Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022IP0072

    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2022 maidir le príomhshruthú inscne i bParlaimint na hEorpa – tuarascáil bhliantúil 2020 (2021/2039(INI))

    IO C 347, 9.9.2022, p. 139–149 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 347, 9.9.2022, p. 128–138 (GA)

    9.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 347/128


    P9_TA(2022)0072

    Príomhshruthú Inscne i bParlaimint na hEorpa – tuarascáil bhliantúil 2020

    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2022 maidir le príomhshruthú inscne i bParlaimint na hEorpa – tuarascáil bhliantúil 2020 (2021/2039(INI))

    (2022/C 347/11)

    Tá Parlaimint na hEorpa,

    ag féachaint d'Airteagal 2 agus 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus d'Airteagal 8, 10 agus 19 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    ag féachaint d’Airteagail 21 agus 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

    ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl), a tháinig i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2014,

    ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal “Aontas Comhionannais: Straitéis Comhionannais Inscne 2020-2025” (COM(2020)0152),

    ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 2 Iúil 2008 le haghaidh treoir ón gComhairle maidir le prionsabal na córa comhionainne a chur chun feidhme idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéis (COM(2008)0426 – an treoir chothrománach maidir leis an bhfrith-idirdhealú),

    ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 14 Samhain 2012 le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin cuideachtaí a liostaítear ar stocmhalartáin agus bearta gaolmhara (COM(2012)0614 – an treoir maidir le mná ar bhoird),

    ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle (1) (an treoir maidir le cothromaíocht oibre is saoil),

    ag féachaint do thuarascáil 2021 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal 'Príomhshruthú inscne i mbuiséad AE: Ní mór dúinn anois beart a dhéanamh – Tuarascáil speisialta Uimh. 10, 2021',

    ag féachaint do thuarascáil ón Ombudsman Eorpach an 17 Nollaig 2018 ar dhínit ag an obair in institiúidí agus gníomhaireachtaí AE,

    ag féachaint don staidéar ó Sheirbhís Taighde Pharlaimintigh na hEorpa (EPRS) in 2021 dar teideal “Príomhshruthú inscne i bParlaimint na hEorpa: staid na himeartha”,

    ag féachaint do staidéar 2021 a choimisiúnaigh Roinn Beartais na Parlaiminte um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla arna iarraidh sin ag an gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (FEMM) dar teideal “Comhionannas inscne: luach eacnamaíoch an chúraim ó dhearcadh na gcistí AE is infheidhme”,

    ag féachaint do bhróisiúr 2021 “Mná i bParlaimint na hEorpa”,

    ag féachaint don cheardlann an 16 Márta 2021 a d’iarr FEMM dar teideal “Príomhshruthú inscne a chur i bhfeidhm i bpacáiste téarnaimh AE”,

    ag féachaint do rún uaithi an 13 Márta 2003 maidir le príomhshruthú inscne i bParlaimint na hEorpa (2),

    ag féachaint do rún uaithi an 18 Eanáir 2007 maidir le príomhshruthú inscne in obair na gcoistí (3),

    ag féachaint do rún uaithi an 22 Aibreán 2009 maidir le príomhshruthú inscne in obair na gcoistí agus na dtoscaireachtaí (4),

    ag féachaint do rún uaithi an 7 Bealtaine 2009 maidir le príomhshruthú inscne i gcaidreamh seachtrach AE agus i gcothú na síochána/tógáil náisiúin (5),

    ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2019 maidir le príomhshruthú inscne i bParlaimint na hEorpa (6),

    ag féachaint do rún uaithi an 24 Samhain 2016 maidir le haontachas AE le Coinbhinsiún Iostanbúl agus foréigean in aghaidh na mban a chosc agus a chomhrac, (7),

    ag féachaint do rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir le haontachas AE le Coinbhinsiún Iostanbúl agus bearta eile chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac (8),

    ag féachaint do rún uaithi an 26 Deireadh Fómhair 2017 maidir le gnéaschiapadh agus mí-úsáid ghnéasach san AE a chomhrac (9),

    ag féachaint do rún uaithi an 11 Meán Fómhair 2018 maidir le bearta chun mabáil agus gnéaschiapadh san ionad oibre, i spásanna poiblí agus i saol polaitiúil AE a chomhrac (10),

    ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir le Straitéis AE um Chomhionannas Inscne (11),

    ag féachaint do rún uaithi an 17 Nollaig 2020 ar an ngá atá le foirmíocht thiomnaithe de chuid na Comhairle maidir leis an gcomhionannas inscne (12),

    ag féachaint do rún uaithi an 26 Samhain 2020 maidir le hathbhreithniú ar thoghcháin Eorpacha (13),

    ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir le gné na hinscne i ngéarchéim COVID-19 agus sa tréimhse iar-ghéarchéime (14),

    ag féachaint d’Airteagal 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A9-0021/2022),

    A.

    de bhrí gur croíphrionsabal AE an comhionannas inscne; de bhrí gur straitéis é príomhshruthú inscne a dtugtar aitheantas dó ar fud an domhain chun lánpháirtiú gné na hinscne a áirithiú agus gach beartas, clár agus beart á dhearadh, á chur chun feidhme agus á mheasúnú chun comhionannas inscne a chur chun cinn agus idirdhealú a chomhrac; de bhrí go bhfuil saincheisteanna inscne i láthair i ngach áit, lena n-áirítear i réimsí nár díríodh aird orthu, amhail cánachas, trádáil agus an t-aistriú glas; de bhrí nach mór comhionannas inscne a bhaint amach trí úsáid a bhaint as cur chuige trasghearrtha a chomhtháthaíonn gach réimse oibre laistigh den Pharlaimint;

    B.

    de bhrí, in ainneoin an dul chun cinn atá déanta maidir le comhionannais inscne i réimsí áirithe, go bhfuil idirdhealú inscne-bhunaithe fós á fulaingt ag mná go poiblí agus go príobháideach agus gur féidir an-chuid feabhais a chur ar chúrsaí, lena n-áirítear cur chun feidhme ilroinnte an phríomhshruthaithe inscne thar réimsí beartais agus institiúidí ar leibhéal AE agus ar leibhéal náisiúnta;

    C.

    de bhrí go dtrasnaíonn idirdhealú ar bhonn gnéis go minic le cineálacha eile idirdhealaithe ar fhorais eile, as a dtagann idirdhealaithe ilchineálacha agus níos measa i gcoinne grúpaí sonracha, a oibríonn agus a idirghníomhaíonn lena chéile ag an am céanna ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh siad doscartha;

    D.

    de bhrí go n-áirítear i measc bearta um phríomhshruthú inscne, i measc nithe eile, cuótaí, bearta maidir le cothromaíocht oibre is saoil, beartais frithchiaptha, nósanna imeachta earcaíochta inscne-fhreagrúla, measúnuithe tionchair inscne, táscairí inscne, buiséadú inscne agus meastóireachtaí inscne-fhreagrúla chun reachtaíocht inscne-fhreagrúil a ghlacadh, úsáid teanga inscne-neodrach agus cumarsáid inscne-fhreagrúil;

    E.

    de bhrí go sainmhíníonn OECD cothromaíocht inscne mar “dháileadh cothrom ar dheiseanna agus acmhainní an tsaoil idir mná agus fir, agus/nó ionadaíocht chomhionann na mban agus na bhfear”;

    F.

    de bhrí go sainmhíníonn an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) leithscaradh cothrománach mar “chomhchruinniú ban agus fear in earnálacha agus i slite beatha éagsúla”;

    G.

    de bhrí nach leor an dul chun cinn atá déanta maidir le dul i ngleic le gnéaschiapadh agus foréigean gnéasach tar éis ceithre bliana den ghluaiseacht #MeToo agus tá go leor le déanamh fós laistigh d’institiúidí AE agus níos faide i gcéin; de bhrí go léiríonn taighde go bhfuil ciapadh níos forleithne ná mar a chreidtear go coitianta agus go ndéantar tearcthuairisciú suntasach air;

    H.

    de bhrí nach mór príomhshruthú inscne a chur i bhfeidhm sa phróiseas buiséadach freisin; de bhrí nach éard atá i mbuiséadú inscne-fhreagrúil amháin tionscnaimh shainráite um chomhionannas inscne a mhaoiniú, ach freisin tionchar na gcinntí buiséadacha agus beartais ar chomhionannas inscne a thuiscint agus caiteachas poiblí agus ioncam a choigeartú dá réir; de bhrí gur cheart acmhainní buiséadacha agus soláthar seirbhísí a leithdháileadh i gcomhréir le sainaithint riachtanas arna thiomáint ag sonraí, lena n-áirítear sonraí cáilíochtúla maidir le hiarmhairtí inscne;

