This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52022XC1104(02)
Commission Notice Synergies between Horizon Europe and ERDF programmes 2022/C 421/03
Fógra ón gCoimisiún Sineirgí idir Fís Eorpach agus cláir CFRE 2022/C 421/03
Fógra ón gCoimisiún Sineirgí idir Fís Eorpach agus cláir CFRE 2022/C 421/03
C/2022/7307
IO C 421, 4.11.2022, p. 7–51
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
4.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 421/7 |
FÓGRA ÓN GCOIMISIÚN
Sineirgí idir Fís Eorpach agus cláir CFRE
(2022/C 421/03)
Clár na n-ábhar
RÉAMHRÁ | 8 |
CINEÁLACHA SINEIRGÍ | 9 |
1. |
An Séala Barr Feabhais | 9 |
2. |
Aistrithe ó Chiste Taighde agus Forbraíochta na hEorpa chuig Fís Eorpach | 14 |
3. |
Cistiú carnach | 18 |
4. |
Comhpháirtíochtaí Eorpacha | 23 |
5. |
Cistiú comhcheangailte (Cur le Chéile) | 32 |
6. |
Sineirgí réamhtheachtacha agus iartheachtacha | 33 |
IARSCRÍBHINN 1 | 36 |
IARSCRÍBHINN 2 | 39 |
IARSCRÍBHINN 3 | 41 |
RÉAMHRÁ
Leis an gcreat rialála le haghaidh 2021-2027 lena rialaítear cistí an bheartais comhtháthaithe faoi bhainistíocht chomhpháirteach agus cistí faoi bhainistíocht dhíreach cistí, is féidir na sineirgí idir an dá chineál cistiúcháin AE sin a neartú (1).
Áirítear ar na sásraí ábhartha Séalaí Barr Feabhais, aistrithe, cistiú carnach (arbh fhéidir é a úsáid freisin chun tacú le Comhpháirtíochtaí Eorpacha Comhchistithe agus Institiúidithe de chuid Fís Eorpach (FE)), agus tacaíocht le haghaidh Cur le Chéile. Cumhdaítear na sásraí sin agus “sineirgí réamhtheachtacha/iartheachtacha” sa doiciméad treoraíochta seo.
Is é is cuspóir don doiciméad seo na deiseanna nua atá ar fáil d’údaráis bhainistíochta (MAnna) na gclár beartais comhtháthaithe, do na pointí teagmhála náisiúnta FE agus do thionscnóirí/thogróirí na dtionscadal a léiriú. Tá sé beartaithe leis an doiciméad freisin go mbeidh sé níos fusa na sásraí ábhartha a luaitear sa mhír roimhe seo a úsáid. Dírítear sa doiciméad ar na sineirgí idir Fís Eorpach agus cláir Chiste Forbraíochta na hEorpa (CTFE) (2).
Tá gné oibriúcháin sineirgí, a bhfuil an-chuid dul chun cinn déanta ina leith sa reachtaíocht le haghaidh 2021-2027, chomh tábhachtach leis an ngné straitéiseach agus comhlánaíonn sí í. Ó thaobh feasacht a ardú ar na deiseanna a thagann as sineirgí sna Ballstáit de, bheadh sé ina chabhair dá ndéanfadh údaráis na mBallstát atá bainteach leis na cláir beartais comhtháthaithe agus le cur chun feidhme FE tuairimí a mhalartú go tráthrialta maidir leis na sineirgí.
Comhthéacs straitéiseach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh
Ó thaobh beartais AE de is tosaíocht é claochlú eacnamaíoch nuálach, cliste agus inbhuanaithe a chur chun cinn agus barr feabhais a chothú i dtaighde agus nuálaíocht (T&N), agus an deighilt nuálaíochta mharthanach á maolú agus á sárú i gcomhthráth (an bhearna idir cumas nuála na hearnála príobháidí agus cumas nuála na hearnála phoiblí de chuid na mBallstát). Is príomhionstraimí AE iad Fís Eorpach agus CFRE i dtaca le torthaí a bhaint amach maidir leis na cuspóirí idirnasctha sin.
Dírítear i bhFís Eorpach ar thacaíocht a thabhairt do T&N barr feabhais, i gcomhréir le hAirteagal 179 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Is é is aidhm do bheartas comhtháthaithe forbairt chomhchuibhithe fhoriomlán na mBallstát agus na réigiún dá gcuid a chur chun cinn agus tacú leis sin, i gcomhréir le hAirteagal 174 CFAE, go háirithe trí éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú. Léirítear san fhíor thíos príomheilimintí struchtúracha d’Fhís Eorpach agus tacaíocht ón mbeartas comhtháthaithe le haghaidh T&N.
Is tosaíocht thábhachtach ag an gCoimisiún Eorpach le blianta beaga anuas é dá bhrí sin beartas comhtháthaithe agus Fís Eorpach a thabhairt níos gaire dá chéile, go háirithe le linn ullmhúchán le haghaidh 2021-2027. Is é is aidhm dó sin tionchar an dá bheartas a atreisiú trí chomhlántacht a chruthú, go háirithe sna réigiúin bheagfhorbartha agus fhorimeallacha. D’fhéadfadh staideanna nua a shásódh cách a bheith ann de bharr cur chuige comhtháite a chur chun cinn agus sineirgí idir na príomhionstraimí AE sin a neartú, (agus colúin agus cuspóirí beartais na n-ionstraimí sin faoi seach). Is féidir, mar shampla, forbairt eacnamaíoch réigiúnach atá inbhuanaithe agus cliste a chothú, agus feabhas foriomlán a chur, i gcomhthráth, ar éiceachóras nuálaíochta an Aontais, é a dhéanamh níos fearr i ndáil le freagairt do na príomhdhúshláin shochaíocha agus forbairt a dhéanamh ar na príomhshlabhraí luacha straitéiseacha.
Leis an gcur chuige sin cruthaítear deiseanna nua chun cuidiú le nuálaíocht a chothú sna réigiúin uile agus chun réigiúin bheagfhorbartha agus fhorimeallacha a chomhtháthú isteach sa Limistéar Eorpach Taighde (LET) agus in Éiceachóras Nuálaíochta na hEorpa (ENE).
Maidir le cruthú LET, céim thábhachtach a bhí sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Limistéar Eorpach Taighde nua le haghaidh T&N (3). Is é is aidhm do LET barr feabhais a thógáil mar aon le comhar trasteorann idir taighdeoirí, mais chriticiúil i bpríomhréimsí straitéiseacha, agus deiseanna athlonnaithe le haghaidh taighdeoirí, agus i ndeireadh na dála margadh aonair oscailte a chruthú le haghaidh T&N. Tá foireann de cheithre cinn de chuspóirí beartais uaillmhianacha sa phlean nua réamhbhreathnaitheach a leagtar amach sa Teachtaireacht – tosaíocht a thabhairt d’infheistíocht agus athchóiriú; feabhas a chur ar bharr feabhais agus neart a chur le córais T&N feadh an Aontais Eorpaigh ar fad; feabhas a chur ar aistriú T&N go dtí gnólachtaí; agus comhtháthú na mbeartas náisiúnta a dhoimhniú.
Ina theannta sin, an 16 Iúil 2021 ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Mholadh ón gComhairle maidir le Comhshocrú le haghaidh Taighde agus Nuálaíocht san Eoraip (4). Leagtar amach sa Mholadh roinnt réimsí tosaíochta le haghaidh gníomhaíocht chomhpháirteach chun tacú le LET. Áirítear leis sin go mbeadh comhoibriú ann chun freagairt do na dúshláin a bhaineann leis an aistriú digiteach agus glas (i ndáil le misin agus Comhpháirtíochtaí Eorpacha a chur chun feidhme faoi Fhís Eorpach, mar shampla).
Tá sineirgí bunaithe ar aithne a bheith ag údaráis bhainistíochta na gclár is ábhartha do T&N ar a chéile agus iad a bheith ar an eolas faoina gcuid clár. Tá siad bunaithe freisin ar ionadaithe náisiúnta T&N a bheith ar an eolas ar thosaíochtaí agus gníomhaíochtaí Fhís Eorpach (amhail misin agus comhpháirtíochtaí nua) agus ar thosaíochtaí réigiúnacha i ndáil le speisialtóireacht chliste. Is pointe tagartha barr feabhais iad na tosaíochtaí agus na gníomhaíochtaí sin chun comhlántacht a fhorbairt. Mar gheall ar na sineirgí idir an creat T&N agus na cláir chomhtháthaithe is féidir méid, cáilíocht agus tionchar na hinfheistíochta in T&N a uasmhéadú trí phleananna straitéiseacha a chomhlánaíonn a chéile a cheapadh agus trí shruthanna éagsúla cistithe a úsáid (i gcomhréir le cuspóirí sonracha gach cláir/gach ciste).
Tá straitéisí um speisialtóireacht chliste (S3) ríthábhachtach le haghaidh sineirgí a bhfuil ionstraimí cliste acu a bhaineann le fás ar leibhéal an Aontais (go háirithe le Fís Eorpach). Mar gheall ar thosaíochtaí S3 a shocrú ó bhonn aníos, ba cheart go mbeadh sé níos fusa comhpháirtithe a fháil i mBallstáit eile d’fhonn dul i gcomhar maidir le topaicí ábhartha agus slabhraí luacha.
Maidir le CFRE, ceanglaítear ar na Ballstáit le hAirteagal 11(1)(b)(iii) de Rialachán na bhForálacha Coiteanna (RFC) (5) go sonróidh siad an méid a leanas sna comhaontuithe straitéiseacha comhpháirtíochta dá gcuid: “comhlántacht agus sineirgí idir na cistí a chumhdaítear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta, [ ] agus ionstraimí eile an Aontais [...] agus, i gcás inarb iomchuí, tionscadail arna gcistiú faoi Fhís Eorpach”. Mar an gcéanna, maidir le gach clár beartais comhtháthaithe, ceanglaítear le hAirteagal 22(3)(a)(iii) de RFC achoimre a thabhairt ar na príomhdhúshláin, agus breithniú á dhéanamh ar “riachtanais infheistíochta agus comhlántacht agus sineirgí le foirmeacha eile tacaíochta”.
I ngach cás, is faoi na húdaráis bhainistíochta atá sé cé acu a úsáidfear nó nach n-úsáidfear sásraí sineirge.
CINEÁLACHA SINEIRGÍ
1. An Séala Barr Feabhais
Is lipéad cáilíochta é an Séala Barr Feabhais a dhámhann an Coimisiún do thogra a cuireadh isteach de bharr glao iomaíoch ar thograí faoi ionstraim an Aontais Eorpaigh agus a mheastar a bheith comhlíontach le ceanglais íosta cáilíochta na hionstraime AE sin, ach nárbh fhéidir é a chistiú mar gheall ar shrianta buiséadacha. Cuirtear in iúl leis an Séala Barr Feabhais go bhféadfadh tionscadal a bheith incháilithe go maith, ó thaobh tacaíocht a fháil ó fhoinsí eile de chistiúchán AE nó ó fhoinsí náisiúnta eile cistiúcháin.
Le Séala Barr Feabhais faoi Fhís Eorpach aithnítear luach an togra agus cuidítear le comhlachtaí cistiúcháin eile leas a bhaint as próiseas meastóireachta FE. Is féidir an Séala a dhámhachtain, mar shampla, do thograí a chuirtear isteach faoi Luasaire na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí (CNE) de chuid Fís Eorpach, (atá ina iar-Ionstraim FBM), faoi Thrasdul CNE, faoi ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (MSCAnna), faoi Chur le Chéile agus faoi Chruthúnas ar Choincheap de chuid na Comhairle Eorpaí um Thaighde (ERC).
Maidir le húdaráis bhainistíochta le haghaidh bheartas comhtháthaithe sna Ballstáit, féadfaidh siad nós imeachta roghnúcháin simplithe a leanúint nuair a dhéanann siad cinneadh maidir le hoibríochtaí cistithe ag a bhfuil Séala Barr Feabhais (6) ó chláir CFRE. Ní mór go gcomhlíonfaidh oibríochtaí den sórt sin trí chritéar:
— |
Ar an gcéad dul síos, ní mór dóibh a bheith comhsheasmhach leis an gclár, (agus leis na straitéisí ábhartha is bonn leis an gclár), agus ní mór go soláthróidh siad rannchuidiú éifeachtach do ghnóthú chuspóirí sonracha an chláir. |
— |
Ar an dara dul síos, i gcás go dtagann siad faoi raon feidhme coinníll cumasúcháin, ní mór dóibh a bheith ag teacht leis na straitéisí comhfhreagracha agus na doiciméid phleanála chun an coinníoll cumasúcháin sin a chomhlíonadh. |
— |
Ar an tríú dul síos, ní mór go dtiocfaidh siad faoi raon feidhme an chiste ábhartha agus go mbeidh siad inchurtha i leith chineál idirghabhála (7).
|
Breithnithe beartais
Is lipéad cáilíochta é An Séala Barr Feabhais a dhámhtar do thograí tionscadail a chuirtear isteach chuig Fís Eorpach (clár AE um chistiúcháin T&N go dtí 2027) agus chuig an gclár a bhí ann roimhe, Fís 2020. Deimhnítear leis an Séala Barr Feabhais gur tograí barr feabhais iad seo agus go bhfuil a n-ainmneacha in airde mar sin ó thaobh dhearcadh comhlachtaí cistiúcháin féideartha (cinn phríobháideach agus phoiblí; cinn náisiúnta agus réigiúnacha; lena n-áirítear údaráis bhainistíochta chistí an bheartais comhtháthaithe) ar spéis leo infheistiú a dhéanamh i dtionscadail T&N. Cuidítear leis an Séala Barr Feabhais mar sin cistiú malartach a aimsiú le haghaidh na dtograí sin.
Is féidir le comhlachtaí cistiúcháin freisin leas a bhaint as próiseas meastóireachta seanbhunaithe agus ardcháilíochta FE chun forbairt chríochach a chur chun cinn. Mar gheall air sin is féidir leis na Ballstáit agus na réigiúin píblíne de thograí tionscadail barr feabhais T&N a shainaithint agus leas a bhaint as na tograí sin ina gcuid críoch féin ar tograí iad lena gcuirfí feabhas ar a bhfeidhmíocht agus ar a n-inniúlacht T&N.
Is féidir le hiarratasóirí tionscadail a fhaigheann meastóireacht dheimhneach i nglao FE agus Séala Barr Feabhais cur isteach ar chistiú féideartha ó CFRE má tá an tionscadal i gcomhréir le tosaíochtaí chláir beartais comhtháthaithe an Bhallstáit nó an réigiúin ina bhfuil tionscnóirí an tionscadail.
Cuimsítear i ndeimhniú an tSéala Barr Feabhais an fhaisnéis bhunúsach uile faoin togra a bhíonn de dhíth ar chomhlacht cistiúcháin ar mian leis an togra a shainaithint agus a phríomhghnéithe agus a luach a thuiscint (teideal an togra, tagairt don ghlao/topaic, agus ainm agus seoladh eintiteas dlítheanach an togróra). Bíonn an deimhniú séalaithe go digiteach in aghaidh calaoise, mar aon leis an togra tionscadail agus an tuarascáil achoimre ar an meastóireacht (cuirtear sin in iúl sna doiciméid). Ar deireadh, trína gcuid sínithe a chur leis an deimhniú, léiríonn an Coimisinéir um Chomhtháthú agus um Athchóiriúcháin agus an Coimisinéir um Nuálaíocht, um Thaighde, um Chultúr, um Oideachas agus um an Óige go bhfuil siad tiomanta go polaitiúil do chistiúchán malartach a chur ar fáil le haghaidh na dtionscadal sin.
Tá an Séala Barr Feabhais thar a bheith oiriúnach le haghaidh comhchodanna tairbhí aonair FE (amhail Luasaire CNE agus Trasdul CNE, MSCA, Cruthúnas Coincheap ERC, Cur le Chéile). Cé gur féidir breithniú ar Shéalaí Barr Feabhais iltairbhí amach anseo freisin, tá sé beartaithe faoi láthair an Séala Barr Feabhais a dhámhachtain do chomhchodanna aon tairbhí amháin le linn na chéad chéime FE. Beidh gá leis an gcoinníoll sin a bheith sonraithe sa ghlao ábhartha. Cuirfear in iúl sa chlár oibre ábhartha na comhchodanna a dhámhann an Séala Barr Feabhais.
Féadann an Coimisiún Séalaí Barr Feabhais a dhámhachtain freisin do thograí le haghaidh tionscadal ó áiteanna lasmuigh den Aontas (go háirithe ó thíortha a bhfuil baint acu le FE) atá in ann foinsí eile cistiúcháin a úsáid nach bhfuil nasctha le beartas comhtháthaithe.
Is ar bhonn deonach a thugtar tacaíocht do chistiú tionscadal faoin Séala Barr Feabhais ó chlár CFRE, ag brath ar chinneadh an údaráis bhainistíochta agus i gcomhréir leis an gclár. Ní thugtar ceart uathoibríoch leis an deimhniú, dá bhrí sin, chun cistiú malartach a fháil. Is féidearthacht é sin a d'fhéadfadh an Ballstát nó an réigiún cinneadh a dhéanamh maidir lena shaothrú, ach is faoin údarás bainistíochta ábhartha a bhíonn sé an cinneadh críochnaitheach a dhéanamh.
Ionas go seachnófar dúbláil neamhriachtanach na hoibre ag tairbhithe agus ag údaráis bhainistíochta nuair a chuireann siad oibríochtaí isteach i dtaca le tacaíocht CFRE a fháil, nuair a dhéanann siad meastóireacht orthu agus nuair a roghnaíonn siad iad, rinneadh an simpliú seo a leanas.
— |
Is féidir le Ballstáit, réigiúin agus tairbhithe na catagóirí FE, na huasmhéideanna agus modhanna ríomha na gcostas incháilithe a chur i bhfeidhm ag baint leasa as simpliú rialacha Státchabhrach an Aontais is infheidhme (an GBER). |
— |
Meastar gur bailí an mheastóireacht theicniúil/inneachair a rinne FE. Ciallaíonn an méid sin nach gá d’údarás bainistíochta chlár CFRE meastóireacht nua a dhéanamh. Is gá d’údaráis bhainistíochta, áfach, sula síníonn siad an doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacú le tairbhithe, a sheiceáil an gcomhlíonann na tionscadail sin na ceanglais shonracha maidir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna (RFC), agus CFRE nach bhfuil cumhdaithe sa mheastóireacht FE. Déantar sin toisc gur gá na tionscadail sin a roghnú go foirmiúil i gcomhréir le RFC – i.e. incháilitheacht speisialta (FBManna atá i ndeacracht), rannchuidiú le cuspóirí cláir chistiúcháin mhalartaigh, coinníollacha cumasúcháin is infheidhme, agus raon feidhme an chiste (féach pointí (a), (b) agus (g) d’Airteagal 73(2) de RFC). |
Príomhchéimeanna sa phróiseas
Ullmhúchán/clársceidealú |
|
||||||||||||
Na Séalaí Barr Feabhais á ndámhachtain ag an gCoimisiún |
|
||||||||||||
Leithdháileadh tacaíochta |
|
||||||||||||
Cur chun feidhme, faireachán & rialú |
|
Faisnéis Thábhachtach
Céard faoi rialacha Státchabhrach AE?
