 2012 maidir le Cosaint an Chomhshaoil agus Éifeachtúlacht Fuinnimh i gcás oibríochtaí míleata faoi cheannas AE; á thabhairt chun suntais a riachtanaí a bheidh sé ceisteanna aeráide agus comhshaoil a chur san áireamh i gcás teicneolaíocht, taighde, soláthar agus bonneagar míleata;

    16.

    á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh le deireanas ón gCoimisiún, ón gComhairle agus ó SEGS i réimse na taidhleoireachta, slándála agus cosanta aeráide, go háirithe an Creat Beartais Taidhleoireachta Aeráide, an Treochlár agus an Coincheap le haghaidh Cur Chuige Comhtháite um Athrú Aeráide agus Slándáil; á iarraidh ar VP/HR a áirithiú go mbeidh na coincheapa éagsúla uile nasctha go hiomchuí agus iad á gcomhchuibhiú i gcreat comhleanúnach, comhsheasmhach; á chur i bhfáth a riachtanaí a bheidh sé tosaíocht a dhéanamh de, agus á iarraidh ar VP/HR an dul chun cinn a thuairisciú faoi Mheitheamh 2023;

    17.

    á chur in iúl gurb oth léi nach gcuirtear béim sa Treochlár ar an éileamh mór measta amach anseo ar fhuinneamh inathnuaite agus breoslaí malartacha a bheidh iomaíoch ar bhonn costais, rud a d’fhéadfadh deiseanna buntáisteacha a thabhairt ar gach aon thaobh, iad ag feidhmiú mar fhóraim nua le haghaidh comhair agus idirphlé, sochair eacnamaiocha fhrithpháirteacha, breis slándála maidir le soláthar agus cobhsaíocht idirnáisiúnta; á chur i bhfios, de bharr na saintréithe a bhaineann léi, go mbeadh hidrigin ar na roghanna oiriúnacha ar bhreoslaí iontaise, agus go bhféadfaí astaíochtaí gás ceaptha teasa sna fórsaí míleata a laghdú;

    18.

    chun an bhunobair a rannchuideodh le maolú na haeráide a dhéanamh, á iarraidh ar VP/HR measúnú ar lorg carbóin agus ar thionchar ghníomhaíocht sheachtrach AE ar an gcomhshaol a chur i láthair faoi lár na bliana 2023; á chur i bhfáth a riachtanaí a bheidh sé, agus íogaireacht na faisnéise a measúnaíodh á cur san áireamh ar faisnéis í a cuireadh ar fáil ó mhisin agus oibríochtaí CBSC, modheolaíocht fhónta a fhorbairt faoi 2023 a dhéanfaidh cainníochtú ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí slándála agus cosanta AE uile, lena n-áirítear astaíochtaí ó mhonarú, sealbhú agus baint ó chéile, chun aghaidh a thabhairt freisin ar an easpa sonraí iontaofa agus inchomparáide idirnáisiúnta atá ann faoi láthair; á chreidiúint gur cheart leas a bhaint as an Treochlár chun forbairt straitéise a spreagadh mar aon le gealltanais shoiléire náisiúnta chun astaíochtaí míleata a laghdú, lena n-áirítear tuairisciú éigeantach ar astaíochtaí míleata chuig UNFCCC agus chuig na parlaimintí náisiúnta, óir, murab ann don tuairisciú agus don trédhearcacht ní bheidh aon bhrú ann laghdú ar astaíochtaí, agus ní bheidh aon bhealach ann chun tionchar aon ghealltanais a mheas;

    19.

    á iarraidh go leagfar síos spriocanna deonacha chun laghdú ar leibhéal astaíochtaí gás ceaptha teasa na misean agus na n-oibríochtaí míleata, agus bóthar a bhualadh i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050, agus an éifeachtúlacht oibríochtúil a fheabhsú a thuilleadh dá réir;

    20.

    á mholadh go seolfar treoirthinscadal chun astaíochtaí gás ceaptha teasa mhiain agus oibríochtaí CBSC a mhapáil agus a thomhas; á chreidiúint go mba mhaith an rogha é EUFOR Althea ina leith sin;

    Cur chuige cuimsitheach agus comhsheasmhach

    21.

    á iarraidh go ndéanfar gníomhaíocht chomhordaithe chun scála agus raon feidhme an athraithe aeráide a laghdú gan mhoill trí laghdú an-mhór a dhéanamh ar astaíochtaí, chun iarmhairtí suntasacha, troma nó tubaisteacha slándála domhanda a sheachaint amach anseo; á thabhairt chun suntais a riachtanaí a bheidh sé gnéithe uile na slándála a dhéanamh aeráid-dhíonach, lena n-áirítear bonneagar, institiúidí agus beartais, agus dul in oiriúint go tapa dá héifeachtaí;

    22.