    I.

    de bhrí gur chuir Cúirt Iniúchóirí na hEorpa in iúl nár cuireadh comhionannas inscne san áireamh go leordhóthanach i dtimthriall buiséadach AE; de bhrí gur mhol an Chúirt Iniúchóirí don Choimisiún measúnú agus tuairisciú a dhéanamh i dtaobh an dtugann pleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát aghaidh ar chomhionannas inscne;

    J.

    de bhrí go bhfuil institiúidí uile AE á dtreorú ag na Conarthaí agus ag straitéis comhionannais inscne AE 2020-2025; de bhrí gur cheart don Pharlaimint a bheith ina ceannaire do chomhlachtaí parlaiminteacha eile agus í ag cur an chomhionannais inscne chun cinn, ag foghlaim ó na cleachtais is fearr atá ag comhlachtaí parlaiminte eile maidir lena struchtúir agus a bpróisis a phríomhshruthú ó thaobh inscne agus samplaí maithe de chur chun feidhme phríomhshruthú inscne a chur san áireamh san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach agus sa tsochaí shibhialta; de bhrí nach bhfuil príomhshruthú inscne comhtháite go hiomlán fós i gcleachtais agus i rialacha na Parlaiminte (15); de bhrí gur mná a bhí i níos lú ná 50 % díobh siúd a bhí i láthair sna héisteachtaí a d’eagraigh formhór choistí na Parlaiminte idir tús an téarma reatha agus mí na Samhna 2020; de bhrí, i gcás na gCoistí um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, um Iascach, um Achainíocha agus um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, i measc nithe eile, go raibh an chomhréir faoi bhun 25 %;

    K.

    de bhrí gur chuir an phaindéim COVID-19 isteach go mór ar chothromaíocht oibre is saoil sa Pharlaimint, agus, arna éascú ag uirlisí digiteacha, is minic a bhíonn uaireanta oibre níos faide mar thoradh air, do na Comhaltaí agus don fhoireann araon; de bhrí nach féidir ionadaíocht a dhéanamh ar chúram leanaí ag obair ón mbaile; de bhrí gur féidir leis an bParlaimint, mar fhostóir agus mar institiúid a fheidhmíonn mar eiseamláir don tsochaí ina hiomláine, leas a bhaint as lucht saothair spreagtha agus timpeallacht shláintiúil agus ba cheart go mbeadh rochtain ag fostaithe ar chothromaíocht oibre is saoil ar feadh a ngairmeacha beatha ar fad;

    Barúlacha ginearálta

    1.

    ág athdhearbhú a tiomantas láidir don chomhionannas inscne agus formhuiníonn sí príomhshruthú inscne mar cheann dá cur chuige oifigiúil beartais chun go ndéanfar é a chinntiú; á chur in iúl gur oth léi cur chun feidhme ilroinnte príomhshruthú inscne trasna réimsí beartais agus institiúidí ar leibhéal AE; á chur i bhfáth gur freagracht chomhroinnte é comhionannas inscne a éilíonn gníomhaíocht ó gach institiúid, Ballstát agus gníomhaireacht AE, i gcomhpháirtíocht leis an tsochaí shibhialta, eagraíochtaí na mban, comhpháirtithe sóisialta agus an earnáil phríobháideach;

    2.

    á chur i bhfios go láidir gurb ionann mná agus leath den daonra agus, mar sin, go bhfuil siad neamhchosanta ó thaobh cineálacha éagsúla idirdhealaithe trasnaithe; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige trasnach mar chuid de bhearta chun comhionannas inscne a áirithiú agus é mar aidhm aige gan éinne a fhágáil ar lár agus deireadh a chur le gach cineál idirdhealaithe, lena n-áirítear cineálacha trasnaithe; á chur i bhfáth an gá atá le próisis rannpháirtíochta a chruthú freisin ina mbeidh na gníomhaithe ábhartha uile rannpháirteach agus cineálacha cur chuige ó bharr anuas agus ó bhun aníos á chomhcheangal;

    3.