Féadann cistiú ó chláir CFRE a bheith faoi rialacha státchabhrach AE más gnóthais iad na tairbhithe. Sna cásanna sin, ní mór an cistiú a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach, bunaithe ar na rialacha státchabhrach AE is infheidhme. Maidir le tionscadail ar bronnadh an Séala Barr Feabhais orthu, tá Airteagal 25a agus 25b de GBER (8) mar rogha ag na Ballstáit chun comhoiriúnacht leis an margadh inmheánach a áirithiú. Thairis sin, leagtar amach roinnt coinníollacha ginearálta sa GBER nach mór na beartais chabhrach uile a chuirtear chun feidhme faoin GBER a chomhlíonadh gan beann ar a gcuspóirí. Leis na coinníollacha sonracha a leagtar amach in Airteagal 25a agus 25b de GBER ceadaítear cistiú ó CFRE le haghaidh tionscadail ar bronnadh an Séala Barr Feabhais orthu – ag an ráta cistithe céanna agus leis na costais incháilithe chéanna FE – gan fógra foirmiúil a thabhairt don Choimisiún roimh ré agus gan aon ghá le meastóireacht theicniúil eile a dhéanamh. Tá sé de dhualgas ar an údarás a dheonaíonn an chabhair na coinníollacha ginearálta agus sonracha GBER is infheidhme a chomhlíonadh nuair a dhámhann sé an cistiú. Chomh maith lena iarratas bunaidh FE a chur isteach, ní mór do shealbhóir an tSéala Barr Feabhais na critéir roghnúcháin is infheidhme maidir le tionscadail Séala Barr Feabhais arna mbunú ag an údarás bainistíochta a chomhlíonadh agus ní mór dó a áirithiú freisin go gcomhlíonann sé na rialacha Státchabhrach is infheidhme freisin.
Mar údarás bainistíochta/comhlacht cistithe eile, conas is féidir linn a bheith ar an eolas i gcónaí maidir leis an méid a thiteann amach agus na cleachtais is fearr agus muid ag tacú le tograí le haghaidh Shéala Barr Feabhais?
Leanfaidh pobal cleachtais tiomnaithe an tSéala Barr Feabhais de cheadú d’údaráis bhainistíochta CFRE leasmhara agus do chomhlachtaí eile cistithe dea-chleachtais a mhalartú maidir leis an gcaoi chun tacú le tograí le haghaidh Shéala Barr Feabhais, chun bheith suas chun dáta i dtaca leis an méid is déanaí a thiteann amach, agus chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis agus ar na sonraí is ábhartha faoi thograí le haghaidh Shéala Barr Feabhais ina gcuid réigiún, (an méid, an cistiú arna iarraidh, etc.). Ba cheart go mbeadh sé níos fusa scéimeanna cistithe mhalartaigh a phleanáil dá bhrí sin.
Mar údarás bainistíochta/chomhlacht cistithe eile, conas is féidir linn a bheith ar an eolas i gcónaí maidir leis na tograí inár dtír/réigiún ar bronnadh an Séala Barr Feabhais orthu?
Iarrtar ar shealbhóirí an tSéala Barr Feabhais a dtoilteanas a thabhairt le haghaidh shraith theoranta faisnéise (i.e. sonraí teagmhála amhail ainm na cuideachta, seoladh na cuideachta agus seoladh ríomhphoist an teagmhálaí, achoimre ar an togra, méid na tacaíochta airgeadais a iarrtar agus na heochairfhocail a úsáidtear) a chomhroinnt leis na húdaráis bhainistíochta le haghaidh beartais comhtháthaithe agus le heintitis eile phoiblí nó phríobháideacha a bhféadfadh sé a bheith leasmhar dóibh tacú le cuideachta an tsealbhóra. Beidh na húdaráis bhainistíochta in ann rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin agus dul i dteagmháil le sealbhóir an tSéala Barr Feabhais. Ar shuíomh gréasáin an tSéala Barr Feabhais soláthraítear breis faisnéise faoin gcaoi chun an Séala Barr Feabhais a úsáid agus faoin gcaoi chun sonraí teagmhála na n-údarás bainistíochta de réir tíre a aimsiú.
Cad iad na coinníollacha faoinar féidir le húdaráis bhainistíochta tionscadail a chistiú ar cuireadh iarratas isteach chuig FE ina leith ach nár roghnaíodh le haghaidh chistiú FE iad agus nach bhfuarthas Séala Barr Feabhais ina leith?
Ionas go bhfaighfear tacaíocht beartais comhtháthaithe le haghaidh tionscadail nach ann do Shéala Barr Feabhais ina leith, ní mór an tionscadal a chur faoin measúnú caighdeánach iomlán a cheanglaítear faoi chlár beartais comhtháthaithe (níl feidhm ag an measúnú simplithe ach amháin maidir le tionscadail a bhfuil an Séala Barr Feabhais acu agus maidir le hoibríochtaí arna roghnú faoi chlár atá comhchistithe ag FE).
Sampla praiticiúil
Tionscadal a bhfuil Séala Barr Feabhais aige ó Luasaire CNE de chuid Fhís Eorpach (clár oibre 2022 de chuid na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí (CNE), lch. 74, lena n-áirítear fonótaí 63 agus 64):
Mar fhreagra ar ghlao FE cuireann FBM iarratas isteach agus éiríonn leis sna céimeanna meastóireachta réamhghiúiré (“GO”) a leagtar amach i gclár oibre bliantúil CNE. D'ainneoin é a bheith ar ardcháilíocht, cinneann giúiré CNE nach féidir an togra tionscadail a chistiú de bharr easpa infhaighteacht cistí leordhóthanacha. Gheobhadh an FBM Séala Barr Feabhais de ghnáth (ach amháin i gcásanna sonracha a leagtar amach i gclár oibre CNE – mar shampla, i gcás nach dtoilíonn an FBM do chomhroinnt na faisnéise faoina thogra).
Is féidir le FBM a bhfuil Séala Barr Feabhais aige dul i dteagmháil le comhlachtaí cistiúcháin eile ansin – údaráis bhainistíochta clár beartais comhtháthaithe mar shampla. Le réamh-údarú an iarratasóra, féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhunúsach a chomhroinnt freisin, go háirithe sonraí teagmhála, faoin iarratas a raibh rath air. Maidir le torthaí na meastóireachta agus sonraí íogaire eile, tá a dtarchur chuig údaráis airgeadais leasmhara eile faoi réir comhaontuithe rúndachta sonracha a thabhairt i gcrích. Ina theannta sin, agus le toiliú an iarratasóra, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a chomhroinnt le heagraíochtaí eile ar féidir leo tacú leis an FBM - An Líonra Fiontar Eorpach (EEN), mar shampla. Féadfaidh EEN seirbhísí tacaíochta duine le duine a sholáthar do FBManna a bhfuil Séala Barr Feabhais ina seilbh acu chun cuidiú leo foinsí cistithe mhalartaigh eile a shainaithint (lena n-áirítear cláir a chistítear ó CFRE), agus chun cuidiú leo le haon phróiseas iarratais (lena n-áirítear coigeartú féideartha ar an togra tionscadail), le fothú acmhainneachta le haghaidh phróisis iarratais agus scileanna cur i láthair, agus naisc a thabhairt dóibh chuig seirbhísí tacaíochta ábhartha amhail meaitseáil agus sainaithint comhpháirtithe gnó oiriúnacha. Is de chomhdhéanamh pacáistí seirbhísí idir 3 lá agus 5 lá a sholáthraítear saor in aisce don FBM lena mbaineann na seirbhísí EEN, agus tá siad curtha in oiriúint do riachtanais gach sealbhóir aonair an tSéala Barr Feabhais.
Chun tacú le tionscadail Shéala Barr Feabhais, féadfaidh údaráis bhainistíochta a chinneadh go leanfar Rialacha FE ó thaobh catagóirí, uasmhéideanna agus modhanna ríomha na gcostas incháilithe de ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha comhoiriúnachta Státchabhrach a bhunaítear faoi Airteagal 25a agus Caibidil 1 de GBER. Más ea, féadfaidh siad na rialacha le haghaidh an Luasaire a leagtar amach i bhFís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht a chur i bhfeidhm (“ní mó ná 70 % de chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta nuálaíochta roghnaithe a bheidh sa deontas nó sa chomhchuid réamhíocaíochta cúitimh den tacaíocht ón Luasaire” – Airteagal 48(9) den Rialachán lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht) (9). Thairis sin, mar a míníodh sa Chlár Réime is Sonrach maidir le FE (pointe 1.1.2), cuirfear an meascán agus an méid den mhaoiniú faoin Luasaire “in oiriúint do riachtanais na cuideachta, dá méid agus dá céim, do chineál na teicneolaíochta nó na nuálaíochta agus d’fhad ama thimthriall na nuálaíochta” (10).
Má tá sé sin beartaithe sa chlár oibre, is féidir le sealbhóirí Shéala Barr Feabhais CNE FE tairbhe a bhaint as imeachtaí meaitseála a eagraíonn seirbhísí luasghéaraithe gnó CNE chun pobal nuálaithe CNE – lena n-áirítear iad siúd a bhfuil Séala Barr Feabhais ina seilbh acu – agus infheisteoirí, comhpháirtithe agus ceannaitheoirí poiblí a nascadh. Soláthraíonn seirbhísí luasghéaraithe gnó CNE raon de sheirbhísí cóitseála agus meantóireachta freisin, agus soláthraíonn siad rochtain ar líonraí idirnáisiúnta de chomhpháirtithe ionchasacha do nuálaithe, lena n-áirítear comhpháirtithe tionsclaíocha ionchasacha, chun slabhra luacha a chomhlánú, deiseanna margaidh a fhorbairt, agus/nó infheisteoirí nó foinsí eile airgeadais phríobháidigh nó chorparáidigh a aimsiú (11)..
Cuirtear tograí le haghaidh Shéala Barr Feabhais luasaire CNE chun cinn ní hamháin d’údaráis bhainistíochta CFRE, ach d’fhoinsí cistiúcháin phríobháidigh freisin (e.g. trí imeachtaí sonracha r-phitseála agus meaitseála a eagraíonn líonraí agus pobail thiomnaithe an tSéala Barr Feabhais agus tríd an Séala Barr Feabhais a shonrú ar an tairseach InvestEU).
2. Aistrithe ó Chiste Taighde agus Forbraíochta na hEorpa chuig Fís Eorpach
Faoi Airteagal 26(1) de RFC, féadfaidh Ballstáit a iarraidh suas le 5 % dá gcuid acmhainní a aistriú faoi bhainistíocht chomhpháirteach chuig aon chiste nó ionstraim AE eile atá faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach. Tá feidhm ag an teorainn 5 % maidir le leithdháileadh tosaigh náisiúnta ciste ar leith agus níl feidhm aici maidir le clár sonrach ná (catagóir de) réigiún. Ní féidir acmhainní aistrithe a úsáid ach amháin le haghaidh gealltanais bhuiséadacha amach anseo (i.e. le haghaidh na mblianta atá amach romhainn). Ní mór na hacmhainní a úsáid chun tairbhe an Bhallstáit lena mbaineann (12).
Méideanna aistrithe den sórt sin, ní bhaineann díriú téamach le haghaidh CFRE leo.
Le FE ceadaítear dá bpáirteanna uile aistriú acmhainní ó chláir bhainistíochta comhpháirtíochta a fháil.
Reachtaíocht ábhartha |
RFC |
Airteagal 26 de RFC Acmhainní a aistriú agus Aithris (19) |
Fís Eorpach |
Airteagal 15(5), (6) |
|
Reachtaíocht ghaolmhar |
RFC |
Airteagal 24 (Cláir a leasú) |
Breithnithe beartais
Féadfaidh údaráis bhainistíochta aistrithe a úsáid chun go gcumasófar tograí FE thar barr óna mBallstát/réigiún féin chun a bheith rannpháirteach in FE nuair a chuirfí bac orthu, i gcúinsí eile, ó thaobh roghnú le haghaidh thacaíocht FE de, mar gheall ar shrianta buiséadacha.
Is féidir luach breise a bheith i gceist le haistrithe nuair a dhírítear iad ar réimsí T&N a sainaithníodh mar thosaíochtaí in S3anna náisiúnta agus/nó réigiúnacha agus a bhíonn ró-shuibscríofa go tipiciúil i nglaonna FE. Ní ceanglas dlíthiúil é, áfach, go mbeidh infheistíochtaí a chumhdaítear leis na cistí aistrithe comhoiriúnach le tosaíochtaí speisialtóireachta cliste.
Cuirtear deiseanna ar fáil le haistrithe chun, inter alia:
— |
neart a chur le rannpháirtíocht in FE ag tairbhithe ó na réigiúin/na Ballstáit a raibh a rannpháirtíocht agus a ráta ratha íseal go traidisiúnta in FE; |
— |
neart a chur, trí speisialtóireacht chliste; le tionscadail i réimsí a shainaithnítear mar thosaíochtaí; |
— |
inniúlacht riaracháin a chaomhnú ar an leibhéal náisiúnta/réigiúnach i roghnú agus bearta leantacha ar thionscadail T&N, toisc nach iad na húdaráis bhainistíochta a dhéanfaidh sin faoi rialacha de RFC, ach gurb í an ghníomhaireacht faoi seach a dhéanfaidh sin faoi rialacha FE (go háirithe nuair nach mbíonn go leor tionscadal barr feabhais ann chun údar cuí a thabhairt do ghlao iomlán a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta/réigiúnach faoin gclár RFC; nuair a bhíonn méid mór tograí thar barr den sórt sin faoi FE; nó nuair is mian le húdarás bhainistíochta an chláir RFC an cineál tacaíochta a thugann sé a éagsúlú). |
Tá aistrithe an-oiriúnach do chomhchodanna atá ina dtairbhithe aonair. Leis an gcéad chéim de FE ní cheadófar aistriú ach amháin le haghaidh na gcomhchodanna sin.
Ní mór acmhainní aistrithe a úsáid chun tairbhe an Bhallstáit lena mbaineann. Féadfaidh Ballstát raon feidhme críche an aistrithe a theorannú go dtí réigiún sonrach (i.e. eadhon an réigiún a chumhdaítear le clár beartais comhtháthaithe a bhfuil na hacmhainní á n-aistriú as).
Mar gheall ar aistrithe féadfaidh Ballstáit nó réigiúin a bhfuil rátaí ísle rannpháirtíochta acu in FE a chumasú chun dlús a chur lena n-acmhainneachtaí T&N trí rannpháirtíocht a gcuid eintiteas dlíthiúil féin in FE a mhéadú. Tarlaíonn sé sin toisc gurb iad na tairbhithe ón mBallstát/ón réigiún sin ar leith amháin a fhéadfaidh tairbhiú d’aistriú.
Le haistriú chuig FE is féidir deiseanna foghlama a sholáthar freisin do thionscnóirí tionscadail, amhail FBManna nó ollscoileanna, toisc go mbeidh siadsan in ann dul isteach sa phróiseas FE a bhuí leis na hacmhainní breise a chuirtear ar fáil do FE de bharr an aistrithe ag a mBallstát nó a réigiún. Cuirfear an tionscadal isteach sa phróiseas le haghaidh ullmhúchán do dheontas, agus beidh sé go hiomlán faoi réir rialacha FE, lena n-áirítear rátaí cistithe. Déanfaidh gníomhaireacht ábhartha an Choimisiúin faireachán ar an tionscadal le linn a fhaid ama.
Príomhchéimeanna sa phróiseas
Ullmhúchán |
|
||||||||
Measúnú iarrataí ag an gCoimisiún |
|
||||||||
Leithdháileadh tacaíochta |
|
||||||||
Cur chun feidhme, faireachán agus rialú |
|
Amlíne le haghaidh iarrataí ar aistriú
Céim 1: Iarraidh chun cistí a aistriú ó ionstraim beartais comhtháthaithe
1.1 Iarraidh ar aistriú trí chomhaontú comhpháirtíochta
1.2 Iarraidh ar aistriú a áirítear i leasú cláir.
Céim 2: Na cistí aistrithe a chur chun feidhme trí FE
Faisnéis Thábhachtach
An féidir acmhainní aistrithe a aistriú ar ais chuig a mbunchiste?
Mura bhfuil gealltanas dlíthiúil déanta ag an gCoimisiún maidir leis an airgead aistrithe faoi FE faoin 31 Lúnasa de bhliain n+1, féadfar na hacmhainní neamhcheangailte comhfhreagracha a aistriú ar ais chuig an gciste ónar aistríodh iad ar dtús báire. Féadfar iad a ath-leithdháileadh ansin ar chlár amháin nó níos mó (Airteagal 26(7) RFC, Airteagal 15(6) HE) arna iarraidh sin don Bhallstát.
Tá feidhm ag an nós imeachta céanna maidir le leasú cláir a iarraidh (Airteagal 24 de RFC) agus ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin 4 mhí ar a laghad roimh an sprioc-am le haghaidh gealltanais (airgeadais) (i.e. faoin 31 Lúnasa de bhliain n+1).
Déanfar acmhainní a aistrítear ar ais a ath-leithdháileadh ansin ar an gclár/na cláir fála agus beidh siad faoi réir rialacha RFC.
Más gá don Choimisiún cistí a aisghabháil ó thairbhithe FE a fuair aistriú ó CFRE, an seolfaí na cistí sin ar ais chuig clár CFRE?
Ní sheolfaí. Ní sheolfadh na leithreasuithe chuig an mbunlíne buiséid (CFRE), ach d’fhanfaidís leis an gclár ábhartha. Sa chás sonrach seo, d’fhanfaidís leis an gclár FE (a raibh siad aistrithe chuige ón CFRE).
Sampla praiticiúil:
Cinneann Ballstát cuid d’acmhainní cláir CFRE ar leith do na blianta féilire atá le teacht a aistriú chuig FE (14) tríd an gclár a leasú i gcomhréir le hAirteagal 24 de RFC.