    á chur in iúl gur mór an díol sásaimh di go léirítear go maith san Ionstraim nua don Eoraip Dhomhanda (NDICI) an phráinn agus an tábhacht a bhaineann le gníomhaíocht sheachtrach ghasta, láidir agus fhairsing ar son na haeráide; á chur in iúl gur geal léi sa mhéid sin go ndéanann an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta príomhshruthú ar an athrú aeráide agus go n-áiritheoidh sí go mbeidh 30 % dá buiséad seacht mbliana EUR 80 billiún ag tabhairt tacaíochta don ghníomhú ar son na haeráide; á iarraidh ar an gCoimisiún na spriocanna sin a urramú go huile agus gan ach bearta a mbeidh gné shoiléir aeráide ag baint leo a chur san áireamh ina chuid áireamh á chur in iúl gur geal léi go ndéantar infheistíochtaí i mbreoslaí iontaise agus bearta a mbeadh éifeachtaí dochracha nó troma díobhálacha acu ar an gcomhshaol agus ar an aeráid a eisiamh ón gcistiú; á chur in iúl gur mór an díol sásaimh di beartas slándála aeráide NDICI (féach fo-alt 3.1.(d) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán NDICI); á iarraidh ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena bhféachtar le torthaí uileghabhálacha cuimsitheacha a bhaint amach trí mhaolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin a nascadh le coinbhleachtaí a chosc agus le comhdhlúthú na síochána; á chur in iúl gur geal léi clár NDICI (an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta) maidir leis an gcomhshaol agus athrú aeráide, agus á chur i bhfáth a riachtanaí a bheidh sé níos mó tacaíochta a chuimsiú ann maidir le rialachas comhshaoil le haghaidh stáit leochaileacha ina bhfuil coinbhleacht, lena n-áirítear forbairt institiúidí; á éileamh go ndéanfar acmhainneacht iomlán chomhdhlúthú na síochána a bhaineann leis an gcomhshaol a scaoileadh saor faoi chlár NDICI maidir le síocháin, cobhsaíocht, agus coinbhleachtaí a chosc; á chreidiúint gur cheart dearcadh NDICI (na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta) a bheith ina phointe tagartha do ghníomhaíocht sheachtrach uile eile an Aontais agus á iarraidh ar VP/HR a áirithiú go ndéanfar CBSC go háirithe a shioncrónú leis an gcur chuige sin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS torthaí an taighde reatha ar leochaileachtaí slándála aeráide atá ag teacht chun cinn a shaothrú, go háirithe sa tSaiheil, sa Mheánoirthear agus san Afraic Thoir;

    23.

    á chreidiúint gur cheart go ndéanfaí an tslándáil aeráide a chomhtháthú go hiomlán i mbosca uirlisí an Aontais um choinbhleacht a chosc agus um bainistiú géarchéime chun athléimneacht na stát leochaileach agus na bpobal a ndéantar difear dóibh a neartú;

    24.

    á chur i bhfios go láidir gur gá dlús a chur le fadbhreathnaitheacht straitéiseach, luathrabhadh, feasacht staide agus cumas anailíse coinbhleachta an Aontais trí úsáid a bhaint as sonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla agus as modhanna nuálacha ó fhoinsí éagsúla; á chur i bhfios go láidir, maidir le cláir spáis an Aontais, Lárionad Satailíte AE (SatCen) agus Lárionad Faisnéise agus Staide AE (INTCEN), aonad SEGS um chosc coinbhleachtaí, lárionaid náisiúnta taighde, meithleacha machnaimh, seirbhísí faisnéise náisiúnta agus an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, gur cheart, de bhreis ar chomhar córasach le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, go mbeidís rannpháirteach freisin san fhadbhreathnaitheacht straitéiseach, comhdhlúthú na síochána agus taighde aeráide agus coinbhleachta; á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach go mbainfí leas as eolas den sórt sin chun misin, oibríochtaí agus gníomhaíochtaí amach anseo a dhearadh i gceart, ag cur san áireamh na bparaiméadar ó dhálaí athraitheacha aimsire go dti an comhthéacs polaitiúil áitiúil; á chur in iúl go molann sí go láidir ról ríthábhachtach na gclár spáis Eorpach amhail Copernicus maidir leis an athrú aeráide a thuiscint agus faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa; á mheabhrú go bhfuil inniúlachtaí uathúla ag gníomhaireachtaí díláraithe Aontais, SatCen go háirithe, chun sonraí a bhailiú maidir leis an athrú aeráide agus a ghnéithe slándála ar fud an domhain; ag tabhairt dá haire go bhfuil ríthábhacht le clár spáis AE freisin chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe slándála an athraithe aeráide; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí leanúnacha SatCen sa réimse sin;

    25.

    á chur i bhfios go láidir nach mór prionsabal an bheartais agus na gclár sonraíbhunaithe a bheith lárnach i gcláir slándála aeráide; á chur in iúl gurb eol di, ag an am céanna, go bhfuil srianta ar chineálacha cur chuige mórshonraí agus ar innéacsanna cainníochtúla struis comhshaoil i leith coinbhleachtaí a thuar, ós rud é go bhfuil an baol ann gur beag aird a thugann siad ar an gcomhthéacs sochaíoch áitiúil; á mheabhrú nach bhfuil sonraí iontaofa ar fáil i roinnt tíortha leochaileacha, mar thoradh ar éilliú agus struchtúir laga rialachais freisin, agus sa chás sin go bhféadfaí seachshonraí a úsáid ina n-ionad; á chreidiúint go bhfuil príomhól ag eolas agus tionscnaimh na bpobal áitiúil agus na sochaí sibhialta mar chuid d’iarrachtaí an Aontais aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí an athraithe aeráide ar chúrsaí coinbhleachta;

    26.