    á chur in iúl gur geal léi an méadú ar líon na mban atá páirteach sa pholaitíocht, ach cuireann sí i bhfáth go bhfuilimid i bhfad ó phaireacht inscne a bhaint amach agus gur minic a ndírítear ar mhná a bhfuil próifíl phoiblí acu, ar nós polaiteoirí agus gníomhaithe, le haghaidh ciapadh agus é ar intinn a láithreacht sa saol poiblí agus i réimsí cinnteoireachta a dhíspreagadh; á chur i bhfáth nach féidir aon reachtaíocht nó beartais feimineach, a bhfuil sé mar aidhm acu comhionannas inscne a bhaint amach i ngach réimse, a dhearadh gan mná a bheith i láthair sa phróiseas cinnteoireachta; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé timpeallacht oibre atá inscne-fhreagrúil a bheith ann chun ionadaíocht na mban ar gach leibhéal den Pharlaimint a fheabhsú, lena n-áirítear i ngrúpaí polaitiúla agus in oifigí Feisirí;

    4.

    á thabhairt dá haire an easpa sonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla ar phríomhshruthú inscne atá laistigh d’institiúidí AE seachas sonraí ar líon na mban i bpoist éagsúla; á iarraidh, dá bhrí sin, go dtiomsófar staidreamh cuimsitheach inscne agus go bhfuil sí tiomanta do tháscairí cáilíochtúla a chruthú maidir le comhionannas inscne chun sonraí inscne-dhíchomhiomlánaithe breise a bhailiú chun leanúint d’fheabhas a chur ar chomhionannas inscne;

    5.

    á chur in iúl gur geal léi sraith straitéisí EIGE a bhaineann le “Parlaimintí atá inscne-íogair” a dhíríonn ar chúig phríomhréimse a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu: comhionannas deiseanna chun dul isteach sa pharlaimint, comhionannas deiseanna chun tionchar a imirt ar nósanna imeachta oibre na parlaiminte, spás leordhóthanach ar chlár oibre na parlaiminte ar mhaithe le leasanna agus ábhair imní na mban, reachtaíocht a chur ar fáil atá inscne-íogair agus comhlíonadh fheidhm shiombalach na parlaiminte;

    6.

    á chur in iúl gur geal léi pleananna gníomhaíochta inscne a bheith glactha ag gach coiste de chuid na Parlaiminte; á thabhairt dá haire, áfach, go bhfuil easpa faireacháin agus cur chun feidhme ann i leith na bpleananna sin; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na coistí faireachán a dhéanamh ar a bpleananna gníomhaíochta inscne d’fhonn an dul chun cinn a thomhas agus a gcur chun feidhme a chinntiú; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil Líonra Príomhshruthaithe Inscne na Parlaiminte freagrach as cur chuige cuimsitheach inscne a phríomhshruthú i dtimpeallacht agus in obair na gcoistí agus na dtoscaireachtaí;

    7.

    á chur in iúl gur geal léi an foráil nua i Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte, a glacadh in 2019, lena mbunaítear an oibleagáid plean gníomhaíochta inscne a ghlacadh atá dírithe ar ghné na hinscne a ionchorprú i ngníomhaíochtaí uile na Parlaiminte ar gach leibhéal agus ag gach céim; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh plean gníomhaíochta inscne i mí Iúil 2020 agus treochlár dá chur chun feidhme i mí Aibreáin 2021; á iarraidh go n-ullmhófar tuarascálacha a dhéanfaidh faireachán rialta ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta inscne; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil an plean gníomhaíochta inscne agus an treochlár ar fáil go poiblí agus go bhfuil an chuid is mó de na bearta atá san áireamh ceaptha mar phrionsabail gan spriocanna ná oibleagáidí soiléire, rud a léiríonn easpa rannpháirtíochta polaitiúil lena gcur chun feidhme;

    8.

    á iarraidh go ndéanfaí comhar struchtúrtha níos láidre fós idir institiúidí uile AE agus príomhshruthú inscne á chur i bhfeidhm chun comhionannas inscne a bhaint amach ar bhealach níos fearr; á chreidiúint gur cheart don Pharlaimint agus do na grúpaí polaitiúla dul i gcomhar le chéile chun comhionannas inscne a fheabhsú agus chun troid i gcoinne gluaiseachtaí frithfheimineacha agus frith-inscne, atá, chomh maith leis sin, frithdhaonlathach i gcónaí, san Eoraip agus ar fud an domhain araon;

    Deiseanna chun dul isteach sa Pharlaimint

    9.