Aontaíonn an Coimisiún go bhfuil údar cuí leis an aistriú agus go bhfuil sé i gcomhréir le cuspóirí an chláir óna n-aistreofar na hacmhainní. Formheasann an Coimisiún an leasú ar an gclár, tar éis don MC a chomhaontú a thabhairt dó. Pléann na Ballstáit agus an Coimisiún freisin an raon feidhme geografach (arna chinneadh ag críoch an chláir aistrithe), an úsáid atá beartaithe do na hacmhainní aistrithe faoi FE (ar leibhéal na comhpháirte FE) agus an méid atá le haistriú ar bhonn an “chumais iompartha” mheasta (mar shampla, staidreamh stairiúil a úsáid maidir le rannpháirtíocht le haghaidh glaonna comhchosúla ón tír/réigiún sin).
Tá sé ar intinn ag an mBallstát na hacmhainní aistrithe a úsáid chun cistiú a dhéanamh ar thograí FBM faoi ghlao FE ar Luasaire CNE. Tá sé ar intinn aige é sin a dhéanamh trí chomhaontuithe deontais atá le tabhairt i gcrích faoi dheireadh bhliain n+1 ar a dhéanaí (i.e. an bhliain tar éis na bliana ina n-aistrítear na hacmhainní chuig FE).
Úsáidtear na hacmhainní chun cistiú a dhéanamh ar thograí FBM a chuirtear isteach faoi Luasaire CNE a ndearnadh meastóireacht orthu tar éis chinneadh an Bhallstáit an t-airgead a aistriú.
Cumhdaíonn FE aon chostais riaracháin bhreise a bhaineann leis an aistriú a fhorghníomhú (faoi láthair). Déanfar measúnú ar cibé an féidir nó nach féidir an cur chuige seo a choinneáil ar bun mar chuid d’athbhreithniú meántéarma an chláir.
Féadfaidh an Ballstát a iarraidh go n-aistreofar acmhainní neamhcheangailte ar ais chuig CFRE suas le 4 mhí roimh dheireadh bhliain n+1 (i.e. faoin 31 Lúnasa). Déanann sé amhlaidh trí leasú a iarraidh ar an gclár (na cláir) ina n-áireofar na hacmhainní sin. Tá an iarraidh faoi réir fhormheas an Choimisiúin. Cuirfear tús le feidhm riail an tsaortha ón mbliain ina ndéanfar na gealltanais bhuiséadacha chomhfhreagracha.
3. Cistiú carnach
Ciallaíonn cistiú carnach go bhfaigheann oibríocht/tionscadal tacaíocht ó níos mó ná ciste, clár nó ionstraim amháin (lena n-áirítear cistí faoi bhainistíocht chomhpháirteach agus cistí faoi bhainistíocht dhíreach) le haghaidh na hítime céanna costais/caiteachais. Mar is amhlaidh i gcás na sásraí sineirge eile, ní uathoibríoch é an cistiú carnach. Ina ionad sin, is rogha é ar féidir le húdaráis bhainistíochta a iniúchadh le haghaidh beartais comhtháthaithe agus ar féidir le húdarás deonúcháin a iniúchadh le haghaidh chláir an Aontais faoi bhainistíocht dhíreach. Ní féidir cistiú carnach a chur i bhfeidhm ach amháin le comhaontú na bpáirtithe uile lena mbaineann (i.e. údaráis bhainistíochta agus an t-údarás deonúcháin le haghaidh chláir an Aontais faoi bhainistíocht dhíreach).
Reachtaíocht ábhartha |
RFC |
Airteagal 63(9) |
FE |
Airteagal 15(4) |
|
Reachtaíocht ghaolmhar |
An Clár don Eoraip Dhigiteach |
Airteagal 23(1) (15) |
Breithnithe beartais/tairbhí féideartha
Fágann cistiú carnach gur féidir ualach airgeadais oibríochta a leathadh agus aghaidh a thabhairt ar shrianta buiséadacha féideartha (e.g. na srianta sin a eascraíonn as rátaí cistiúcháin níos ísle ionstraime) mar go ligeann sé suas le 100 % de thionscadal sineirge a chistiú ó bhuiséad an Aontais, i.e. ar choinníoll go gcomhlíontar na rialacha ábhartha maidir leis an Státchabhair. Is mar gheall air sin freisin is féidir tacú le ranníocaíochtaí náisiúnta, go háirithe sna Ballstáit bheagfhorbartha agus sna réigiúin bheagfhorbartha.
Is féidir le cistiú carnach acmhainní ó ionstraimí difriúla an Aontais a thiomsú faoi bhainistíocht dhíreach agus faoi bhainistíocht chomhpháirteach freisin, agus is féidir cistiú 100 % a fháil ó acmhainní an Aontais mar gheall air sin. Mar sin soláthraíonn cistiú carnach deis chun na naisc idir na tosaíochtaí comhlántacha T&N maidir le glaonna FE agus cláir CFRE (agus S3 gaolmhara) a neartú.
Príomhchéimeanna sa phróiseas
Ullmhúchán/clársceidealú |
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||
Leithdháileadh tacaíochta |
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cur chun feidhme, faireachán & rialú |
Cur chun Feidhme
Faireachán
|
Faisnéis thábhachtach
Céard faoi rialacha Státchabhrach AE?
Tá feidhm ag rialacha an Aontais maidir leis an Státchabhair maidir leis an gcuid den tionscadal arna mhaoiniú ag CFRE. Ní mór na rialacha carntha cistithe phoiblí a leagtar amach i rialacha an Aontais maidir leis an Státchabhair lena mbunaítear an cistiú poiblí iomlán féideartha don tionscadal/ghníomhaíocht a fhíorú agus a chur chun feidhme i gceart freisin.
I gcás cistiúchán carnach, an éilítear fós ar an gcomhlacht cistiúcháin náisiúnta nó ar na tairbhithe ranníoc le cuid den chistiú?
Braitheann sin ar na rátaí cistiúcháin a shocraítear ar an leibhéal tionscadail don dá fhoinse chistiúcháin. I gcás CFRE, tá feidhm ag rialacha maidir leis an Státchabhair agus cinneann siad an t-uasráta cistiúcháin is incheadaithe ar an leibhéal oibríochtúil. Chun comhlíontacht leis an uasráta cistiúcháin is incheadaithe a fhíorú, ní mór an cistiú poiblí ar an leibhéal tionscadail a chur san áireamh, lena n-áirítear tacaíocht a fhaightear ó, mar shampla, CFRE agus FE agus i bhfoirm ar bith.
4. Comhpháirtíochtaí Eorpacha
Úsáid CFRE mar ranníocaíocht náisiúnta le Comhpháirtíochtaí Eorpacha Comhchistithe agus Institiúidithe
ciallaíonn “Comhpháirtíocht Eorpach” tionscnamh ina dtugann an tAontas Eorpach agus comhpháirtithe príobháideacha agus/nó poiblí (amhail an tionscal, comhlachtaí poiblí nó fondúireachtaí), gealltanas tacaíocht a thabhairt go comhpháirteach le clár de ghníomhaíochtaí T&N a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Tá Clár Oibre Straitéiseach i gcomhair Taighde agus Nuálaíochta – a chomhroinneann gach comhpháirtí agus a bhfuil siad tiomanta dó – mar bhonn taca faoi gach Comhpháirtíocht Eorpach. Déantar an fhís fhadtéarmach seo a aistriú ina gníomhaíochtaí coincréiteacha trí chláir oibre bhliantúla. Ní mór do Chomhpháirtíochtaí Eorpacha a gcuid cuspóirí agus spriocanna coincréiteacha a lua, chomh maith le sraith príomhtháscairí feidhmíochta comhfhreagracha.
I gcomhréir le hAirteagal 73(4) de RFC, féadfaidh údaráis bhainistíochta cinneadh a dhéanamh tacaíocht a sholáthar go díreach ó CFRE d’oibríochtaí a roghnaítear faoi chlár arna chómhaoiniú ag FE (amhail Comhpháirtíocht Eorpach Chomhchistithe nó Institiúidithe).
Luaitear in Airteagal 15(3) den Rialachán maidir le Fís Eorpach go bhféadfar ranníocaíochtaí airgeadais ó chláir CFRE (16) a mheas mar ranníocaíocht ón mBallstát rannpháirteach le Comhpháirtíocht Eorpach Chomhchistithe nó Institiúidithe, ar choinníoll go gcomhlíonann sé sin na rialacha RFC. Ní mór comhlachtaí a chuireann cláir atá comhchistithe ag FE chun feidhme a shainaithint mar chomhlachtaí idirmheánacha den chlár CFRE ábhartha (Airteagal 71(5) de RFC). Fágann sin gur fusa FE, an clár ábhartha CFRE agus tacaíocht náisiúnta a chomhordú agus a shioncronú. Féadfaidh cláir CFRE (cuid den/an) ranníocaíocht náisiúnta le haghaidh rannpháirtíochta sna Comhpháirtíochtaí Eorpacha sin a chumhdach. Ní mór cinneadh ranníoc le comhpháirtíocht teacht mar thoradh ar phróiseas roghnúcháin a chomhlíon rialacha an bheartais chomhtháthaithe.
Thairis sin agus cosúil leis an Séala Barr Feabhais, féadfaidh údaráis bhainistíochta ranníocaíocht den sórt sin a sholáthar go díreach (agus ní bheidh gá le glao iomaíoch agus nós imeachta roghnúcháin ar leithligh) d’oibríochtaí a roghnaíodh faoi chlár arna chomhchistiú ag FE i gcomhréir le hAirteagal 73(4) de RFC. Mar atá i gceist leis an Séala Barr Feabhais, ba cheart do na húdaráis bhainistíochta measúnú simplithe a dhéanamh fós, chun seiceáil go gcomhlíonann na tionscadail sin pointí (a), (b) agus (g) d’Airteagal 73(2) de RFC, áfach. Oibríochtaí den sórt sin (i) ní mór iad a bheith comhsheasmhach leis an gclár, lena n-áirítear leis na straitéisí ábhartha is bonn leis an gclár, agus ní mór rannchuidiú éifeachtach a sholáthar leo chun cuspóirí sonracha an chláir a bhaint amach, (ii) ní mór iad a bheith ag teacht le raon feidhme coinníll cumasúcháin agus ní mór iad a bheith comhsheasmhach leis na straitéisí agus na doiciméid phleanála chomhfhreagracha arna mbunú chun an coinníoll cumasúcháin sin a chomhlíonadh, agus (iii) ní mór iad a bheith ag teacht le raon feidhme an chiste ábhartha agus ní mór iad a chur i leith cineál idirghabhála.
Mar an gcéanna, féadfaidh údaráis bhainistíochta catagóirí, méideanna uasta agus modhanna ríomha na gcostas incháilithe arna mbunú faoi FE a chur i bhfeidhm maidir leis na hoibríochtaí sin.
Féadfar comhlíontacht leis na rialacha maidir leis an Státchabhair a áirithiú trí choinníollacha comhoiriúnachta Airteagail 25c de GBER a urramú lena dtugtar féidearthachtaí chun costais incháilithe agus rátaí cistiúcháin Fhís Eorpach a chur i bhfeidhm ar na tionscadail taighde agus forbartha a roghnófar faoi chlár arna chomhchistiú ag Fís a chomhlíonfaidh na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.
Ní mór go gcomhlíonfadh ranníocaíochtaí cláir CFRE le Comhpháirtíochtaí Eorpacha na rialacha maidir le toirmeasc ar dhearbhú dúbailte caiteachais a leagtar síos in Airteagal 63(9) de RFC. Níor cheart na costais chéanna a dhearbhú don Choimisiún faoi dhó. Tá dhá chineál Comhpháirtíochtaí Eorpacha ábhartha maidir le hAirteagal 15(3) den Rialachán maidir le Fís Eorpach a chur chun feidhme.
— |
Tá Comhpháirtíochtaí Eorpacha Comhchistithe (lena dtacaítear trí “gníomhaíocht cláir comhchistithe”) bunaithe ar chomhaontú deontais idir an Coimisiún agus cuibhreannas comhpháirtithe (aireachtaí náisiúnta nó gníomhaireachtaí cistiúcháin taighde agus nuálaíochta go tipiciúil). Tugann na comhpháirtithe gealltanais maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus comhchineáil. Is comhpháirtíochtaí iad seo a bhaineann le tíortha de chuid an Aontais le maoinitheoirí taighde náisiúnta/réigiúnacha agus le húdaráis phoiblí eile ag croílár an chuibhreannais. Soláthraíonn an tAontas cómhaoiniú do chlár arna chur chun feidhme ag eintitis a bhainistíonn agus a mhaoiníonn gníomhaíochtaí T&N. Cuimsítear leis na príomhghníomhaíochtaí a d’fhorbair Comhpháirtíochtaí Eorpacha Comhchistithe glaonna comhpháirteacha trína gcistítear tionscadail T&N thrasnáisiúnta, agus ina soláthraíonn gach comhpháirtí buiséad dá eintitis atá rannpháirteach sna tionscadail agus ina soláthraíonn an tAontas cistiú breise. |
— |
Is cláir taighde agus nuálaíochta iadComhpháirtíochtaí Eorpacha Institiúidithe. Féadfaidh (i) roinnt Ballstát (ar bhonn cinnidh ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa i gcomhréir le hAirteagal 185 CFAE), (ii) comhlachtaí arna mbunú le cinneadh ón gComhairle faoi Airteagal 187 CFAE (mar shampla, comhghnóthais), nó (iii) an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) Pobail Eolais agus Nuálaíochta i gcomhréir leis an Rialachán maidir le EIT agus le Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht maidir le EIT tabhairt faoi na cláir seo. Tá coinne leis go mbeidh dearcadh fadtéarmach acu agus go mbeidh roinnt comhtháthaithe i gceist leo. |
Le Fíor 1 thíos tugtar forbhreathnú ar na Comhpháirtíochtaí Eorpacha Comhchistithe, Comh-chlársceidealaithe agus Institiúidithe uile faoi chéad Phlean Straitéiseach 2019-2024 FE. Tá na 20 Comhpháirtíocht Eorpach Chomhchistithe agus Institiúidithe le rannpháirtíocht na mBallstát ábhartha maidir le cur chun feidhme Airteagail 15(3) den Rialachán maidir le Fís Eorpach.
Fíor 1.
Forbhreathnú ar na ceithre bhraisle de Chomhpháirtíochtaí Eorpacha
Eolas breise Tá Comhpháirtíochtaí Eorpacha Chomh-chlársceidealaithe bunaithe ar mheabhrán tuisceana atá sínithe idir an Coimisiún agus comhpháirtithe seachas an tAontas. Níl na comhpháirtíochtaí seo incháilithe chun CFRE a úsáid mar ranníocaíocht náisiúnta mar nach bhfuil aon rogha ann cistiú a chomhcheangal (is féidir cistiú comhthreomhar nó seicheamhach amháin a chomhcheangal). Maidir leis na cineálacha comhpháirtíochtaí sin, is féidir CFRE a úsáid mar ranníocaíocht náisiúnta do ghníomhaíochtaí breise na gcomhpháirtíochtaí má shainaithnítear iad sin sa phlean gníomhaíochta breise. Is é an Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte an t-aon Chomhpháirtíocht Eorpach chomh-chlársceidealaithe le rannpháirtíocht na mBallstát faoi láthair. |
Reachtaíocht ábhartha |
RFC |
Airteagail 63(9), 71(5) agus 73(4) agus Aithris (61) |
Fís Eorpach |
Airteagal 15(3) |
|
Reachtaíocht ghaolmhar |
GBER |
Airteagal 25c agus 25d (Státchabhair) |
Breithnithe beartais/tairbhí féideartha
Cuireadh Comhpháirtíochtaí Eorpacha ar bun chun tosaíochtaí an Aontais a bhaint amach. Ag dul i bpáirt le hearnálacha poiblí agus príobháideacha, is féidir leo aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda a éilíonn mais chriticiúil agus fís fhadtéarmach faoina n-aontaíonn na comhpháirtithe agus a dtugann siad gealltanas ina leith. Ní hamháin go seolann comhpháirtíochtaí glaonna comhpháirteacha, ach déanann siad gníomhaíochtaí breise éagsúla freisin chun tacú le glacadh na sochaí, an mhargaidh agus rialála ar thorthaí T&N.
Is príomhthionscnóir iad na Comhpháirtíochtaí Eorpacha do shineirgí mar is féidir úsáid na n-acmhainní atá ar fáil ó ionstraimí, ó chláir agus ó chistí éagsúla de chuid an Aontais agus náisiúnta a thiomsú agus a chomhordú a bhuí leo. Cuidíonn siad le LET a neartú freisin agus iad ag spreagadh comhair trasteorann, ag ailíniú pleananna T&N, ag feabhsú scileanna agus ag méadú chumais iompartha na ngnólachtaí Eorpacha. Is é an sprioc ar leith atá ag Comhpháirtíocht Eorpach le rannpháirtíocht na mBallstát comhtháthú eolaíochta, bainistíochta agus airgeadais na gclár taighde náisiúnta ina réimse féin a bhaint amach. Bhí rannpháirtíocht na mBallstát “Leathnaithe” i gcomhpháirtíochtaí T&N an Aontais teoranta roimhe seo mar gheall ar easpa taithí nó cistiúcháin a bhí ar fáil don chomhar trasnáisiúnta. Tá Comhpháirtíochtaí Eorpacha beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí an Aontais, agus mar sin tá sé tábhachtach rannpháirtíocht tíortha tearcionadaithe a neartú, comhlántachtaí ar fud an Aontais a fheabhsú agus na tairbhí a thiocfaidh astu a chomhroinnt. Tá sé seo ábhartha go háirithe mar nach dtugann Comhpháirtíochtaí Eorpacha ach aghaidh ar roinnt tosaíochtaí HE. Ciallaíonn sé sin nach mór do na Ballstáit a bheith rannpháirteach má tá a n-eintitis le bheith in ann páirt a ghlacadh sna glaonna agus sna gníomhaíochtaí eile a sheolann na comhpháirtíochtaí.
Is mórdhreasacht don chomhar trasnáisiúnta é má cheadaítear ranníocaíochtaí ó chláir CFRE a shainaithint mar ranníocaíochtaí náisiúnta i gcomhpháirtíochtaí FE. Méadaíonn sé tionchar infheistíochtaí T&N ó chistí éagsúla an Aontais trí infheistíocht a ailíniú le tosaíochtaí coiteanna an Aontais freisin.
Leis na rialacha nua is fusa cistí CFRE agus FE a thiomsú i gComhpháirtíochtaí Fhís comhchistithe, rud a chruthaíonn deiseanna do na réigiúin dul i gcomhar le tíortha agus le réigiúin eile an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí gaolmhara i ndáil le speisialtóireacht chliste. Is é an buntáiste is mó ná an deis chun rannpháirtíocht na réigiún beagfhorbartha agus na mBallstát beagfhorbartha i gcomhar trasnáisiúnta laistigh den chreat comhpháirtíochtaí a mhéadú.