    á iarraidh ar SEGS agus ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh an luathrabhadh agus anailís coinbhleachta nasctha a dhóthain le luathghníomhaíocht agus freagairtí luatha, agus go mbeidh fadbhreathnaitheacht straitéiseach fhónta curtha ar bun cheana féin; á chur in iúl gur geal léi ina leith sn an anailís choinbhleachta leanúnach atá idir lámha ag SEGS ar thart ar 60 tír; á mheabhrú gur den riachtanas é go mbeadh gníomhaíochtaí ar son na haeráide íogair ó thaobh coinbhleachta de chun nach ndéanfar dochar trí bhotún agus chun rannchuidiú leis an tsíocháin a mhéid is féidir;

    27.

    á chur i bhfáth a riachtanaí atá cur chuige cás ar chás, lena n-áirítear anailísí a bheidh sainiúil don réigiún agus tionscnaimh atá á spreagadh go háitiúil, rud a chuirtear in oiriúint don staid shonrach mar atá in áit ar leith; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé athléimneacht na bpobal a neartú, agus go bhfuil sé ríthábhachtach tacú le húinéireacht áitiúil agus le struchtúir chuimsitheacha rialachais áitiúil chun a áirithiú go mbeidh na hiarrachtaí inbhuanaithe; á chur i bhfáth go gcuireann cur chuige cuimsitheach agus cuntasach i leith pobail áitiúla, agus bearta níos éifeachtaí maidir le cosaint an chomhshaoil, e.g. rochtain ar acmhainní ríthábhachtacha, le slándáil fhórsaí agus phearsanra AE freisin (slándáil misean); á chur in iúl go dtugann sí lántacaíocht do chosantóirí comhshaoil a bhfuil cur faoi chois breise á fhulaingt acu in áiteanna ar domhan; á chur i bhfáth maidir le stáit atá ag baint de chumas gnímh na gcosantóirí comhshaoil, go bhfuil dochar á dhéanamh acu do chuid mhaith díobh siúd ar mó a dteastaíonn a scileana, agus damáiste á dhéanamh acu do leasanna AE ag an am céanna;

    28.

    á iarraidh go gcuirfear comhar idirnáisiúnta ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an imirce chomhshaoil agus réitigh chomhchoiteanna a fhorbairt; á iarraidh go ndíreofar ach go háirithe ar chúnamh iomchuí a chur ar fáil do leanaí agus daoine óga;

    29.

    á chreidiúint gur cheart comhdhlúthú na síochána comhshaoil a threisiú toisc go dtagann réitigh inbhuanaithe agus córa as lena dtugtar aghaidh ar thionchar an athraithe aeráide agus go bhféadfaidh sé deiseanna a chur ar fáil chun síochán a chothú, agus idirphlé agus comhar á gcothú ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta (e.g. maidir le bainistiú acmhainní nádúrtha, rochtain ar thalamh agus uisce, cosaint an chomhshaoil, laghdú ar an riosca tubaistí, fáiltiú roimh dhídeanaithe aeráide, etc.) agus deiseanna á gcur ar fáil chun cur chuige claochlaitheach a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna coinbhleachta agus ar údair struchtúracha an imeallaithe; ag leagan béim ar an ngá atá le tionscnaimh idirghabhála réamhchoinbhleachta a mhéadú, lena n-áirítear trí bhíthin leibhéil níos airde cistiúcháin trí NDICI; á chur i bhfáth nár mhór aghaidh a thabhairt ar an gcomhshaol ar feadh thimthriall na coinbhleachta, agus ar an staid iarchoinbhleachta ar bhealach iomchuí freisin, óir d’fhéadfaí pobail a fhágáil níos leochailí maidir le riosca comhshaoil nó méadú ar an gcoireacht chomhshaoil nó d’fhéadfaí léirscrios a dhéanamh (e.g. dífhoraoisiú) mar thoradh air i spáis gan rialú;

    30.

    á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh gníomhaíocht aeráide an Aontais cuimsitheach, go mbeadh sé d’aidhm aici comhionannas inscne a chur chun cinn, cur chuige AE atá bunaithe ar chearta an duine a chur i bhfeidhm, dea-rialachas a chur chun cinn agus cláir oibre na hóige, na síochána agus slándála agus cláir oibre na mban, na síochána agus na slándála a chur chun feidhme i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta III an Aontais maidir le hInscne; á iarraidh, go háirithe, go dtabharfar tacaíocht d’eagrachtaí na mban, na hóige agus na n-eagraíochtaí dúchasacha ar an mbunleibhéal agus go bhfoghlaimeofar ceachtanna uathu;

    31.