    á thabhairt dá haire go bhfuil laghdú beag tagtha ar chéatadán na gcomhaltaí mná ó dheireadh an téarma seo caite ó thart ar 39,6 % go 39,1 %; á chur in iúl gur geal léi ceannaireacht na Parlaiminte sa réimse seo, mar sin féin, lena n-áirítear an dul chun cinn atá déanta maidir le hionadaíocht pholaitiúil mná, atá níos airde ná an meán 30,4 % ar fud pharlaimintí náisiúnta na mBallstát agus atá i bhfad níos airde ná an meán domhanda de 25,2 % do pharlaimintí náisiúnta; á chur in iúl gur geal léi gur thug roinnt Ballstát agus páirtithe polaitiúla isteach rialacha chun cothromaíocht inscne a áirithiú ar a liostaí toghchánaíochta agus áitíonn sí go bhfuil gá le cothromaíocht inscne a áirithiú trí liostaí zipeáilte nó trí mhodhanna coibhéiseacha eile san athbhreithniú atá le teacht ar dhlí toghcháin AE (16), ionas go mbeidh an deis chéanna ag iarrthóirí baineanna agus fireanna a bheith tofa;

    10.

    ag spreagadh na Ballstáit chun an gá atá le parlaimintí inscne-neodrach a chur san áireamh agus athbhreithnithe ar a ndlíthe toghcháin á ndréachtú acu; ag spreagadh páirtithe polaitiúla náisiúnta tuilleadh chun cuótaí a thabhairt isteach agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le hiarrthóirí toghcháin, fiú mura bhforáiltear dó sa dlí; á iarraidh go roinnfí meicníochtaí tacaíochta agus dea-chleachtais le páirtithe polaitiúla chun na críche sin; á chur i bhfáth, chun láithreacht iarrthóirí mná a chinntiú, nach mór d’eagar inmheánach páirtí agus a nósanna imeachta a bheith freagrúil ó thaobh inscne de trí bhearta a áireamh, amhail aghaidh a thabhairt go sainráite ar chomhionannas inscne i rialacha páirtí, cuótaí inscne a bhunú le haghaidh róil cinnteoireachta agus a chinntiú go bhfuil fóraim dea-fheidhmitheacha ann le haghaidh brústocaireachta, abhcóideachta agus plé, lena n-áirítear sciatháin agus coistí na mban;

    11.

    á chur in iúl gur oth léi an easpa nósanna imeachta earcaíochta inscne-fhreagrúla sa Pharlaimint agus iarrann sí ar sheirbhísí agus ar ghrúpaí polaitiúla na Parlaiminte na nósanna imeachta sin a chur chun cinn chun idirdhealú a sheachaint agus láithreacht na mban a mhéadú i réimsí ina bhfuil siad faoi ghannionadaíocht, sa riarachán agus i ngrúpaí polaitiúla araon; á iarraidh go nglacfar bearta nithiúla chun an bhearna a laghdú;

    Deiseanna chun tionchar a imirt ar nósanna imeachta oibre na Parlaiminte

    12.

    á chur in iúl gur geal léi Biúró na Parlaiminte atá go hiomlán cothrom ó thaobh inscne de agus ina bhfuil 8 Leas-Uachtarán baineann as 14 agus 2 Chaestóir baineanna as 5; á thabhairt dá haire, áfach, nach bhfuil ach mná ina gcathaoirligh nó ina gcomhchathaoirligh ar 3 cinn as 7 gcinn de ghrúpaí polaitiúla na Parlaiminte, go bhfuil mná ina gcathaoirligh ar 8 as 25 gcoiste faoi láthair agus gur mná iad 15 as 43 cathaoirleach thoscaireachta; á iarraidh go bhfeabhsófaí an chothromaíocht inscne i gceannaireacht na gcoistí, na dtoscaireachtaí agus na ngrúpaí polaitiúla; á chur in iúl gur geal léi an leasú ar Riail 213(1) de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte lena gceanglaítear go mbeidh biúró gach coiste cothrom ó thaobh inscne de; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach dtiocfaidh an leasú seo i bhfeidhm ach amháin nuair a osclaítear an chéad pháirtseisiún tar éis na chéad toghcháin eile don Pharlaimint, atá le bheith ann in 2024;

    13.