Dá bhrí sin is féidir leis an gcomhchistiú a sholáthraíonn an tAontas trí chomhpháirtíochtaí breisluach ar leith a chruthú nuair a chomhfhreagraíonn na tosaíochtaí a shainaithnítear faoi FE agus trí mheán S3 dá chéile nó nuair a chomhlánaíonn siad ar a chéile.
Príomhchéimeanna sa phróiseas - Comhpháirtíochtaí Eorpacha Comhchistithe
Ullmhúchán/clársceidealú |
|
||||||||||||||
Leithdháileadh tacaíochta |
|
Sampla praiticiúil
— |
Bíonn Ballstát nó réigiún rannpháirteach i gcuibhreannas chomhlachtaí cistiúcháin náisiúnta i gComhpháirtíocht Eorpach Chomhchistithe. |
— |
Tá sé ar intinn ag an mBallstát nó ag an réigiún clár CFRE a úsáid chun cuid den ranníocaíocht náisiúnta leis an gComhpháirtíocht Eorpach Chomhchistithe a chumhdach. |
— |
Tuairiscíonn an comhlacht cistiúcháin náisiúnta (i.e. comhlacht idirmheánach an chláir CFRE) don FE go bhfuil tacaíocht airgeadais/cistiú á soláthar aici dá tairbhithe dar luach EUR 100 milliún. Faigheann an comhlacht cistiúcháin náisiúnta aisíocaíocht 30 % ó FE (EUR 30 milliún). |
— |
Féadfar an fuílleach EUR 70 milliún eile a chomhchistiú ón gclár CFRE (e.g. le ráta comhchistithe 50 %; ní mór ráta comhchistithe tosaíochta an chláir a urramú – Airteagal 112 de RFC). |
— |
Dá bhrí sin, chumhdófaí costas iomlán EUR 100 milliún mar a leanas: EUR 30 milliún ó FE, EUR 35 mhilliún ó CFRE agus EUR 35 mhilliún ón mbuiséad náisiúnta. |
— |
Ba cheart caiteachas agus costais a dhearbhú agus a thuairisciú i gcomhréir leis na rialacha maidir le cistiú carnach a leagtar amach thuas. |
Fíor 2.
Conas a oibríonn Comhpháirtíocht Eorpach Chomhchistithe?
Samplaí praiticiúla de ghlao comhpháirteach trasnáisiúnta – tairbhí arna roghnú ar an leibhéal náisiúnta ag gníomhaireacht cistiúcháin náisiúnta. Is samplaí hipitéiseacha iad na samplaí a leanas. Is é an Ballstáit ábhartha atá freagrach as an gcinneadh críochnaitheach. Déanann gach Ballstát atá rannpháirteach i gComhpháirtíocht Eorpach Chomhchistithe cistiú ar a rannpháirtithe ar an leibhéal náisiúnta trína nósanna imeachta náisiúnta féin agus trína rialacha náisiúnta féin a chomhlíonadh. Ó thaobh Comhaontú Deontais Samplach comhpháirtíochta arna chomhchistiú ag Fís Eorpach de, measfar gur faighteoir “tacaíochta airgeadais do thríú páirtí” é. Ó pheirspictíocht náisiúnta, féadfaidh an tairbhí náisiúnta seo a bheith mar cheann amháin nó ceann eile díobh seo a leanas:
Sa dá chás thuas, ní mór don ghníomhaireacht cistiúcháin náisiúnta an nós imeachta maidir le cistiú carnach a leanúint (féach roinn 3 thuas ar chistiú carnach), agus cóip de dhearbhú ó thairbhí chuig an údarás bainistíochta a uaslódáil ar ríomh-Dheontais (in éineacht le cóip d’fhaisnéis an údaráis bhainistíochta don tairbhí lena ndeimhnítear gur cuireadh an caiteachas san áireamh in iarratas ar íocaíocht chuig an gCoimisiún) mar dhoiciméad tacaíochta don iarratas ar íocaíocht a thabharfar isteach.
|
Faisnéis thábhachtach
Conas a dhéantar ranníocaíochtaí agus gealltanais ó FE?
Déantar gealltanais agus ranníocaíochtaí le haghaidh Comhpháirtíochtaí Eorpacha Comhchistithe i gcúig chéim:
1. |
gealltanas táscach láithreach |
2. |
gealltanas foriomlán agus an comhaontú deontais á shíniú |
3. |
gealltanas bliantúil agus an clár oibre bliantúil á shainiú (e.g. ranníocaíocht buiséid leis an nglao a shainiú) |
4. |
gealltanas deiridh ag comhaontú leis an rangú/liosta roghnúcháin agus comhaontuithe deontais a shíniú |
5. |
ranníocaíocht (i.e. íocaíocht cistiúcháin). |
Má dhéantar an chomhpháirtíocht chun bheith ina comhlacht idirmheánach i gclár CFRE i gcomhréir le hAirteagal 71(5) de RFC, ní mór sa socrú i scríbhinn (an chomhpháirtíocht) idir an t-údarás bainistíochta agus an comhlacht idirmheánach freagrachtaí gach páirtí maidir le cur i gcrích na gcúraimí atá tarmligthe ag an údarás bainistíochta chuig an gcomhlacht idirmheánach seo a lua go soiléir.
Príomhchéimeanna sa phróiseas – Comhpháirtíochtaí Eorpacha Institiúidithe (Airteagal 185 nó 187 CFAE)
Ullmhúchán/clársceidealú |
|
||||||||||
Leithdháileadh tacaíochta |
|
Príomhchéimeanna sa phróiseas – is infheidhme maidir le Comhpháirtíochtaí Eorpacha Comhchistithe agus Institiúidithe (Airteagal 185 nó 187 CFAE)
Ullmhúchán/ clársceidealú |
|
||||
Cur chun feidhme, faireachán & rialú |
|
Faisnéis thábhachtach
Cé mhéad de na ranníocaíochtaí náisiúnta is féidir a chumhdach le clár CFRE?
Féadfar a chuimsiú leis an ranníocaíocht ó chlár CFRE na ranníocaíochtaí náisiúnta i gcomhréir leis na rialacha maidir le cómhaoiniú agus leis an uasmhéid tacaíochta ó na cistí le haghaidh gach tosaíochta a leagtar amach in Airteagal 112 de RFC agus Airteagal 190 de RA, ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais Airteagal 63(9) de RFC.
Déantar foráil in Airteagal 25c de GBER maidir le coinníollacha comhoiriúnachta Státchabhrach chun costais incháilithe FE agus rátaí cistithe a chur i bhfeidhm maidir le tionscadail taighde agus forbartha a dtacaítear leo trí Chomhpháirtíocht Eorpach.
An féidir na ranníocaíochtaí náisiúnta go léir leis an tionscadal a chumhdach le clár CFRE – ós rud é go mbíonn cómhaoiniú náisiúnta á chlárú againn de réir tosaíochta seachas de réir an tionscadail?
Is féidir. Tagann an ranníocaíocht ón gclár ábhartha, agus tá an clár sin faoi réir rialacha maidir le cómhaoiniú. Mar sin féin, ós rud é go leagtar amach an cómhaoiniú ar an leibhéal tosaíochta seachas ar leibhéal oibriúcháin, féadfar na ranníocaíochtaí náisiúnta go léir le hoibríocht shonrach a chumhdach le buiséad an Aontais.
An féidir cláir CFRE a úsáid le haghaidh ranníocaíocht comhchineáil seachas chun tionscadail a mhaoiniú?
Is féidir cláir CFRE a úsáid chun ranníocaíochtaí náisiúnta na mBallstát atá rannpháirteach i gComhpháirtíochtaí Eorpacha a chumhdach. Is cuma cibé acu ranníocaíochtaí airgeadais nó ranníocaíochtaí comhchineáil atá i gceist. Ní ann d’aon ranníocaíocht chomhchineáil ó na Ballstáit rannpháirteacha le haghaidh Comhpháirtíochtaí Institiúidithe Eorpacha.
Cén chaoi a bhféadfaidh Údarás Bainistíochta le haghaidh chlár CFRE a áirithiú go rannchuidíonn oibríocht chomhchistithe leis na táscairí a leagtar amach sa chlár?
Tionscadail arna roghnú ag Comhpháirtíochtaí Eorpacha, is féidir tacú leo má chomhlíonann siad na riachtanais a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (g) de mhír 2 d’Airteagal 73 de RFC. Ní mór dóibh, dá bhrí sin, rannchuidiú le baint amach na dtáscairí cláir.
An féidir na cistí a úsáid chun críoch eile mura gcaitear iad ar mhaoiniú tionscadal de chuid comhpháirtíochtaí?
Chuirfí na ranníocaíochtaí sin i dtreo tionscadail shainaitheanta tar éis do bhord rialála na Comhpháirtíochta Eorpaí meastóireacht a dhéanamh orthu agus iad a roghnú. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí iad a sheoladh ar ais.
Céard faoi rialacha Státchabhrach AE?
Bíonn feidhm ag rialacha maidir le Státchabhair más rud é gur gnóthas atá i dtairbhí an chistithe phoiblí a dheonaítear ó acmhainní Ballstáit, lena n-áirítear CFRE (agus más rud é go gcomhlíontar gach coinníoll carnach eile maidir le Státchabhair a bheith ann, a leagtar amach in Airteagal 107(1) CFAE). Faoi na coinníollacha a shonraítear in Airteagal 25c de GBER, féadfaidh tionscadail taighde agus forbartha chomhchistithe tairbhiú de chostais incháilithe agus rátaí cistithe FE. Tá feidhm aige sin freisin maidir le glaonna arna seoladh ag Comhpháirtíochtaí bunaithe ar Airteagal 185 nó Airteagal 187 CFAE nó i nglaonna arna seoladh faoi ghníomhaíochtaí comhchistithe cláir. Ní mór do thionscadail a bheith ina dtionscadail thrasnáisiúnta (arna gcur chun feidhme ag trí Bhallstát ar a laghad, nó dhá Bhallstát agus aon tír chomhlachaithe amháin ar a laghad), agus ní mór dóibh a bheith ina dtoradh ar ghlaonna ar thograí arna n-eagrú go lárnach a bhfuil feidhm ag rialacha cistiúcháin FE maidir leo (Airteagal 25c(3) de GBER maidir le catagóirí, uasmhéideanna agus modhanna ríomha costas incháilithe). Má chomhlíontar na coinníollacha go léir is infheidhme a leagtar amach in GBER, ní gá don údarás ag a bhfuil an chabhair á deonú measúnú ar leith ar Státchabhair a dhéanamh ná ní gá dó fógra a thabhairt don Choimisiún faoin gcabhair. I gcás ina bhfuil cistiú faoi réir rialacha maidir le Státchabhair agus nach bhfuil sé i gcomhréir leis na coinníollacha go léir a leagtar síos in Airteagal 25c de GBER, níl feidhm ag láimhseáil shimplithe na dtionscadal sin faoi rialacha maidir le Státchabhair.
Cén ceart crosta atá ann i gComhpháirtíochtaí Institiúidithe Eorpacha?
I gcomhréir le hAirteagal 10(1)(c) de Rialachán FE, ní mór ranníocaíochtaí ó aon Bhallstát rannpháirteach amháin a úsáid chun rannpháirtíocht eintiteas a bhunaítear sa Bhallstát rannpháirteach sin a mhaoiniú. Dá bhrí sin, tá smacht ag na Ballstáit rannpháirteacha i gcónaí ar a ranníocaíochtaí náisiúnta toisc go bhféadfaidís leithdháileadh cistí náisiúnta do thairbhí sonrach a chrosadh (ar fhorais eisceachtúla agus ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo) gan aon tionchar d’incháilitheacht an togra do chistiú ón Aontas.
An féidir le cláir CFRE tacú le ballraíocht comhlachtaí nó líonraí eile an Aontais nó le táillí rannpháirtíochta (e.g. comhpháirtíochtaí EIT)?
Aon oibríocht arna cómhaoiniú ag CFRE, ní mór di teacht faoi raon feidhme Rialachán CFRE. Le hAirteagal 5(1)(f) de Rialachán CFRE ligtear do CFRE tacú le líonrú, comhar agus malartú taithí agus gníomhaíochtaí lena mbaineann braislí nuálaíochta (lena n-áirítear iad sin a thugann gnólachtaí, eagraíochtaí taighde agus údaráis phoiblí le chéile). Is féidir comhar den sórt sin a chur chun cinn trí eagraíocht idirnáisiúnta.
De bhun Airteagal 63(4) de RFC, féadfar cuid d’oibríocht nó oibríocht ar fad a chur chun feidhme lasmuigh de Bhallstát, lena n-áirítear lasmuigh den Aontas Eorpach, ar choinníoll go rannchuidíonn an oibríocht le cuspóirí an chláir.
Ní chomhlíonann táillí ballraíochta eagraíochtaí idirnáisiúnta na coinníollacha thuasluaite dá bhrí sin agus níl siad incháilithe do thacaíocht CFRE toisc go bhfuil na cuspóirí arna saothrú ag eagraíochtaí idirnáisiúnta róleathan go ginearálta chun comhfhreagairt d’oibríocht shonrach lena saothraítear cuspóirí an chláir cistiúcháin.
I gcodarsnacht leis sin, is minic go gcomhfhreagraíonn táillí rannpháirtíochta do ghníomhaíochtaí níos sonraithe agus níos coincréití agus d’fhéadfaidís a bheith incháilithe dá bhrí sin do thacaíocht CFRE – má chomhfhreagraíonn siad do ghníomhaíocht choincréiteach arna déanamh ag eagraíocht idirnáisiúnta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin CFFRE agus a rannchuidíonn le cuspóir(í) an chláir cistiúcháin.
5. Cistiú comhcheangailte (Cur le Chéile)
Tá sé tábhachtach na tairbhí is féidir le T&N a sholáthar don tsochaí, don chomhshaol agus don gheilleagar i gcoitinne a bharrfheabhsú agus a uasmhéadú, mar aon lena rannchuidiú chun spriocanna an Aontais a bhaint amach. Ní mór do chistiú an Aontais a bheith comhleanúnach dá bhrí sin agus sineirgí féideartha a shaothrú. Tá sé sin fíor go háirithe maidir le gníomhaíocht Chur le Chéile a thacaíonn le hionad barr feabhais a chruthú nó a nuachóiriú i dtír a thagann faoin bhfairsingiú trína chur le chéile le príomhinstitiúid taighde (comhpháirtí forbartha) i dtír dhifriúil. Éilítear cistiú comhlántach leis sin ó fhoinse náisiúnta, réigiúnach, ó fhoinse de chuid an Aontais nó ó fhoinse phríobháideach. Ainmnítear gníomhaíocht den sórt sin dá bhrí sin mar ghníomhaíocht “shineirge” i gclár oibre Fhís Eorpach. Tá coinne leis go mbeidh gníomhaíochtaí cur le chéile mar dhroichead bríoch ag a mbeidh tionchar go háirithe idir S3 agus an barr feabhais in T&N, rud lena neartófar LET dá réir sin.
Reachtaíocht ghaolmhar |
Airteagal 25d GBER (Státchabhair) |
Príomhchéimeanna sa phróiseas
Ullmhú/clársceidealú |
Ainmnítear gníomhaíochtaí Cur le Chéile mar ghníomhaíochtaí “sineirge” i gclár oibre Fhís Eorpach. Leis na cláir beartais comhtháthaithe féadfar cistiú comhlántach a sholáthar do thionscadal Cur le Chéile le haghaidh thacar costas incháilithe atá ar leithligh ó na costais arna gcumhdach le Fís Eorpach, ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais Airteagal 73(4) de Rialachán na bhForálacha Coiteanna. |
Leithdháileadh tacaíochta |
Osclaítear dhá ghlao ar leithligh (CFRE agus Fís Eorpach). Ní mór tuairisc shoiléir a bheith sa togra Fhís Eorpach ar an tionscadal comhlántach a fhaigheann tacaíocht ó CFRE nó ó fhoinsí eile cistiúcháin. Más ábhartha, ba cheart na catagóirí costais, sonraíochtaí maidir leis an mbonneagar teicniúil, an réamhphleanáil le haghaidh foirgnimh agus suiteálacha, measúnú costais is tairbhe, etc. a áireamh leis an tuairisc. Beidh an tuairisc sin faoi réir na meastóireachta freisin arna déanamh ag saineolaithe neamhspleácha de réir rialacha agus chritéir roghnúcháin Fhís Eorpach. |
Cur chun Feidhme |
Tacaíonn clár CFRE le tionscadail T&N a chomhlánaíonn Fís Eorpach, cé go bhfuil tacar difriúil costas incháilithe ag gabháil leo. In Airteagal 25d GBER leasaithe bunaítear coinníollacha comhoiriúnachta maidir le Státchabhair a dheonú (lena n-áirítear ó fhoinsí CFRE) do thionscadail chomhchistithe T&N a chomhlánaíonn gníomhaíochtaí Cur le Chéile (tá feidhm ag costais incháilithe Fhís Eorpach agus ag rátaí cistiúcháin i gcásanna den sórt sin). Thairis sin, le hAirteagal 25d de GBER leasaithe bítear in ann leis an gcabhair infheistíochta poiblí suim chomh mór le 70 % den infheistíocht i mbonneagar arna déanamh faoi ghníomhaíocht Chur le Chéile a chumhdach (faoi réir coinníollacha áirithe freisin). Déantar meastóireacht aonair ar thogra tionscadail ina gcumhdaítear codanna an tionscadail araon (i.e. an chuid a bhaineann le Fís Eorpach agus an chuid a bhaineann le foinse cistiúcháin chomhlántach roghnaithe amhail clár beartais comhtháthaithe). Éilítear é sin chun go mbeifear in ann Airteagal 25d de GBER leasaithe a chur i bhfeidhm, ag ceadú do bhainisteoirí na foinse cistiúcháin comhlántaí na catagóirí, na huasmhéideanna agus modhanna ríomha na gcostas incháilithe a chur i bhfeidhm, arna mbunú faoi Fhís Eorpach maidir leis an oibríocht i gceist. |
6. Sineirgí réamhtheachtacha agus iartheachtacha
Tagann sineirgí réamhtheachtacha/iartheachtacha chun cinn nuair a sholáthraítear creat comhordaithe gan uaim le tacaíocht ón Aontas (trí chláir Fhís Eorpach agus CFRE go príomha) le haghaidh gach ceann de chéimeanna phróiseas nuálaíochta R&N (idir fhothú acmhainneachta agus bun-taighde agus thráchtálú agus glacadh le réitigh nuálacha ó fhiontair phríobháideacha). Soláthraíonn sineirgí den sórt sin breisluach áirithe nuair a thagann siad chun cinn i réimsí atá nasctha le príomhspriocanna beartais an Aontais agus nuair a thairgtear an fhéidearthacht leo feabhsuithe substaintiúla a dhéanamh ar an ngeilleagar i gcoitinne.