    á chur i bhfáth freisin a riachtanaí atá sé saineolaithe slándála comhshaoil a imlonnú chuig misin agus oibríochtaí CBSC, agus na Ballstáit a spreagadh chun tacaíocht a thabhairt do na hiarrachtaí sin trí shaineolaithe den sórt sin a chur ar fáil; á mholadh go leagfar mar chúram sonrach ar thoscaireachtaí AE tuairisceoireacht fheabhsaithe a dhéanamh ar an rialachas talaimh agus acmhainní nádúrtha, agus ar na hathruithe socheacnamaíocha agus polaitiúla gaolmhara; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé cúram a leagan ar ghníomhaithe ábhartha AE freisin faireachán géar a dhéanamh ar an staid i réigiúin amhail an tSaiheil, Corn na hAfraice agus an tAigéan Ciúin, ina gcuireann an t-athrú aeráide agus díghrádú an chomhshaoil isteach go mór orthu, agus sásraí a fhorbairt chun faireachán, meastóireacht agus doiciméadú a dhéanamh ar thionchar, ceachtanna foghlamtha agus dea-chleachtais na n-iarrachtaí chun torthaí cuimsitheacha a bhaint amach trí oiriúnú don aeráid agus comhdhlúthú na síochána a nascadh agus na sásraí sin a chur in iúl go poiblí;

    32.

    á chur in iúl gur geal léi an fócas breise ar nasc na haeráide-na slándála agus rannpháirtíocht Jens Stoltenberg, Ard-Rúnaí ECAT sa 26ú Comhdháil NA de na Páirtithe maidir leis an Athrú Aeráide i nGlaschú (COP26), agus á iarraidh go ndéanfar comhar nithiúil ina leith;

    Aghaidh a thabhairt ar an ngné oibríochtúil

    33.

    á aithint gur i limistéir a ndéanann an t-athrú aeráide difear tromchúiseach dóibh a sheoltar neart misean de chuid CBSC, rud a mhéadaíonn ar na dúshláin roimh na misin sin;

    34.

    á chur i bhfáth go bhféadfadh an t-athrú aeráide a bheith ina chúis le heasáitiú pobail freisin agus dúshláin a chruthú do láithreacha oibríochtaí; á iarraidh go mbeidh tuiscint shoiléir ann ar ghnéithe slándála an athraithe aeráide mar imthoisc chriticiúil a mbeidh ar fhórsaí míleata déileáil léi, ní hamháin mar gheall ar a tionchair ar oibríochtaí míleata, ach freisin in oirchill easáitiú inmheánach breise mar thoradh ar athrú aeráide, ar mó é ná an t-easáitiú de bharr coinbhleachta cheana féin; ag tabhairt dá haire áfach nach bhfuil na fórsaí míleata ullamh a ndóthain d’impleachtaí slándála aeráid an domhain a bheith ag athrú;

    35.

    á chur in iúl go dtacaíonn sí le cur chuige aeráid-íogair agus á chreidiúint go láidir nár mhór do na Ballstáit sainordú ar bhonn práinne a thabhairt do na misin agus oibríochtaí uile agus do ghníomhaíochtaí uile na Saoráide Eorpaí Siochána a bheith níos rannpháirtí sa chur chuige comhtháite chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na slándála aeráide, i réigiúin na Saiheile agus Chorn na hAfraice go háirithe, agus bogadh dá réir i dtreo laghdú ar na costais oibríochtaí (laghdú ar an tomhailt fuinnimh, ar úsáid foinsí fuinnimh nua), agus éifeachtacht oibríochtúil na misean a fheabhsú ag an am céanna;

    36.

    á thabhairt chun suntais go bhféadfadh misin agus oibríochtaí CBSC agus gníomhaíochtaí EPF rannchuidiú le feabhas a chur ar athléimneacht aeráide a dtíortha óstacha agus á chur i bhfáth gur cheart oidhreacht dhearfach maidir lena lorg áitiúil a chur san áireamh gan cur isteach ar a bpríomhchúraimí slándála agus cosanta, inmharthanacht na misean agus a n-éifeachtacht oibríochtúil, agus gan slándáil a gcuid pearsanra míleata agus sibhialtacch a chur i mbaol ina straitéis scoir; á chur i bhfios go láidir go gcruthaítear sochair maidir le héifeachtúlacht agus éifeachtacht oibríochtúil tríd an spleáchas oibríochtúil ar bhreoslaí iontaise, lena n-áirítear sábháilteacht phearsanra misin a fheabhsú trí laghdú ar na slabhraí solathair lóistíochta, agus creidiúnacht rannpháirtíocht CBSC a neartú i bhfianaise cheannas domhanda an Aontais Eorpaigh maidir leis an aeráid;

    37.

    á mheabhrú maidir le misin agus oibríochtaí CBSC uile, bídís sibhialta nó míleata, agus gníomhaíochtaí na Saoráide Eorpaí Síochána, gur cheart iad a bheith ina gcuid de straitéis pholaitiúil níos leithne atá ceaptha rannchuidiú le slándáil daoine, agus ag féachaint le leibhéal na slándála agus na cobhsaíochta a mhéadú go háitiúil; á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé slándáil aeráide agus comhdhlúthú síochána a bhaineann leis an gcomhshaoil a chomhtháthú sna coincheapa uasdátaithe Aontais maidir le hAthchóiriú na hEarnála Slándála agus Dí-armáil, Díshlógadh agus Athimeascadh, agus athléimneacht na struchtúr rialachais áitiúil ábhartha a neartú, go háirithe a mhéid a bhaineann le cáilíocht na seirbhísí slándála, ionchuimsitheacht (go háirithe maidir le rannpháirtíocht na mban, daoine óga agus grúpaí imeallaithe in a n-ilchineálacht uile, agus maidir lena gcearta), cuntasacht agus trédhearcacht;

    38.

