EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AP0060

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 2022 ar an Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2008/118/CE agus Treoir (AE) 2020/262 (athmhúnlú) a mhéid a bhaineann le siopaí saor ó cháin atá suite i gcríochfort na Fraince de Thollán Mhuir nIocht (COM(2021)0817 – C9-0016/2022 – 2021/0418(CNS))

IO C 347, 9.9.2022, p. 231–231 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 347, 9.9.2022, p. 205–205 (GA)

9.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 347/205


P9_TA(2022)0060

Siopaí saor ó cháin atá suite i gcríochfort na Fraince de Thollán Mhuir nIocht *

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 2022 ar an Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2008/118/CE agus Treoir (AE) 2020/262 (athmhúnlú) a mhéid a bhaineann le siopaí saor ó cháin atá suite i gcríochfort na Fraince de Thollán Mhuir nIocht (COM(2021)0817 – C9-0016/2022 – 2021/0418(CNS))

(Nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)

(2022/C 347/24)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2021)0817),

ag féachaint d’Airteagal 13 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0016/2022),

ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0035/2022),

1.

ag formheas an togra ón gCoimisiún;

2.

á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;

3.

á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís, má tá sé ar intinn aici an téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa a leasú go substaintiúil;

4.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Top