Le forbairt sineirgí den sórt sin éilítear go mbeidh dlúthchomhar idir na gníomhaithe ábhartha – go háirithe an tAontas agus na húdaráis náisiúnta a bhfuil baint acu le clársceidealú agus le cur chun feidhme na tacaíochta ó Fhís Eorpach agus CFRE.
Mar shampla, soláthraíonn misin Fhís Eorpach (19) bealaí nua chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a aithníodh ina gcuid misean, agus réitigh chlaochlaitheacha atá in ann cuidiú chun dlús a chur leis an nglacadh atá leis na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil. Tá achoimre san Iarscríbhinn a ghabhann leis an nóta seo de shamplaí praiticiúla de shineirgí féideartha 5 mhisean an Aontais.
Chun dlús a chur faoin nglacadh sin, leis an straitéis nua um Scaipeadh agus Saothrú Fhís Eorpach cuirfear cur chuige comhtháite chun cinn trí phunanna de thorthaí misin a chruthú agus a choinneáil ar bun, agus trína gceangal le héiceachóras comhtháite seirbhísí (e.g. Ardán Thorthaí Fhís Eorpach agus Treiseoir Thorthaí Fhís Eorpach) agus tionscnamh (e.g. imeachtaí agus ceardlanna). Leis sin cuirfear tacair shoiléire de thorthaí T&N faoi bhráid infheisteoirí agus cinnteoirí náisiúnta agus réigiúnacha. Cuirtear i dtábhacht freisin sa straitéis nua um Scaipeadh agus Saothrú Fhís Eorpach topaicí chlár oibre Fhís Eorpach, ionas go mbreithneoidh iarratasóirí an ghlao cibé an féidir nó nach féidir leo sineirgí ionchasacha a shaothrú le cláir eile de chuid an Aontais.
Déanfar na ceachtanna a foghlaimíodh ón gceathrú glao Lár na hEorpa de chuid Interreg maidir le torthaí na dtionscadal atá ann cheana faoi Fhís 2020 (agus cláir eile de chuid an Aontais) a chur san áireamh nuair a bheifear ag cinneadh conas torthaí T&N Fhís Eorpach a shaothrú ag úsáid chláir Interreg (mar bhealach breise chun rochtain na réigiún ar thorthaí T&N d’ardcháilíocht a mhéadú). Tairbheoidh iarrachtaí breise chuige sin den eolas agus den taithí a fuarthas de bharr tionscnaimh mheaitseála (mar shampla, uirlis nua mapála sineirgí Fhís-Interreg a chomhcheanglaíonn faisnéis théamach agus réigiúnach chun sineirgí ionchasacha idir an dá shruth cistiúcháin seo a shainaithint).
Cuidíonn na cuir chuige agus na réitigh sin freisin le riaracháin phoiblí chun acmhainneachtaí nua a fhorbairt agus seirbhísí nua a sholáthar. Tá sé sin tábhachtach go háirithe le haghaidh réigiúin bheagfhorbartha agus fhorimeallacha, nach bhfuil chomh hábalta céanna teicneolaíochtaí nua a iompar agus claochlú córasach a bhainistiú.
Is féidir le go leor de na réigiúin sin taispeántóirí, bearta nuálaíochta agus aistrithe teicneolaíochta a uas-scálú dá bhrí sin trí úsáid acmhainní beartais comhtháthaithe chun cuidiú le cuspóirí an chláir a bhaint amach. Réigiúin inar sainaithníodh tosaíochtaí sna straitéisí a bhaineann le réimse misin áirithe, féadfaidh siad sineirgí a fhorbairt leis an misean sin (20) chun tacú le forbairt agus/nó le cur in úsáid iartheachtach cur chuige nua maidir le bealaí claochlaithe a fhorbairt. Mar shampla, is féidir le misin Fhís Eorpach treoíocht a sholáthar; cur le forbairt réigiúnach; rialachas trasdisciplíneach agus il-leibhéil a chur chun cinn; oibriú leis an bpobal i gcoitinne agus le páirtithe leasmhara áitiúla/réigiúnacha; agus infheistíocht i mbeartas comhtháthaithe agus rochtain ar líonraí nua, ar ardáin foghlama beartais agus ar ionstraimí cistiúcháin a phoibliú.
Tá ról tábhachtach ag na réigiúin maidir leis an ngeilleagar hidrigine a rolladh amach, go háirithe trí Ghleannta Hidrigine (21). Áirithíonn siad go ndéanfar hidrigin a tháirgeadh, a iompar, a stóráil agus a úsáid ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil, agus tá siad lárnach chun cuspóirí REPowerEU a chomhlíonadh (22). Tá taithí fhada ag an gComhghnóthas um Hidrigin Ghlan ag tacú le bunú na nGleannta Hidrigine san Aontas. Éilítear comhthiomsú substaintiúil acmhainní má táthar chun an coincheap rathúil seo a rolladh amach tuilleadh ar fud na mBallstát uile.
Beidh hidrigin in-athnuaite ríthábhachtach le teacht in ionad gáis nádúrtha, guail agus ola i dtionscail agus in iompar ar deacair iad a dhícharbónú. Shocraigh REPowerEU sprioc de 10 milliún tonna de tháirgeadh hidrigine in-athnuaite intíre agus 10 milliún tonna d’allmhairí hidrigine in-athnuaite faoi 2030. Tá ról tábhachtach ag na réigiúin maidir leis an ngeilleagar hidrigine a rolladh amach san Aontas, go háirithe trí Ghleannta Hidrigine. Áirithíonn Gleannta Hidrigine go ndéanfar hidrigin a tháirgeadh, a iompar, a stóráil agus a úsáid ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil, agus tá siad lárnach chun cuspóirí REPowerEU a chomhlíonadh. Tá taithí fhada ag an gComhghnóthas um Hidrigin Ghlan, agus ag a réamhtheachtaithe, ag tacú le bunú na nGleannta Hidrigine san Aontas. Faoi láthair, tá 23 Ghleann Hidrigine san Aontas i 10 mBallstát. Éilítear comhthiomsú substaintiúil acmhainní má táthar chun an coincheap rathúil seo a rolladh amach tuilleadh ar fud na mBallstát uile.
Sampla: Sineirgí i gcomhthéacs an Chláir Oibre nua Eorpaigh don Nuálaíocht
Is féidir le sineirgí tacú le cur chun feidhme an chláir oibre nua Eorpaigh don Nuálaíocht agus go háirithe tionscnamh suaitheanta 3, arb é is aidhm dó éiceachórais nuálaíochta réigiúnaí a neartú agus a athnascadh agus an deighilt nuálaíochta a laghdú.
(1) D’fhéadfadh feidhm a bheith aige sin freisin maidir le cistí an Aontais a ndéantar bainistíocht indíreach orthu.
(2) I bhfianaise ailíniú na bhforálacha i gcláir an Aontais a ndéantar bainistíocht dhíreach orthu, e.g. Fís Eorpach (HE), an Clár don Eoraip Dhigiteach (DEP), an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (CEF) a bhaineann le sineirgí le cláir atá faoi bhainistíocht chomhpháirteach, is féidir eilimintí den doiciméid seo a mheas mar threoraíocht le haghaidh oibríochtú sineirgí idir cláir an Aontais den sórt sin a ndéantar bainistíocht dhíreach orthu agus cláir CFRE – agus sonraíochtaí gach bunús dlí is infheidhme agus breithnithe beartais a bhaineann go sonrach le gach clár den sórt sin á meas go cúramach i gcomhthráth.
(3) COM(2020) 628 final, 30 Meán Fómhair 2020.
(4) COM(2021) 407 final.
(5) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).
(6) Cé go ndírítear sa doiciméad seo ar na Séalaí Barr Feabhais a bheartaítear faoi Fhís Eorpach, leagtar síos freisin i mbunghníomhartha de chuid 14 chlár eile atá faoi chreat airgeadais ilbhliantúil an Aontais gurb ann don fhéidearthacht Séalaí Barr Feabhais a dheonú faoi Chreat Airgeadais Ilbhliantúil an Aontais (An Eoraip Dhigiteach, Clár an Mhargaidh Aonair, An Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide LIFE, Eoraip na Cruthaitheachta, Erasmus+, Clár Spáis an Aontais Eorpaigh, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, An Clár um Cheartas, An Clár Cearta agus Luachanna, Euratom, An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, An Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha agus An Ciste Slándála Inmheánaí).
(7) Féach pointí (a), (b), (g) d’Airteagal 73(2) agus Airteagal 73(4) de Rialachán na bhForálacha Coiteanna.
(8) Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, mar a leasaíodh é). Tá leagan comhdhlúite den Rialachán leasaithe ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh, ar mhaithe le faisnéis amháin: https://ec.europa.eu/competition-policy/state-aid/legislation/regulations_ga
(9) Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013.
(10) Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Clár Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/743/AE.
(11) Clár Oibre 2022 CNE.
(12) Is féidir aistriú a dhéanamh freisin chuig cláir eile a ndéantar bainistíocht dhíreach orthu, féach Airteagal 4(14) de Rialachán SCE, mar shampla, a bhfuil feidhm aige maidir leis an earnáil dhigiteach, agus Airteagal 9(5) de Rialachán CED.
(13) Foráiltear i dTábla 4.2. de theimpléad PA (Iarscríbhinn II de RFC) maidir le “Aistrithe chuig ionstraimí faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach” do shainaithint na hionstraime sonraí a n-aistrítear méideanna CFRE chuici.
(14) Laistigh de theorainneacha Airteagail 26(1) RFC.
(15) Ba cheart a thabhairt ar aird go bhfuil forálacha in Airteagal 23(1) de Rialachán DEP, chomh maith le e.g. in Airteagal 19(1) de Rialachán SCE.2 atá comhionann le hAirteagal 15(4) den Rialachán maidir le Fís Eorpach. Mar thoradh air sin, ligeann sé seo do na socruithe cur chun feidhme maidir le cistiú carnach a ailíniú idir na cláir sin.
(16) Díríonn an treoirdhoiciméad seo ar na sineirgí idir cláir FE agus CFRE, ach baineann loighic chomhchosúil leis na cláir eile a liostaítear in Airteagal 15(3).
(17) In FE níl ach tionscnamh Airteagal 185 CFAE amháin: an Chomhpháirtíocht Eorpach um Méadreolaíocht atá á reáchtáil ag EURAMET.
(18) Airteagal 12 de Rialachán 2021/2085 ón gComhairle lena mbunaítear na comhghnóthais faoi Fhís Eorpach.
(19) Chun tuilleadh mionsonraí a fháil maidir le Misin an Aontais in Fís Eorpach: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/funding/funding-opportunities/funding-programmes-and-open-calls/horizon-europe/eu-missions-horizon-europe_ga#what
(20) Is gné nua de chlár taighde agus nuálaíochta Fhís Eorpach iad Misin an Aontais le haghaidh na mblianta 2021-2027. Iarracht chomhordaithe is iad Misin an Aontais ón gCoimisiún chun na hacmhainní is gá a chomhthiomsú i dtéarmaí chláir cistiúcháin, beartas agus rialachán, chomh maith le gníomhaíochtaí eile. Díríonn siad freisin ar ghníomhaithe poiblí agus príobháideacha a shlógadh agus a ghníomhachtú, amhail Ballstáit an Aontais, údaráis réigiúnacha agus áitiúla, institiúidí taighde, feirmeoirí agus bainisteoirí talún, fiontraithe agus infheisteoirí chun tionchar ceart agus marthanach a chruthú. Oibreoidh misin leis an bpobal i gcoitinne chun dlús a chur faoin nglacadh a bheidh le réitigh agus le cuir chuige nua sa tsochaí. Tá cúig Mhisean de chuid an Aontais ann (Oiriúnú don Athrú Aeráide, Ailse; Ár nAigéin agus ár nUiscí a Athchóiriú faoi 2030; 100 Cathair Aeráidneodrach agus Chliste faoi 2030; Comhaontú Ithreach don Eoraip).
(21) Comhpháirtíocht agus treoirthionscadal hidrigine um Speisialtóireacht Chliste um Ghleannta Hidrigine (Gleannta hidrigine - Ardán um Speisialtóireacht Chliste (europa.eu)
(22) Shocraigh REPowerEU (COM(2022) 230 final) sprioc de 10 milliún tonna de tháirgeadh hidrigine in-athnuaite intíre agus 10 milliún tonna d’allmhairí hidrigine in-athnuaite faoi 2030.
IARSCRÍBHINN 1
Sineirgí le Misin an Aontais
Misean an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide
Tá an misean maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide beartaithe chun tacú le 150 réigiún, údarás áitiúil agus pobal Eorpach ar a laghad ina gcuid iarrachtaí chun athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a bhaint amach faoi 2030. Soláthróidh sé tacaíocht ghinearálta do réigiúin, d’údaráis áitiúla agus do phobail chun cuidiú leo tuiscint níos fearr a fháil ar rioscaí agus ar dheiseanna aeráide, agus ullmhú dóibh agus iad a bhainistiú, chun dlús a chur faoin gclaochlú i dtreo athléimneacht aeráide, agus chun 75 thaispeántas oiriúnaithe aeráide mórscála ar a laghad a sheachadadh ar an talamh.
Beidh rannpháirtíocht na mBallstát, na réigiún agus na n-údarás áitiúil ríthábhachtach chun an misean seo a chur chun feidhme toisc gur príomh-ghníomhaithe don athrú iad. Is féidir leo teicneolaíochtaí nua a chur ag obair freisin, triail a bhaint as réitigh nuálacha a thugann aghaidh ar riachtanais áitiúla, agus cuidiú le páirtithe leasmhara difriúla athléimneacht aeráide a bhaint amach.
Tá cuspóirí an mhisin comhsheasmhach le cuspóirí beartais CFRE (1) maidir le hEoraip níos iomaíche agus níos cliste trí chlaochlú eacnamaíoch atá nuálach agus cliste agus nascacht réigiúnach TFC a chur chun cinn. Rannchuideoidh sé freisin leis an gcuspóir beartais chun Eoraip athléimneach, níos glaise, a fheidhmeoidh ar bheagán carbóin agus a aistreoidh chuig geilleagar aeráidneodrach, trí aistriú fuinnimh glan agus cóir, infheistíocht ghlas agus ghorm, an geilleagar ciorclach, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú aeráide agus cosc agus bainistíocht rioscaí agus soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe a chur chun cinn.
D’fhéadfaí cistiú faoi na tosaíochtaí sin a úsáid mar shampla chun réitigh oiriúnaithe aeráide a uas-scálú, ag úsáid sineirgí leis an gcistiú arna úsáid ag Fís Eorpach. Is féidir le réigiúin agus údaráis áitiúla an Chairt Mhisin a shíniú freisin, chun a dtoilteanas maidir le comhar agus comhordú a chur in iúl le sínitheoirí eile ionas gur féidir leo a gcuid acmhainní a shlógadh agus gníomhaíochtaí a fhorbairt ina gcríocha faoi seach, d’fhonn a spriocanna maidir le hoiriúnú aeráide a bhaint amach.
Tabharfaidh an tArdán Feidhmithe Misin tacaíocht do réigiúin agus údaráis áitiúla, mar shampla trí rochtain ar eolas agus cúnamh teicniúil a chur ar fáil dóibh. Beidh cistiú ar fáil trí chláir oibre Fhís Eorpach maidir le tionscadail T&N um oiriúnú aeráide, a d’fhéadfaí a fhorghníomhú trí leas a bhaint as sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le CFRE.
Misean an Aontais Eorpaigh um Ailse
Tá sé mar aidhm ag An Misean Ailse, in éineacht le Plean na hEorpa um Shárú na hAilse, feabhas a chur ar bheatha níos mó ná 3 mhilliún duine faoi 2030, trí ghalarchosc, trí leigheas agus, maidir le na daoine atá buailte le hailse agus a dteaghlaigh, trí bheatha níos faide agus níos fearr a thabhairt dóibh. Tá an sprioc fhoriomlán seo i gcomhréir le cuspóir beartais CFRE chun an Eoraip a dhéanamh níos sóisialta agus níos ionchuimsithí.
Táthar á thuar go mbeidh cruthú bonneagair dhigitigh ina thacaíocht maidir le taighde agus nuálaíocht (T&N) i dtaca le rialú na hailse. Baileoidh an t-ardán UNCAN.eu sonraí de chineálacha difriúla agus ó fhoinsí difriúla. Cuirfidh Lárionad fíorúil Digiteach Eorpach um Othair Ailse ar chumas othar ailse agus siúd a tháinig slán ó ailse a sonraí sláinte a chur i dtaisce agus faisnéis a fháil. Tacófar le Bonneagair Ailse Chuimsitheacha chun neamhionannais maidir le rochtain ar chúram ailse ar ardcháilíocht e.g. trí acmhainní taighde a neartú agus trí líonra a chruthú trasna Ballstát agus réigiún.
Tá rannpháirtíocht Ballstát, réigiún agus údarás áitiúil ríthábhachtach chun na gníomhaíochtaí atá beartaithe a chur chun feidhme, ós rud é gurb iad atá freagrach go príomha as eagrú a gcóras sláinte. Mar shampla, chun rochtain ar scagthástáil luath nó cóireálacha ailse nuálacha beidh infheistíochtaí móra riachtanach sa bhonneagar, trealamh, digitiú, lucht saothair sláinte agus samhlacha nua cúraim, lena n-áirítear réitigh theilileighis ar mhaithe le teacht ar othair in áiteanna tuaithe agus iargúlta.
Tá tábhacht ar leith ag baint le CFRE maidir le rialú na hailse a fheabhsú. Tá straitéisí speisialaithe cliste ag go leor réigiún i réimse na straitéisí, lena n-áirítear an ailse. Tá acmhainneacht ollmhór ag na tionscadail atá ann faoi láthair maidir le cuidiú chuspóirí an mhisin a bhaint amach. Déanfar réigiúin a spreagadh chun ailíniú le tosaíochtaí an Aontais agus níos mó infheistíochtaí a dhéanamh sa T&N trí thosaíochtaí um speisialtóireacht chliste a chur i dtreo nuálaíocht ailse. Mar a chéile, is féidir le Interreg othair le hailse atá ag lorg cúraim sláinte i dtír eile a thacú trí chomhar trasteorann, trasnáisiúnta agus idir-réigiúnach a neartú.