    á chur i bhfáth gur leathnú ar na misin slándála sibhialta a theastaíonn mar thoradh ar phríomhthionchair an athraithe aeráide faoi láthair, agus nach cuid de chroíghnó na bhfórsaí armtha é;

    39.

    á iarraidh ar SEGS a ráthú maidir le misin shibhialta agus oibríochtaí míleata go mbeidh siad aeráid-íogair de réir a dheartha; á chur i bhfios go láidir a phráinní atá sé a áirithiú nach mbeidh gníomhaíochtaí Aontais i dtríú tíortha leochaileacha ag cuidiú leis an nganntanas acmhainní, le harduithe ar phraghsanna acmhainní bunriachtanacha, nó le díghrádú an chomhshaoil nó le truailliú; á chur i bhfáth a riachtaaí atá sé bonneagar misean agus slabhra soláthair a dhearadh a bheidh athléimneach agus íogair ar bhonn aeráide agus comhshaoil agus iad chomh barrfheabhsaithe agus is féidir maidir le fuinneamh agus oiread fuinneamh-neodrachta ó thaobh carbóin agus is féidir ag baint leo; á chreidiúint gur den riachtanas é infheistíochtaí ollmhóra a dhéanamh sa taighde ar bhreoslaí a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de, agus córais tiomána le haghaidh feithiclí míleata ar tír, ar muir agus san aer, agus leas a bhaint as nuatheicneolaíochtaí amhail córais ghréine mhóibíleacha, go háirithe le haghaidh gnéithe statacha, d’fhonn an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, agus an meaits is fearr is féidir a áirithiú idir feidhmíocht oibríochtúil agus éifeachtúlacht chomhshaoil, agus gan spleáchais nua ar ghníomhaithe eachtracha a chruthú;

    40.

    á mholadh go mbunófar curaclam le haghaidh cúrsa sa Choláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint chun “oiliúint a chur ar na hoiliúnóirí”, ar cúrsa é a dhéanfaidh saincheisteanna aeráide agus comhshaoil a phríomhshruthú sa ghnáthchóras oiliúna míleata ar leibhéil na hoirbheartaíochta agus na straitéise; á chreidiúint gur cheart cúrsaí den sórt sin a bheith éigeantach mar oiliúint réamh-mhisin do chomhairleoirí slándála aeráide le haghaidh misin agus oibríochtaí CBSC agus toscaireachtaí AE;

    41.

    á chreidiúint go bhféadfaí lorg carbóin an bhonneagair mhíleata a bharrfheabhsú trína thuilleadh éifeachtúlachta fuinnimh a lorg ó thaobh athchóiriúcháin agus úsáid oiriúnaithe an fhuinnimh inathnuaite;

    42.

    á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí chun trealamh a nuachóirú lena chur in oiriúint do na héagsúlachtaí foircneacha teochta arb é an t-athrú aeráide is cúis leo, ceallra éicidhearthóireachta go háirithe, chun a áirithiú go mairfidh an trealamh;

    43.

    á chur i bhfáth gur gá comhdhlúthú na síochána comhshaoil agus slándáil aeráide an Aontais a neartú trí chúraimí agus iarrachtaí tacúla a chur san áireamh maidir le hidirghabháil, idirphlé, cosaint saoránach, réiteach coinbhleachta agus athmhuintearas chun an teannas de dheasca an athraithe aeráide a mhaolú idir pobail éagsúla atá in iomaíocht le chéile le haghaidh acmhainní tearca amhail talamh feirme nó uisce, rud a fhágann go mbíonn grúpaí armtha agus grúpaí antoisceacha foréigneacha á neartú nó gur mó seans go dtiocfadh coinbhleacht armtha nó, fiú, cogadh idir stáit chun cinn; á chur i bhfáth ina leith sin, gur cheart do mhisin oiriúnaithe díriú inter alia ar comhdhlúthú na síochána ar bhonn comhtháite agus i gcúrsaí aeráide, agus ar bhearta chun dul in oiriúint don aeráid, chomh maith le borradh a chur faoi chumais shibhialta chun coinbhleachtaí a chosc; á mholadh go bhféadfadh misin nua díriú ar an méid seo a leanas:

    (a)

    ganntanas acmhainní de dheasca an athraithe aeráide, rud is cúis le coinbhleacht agus le héagobhsaíocht;

    (b)

    bonneagar criticiúil i dtíortha leochaileacha agus conas athléimneacht ó thaobh na slándála de a chur iontu;

    (c)

    an bhithéagsúlacht a choimirciú agus a chosaint ar bhealach atá íogair ó thaobh coinbhleachta de, go háirithe in éiceachórais i dtíortha leochaileacha agus i dtíortha cogaidh;

    An t-athrú aeráide a phríomhshruthú i bhforbairt cumais mhíleata

    44.