Beidh réigiúin páirteach sa chur chun feidhme trí na moil ailse a bheidh ann amach anseo i ngach Ballstát. Éascóidh siad: (1) comhtháthú ghníomhaíochtaí an mhisin trí shineirgí i dtionscnaimh i ndáil le beartais agus infheistíochtaí a shainaithint ar leibhéal an Aontais, agus ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil; (2) rannpháirteachas na bpáirtithe leasmhara agus gníomhaithe náisiúnta ábhartha, lastall de na córais T&N chun réimsí ábhartha i rialú ailse a chumhdach (amhail fostaíocht, oideachas,); (3) idirphlé beartais maidir le hailse; agus (4) gníomhaíochtaí rannpháirtíochta an tsaoránaigh.
Misean an Aontais maidir lenár n-Aigéan agus ár n-Uiscí a Athchóiriú
Is é cuspóir straitéiseach an mhisin ná sláinte ár n-aigéan agus uiscí a athchóiriú faoi 2030 trí éiceachórais mhara agus úruisce agus bithéagsúlacht a athchóiriú, truailliú ár n-aigéan, mara agus uiscí a chosc agus a dhíothú agus neodracht charbóin agus ciorclaíocht gheilleagar gorm an Aontais a chothú.
Tá fócas speisialta ar rannpháirtíocht réigiúnach trí “thithe solais” limistéarbhunaithe. Tá siad curtha le chéile mar thionscadail punainne maidir le taighde agus nuálaíocht i dtaca le forbairt agus cur in úsáid réiteach claochlaitheach i gceithre príomh-imchuach Eorpacha: Imchuach an Atlantaigh agus Imchuach an Artaigh; Imchuach Mhuir Bhailt agus Imchuach na Mara Thuaidh; Imchuach na Meánmhara; Imchuach Abhainn na Danóibe agus Imchuach na Mara Duibhe.
Cuirfear an misean chun feidhme ina dhá chéim: réitigh (2021-2024) a fhorbairt agus a phíolótú agus na gníomhaíochtaí seo a chur in úsáid agus a mhéadú (amhail ón 2025). Cé go bhfuil beagnach EUR 350 milliún ó Fhís Eorpach don tréimhse 2021-2023 curtha in áirithe ag an gCoimisiún chun tacú leis an gcéad chéim, is ríthábhachtach a bheidh slógadh gealltanas breise agus buiséad ó ghníomhaithe poiblí agus príobháideacha, lena n-áirítear trí CFRE, chun cuspóirí an mhisin a bhaint amach.
Tá an coincheap de “réigiúin chomhlachaithe” leabaithe i ngníomhaíochtaí ábhartha uile Chlár Oibre an Mhisin. Is iad “Réigiúin chomhlachaithe” réimsí le héiceachórais atá in ann tairbhe a bhaint as na gníomhaíochtaí taispeántais (mar shampla réigiúin chomharsanachta agus/nó réigiúin in imchuach farraige difriúil) agus/nó réigiúin lagfhorbartha, ag a bhfuil an gá inniúlacht a thógáil chun na réitigh nuálacha atá forbartha a chur chun feidhme faoi na tionscadail dhifriúla. Bainfidh na réigiúin seo tairbhe as tacaíocht airgeadais chun an fhéidearthacht, an in-mhacashamhailteacht agus an méadú maidir le réitigh nuálacha a léiriú. D’fhéadfadh CFRE cur chun feidhme na réiteach nuálach ar an leibhéal réigiúnach a thabhairt ar aghaidh. Baileoidh Cairt Mhisin gealltáin/gníomhaíochtaí agus tabharfaidh sí le chéile na páirtithe leasmhara uile, ó Bhallstáit agus Tíortha Comhlachaithe go dtí réigiúin agus údaráis áitiúla, eintitis phríobháideacha, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus saoránaigh.
Misean an Aontais maidir le Cathracha Aeráidneodracha agus Cliste
Is é is aidhm don mhisean 100 Cathair Aeráidneodrach agus Cliste Eorpach ar a laghad a sholáthar faoi 2030 agus a áirithiú go mbeidh na cathracha sin ina moil don turgnamhaíocht agus nuálaíocht chun cathracha uile na hEorpa a chur in inmhe a bheith aeráidneodrach faoi 2050.
Lena chur chuige atá bunaithe ar an gcathair agus a fhócas ar réitigh atá bunaithe ar an áit, rannchuidíonn sé le cuspóir beartais CFRE an Aontais maidir le haistriú ísealcharbóin chuig geilleagar aeráidneodrach agus Eoraip athléimneach, trí aistriú fuinnimh glan agus cóir, infheistíocht ghlas agus ghorm, an geilleagar ciorclach, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú aeráide agus cosc agus bainistíocht riosca agus soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe a chur chun cinn. Cuireann sé freisin leis an gcuspóir beartais an Eoraip a thabhairt níos gaire dá saoránaigh trí fhorbairt inbhuanaithe chomhtháite de gach cineál críoch agus tionscnamh áitiúil a chothú, agus tacaíocht a thabhairt do straitéisí saincheaptha ar leibhéal na críche, i gcathracha agus i bpobail áitiúla, chun aghaidh a thabhairt ar a ndúshláin éagsúla, mar aon le leas a bhaint as a n-acmhainn forbartha.
Trí bhíthin Ghlao ar Léiriú Spéise, thug an misean cuireadh do chathracha a rún a bheith aeráidneodrach faoi 2030 a chlárú. Rinneadh meastóireacht ar na léirithe spéise bunaithe ar uaillmhian na gcathracha, ar a leibhéil ullmhachta, ar a ngealltanas leanúnach pleanáilte i dtaca le haeráidneodracht agus truailliú a laghdú, agus ar a ngealltanas saoránaigh agus páirtithe leasmhara ábhartha a dhéanamh rannpháirteach i bplean aeráide na cathrach. Iarrtar ar na cathracha roghnaithe Conradh Cathrach maidir le hAeráid (CCA) a eagrú le tacaíocht ó Ardán Misin. Forbrófar CCA, nach ionstraim cheangailteach ó thaobh dlí de é, trí phróiseas nuálach de chomhchruthú ina mbíonn na cathracha, údaráis náisiúnta/réigiúnacha, páirtithe leasmhara ábhartha agus an Coimisiún rannpháirteach. Ailíníonn sé leis an straitéis réigiúnach um speisialtóireacht chliste, cuireann sé na cathracha i gceannas, bunaithe ar a riachtanais iarbhír. Is cur chuige trasearnála, éileamhbhunaithe agus ó bhonn aníos a bheidh ann, le gealltanais shonracha chun réitigh nuálacha agus chliste a chur in úsáid agus a mhéadú maidir le haeráidneodracht i ngach earnáil ábhartha. Áirítear bonnlíne chomhaontaithe le CCA; conas atá sé i gceist ag an gcathair na gealltanais sin a chur chun feidhme faoi 2030; agus plean infheistíochta le foinsí ábhartha maidir le cistiú agus maoiniú.
Tabharfaidh an tArdán Misin cúnamh go háirithe do na cathracha sin atá ag gealladh aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2030, áiritheoidh siad comhleanúnachas foriomlán agus comhordú tríd an bpróiseas uile agus tuairisceoidh sé go tráthrialta maidir le dul chun cinn i dtreo CCA.
Le síniú CCA, faigheann cathracha “lipéad Misin” ina n-aithnítear an dianphróiseas meastóireachta agus cáilíocht agus féidearthacht a ngealltanas. Osclóidh sé deiseanna spriocdhírithe cistithe i gcláir chistiúcháin an Aontais agus tugann sé deis do réigiúin, Ballstáit agus gníomhaithe poiblí eile tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí an-sofheicthe maidir le haeráidneodracht i gcathracha ceannródaíocha chun cuidiú le hiarrachtaí spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chur chun cinn. Ós rud é go mbeidh grinnfhiosrúchán déanta cheana féin ar ghníomhaíochtaí faoin CCA chun a áirithiú go bhfuil siad inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de i gcomhréir le creat an Aontais chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, neartóidh an lipéad feasacht agus muinín infheisteoirí. Leis sin beidh sé níos éasca ar chathracha maoiniú a mhealladh ó infheisteoirí poiblí agus príobháideacha breise dá ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcomhshaol.
Misean AE maidir le Comhaontú Ithreach don Eoraip
Déanfaidh an misean ceannródaíocht, léiriú agus luathú maidir leis an aistriú chuig ithreacha sláintiúla trí ghníomhaíochtaí uaillmhianacha i 100 saotharlann bheo agus teach solas laistigh de shocruithe críche. Comhcheanglófar é seo le clár T&N uaillmhianach trasdisciplíneach, le creat faireacháin ithreach comhchuibhithe atá láidir, agus méadú feasachta ithreach agus cumarsáid chun dul i mbun plé le saoránaigh.
Tá cuspóirí an mhisin i gcomhréir go hiomlán le cuspóirí beartais CFRE maidir le haistriú ísealcharbóin chuig geilleagar aeráidneodrach agus Eoraip athléimneach, trí aistriú fuinnimh glan agus cóir, infheistíocht ghlas agus ghorm, an geilleagar ciorclach, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú aeráide agus cosc agus bainistíocht riosca agus soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe a chur chun cinn.
Is féidir go mbeidh ról suntasach ag CFRE maidir le sláinte ithreach. Tá straitéisí um speisialtóireacht chliste ag trí cheathrú de réigiúin NUTS 2 in agraibhia, rud a chiallaíonn go bhfuil acmhainn shuntasach ann do thionscadail a chuidíonn le cuspóirí an mhisin a bhaint amach ó thaobh an taighde agus ó thaobh na nuálaíochta de. Bainfidh an misean úsáid as an ardán um speisialtóireacht chliste téamach maidir le hagraibhia chun leas a bhaint as comhar trasréigiúnach agus chun teacht chun cinn comhthionscadail nuálaíochta infheistíochta a fhabhrú i réimsí atá ábhartha don mhisean.
Cuirfidh an tosaíocht théamach “Eoraip níos glaise, saor ó charbóin” ar a chumas méadú a dhéanamh ar thorthaí an mhisin. Bainfidh réigiúin atá i ndiaidh a dtosaíochtaí maidir le straitéisí um speisialtóireacht chliste a bhaineann le bainistíocht ithreach agus talún inbhuanaithe a shainaithint leas as réitigh arna bhforbairt agus arna dtástáil i Saotharlanna Beo agus Tithe Solais an Mhisin agus arna n-imscaradh go hiartheachtach ar scála níos mó.
Is féidir le Interreg cuidiú go han-éifeachtach le cur chun feidhme an mhisin trí chomhar a bhunú maidir le cuspóirí an Mhisin thar theorainneacha (trasteorann, trasnáisiúnta agus comhar idir-réigiúnach). Ar shamplaí tá: cláir phíolótacha nó taispeántais maidir le hathchóiriú bogach i gceantair thrasteorann nó i gceantair thrasnáisiúnta thuaisceart na hEorpa nó comhar maidir le dobharchreimeadh i gceantair thrasnáisiúnta dheisceart na hEorpa agus abhantracha trasteorann (e.g an Danóib) nó comhar maidir le cur chuige i dtaca le pleanáil spásúil a chuireann bainistíocht talún/ithreach san áireamh.
(1) Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe, Airteagal 3.
IARSCRÍBHINN 2
Sampla maidir le cistiú carnach d’ionstraimí eile arna mbainistiú go díreach (an clár don Eoraip dhigiteach)
Cistiú sineirge a bhaineann le Moil Nuálaíochta Digití sa chár don Eoraip dhigiteach
Is chomhinfheistíocht iad na Moil Nuálaíochta Digití ón Aontas agus na Ballstáit agus tíortha comhlachaithe an Chláir don Eoraip dhigiteach. Léirítear an méid seo sa phróiseas roghnaithe dhá chéim a bhfuil cur síos faoi sa chlár don Eoraip dhigiteach (Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle). Mar chéad chéim, roghnaíonn Ballstáit eintitis iarrthóra agus cuireann ar ghearrliosta iad. Ón liosta sin, roghnaíonn an Coimisiún na heintitis sin a bheidh páirteach i líonra na Mol Nuálaíochta Digití. Tá an roghnú bunaithe ar chritéir maidir le hábharthacht, cur chun feidhme agus tionchar ach mar aon leis sin cuspóirí geografacha earnálacha agus clúdach teicneolaíoch a chur san áireamh, agus an buiséad atá ar fáil de réir tíre. Déanann an clár don Eoraip dhigiteach deontais roghnaithe a chómhaoiniú le huasmhéid 50 % agus féadfaidh Ballstáit an chuid eile a chómhaoiniú trí CFRE. (Féadfaidh siad úsáid a bhaint as cistiú náisiúnta eile, poiblí nó príobháideach).
Míníonn an sampla praiticiúil seo na céimeanna riachtanacha do chistiú sineirge Moil Nuálaíochta Digití agus úsáid á baint as an gclár don Eoraip dhigiteach agus CFRE. Is iad meastacháin an Choimisiúin go n-úsáidfidh tuairim is 70 “gníomhaíocht nasctha” a chuireann na Moil Nuálaíochta Digití chun feidhme an méid sin. Ós rud é go mbeidh bunús réigiúnach ag gach Mol Nuálaíochta Digití, táthar ar an eolas faoin údarás bainistíochta a bheidh freagrach ó thaobh na bainistíochta comhpháirtí de.
Céim 1– ullmhú. Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin réigiúnach comhordú, agus rachaidh sé i gcomhar leis an údarás bainistíochta atá freagrach leis an ngníomhaíocht faoin gciste bainistíochta comhpháirtí, go háirithe chun comhordú na rátaí cistithe a áirithiú ionas nach sáraíonn an cistiú carnach 100 % de na costais incháilithe mheasta.
— |
Tá AS na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta i ndiaidh cruinniú a eagrú le Ballstáit a bhfuil baint acu leis na gníomhaíochtaí nasctha seo agus a nÚdaráis Bhainistíochta chun an próiseas a mhíniú go hiomlán. |
Céim 2 – an dá ghníomhaíocht a nascadh. Beidh an ghníomhaíocht bainistíochta dírí ainmnithe mar “ghníomhaíocht sineirge” le linn ullmhú an deontais nó i ndiaidh shíniú an deontais, trí leasú deontais. Beidh nasc ann idir an ghníomhaíocht bainistíochta comhpháirtí agus an ghníomhaíocht bainistíochta dírí (trí mheán, mar shampla, an uimhir glao-uimhir tionscadail Ballstát-Údarás Bainistíochta).
— |
Tá coinne leis seo sa phróiseas um Ullmhú Deontais agus fógraíodh é freisin sa doiciméad Glao. |
Céim 3 – síniú an deontais agus réamh-mhaoiniú. Síneoidh an tairbhí dhá chomhaontú deontais ar leithligh (1): an deontas bainistíochta dírí agus an deontas bainistíochta comhpháirtí. Déanfaidh na húdaráis deonúcháin a áirithiú nach sáraíonn na rátaí cistiúcháin comhcheangailte 100 % de na costais incháilithe. Ba cheart do na húdaráis deonúcháin an tréimhse incháilitheachta, fad ama an tionscadail, na tréimhsí tuairiscithe, agus na sprioc-amanna d’fhormheas an dá dheontas a chomhordú freisin a uasmhéid is féidir.
— |
Rachaidh íocaíochtaí réamh-mhaoinithe faoin gcomhaontú deontais faoi bhainistíocht dhíreach ar aghaidh mar is gnách. Déanfar réamhíocaíochtaí faoin deontas bainistíochta comhpháirtí, i gcás ina bhforáiltear dóibh sna rialacha náisiúnta is infheidhme. |
Ionadaíocht ar ghníomhaíochtaí na sínitheoirí deontais
Céim 4 – tuairisciú agus íocaíochtaí. Sula n-iarrfar aon íocaíocht ón gCoimisiún/nGníomhaireacht le haghaidh an deontais bainistíochta, ní mór don tairbhí ar dtús caiteachas a dhearbhú leis an údarás bainistíochta faoin deontas bainistíochta comhpháirtí. Cuireann an t-údarás bainistíochta an tairbhí ar an eolas faoin uair a dhearbhaítear an caiteachas chuig an gCoimisiún faoi bhainistíocht chomhpháirteach. Níor cheart costais a áireamh ar dtús in iarratas ar íocaíocht faoin deontas faoi bhainistíocht dhíreach mar go mbeidh siad neamh-incháillithe don chiste eile.
— |
Ach amháin i ndiaidh don údarás bainistíochta an caiteachas a dhearbhú chuig an gCoimisiún, uaslódálfaidh an tairbhí/comhordaitheoir ansin freisin cóip den dearbhú a cuireadh faoi bhráid an údaráis bhainistíochta agus cuirfidh sé isteach an fhaisnéis uile isteach i gcomhthráth maidir le cur chun feidhme na gníomhaíochta mar a éilítear i rialacha an chláir faoi bhainistíocht dhíreach. |
— |
Má éilíonn an t-oifigeach údarúcháin réigiúnach deimhniú ar na ráitis airgeadais (CFS) sa deontas faoi bhainistíocht dhíreach, féadfaidh an t-iniúchóir brath freisin ar dheimhnithe iniúchóireachta ar chaiteachas na bainistíochta comhpháirtí, a mhéid a chumhdaíonn sé na costais chéanna agus coinníollacha incháilitheachta comhionanna. |
— |
Rachaidh an dá údarás deonúcháin ar aghaidh chun na costas a sheiceáil de réir a rialacha is infheidhme, ar an mbealach céanna le gníomhaíochtaí nach gníomhaíochtaí sineirge iad agus, má ghlactar leis na costais, déanfaidh siad socrú maidir le híocaíocht ar an ngnáthbhealach. |
(1) Dá dtugtar “an doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht” maidir le bainistíocht chomhpháirteach, i.e. Airteagal 73(3) de RFC.
IARSCRÍBHINN 3
Téacs d’fhorálacha dlíthiúla ábhartha (RFC; Fís Eorpach; GBER)
AN SÉALA BARR FEABHAIS
RFC
Aithris 61
“(61) |
Ba cheart barrfheabhas a chur ar na sineirgí idir na Cistí agus na hionstraimí faoi bhainistíocht dhíreach. Ba cheart soláthar tacaíochta a éascú d’oibríochtaí ar bronnadh an Séala Barr Feabhais orthu nó d’oibríochtaí arna gcomhchistiú ag Fís Eorpach trí bhíthin ranníocaíocht ó na Cistí. Coinníollacha a ndearnadh measúnú orthu cheana féin ar leibhéal an Aontais, sular bronnadh lipéad cáilíochta an tSéala Barr Feabhais ar an oibríocht nó sular roghnaíodh iad faoi chlár arna chomhchistiú ag Fís Eorpach, níor cheart iad a athmheasúnú, ar choinníoll go gcomhlíontar, leis na hoibríochtaí, sraith de cheanglais theoranta a bhunaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart dó sin na rialacha ábhartha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh 651/2014 ón gCoimisiún a éascú freisin (1).” |
Airteagal 2(45)
“Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leanas:
[…]
(45) |
ciallaíonn ‘Séala Barr Feabhais’, an lipéad cáilíochta arna shannadh ag an gCoimisiún i dtaca le togra, lena léirítear maidir leis na tograí a ndearnadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoi ionstraim de chuid an Aontais agus a mheastar go gcomhlíonann siad íoscheanglais cháilíochta na hionstraime sin de chuid an Aontais ach nach bhféadfaí iad a mhaoiniú de bharr easpa buiséid a bheith ar fáil don ghlao sin ar thograí, agus go bhféadfadh sé go bhfaigheadh na tograí sin tacaíocht ó fhoinsí eile cistiúcháin de chuid an Aontais nó ó fhoinsí eile cistiúcháin náisiúnta.” |
Airteagal 73(2) (4)
“Airteagal 73
Roghnú oibríochtaí ag an údarás bainistíochta
[…]
2. Nuair a roghnaíonn an t-údarás bainistíochta oibríochtaí, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
(a) |
áiritheoidh sé go mbeidh na hoibríochtaí roghnaithe i gcomhréir leis an gclár, lena n-áirítear a gcomhsheasmhacht leis na straitéisí ábhartha is bonn leis an gclár, agus tabharfaidh sé rannchuidiú éifeachtach do ghnóthú chuspóirí sonracha an chláir; |
(b) |
áiritheoidh sé go bhfuil na hoibríochtaí roghnaithe a thagann faoi raon feidhme an choinníll cumasúcháin ag teacht leis na straitéisí comhfhreagracha agus na doiciméid phleanála arna mbunú chun an coinníoll cumasúcháin sin a chomhlíonadh; |
[…]
(g) |
áiritheoidh sé go dtagann oibríochtaí roghnaithe faoi raon feidhme an Chiste lena mbaineann agus go bhfuil siad inchurtha i leith chineál idirghabhála; […] |
A mhéid a bhaineann le pointe (b) den mhír seo, i gcás chuspóir beartais a haon, mar a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 3(1) de Rialachán CFRE agus CC, is iad na hoibríochtaí lena gcomhfhreagraítear do na cuspóirí sonracha dá dtagraítear i bhfophointí (i) agus (iv) den phointe sin, agus iad sin amháin, a bheidh ag teacht leis na straitéisí um speisialtóireacht chliste. […]
3. Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go dtabharfar don tairbhí doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha uile maidir le tacaíocht do gach oibríocht lena n-áirítear na ceanglais shonracha maidir leis na táirgí nó seirbhísí atá le soláthar, an plean maoinithe, an teorainn ama lena cur i gcrích agus, i gcás inarb infheidhme, an modh atá le cur i bhfeidhm chun costais na hoibríochta agus na coinníollacha maidir le híocaíocht na tacaíochta a chinneadh.
4. I gcás oibríochtaí ar tugadh Séala Barr Feabhais dóibh, nó oibríochtaí a roghnaíodh faoi chlár arna chomhchistiú ag Fís Eorpach, féadfaidh an t-údarás bainistíochta a chinneadh tacaíocht a dheonú go díreach ó CFRE nó ó CSE+, ar choinníoll go gcomhlíontar, leis na hoibríochtaí sin, na ceanglais a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (g) de mhír 2.
Ina theannta sin, féadfaidh údaráis bhainistíochta catagóirí, méideanna uasta agus modhanna ríomha na gcostas incháilithe arna mbunú faoi ionstraim ábhartha an Aontais a chur i bhfeidhm maidir leis na hoibríochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Leagfar na heilimintí sin amach sa doiciméad dá dtagraítear i mír 3.”
Fís Eorpach
“Airteagal 2
Sainmhínithe
(23) |
ciallaíonn ‘Séala Barr Feabhais’ lipéad cáilíochta a léiríonn go raibh togra a cuireadh isteach le haghaidh glao ar thograí os cionn na dtairseach meastóireachta uile a leagtar amach sa chlár oibre, ach nach bhféadfaí é a chistiú de dheasca easpa buiséid a bheith ar fáil don ghlao sin ar thograí sa chlár oibre agus a d’fhéadfadh tacaíocht a fháil ó fhoinsí eile cistiúcháin de chuid an Aontais nó ó fhoinsí náisiúnta eile cistiúcháin; ” |
“Airteagal 15
Cistiú malartach, comhcheangailte agus carnach agus aistrithe acmhainní
1. Cuirfear an Clár chun feidhme i sineirge le cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais, i gcomhréir leis an bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 7(7).
2. Déanfar an Séala Barr Feabhais a dhámhachtain i gcomhair glaonna ar thograí a shonraítear sa chlár oibre. I gcomhréir leis an bhforáil ábhartha de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027 agus leis an bhforáil ábhartha den ‘Rialachán maidir le Pleananna Straitéiseacha faoi CBT’, féadfaidh CFRE, CSE+ nó CETFT na gníomhaíochtaí seo a leanas a thacú:
(a) |
gníomhaíochtaí comhchistithe arna roghnú faoin gClár; agus |
(b) |
gníomhaíochtaí ar dámhadh Séala Barr Feabhais dóibh ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas go léir:
|
3. Ranníocaíochtaí airgeadais faoi chláir arna gcómhaoiniú ag CFRE, CSE+, CEMID agus CETFT, féadfar a mheas gur ranníocaíocht de chuid an Bhallstáit rannpháirtigh le Comhpháirtíochtaí Eorpacha faoi phointí (b) agus (c) d’Airteagal 10(1) den Rialachán seo iad, ar choinníoll go gcomhlíontar na forálacha ábhartha de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027 agus na rialacháin chiste-shonracha.
4. Gníomhaíocht ar tugadh ranníocaíocht di ó chlár eile de chuid an Aontais, féadfar ranníocaíocht a thabhairt di faoin gClár freisin, ar choinníoll nach gcumhdaítear na costais chéanna leis na ranníocaíochtaí. Beidh feidhm ag rialacha chlár ábhartha an Aontais maidir leis an ranníocaíocht chomhfhreagrach leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an maoiniú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Féadfar an tacaíocht ó na cláir dhifriúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.
5. Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar na Ballstáit faoi bhainistíocht chomhpháirteach a aistriú, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, chuig an gClár faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sna forálacha ábhartha de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027. Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann.
6. I gcás nach bhfuil gealltanas dlíthiúil tugtha ag an gCoimisiún faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach le haghaidh acmhainní arna n-aistriú i gcomhréir le mír 5, féadfar na hacmhainní comhfhreagracha nár gealladh a aistriú ar ais chuig clár foinseach amháin nó níos mó faoi seach, arna n-iarraidh sin don Bhallstát, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sna forálacha ábhartha de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027. ”
“Airteagal 24
Glaonna ar thograí
4. Saineofar sa chlár oibre glaonna ar thograí a bhféadfar Séalaí Barr Feabhais a dámhachtain ina leith. Le réamh-údarú ón iarratasóir, féadfar faisnéis a bhaineann leis an iarratas agus leis an meastóireacht a chomhroinnt le húdaráis mhaoiniúcháin ar suim leo í, faoi réir comhaontuithe rúndachta a bheith tugtha i gcrích. ”
“Airteagal 48
An Luasaire
1. Beidh sé d’aidhm ag an Luasaire, go bunúsach, tacú le nuálaíocht lena gcruthaítear margaí. Leis an Luasaire, ní thabharfar tacaíocht ach do thairbhithe aonair, agus soláthrófar leis, go príomha, maoiniú measctha. De réir coinníollacha áirithe, féadfar tacaíochtaí de chineál deontais amháin agus de chineál cothromais amháin a sholáthar leis.
Leis an Luasaire, soláthrófar na cineálacha tacaíochta seo a leanas:
(a) |
tacaíocht mhaoinithe mheasctha do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, agus, i gcásanna eisceachtúla, gnólachtaí meánchaipitlithe beaga, a bhfuil nuálaíocht cheannródaíoch, shuaiteach agus neamhiontaofa ó thaobh brabúis á déanamh acu; |
(b) |
tacaíocht de chineál deontais amháin do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, atá i mbun aon chineáil nuálaíochta, idir nuálaíocht chéimneach agus nuálaíocht cheannródaíoch agus shuaiteach, agus a bhfuil sé mar aidhm leo uas-scálú a dhéanamh ina dhiaidh sin; |
(c) |
féadfar freisin tacaíocht de chineál cothromais amháin a sholáthar do FBManna atá neamhiontaofa ó thaobh brabúis, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, ar FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta iad a bhfuil tacaíocht de chineál deontais amháin faighte acu cheana. |
Tacaíocht de chineál deontais amháin, ní sholáthrófar í faoin Luasaire ach amháin faoi na coinníollacha carnacha seo a leanas:
(a) |
beidh faisnéis ag gabháil leis an tionscadal maidir le hinniúlachtaí agus toilteanas an iarratasóra uas-scálú a dhéanamh; |
(b) |
beidh an tairbhí ina ghnólacht nuathionscanta nó FBM; |
(c) |
ní sholáthrófar tacaíocht de chineál deontais amháin faoin Luasaire ach uair amháin do thairbhí le linn thréimhse chur chun feidhme an Chláir agus go huasmhéid EUR 2,5 milliún. |
2. Eintiteas dlítheanach a cháilíonn mar ghnólacht nuathionscanta, FBM nó, i gcásanna eisceachtúla, cuideachta mheánchaipitlithe bheag a bhfuil sé ar intinn aici uas-scálú, arna bhunú i mBallstát nó i dtír comhlachaithe, a bheidh i dtairbhí an Luasaire. Féadfaidh an tairbhí nó, faoi réir réamh-chomhaontú ón tairbhí, duine nádúrtha amháin nó níos mó nó eintiteas dlítheanach amháin nó níos mó a bhfuil sé beartaithe aige nó acu an tairbhí sin a bhunú nó a thacú an togra a thíolacadh. Sa chás deireanach sin, ní shíneofar an comhaontú ach leis an tairbhí agus leis sin amháin.
3. Le cinneadh aonair dámhachtana, cumhdófar agus soláthrófar cistiú le haghaidh na bhfoirmeacha uile ranníocaíochta ón Aontas arna soláthar faoi mhaoiniú measctha faoi CNE.
4. Déanfaidh saineolaithe seachtracha neamhspleácha meastóireacht ar thograí de réir a bhfiúntais aonair féin agus roghnófar iad le haghaidh cistiúcháin trí ghlao ar thograí a bheidh oscailte ina mbeidh scoithdhátaí, bunaithe ar Airteagail 27, 28 agus 29, faoi réir mhír 5 den Airteagal seo.
5. Déanfar na tograí a chuirfear isteach a mheas ar bhonn na gcritéar dámhachtana seo a leanas:
(a) |
barr feabhais; |
(b) |
tionchar; |
(c) |
leibhéal riosca na gníomhaíochta lena gcuirfí cosc ar infheistíochtaí, cáilíocht agus éifeachtúlacht an chur chun feidhme, agus an gá le tacaíocht ón Aontas. |
6. Le comhaontú ó na hiarratasóirí lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún nó na comhlachtaí cistiúcháin a bhfuil an Clár á chur chun feidhme acu (lena n-áirítear PENanna EIT), faoin gcritéar dámhachtana dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 5, togra le haghaidh ghníomhaíocht nuálaíochta agus cur chun úsáide ar an margadh lena gcomhlíontar na critéir dhámhachtana dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 5 cheana a thíolacadh go díreach le haghaidh meastóireacht, faoi réir na gcoinníollacha carnacha a leanas:
(a) |
eascróidh an togra as aon ghníomhaíocht eile arna cistiú faoi Fhís 2020, ón gClár nó, faoi réir chéim phíolótach thaiscéalaíoch atá le seoladh faoin gcéad chlár oibre, ó chláir náisiúnta agus/nó réigiúnacha, ag tosú le mapáil an éilimh i gcomhair scéim den sórt sin. Leagfar síos forálacha mionsonraithe sa chlár sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2); |
(b) |
tá an togra bunaithe ar athbhreithniú ar thionscadal a rinneadh laistigh den 2 bhliain roimhe sin lena ndéantar measúnú ar bharr feabhais agus tionchar an togra agus faoi réir coinníollacha agus próiseas arna mionsonrú tuilleadh sa chlár oibre. |
7. Féadfar Séala Barr Feabhais a dhámhachtain faoi réir na gcoinníollacha carnacha a leanas:
(a) |
is gnólacht nuathionscanta, FBM nó cuideachta mheánchaipitlithe bheag é an tairbhí; |
(b) |
bhí an togra incháilithe agus bhain sé amach na tairseacha is infheidhme i dtaca leis na critéir dhámhachtana dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 5; |
(c) |
bheadh an ghníomhaíocht incháilithe faoi ghníomhaíocht nuálaíochta. |
8. Maidir le togra ar éirigh leis sa mheastóireacht, molfaidh saineolaithe seachtracha neamhspleácha tacaíocht chomhfhreagrach ón Luasaire, bunaithe ar an riosca a thabhaítear agus ar na hacmhainní agus an t-am is gá chun an nuálaíocht a thabhairt isteach sa mhargadh agus a chur chun úsáide ar an margadh.
Féadfaidh an Coimisiún tionscadal arna mholadh ag saineolaithe seachtracha neamhspleácha a dhiúltú ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo, lena n-áirítear mar gheall ar neamh-chomhlíonadh chuspóirí beartais an Aontais. Cuirfear Coiste an Chláir ar an eolas maidir leis na cúiseanna atá le diúltú den sórt sin.
9. Ní mó ná 70 % de chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta nuálaíochta roghnaithe a bheidh sa deontas nó comhchuid an airleacain in-aisíoctha den tacaíocht ón Luasaire.
10. Na coinníollacha maidir le cur chun feidhme chomhchuid an chothromais agus chomhchuid na tacaíochta in-aisíoctha den tacaíocht ón Luasaire, leagtar amach i gCinneadh (AE) 2021/764 iad.
11. Sa chonradh le haghaidh na gníomhaíochta roghnaithe, bunófar garspriocanna sonracha intomhaiste agus an réamh-mhaoiniú comhfhreagrach agus na híocaíochtaí comhfhreagracha i dtráthchodanna den tacaíocht ón Luasaire.
I gcás maoiniú measctha faoi CNE, féadfar gníomhaíochtaí a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíocht nuálaíochta a sheoladh, agus féadfar an chéad réamh-mhaoiniú den deontas nó den airleacan in-aisíoctha a íoc, roimh chur chun feidhme comhchodanna eile den mhaoiniú measctha faoi CNE a bheidh dáfa. Beidh cur chun feidhme na gcomhchodanna sin faoi réir garspriocanna sonracha arna mbunú sa chonradh a bheith bainte amach.
12. I gcomhréir leis an gconradh, déanfar an ghníomhaíocht a chur ar fionraí, a leasú nó, má tá údar cuí leis, a fhoirceannadh mura mbaintear garspriocanna intomhaiste amach. Féadfar í a fhoirceannadh freisin i gcás nach féidir an cur chun úsáide ar an margadh a raibh coinne leis, go háirithe san Aontas, a chomhlíonadh.
I gcásanna eisceachtúla agus ar chomhairle ó Bhord CNE, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh an tacaíocht ón Luasaire a mhéadú faoi réir athbhreithniú ar an tionscadal arna dhéanamh ag saineolaithe seachtracha neamhspleácha. Cuirfear Coiste an Chláir ar an eolas maidir le cásanna den sórt sin. ”
“Airteagal 50
Faireachán agus tuairisciú
Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar bhainistíocht agus ar chur chun feidhme an Chláir, ar an gclár sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2) agus ar ghníomhaíochtaí EIT. Chun trédhearcacht a fheabhsú, cuirfear sonraí ar fáil go poiblí ar bhealach inrochtana ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin de réir an nuashonraithe is déanaí. Go sonrach, sa bhunachar sonraí céanna, áireofar sonraí le haghaidh tionscadail arna gcistiú faoi ERC, Comhpháirtíochtaí Eorpacha, misin, CNE agus EIT.
Áireofar sa bhunachar sonraí:
…
(b) |
faisnéis faoi leibhéal príomhshruthaithe SSH, an cóimheas idir LRTanna níos ísle agus níos airde i dtaighde comhoibríoch, an dul chun cinn maidir le rannpháirtíocht na dtíortha a thagann faoin bhfairsingiú, comhdhéanamh geografach na gcuibhreannas i dtionscadail chomhoibríocha, an fhorbairt ar thuarastail na dtaighdeoirí, nós imeachta taiscthe agus meastóireachta dhá chéim a úsáid, na bearta atá dírithe ar naisc chomhoibríocha in T&N na hEorpa a éascú, an t-athbhreithniú meastóireachta a úsáid agus líon agus cineálacha na ngearán, leibhéal an phríomhshruthaithe aeráide agus caiteachais lena mbaineann, rannpháirtíocht FBManna, rannpháirtíocht na hearnála príobháidí, rannpháirtíocht ó thaobh inscne de i ngníomhaíochtaí cistithe, painéil mheastóireachta, boird agus grúpaí comhairleacha, na ‘Séalaí Barr Feabhais’, na Comhpháirtíochtaí Eorpacha, chomh maith leis an ráta comhchistiúcháin, an cistiú comhlántach agus carnach ó chláir eile de chuid an Aontais, bonneagair taighde, am chun deontas a thabhairt, leibhéal an chomhair idirnáisiúnta, rannpháirteachas na saoránach agus na sochaí sibhialta; Togra le haghaidh CHINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an gclár sonrach a bhunú chun Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht a chur chun feidhme |
1.1.3. |
Gníomhaíochtaí CNE breise
Sa bhreis air sin, cuirfidh CNE chun feidhme-seirbhísí luasghéaraithe gnó CNE a thugann tacaíocht do ghníomhaíochtaí agus gníomhartha Threo-Aimsitheoir agus Luasaire, a moltar do ghnólachtaí nuathionscanta agus FBManna a roghnaíodh, agus i gcásanna eisceachtúla, gnólachtaí meánchaipitlithe beaga, cé nach bhfuil sé éigeantach. Is é is aidhm dóibh pobal CNE nuálaithe cistithe a nascadh, agus Séala Barr Feabhais cistithe san áireamh, le hinfheisteoirí, comhpháirtithe agus ceannaitheoirí poiblí. Cuirfidh sé raon de sheirbhísí cóitseála agus meantóireachta ar fáil i ngníomhartha CNE. Tabharfaidh sé rochtain ar líonraí idirnáisiúnta comhpháirtithe ionchasacha, lena n-áirítear comhpháirtithe tionsclaíochta, do nuálaithe chun slabhra luacha a chomhlánú nó deiseanna margaidh a fhorbairt, agus infheisteoirí agus foinsí eile maoiniúcháin phríobháidigh nó chorparáidigh a aimsiú. Áireofar ar na gníomhaíochtaí sin imeachtaí beo (e.g. imeachtaí bróicéireachta, seisiúin chur i láthair) ach ardáin mheaitseála a fhorbairt nó na hardáin sin atá ann cheana a úsáid, i ndlúthchomhar le hidirghabhálaithe airgeadais dá dtugann InvestEU agus Grúpa BEI tacaíocht. Spreagfaidh na gníomhaíochtaí sin malartuithe idir piaraí mar fhoinse foghlama san éiceachóras nuálaíochta, agus leas maith á bhaint as comhaltaí Bhord CNE agus Comhaltaí CNE; ” |
AISTRITHE
RFC
Aithris 19
“(19) |
Chun solúbthacht leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit agus a gcuid leithdháiltí bainistíochta comhpháirtí á gcur chun feidhme, ba cheart é a bheith indéanta leibhéil áirithe chistiúcháin a aistriú idir na Cistí agus idir ionstraimí faoi bhainistíocht chomhpháirteach agus ionstraimí faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach. I gcás ina mbeidh bonn cirt leis de bharr imthosca eacnamaíocha agus sóisialta sonracha Ballstáit, ba cheart an leibhéal aistrithe sin a bheith níos airde.” |
“Airteagal 26
Aistriú acmhainní
1. Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh sa Chomhaontú Comhpháirtíochta nó in iarraidh ar leasú ar chlár má chomhaontaíonn coiste faireacháin an chláir sin de bhun phointe (d) d’Airteagal 40(2), go n-aistreofar suas le 5 % den leithdháileadh náisiúnta tosaigh gach Ciste chuig aon ionstraim eile faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach, i gcás ina bhforáiltear don fhéidearthacht sin i mbunghníomh ionstraime den sórt sin.