    á chur in iúl gur cheart do na cumais mhíleata agus do na seirbhísí míleata uile a bhíonn in úsáid ag an Aontas agus a Bhallstáit rannchuidiú le spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach agus oiriúnú do dhálaí aeráide atá ag éirí níos dúshlánaí de réir a chéile chun a áirithiú, inter alia, go gcomhlíontar a gcúraimí sa bhaile agus thar lear; a mhéid a bhaineann leis an oiriúnú don aeráid, á chreidiúint gur gá d’fhórsaí míleata na mBallstát ar bhonn práinne a gcumais a chur in oiriúint do dhálaí aeráide atá ag éirí níos dúshlánaí ar feadh an ama;

    45.

    á iarraidh go ndéanfar meastóireacht ar thionchar na bpatrún athraithe aimsire arb é an t-athrú aeráide is cúis leo agus ar theagmhais adhaimsire níos minice ar éifeachtacht oibríochtúil na bhfórsaí armtha agus na ceanglais ó thaobh chumais a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh orthu;

    46.

    á chur i bhfios go láidir nár cheart gur méadú ar astaíochtaí a bheadh mar thoradh ar mhéadú ar chaiteachas cosanta agus ag cur san áireamh san am céanna a riachtanaí atá sé cothabháil a dhéanamh ar leibhéal uaillmhéine ár n-arm, agus gur cheart cuid den chaiteachas cosanta sin a thiomnú d’infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí agus cumais, amhail leictriú agus úsáid breoslaí a mbaineann neodracht charbóin leo, trína ndéanfar astaíochtaí a laghdú go suntasach, agus á chur i bhfios go láidir thairis sin go bhfuil gnéithe aeráide agus comhshaoil ina bpríomhspreagadh anois; á mheabhrú go bhfuil straitéisithe agus pleanálaithe míleata san Aontas agus in ECAT ag obair le breis is deich mbliana anuas ar an gcaoi a bhféadfaidh na fórsaí armtha a lorg carbóin a laghdú; á iarraidh go ndéanfaidh an tAontas agus ECAT modheolaíocht chomhchoiteann a fhorbairt a chabhróidh le Comhghuaillithe astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí agus suiteálacha míleata a thomhas agus spriocanna laghdaithe astaíochtaí a ghlacadh; á mheabhrú go ndéantar leas shlándáil agus éifeachtúlacht na misean freisin ach an lorg fuinnimh agus an t-éileamh ar bhreosla a bheith níos lú; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint, an beartas GO GREEN, an coincheap Glas Míleata atá aici go háirithe, a Meitheal Fuinnimh agus Comhshaoil, a Fóram Comhairliúcháin maidir le Fuinneamh Inbhuanaithe in earnáil na Cosanta agus na Slándála, agus a Fóram Gorlainne maidir le Geilleagar Ciorclach sa Chosaint Eorpach; á iarraidh go ndéanfar tionscadail den sórt sin a luasú agus a leathnú amach, agus go ndéanfar meastóireacht neamhspleách sheachtrach orthu;

    47.

    ag tabhairt dá haire gur bhain GEC de thátal as a bhuí leis an laghdú ar ídiú breosla iontaise ina dhiaidh sin, go laghdaítear costais, go laghdaítear astaíochtaí agus go laghdaítear spleáchas ar fhoinsí neamh-Eorpacha, agus go bhféadfar líon na dtaismeach a laghdú go suntasach ós rud é gur lú líon na gconbhuanna breosla ar a bhféadfaidh na céilí comhraic díriú, rud a fhágfaidh go mbeidh acmhainní á bhfuascailt a úsáidtear chun na conbhuanna a chosaint, agus go mbeidh cumais fhoriomlána níos éifeachtaí ann trí bhíthin seasmhacht, soghluaisteacht agus neamhspleáchas níos fearr; á mheabhrú go bhféadfadh an méadú ar sciar na mbreoslaí dícharbónaithe san arm, de bhreis ar neodracht aeráide, cabhrú chun cur le slándáil an tsoláthair agus leis an spleáchas straitéiseach; á chur i bhfios go láidir go gcuireann an t-éileamh mór ar bhreosla iontaise agus na bealaí soláthair fada le costais misean agus oibríochtaí, agus go gcuireann siad leis an riosca slándála i gcás pearsanra agus conraitheoirí misean;

    48.

    á iarraidh ar DG DEFIS, ar na Ballstáit, ar SEGS agus ar GEC cur chuige a ghlacadh ina mbeadh lorg íseal fuinnimh, carbóin agus comhshaoil trí dhearadh agus cistí ábhartha de chuid an Aontais á gcur chun feidhme agus an dul chun cinn á thuairisciú go rialta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach cur chuige comhordaithe ar leibhéal AE a leanúint nuair a sheoltar taighde, forbairt nó nuachóiriú nó nuair a dhéantar tionscnaimh a chomhthiomsú nó a chomhroinnt, go háirithe a mhéid a bhaineann le teicneolaíocht agus cumais mhíleata agus dé-úsáide; á mheabhrú go bhfuil tábhacht straitéiseach le forbairt na ngnéithe teicneolaíochta uile agus aghaidh a thabhairt ar an gcostas saolré, mar aon le caighdeánú agus deimhniú ar leibhéal an Aontais, chun a áirithiú go mbeidh an trealamh inniúil chun dul i ngleic le héifeachtaí na géarchéime aeráide; á chur in iúl gur geal léi go rannchuidíonn an Ciste Eorpach Cosanta le gníomhaíochtaí aeráide a chomhtháthú i mbeartais AE agus le sprioc fhoriomlán 30 % de chaiteachas buiséid AE ar spriocanna aeráide a bhaint amach, arb í an sprioc í a leagadh amach le haghaidh bhuiséad AE 2021-2017; á mheabhrú go bhféadfar na gníomhaíochtaí taigdhe agus forbartha a dhíriú ar réitigh chun an éifeachtúlacht a fheabhsú, an lorg carbóin a laghdú agus dea-chleachtais inbhuanaithe a bhaint amach; á chur in iúl gur díol sásaimh di an infheistíocht ábhartha EUR 133 mhilliún dá bhforáiltear sa chéad chlár oibre bliantúil, ach ag tabhairt dá haire nach bhfuil anseo ach 11 % de bhuiséad foriomlán bliantúil CEC; á mheabhrú a thábhachtaí atá ról NGEU maidir le gníomhú ar son na haeráide agus á iarraidh ar na Ballstáit leas a bhaint as acmhainní óna bpleananna téarnaimh náisiúnta chun infheistiú in aistriú glas a mbonneagair mhíleata;

    49.

    á chur i bhfios go láidir gur gá infheistíochtaí a mhéadú go suntasach i gcosaint “glas”, go háirithe trí sciar níos mó de nuálaíocht mhíleata agus dé-úsáide (trealamh, fuinneamh etc.) T&F arna chistiú ó bhuiseád AE a chur ar fáil do bhreoslaí atá neodrach ó thaobh carbóin de agus do chórais tiomána maidir le haerárthaí míleata, longa agus feithiclí eile, go háirithe maidir le mórchórais armán amach anseo (e.g. Córas Aerchomhraic don Todhchaí (FCAS) agus an príomhthanc Eorpach comhraic (EMBT)) agus a thuilleadh a fhorbrófar laistigh de chreataí arna gcur ar fáil ag AE; á chur i bhfios go láidir, i bhfianaise chineál déach na n-infheistíochtaí sin, go bhfuil éifeachtaí iarmharta dearfacha láidre acu ar an earnáil shibhialta, go háirithe i gcás thionscal na heitlíochta sibhialta atá i gcor anásta agus a bhfuil múnlaí gnó agus teicneolaíochaí á lorg aige nach mbeidh chomh dian céanna ar fhuinneamh agus iad níos costéifeachtaí; á chreidiúint gur cheart tús áite a thabhairt don eici-dhearthóireacht chun teorainn a chur le tionchair an trealaimh mhíleata ar an gcomhshaol i gcaitheamh a shaolré, agus an meaits is fearr is féidir a áirithiú idir feidhmíocht oibríochtúil agus éifeachtúlacht chomhshaoil; á chreidiúint gur cheart leictriú teicneolaíochta míleata a chur chun cinn tuilleadh agus a mhaoiniú go fairsing trí bhíthin fóirdheontais Eorpacha a dheonaítear tríd an gCiste Eorpach Cosanta, go háirithe maidir le córais armán ach freisin maidir le tithíocht, beairicí agus córais ghaolmhara téimh nó fuaraithe, bídís sna Ballstáit nó i gcampaí míleata nuair a imscartar iad; á mheabhrú maidir le modhanna cosanta agus an úsáid a dhéantar díobh a bheith á gcur in oiriúint d’athruithe aeráide, gur freagracht é a luíonn ar na Ballstáit go príomha agus nach bhfuil cumais dá chuid féin ag an Aontas Eorpach go fóill;

    50.

    á chur i bhfáth gur den riachtanas é go ndéanfaidh AE faireachán leanúnach agus maolú ar aon leochaileacht agus/nó spleáchas a chruthófaí de bharr “leictriú” na bhfórsaí armtha san Eoraip, go háirithe maidir le rochtain a fháil ar amhábhair bhunriachtanacha; á chur i bhfáth maidir le glasú na bhfórsaí armtha san Eoraip agus iad a bheith á ndigiteáil, nár mhór nach gcruthódh sé leochaileachtaí nua i gcás ar bith agus nach mbainfeadh sé de shlándáil na hEorpa ná de shlándáil shaoránaigh na hEorpa;

    51.

    á iarraidh go ndéanfar critéir éifeachtúlachta fuinnimh agus prionsabail an gheilleagair chiorclaigh a phríomhshruthú i gcláir forbartha cumais agus treoirlínte soláthair, bunaithe ar thaithí agus ar na ceachtanna a d’fhoghlaim na Ballstáit agus i gclár réime ghníomhaíochtaí GEC; á iarraidh ar na Ballstáit a bheith ag obair ar bharrfheabhsú próiseas, dearadh, tógáil agus oibriú córas éicea-chairdiúil arna mbunú ar phrionsabail na ciorclachta, go háirithe i ndáil leis an gCeanncheathrú Oibríochtúil agus foireann allamuigh; á iarraidh go ndéanfar ról GEC, CEC agus an bhuanchomhair struchtúrtha (PESCO) a neartú sna Ballstáit tacaíochta, na dea-chleachtais náisiúnta a scaipeadh agus malartuithe rialta piara le piara a eagrú maidir le cosaint ghlas agus maolú an athraithe aeráide;

    52.