Ní bheidh suim na n-aistrithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo agus na ranníocaíochtaí i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 14(1) níos mó ná 5 % den leithdháileadh náisiúnta tosaigh de gach Ciste.
Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh freisin sa Chomhaontú Comhpháirtíochta nó san iarraidh ar chlár a leasú go n-aistreofar suas le 5 % den leithdháileadh náisiúnta tosaigh gach Ciste chuig Ciste eile nó chuig Cistí eile, cé is moite d’aistrithe a leagtar amach sa cheathrú fomhír.
Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh freisin sa Chomhaontú Comhpháirtíochta nó san iarraidh ar chlár a leasú go ndéanfaí aistriú breise suas le 20 % den leithdháileadh náisiúnta tosaigh ón gCiste idir CFRE, CSE+ nó an Ciste Comhtháthaithe laistigh d’acmhainní domhanda an Bhallstáit faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis. Na Ballstáit ar lú ná 3 % a meánráta iomlán dífhostaíochta do thréimhse 2017-2019, féadfaidh siad aistriú breise den sórt sin suas le 25 % den chéad leithdháileadh náisiúnta a iarraidh.
2. Cuirfear na hacmhainní arna n-aistriú chun feidhme i gcomhréir le rialacha an Chiste nó na hionstraime ar aistríodh na hacmhainní chuige nó chuici agus, i gcás aistrithe chuig ionstraimí atá faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach, cuirfear chun feidhme chun tairbhe an Bhallstáit lena mbaineann iad.
3. Maidir le hiarrataí le haghaidh leasú ar chlár, leagfar amach iontu an méid iomlán a aistreofar do gach bliain de réir an Chiste agus, i gcás inarb infheidhme, de réir na catagóire réigiúin, beidh údar cuí leo maidir leis na comhlántachtaí agus an tionchar atá le gnóthú, agus beidh an clár nó na cláir leasaithe ag gabháil leo i gcomhréir le hAirteagal 24.
4. Ar dhul i gcomhairle dó leis an mBallstát lena mbaineann, déanfaidh an Coimisiún agóid i gcoinne iarraidh ar aistriú sa leasú gaolmhar ar chlár i gcás ina mbainfeadh aistriú den sórt sin an bonn ó ghnóthú chuspóirí an chláir arb uaidh atá na hacmhainní le haistriú.
Déanfaidh an Coimisiún agóid freisin i gcoinne na hiarrata i gcás ina measfaidh sé nár thug an Ballstát údar cuí leis an aistriú i ndáil leis na torthaí a bheidh le baint amach nó an ranníocaíocht atá le déanamh i dtaca le cuspóirí an Chiste fála nó na hionstraime fála faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach.
5. I gcás ina mbaineann an iarraidh ar aistriú le leasú ar chlár, ní fhéadfar ach acmhainní na mblianta féilire atá le teacht a aistriú.
6. Maidir le hacmhainní CUAC, lena n-áirítear aon acmhainn a aistreofar ó CFRE agus CSE+ i gcomhréir le hAirteagal 27, ní bheidh siad inaistrithe chuig Cistí ná ionstraimí eile de bhun mhíreanna 1 go 5 den Airteagal seo.
Ní bhfaighidh CUAC aistrithe de bhun mhíreanna 1 go 5.
7. I gcás nach bhfuil gealltanas dlíthiúil déanta ag an gCoimisiún faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach le haghaidh acmhainní a aistrítear i gcomhréir le mír 1, féadfar na hacmhainní neamhcheangailteacha comhfhreagracha a aistriú ar ais chuig an gCiste ónar aistríodh iad i dtús báire agus iad a leithdháileadh chuig clár amháin nó níos mó.
Chuige sin, tíolacfaidh an Ballstát iarraidh ar leasú ar chlár i gcomhréir le hAirteagal 24(1), 4 mhí ar a dhéanaí roimh an teorainn ama le haghaidh gealltanas a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 114(2) den Rialachán Airgeadais.
8. Acmhainní arna n-aistriú ar ais chuig an gCiste ónar aistríodh iad agus inar leithdháileadh iad chuig clár amháin nó níos mó, déanfar iad a chur chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna Rialacháin Chiste-shonracha ón dáta a thíolacfar an iarraidh ar leasú ar chlár.
9. Maidir leis na hacmhainní arna n-aistriú ar ais chuig an gCiste ónar aistríodh iad agus inar leithdháileadh iad ar chlár i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo, tosóidh an teorainn ama do shaoradh mar a shainmhínítear í in Airteagal 105(1) sa bhliain ina ndéantar na gealltanais bhuiséadacha chomhfhreagracha.”
FÍS EORPACH
“Airteagal 15
Cistiú malartach, comhcheangailte agus carnach agus aistrithe acmhainní
...
5. Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar na Ballstáit faoi bhainistíocht chomhpháirteach a aistriú, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, chuig an gClár faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sna forálacha ábhartha de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027. Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann.
6. I gcás nach bhfuil gealltanas dlíthiúil tugtha ag an gCoimisiún faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach le haghaidh acmhainní arna n-aistriú i gcomhréir le mír 5, féadfar na hacmhainní comhfhreagracha nár gealladh a aistriú ar ais chuig clár foinseach amháin nó níos mó faoi seach, arna n-iarraidh sin don Bhallstát, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sna forálacha ábhartha de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027. ”
CISTIÚ CARNACH
RFC
“Airteagal 63
Incháilitheacht
[…]
9. Féadfaidh oibríocht tacaíocht a fháil ó Chiste amháin nó níos mó nó ó chlár amháin nó níos mó agus ó ionstraimí eile de chuid an Aontais. I gcásanna den sórt sin, an caiteachas arna dhearbhú in iarratas ar íocaíocht le haghaidh ceann de na Cistí, ní dhéanfar é a dhearbhú i gcás ceachtar acu seo a leanas:
(a) |
tacaíocht ó Chiste eile nó ó ionstraim eile de chuid an Aontais; |
(b) |
tacaíocht ón gCiste céanna faoi chlár eile. |
Féadfar méid an chaiteachais atá le cur isteach in iarratas ar íocaíocht de chuid Ciste a ríomh le haghaidh gach Ciste agus le haghaidh an chláir nó na gclár lena mbaineann ar bhonn pro rata i gcomhréir leis an doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.”
Fís Eorpach
“Airteagal 15
Cistiú malartach, comhcheangailte agus carnach agus aistrithe acmhainní
...
4. Gníomhaíocht ar tugadh ranníocaíocht di ó chlár eile de chuid an Aontais, féadfar ranníocaíocht a thabhairt di faoin gClár freisin, ar choinníoll nach gcumhdaítear na costais chéanna leis na ranníocaíochtaí. Beidh feidhm ag rialacha chlár ábhartha an Aontais maidir leis an ranníocaíocht chomhfhreagrach leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an maoiniú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Féadfar an tacaíocht ó na cláir dhifriúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.”
CISTIÚ COMHCHEANGAILTE/COMHPHÁIRTÍOCHTAÍ EORPACHA COMHCHISTITHE
RFC
“Airteagal 71
Údaráis an chláir
[…]
5. I gcás ina soláthrófar le clár, i gcomhréir lena chuspóirí, tacaíocht ó CFRE nó ó CSE+ do chlár arna chomhchistiú ag Fís Eorpach, amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 10(1) den Rialachán maidir le Fís Eorpach, sainaithneoidh údarás bainistíochta an chláir ábhartha an comhlacht a bhfuil an clár, atá á chomhchistiú ag Fís Eorpach, á chur chun feidhme aige mar chomhlacht idirmheánach, i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.”
“Airteagal 73
Roghnú oibríochtaí ag an údarás bainistíochta
[…]
4. I gcás oibríochtaí ar tugadh Séala Barr Feabhais dóibh, nó oibríochtaí a roghnaíodh faoi chlár arna chomhchistiú ag Fís Eorpach, féadfaidh an t-údarás bainistíochta a chinneadh tacaíocht a dheonú go díreach ó CFRE nó ó CSE+, ar choinníoll go gcomhlíontar, leis na hoibríochtaí sin, na ceanglais a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (g) de mhír 2.
Ina theannta sin, féadfaidh údaráis bhainistíochta catagóirí, méideanna uasta agus modhanna ríomha na gcostas incháilithe arna mbunú faoi ionstraim ábhartha an Aontais a chur i bhfeidhm maidir leis na hoibríochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Leagfar na heilimintí sin amach sa doiciméad dá dtagraítear i mír 3.”
Fís Eorpach
“Airteagal 15
Cistiú malartach, comhcheangailte agus carnach agus aistrithe acmhainní
…
1. Ranníocaíochtaí airgeadais faoi chláir arna gcómhaoiniú ag CFRE, CSE+, CEMID agus CETFT, féadfar a mheas gur ranníocaíocht de chuid an Bhallstáit rannpháirtigh le Comhpháirtíochtaí Eorpacha faoi phointí (b) agus (c) d’Airteagal 10(1) den Rialachán seo iad, ar choinníoll go gcomhlíontar na forálacha ábhartha de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027 agus na rialacháin chiste-shonracha. ”
Rialachán (AE) 2021/1237 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh
“Airteagal 25a
Cabhair do thionscadail ar dámhadh lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais dóibh
1. Maidir le cabhair d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide le haghaidh tionscadail taighde agus forbartha chomh maith le staidéir indéantachta ar dámhadh lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais dóibh faoin gclár Fís 2020 nó faoin gclár Fís Eorpach, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.
2. Is é a bheidh i ngníomhaíochtaí incháilithe an tionscadail taighde agus forbartha nó an staidéir indéantachta atá cuidithe na gníomhaíochtaí sin a shainítear a bheith incháilithe faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach, cé is moite de ghníomhaíochtaí a théann níos faide ná gníomhaíochtaí forbartha turgnamhaí.
3. Is é a bheidh i gcatagóirí, uasmhéideanna agus modhanna ríomha chostais incháilithe an tionscadail taighde agus forbartha nó an staidéir indéantachta atá cuidithe na catagóirí, na huasmhéideanna agus na modhanna ríomha sin a shainítear a bheith incháilithe faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach.
4. Ní rachaidh an t-uasmhéid cabhrach thar EUR 2,5 milliún in aghaidh an fhiontair bhig agus mheánmhéide in aghaidh an tionscadail taighde agus forbartha nó an staidéir indéantachta.
5. Ní rachaidh an cistiú poiblí iomlán a thugtar do gach tionscadal taighde agus forbartha nó gach staidéar indéantachta thar an ráta cistiúcháin a leagtar amach le haghaidh an tionscadail taighde agus forbartha sin nó an staidéir indéantachta sin faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach.
Airteagal 25b
Cabhair do ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie agus do ghníomhaíochtaí Chruthúnas Coincheapa na Comhairle Eorpaí um Thaighde
1. Maidir le cabhair do ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie agus do ghníomhaíochtaí Chruthúnas Coincheapa na Comhairle Eorpaí um Thaighde ar dámhadh lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais dóibh faoin gclár Fís 2020 nó faoin gclár Fís Eorpach, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.
2. Is é a bheidh i ngníomhaíochtaí incháilithe na gníomhaíochta cuidithe na gníomhaíochtaí sin a shainítear a bheith incháilithe faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach.
3. Is é a bheidh i gcatagóirí, uasmhéideanna agus modhanna ríomha chostais incháilithe na gníomhaíochta cuidithe na catagóirí, na huasmhéideanna agus na modhanna ríofa sin a shainítear a bheith incháilithe faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach.
4. Ní rachaidh an cistiú poiblí iomlán a thugtar do gach gníomhaíocht chuidithe thar an uasleibhéal tacaíochta dá bhforáiltear sa chlár Fís 2020 nó sa chlár Fís Eorpach.
Airteagal 25c
Cabhair atá bainteach le tionscadail chomhchistithe taighde agus forbartha
1. Maidir le cabhair a thugtar do thionscadal comhchistithe taighde agus forbartha nó do staidéar comhchistithe indéantachta (lena n-áirítear tionscadail taighde agus forbartha a chuirtear chun feidhme faoi Chomhpháirtíocht Institiúidithe Eorpach atá bunaithe ar Airteagal 185 nó Airteagal 187 den Chonradh nó faoi ghníomhaíocht comhchistithe cláir, mar a shainmhínítear i rialacha an chláir Fís Eorpach) a gcuireann trí Bhallstát ar a laghad, nó dhá Bhallstát agus tír chomhlachaithe amháin ar a laghad, é chun feidhme agus a ndéantar é a roghnú ar bhonn na meastóireachta agus an rangaithe arna ndéanamh ag saineolaithe neamhspleácha tar éis glaonna trasnáisiúnta i gcomhréir le rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.
2. Is é a bheidh i ngníomhaíochtaí incháilithe an tionscadail taighde agus forbartha nó an staidéir indéantachta atá cuidithe na gníomhaíochtaí sin a shainítear a bheith incháilithe faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach, cé is moite de ghníomhaíochtaí a théann níos faide ná gníomhaíochtaí forbartha turgnamhaí.
3. Is é a bheidh i gcatagóirí, uasmhéideanna agus modhanna ríomha na gcostas incháilithe na catagóirí, na huasmhéideanna agus na modhanna ríofa sin a shainítear a bheith incháilithe faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach.
4. Ní rachaidh an cistiú poiblí iomlán a thugtar thar an ráta cistiúcháin arna shuí le haghaidh an tionscadail taighde agus forbartha nó an staidéir indéantachta tar éis an roghnúcháin, an rangúcháin agus na meastóireachta faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach.
5. Cumhdófar leis an gcistiú arna thabhairt ag an gclár Fís 2020 nó ag an gclár Fís Eorpach 30 % ar a laghad de na costais incháilithe iomlána de chuid gníomhaíocht taighde agus nuálaíochta nó de chuid gníomhaíocht nuálaíochta mar a shainmhínítear faoin gclár Fís 2020 nó faoin gclár Fhís Eorpach.
Airteagal 25d
Cabhair do Chur le chéile
1. Maidir le cabhair a thugtar do Chur le chéile comhchistithe a bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad leis agus a ndéantar é a roghnú ar bhonn na meastóireachta agus an rangaithe arna ndéanamh ag saineolaithe neamhspleácha tar éis glaonna trasnáisiúnta faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.
2. Is é a bheidh i ngníomhaíochtaí incháilithe an chuir le chéile chomhchistithe na gníomhaíochtaí sin a shainítear a bheith incháilithe faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach. Cuirtear as áireamh na gníomhaíochtaí sin a théann níos faide ná gníomhaíochtaí forbartha turgnamhaí.
3. Is é a bheidh i gcatagóirí, uasmhéideanna agus modhanna ríomha na gcostas incháilithe na catagóirí, na huasmhéideanna agus na modhanna ríofa sin a shainítear a bheith incháilithe faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach. De bhreis air sin, is incháilithe a bheidh costais infheistíochta i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe a bhaineann leis an tionscadal.
4. Ní rachaidh an cistiú poiblí iomlán a thugtar thar an ráta cistiúcháin arna shuí le haghaidh an chuir le chéile tar éis an roghnúcháin, an rangúcháin agus na meastóireachta faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach. De bhreis air sin, i gcás infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe a bhaineann leis an tionscadal ní sháróidh an chabhair 70 % de na costais infheistíochta.
5. I gcás cabhair infheistíochta do bhonneagair faoi Chur le chéile, beidh feidhm ag na coinníollacha breise seo a leanas:
(a) |
i gcás ina saothrófar leis an mbonneagar gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus gníomhaíochtaí neamheacnamaíocha araon, cuirfear maoiniú, costais agus ioncam gach cineáil ghníomhaíochta san áireamh ar leithligh, bunaithe ar phrionsabail chuntasaíochta costála a chuirtear i bhfeidhm go comhsheasmhach agus a bhféadfar údar oibiachtúil a thabhairt leo; |
(b) |
is comhfhreagrach do mhargadhphraghas a bheidh an praghas a ghearrtar as an mbonneagar a oibriú nó a úsáid; |
(c) |
beidh rochtain ar an mbonneagar ar oscailt do roinnt úsáideoirí agus deonófar í ar bhonn trédhearcach neamh-idirdhealaitheach. Féadfar rochtain tosaíochta faoi choinníollacha níos fabhraí a dheonú do ghnóthais a mhaoinigh 10 % ar a laghad de chostais infheistíochta an bhonneagair. Chun róchúiteamh a sheachaint, beidh an rochtain sin comhréireach le ranníocaíocht an ghnóthais leis na costais infheistíochta agus cuirfear na coinníollacha sin ar fáil go poiblí; |
(d) |
i gcás ina bhfaighidh an bonneagar cistiú poiblí le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus gníomhaíochtaí neamheacnamaíocha araon, cuirfidh na Ballstáit sásra faireacháin agus aisghlámtha i bhfeidhm chun a áirithiú nach rachfar thar an déine cabhrach is infheidhme mar thoradh ar mhéadú i sciar na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha i gcomparáid leis an staid a beartaíodh tráth dhámhachtain na cabhrach.” |
(1) Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).