    á chreidiúint go bhfuil sé tráthúil tionscadail nua PESCO a fhorbairt a bheadh dírithe ar chaighdeáin agus tagarmharcanna a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh a leagan síos, agus cumais nua a chruthú nó cumais atá ann cheana a chomhthiomsú agus a nuachóiriú; á iarraidh ar na Ballstáit a machnamh a dhéanamh ar a indéanta atá sé leas a bhaint as PESCO chun cór innealtóirí míleata a chur ar bun a dhíreodh ar dhul i ngleic le tubaistí nádúrtha de dheasca an athraithe aeráide agus ar bhonneagar criticiúil a chosaint i dtíortha leochaileacha; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé athbhreithnithe tréimhsiúla a chuimsiú chun an dul chun cinn atá déanta ar thionscadail den sórt sin a mheasúnú agus díriú ar easnaimh a luaithe is féidir; á chur in iúl go molann sí go láidir ról na gcomhoibríochtaí chun saoránaigh a tharrtháil i dtubaistí nádúrtha, amhail nósanna imeachta Franc-Dúitseacha HUREX i Muir Chairib maidir le bainistiú tubaistí;

    53.

    á chur i bhfios go láidir gur cheart aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus ar dhíghrádú an chomhshaoil san athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar an gComhshocrú Sibhialtach CBSC, go háirithe maidir le gnéithe aeráide agus comhshaoil a phríomhshruthú sna cúraimí oibríochtúla agus sa bheartas oiliúna;

    An comhar idirnáisiúnta a mhéadú agus an t-iltaobhachas a neartú

    54.

    á mheabhrú a thábhachtaí atá an comhar mar ghné lárnach de phríomhról an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide, amhail a leagtar amach sa Treochlár; á chur in iúl gur díol sásaimh di malartuithe foirne atá ar siúl faoi láthair leis na Náisiúin Aontaithe agus le ECAT, agus á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhar níos dlúithe sa réimse sin; á iarraidh ar SEGS agus ar sheirbhísí ábhartha an Choimisiúin tuilleadh idirphlé a bhunú le comhpháirtithe eile, amhail an tAontas Afracach, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe; á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt freisin ar an easpa sonraí iontaofa agus inchomparáide idirnáisiúnta atá ann faoi láthair maidir le hídiú fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnáil na cosanta;

    55.

    á thabhairt chun suntais nár mhór beartais slándála aeráide a dhíriú, ní hamháin ar oiriúnú do shuaiteacht, srianta ar acmhainní agus leibhéil níos airde dothuarthachta, ach freisin ar chothú a dhéanamh ar an athrú níos doimhne a theastaíonn chun cobhsaíocht agus cothromaíocht éiceolaíoch a athbhunú ar leibhéal domhanda;

    56.

    á iarraidh go ndéanfar nasc aeráide-slándála a chuimsiú mar limistéar tosaíochta nua le haghaidh Chomhpháirtíocht Straitéiseach NA-AE um Oibríochtaí ar son na Síochána agus Bainistiú Géarchéime;

    57.

    á chur in iúl gur díol sásaimh di an uaillmhian shonraithe atá ag Ardrúnaí ECAT Stoltenberg go mbainfidh ECAT astaíochtaí carbóin glan-nialasacha amach faoi 2050; á chur i bhfios go láidir gur baill de ECAT iad 22 Bhallstát agus á iarraidh ar VP/HR a áirithiú go ndéanfar cuspóirí laghdaithe astaíochtaí, tagarmharcanna agus modheolaíochtaí a shioncrónú ós rud é go bhfuil foinse aonair fórsaí ag na Ballstáit; á chreidiúint gur cheart do ECAT agus don Aontas cinneadh a dhéanamh caitheamh leis an tslándáil aeráide mar réimse nua don chomhar agus do ghníomhaíochtaí nithiúla; á iarraidh, níos sonraíche, go ndéanfar athrú aeráide agus slándáil a chur san áireamh mar limistéar comhair nua agus an-nithiúil i dTríú Comhdhearbhú AE agus ECAT;

    58.

    á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá ról na taidhleoireachta parlaimintí agus naisc idirnáisiúnta á neartú chun an t-athrú aeráide a chomhrac, lena n-áirítear trí obair choistí agus thoscaireachtaí Pharlaimint na hEorpa, agus á iarraidh go mbeidh fócas breise mó ar an nasc aeráide-slándála;

    59.

    á chur i bhfáth go bhfuil an easpa maoinithe aeráide ina mórbhac ar dhul i ngleic ar bhealach fónta leis an athrú aeráide agus slándáil aeráide a thógáil; á chur in iúl gurb oth léi gur gheall an pobal idirnáisiúnta USD 100 billiún de mhaoiniú aeráide le haghaidh tíortha i mbéal forbartha in 2009, ach go raibh an gealltanas sin fós gan comhlíonadh faoi COP26;

    o

    o o

    60.

    á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

    (1)  IO L 170, 12.5.2021, lch. 149.

    (2)  IO L 209, 14.6.2021, lch. 1.

    (3)  IO C 99, 1.3.2022, lch. 105.

    (4)  IO C 118, 8.4.2020, lch. 32.


    Top