    á iarraidh go n-áiritheofaí gurb ann don chothromaíocht inscne ar gach leibhéal d’obair an tseisiúin iomlánaigh, an choiste agus na toscaireachta, lena n-áirítear nuair a bhíonn comhordaitheoirí, rapóirtéirí agus scáth-rapóirtéirí á gceapadh agus nuair a bhíonn am labhartha á dháileadh;

    14.

    á iarraidh go ndéanfaí bearta a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic le leithscaradh cothrománach chun cothromaíocht inscne a áirithiú i gcoistí éagsúla agus deireadh a chur le comhchruinniú inscneach na bpunann, trína gcuirtear níos lú luach ar réimsí ina bhfuil céatadán níos airde ban;

    15.

    á iarraidh ar na grúpaí polaitiúla agus ar a gcuid rúnaíochtaí rialacha inmheánacha agus bearta ábhartha eile a bhunú, amhail cóid iompair agus uirlisí príomhshruthaithe inscne, oiliúint agus faireachán chun comhionannas inscne a áirithiú ina bhfeidhmiú inmheánach, go háirithe maidir le ceapacháin agus dáileadh róil agus freagrachtaí; á iarraidh go gcuirfí treoracha agus comhairle dea-chleachtais, lena n-áirítear oiliúint don fhoireann agus d’Fheisirí ar phríomhshruthú inscne, ar fáil do ghrúpaí polaitiúla ionas gur féidir leo coincheap an phríomhshruthaithe inscne a thuiscint agus a chur chun feidhme níos fearr ina bhfeidhmiú inmheánach;

    16.

    á iarraidh ar na hArd-Stiúrthóireachtaí ábhartha a chinntiú go mbeidh roghnú na n-údar staidéir cothrom ó thaobh inscne de;

    17.

    ag tabhairt dá haire nach ann don chomhionannas inscne ar gach leibhéal bainistíochta i riarachán na Parlaiminte go fóill in ainneoin an dul chun cinn agus na n-iarrachtaí atá déanta; á chur in iúl gur geal léi an bhfíoras go bhfuil paireacht bainte amach ag leibhéal na stiúrthóirí, ach gur oth léi nach ionann mná ach 23,1 % de na Príomh-Stiúrthóirí agus 39,3 % de na Cinn Aonaid; ag moladh, i ndáil leis seo, sprioc de chuid riarachán na Parlaiminte go mbeadh mná comhdhéanta de 50 % de phoist mar meánbhainisteoirí agus bainisteoirí sinsearacha agus 40 % de phoist ardbhainistíochta sa riarachán faoi 2024; á iarraidh go dtabharfaí tús áite do mhná le haghaidh earcaíochta i gcás ina bhfuil siad faoi ghannionadaíocht agus inarb ionann fiúntas na n-iarrthóirí faoi seach; á chur i bhfáth sn gá atá le saineolas inscne a fhorbairt agus a neartú ar an leibhéal bainistíochta; á iarraidh go gcuirfí cláir meantóireachta i bhfeidhm;

    18.

    á iarraidh go mbaileofaí sonraí maidir le hionadaíocht ingearach agus cothrománach d’fhoireann na ngrúpaí polaitiúla agus sonraí anaithnidithe ar bhearnaí pá do chúntóirí na bhFeisirí agus don fhoireann ghrúpa agus riaracháin chun trédhearcacht pá a chinntiú;

    19.

    á iarraidh go mbaileofaí, ar mhodh rialta, sonraí inscne-dhíchomhiomlánaithe maidir leis an gcéatadán d’fhoireann na parlaiminte atá ag obair go páirtaimseartha; á iarraidh go ndéanfaí beart ar bhonn na sonraí atá ann cheana (17) d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na héagothromaíochtaí suntasacha agus measúnú a dhéanamh ar conas is féidir leis an bParlaimint tacaíocht bhreise a sholáthar más mian leis an bhfoireann filleadh ar obair lánaimseartha;

    20.

    á chur i bhfáth gur ionsaí tromchúiseach é ciapadh san áit oibre ar shláinte shíceolaíoch agus fhisiciúil duine agus gur féidir leis míshuaimhneas a chur orthu ag an obair agus, i gcásanna áirithe, cosc a chur orthu a gcuid oibre a dhéanamh; á thabhairt dá haire gur dóchúla i bhfad go mbeadh mná gan chosaint in aghaidh gnéaschiapadh ná fir; á mheas, in ainneoin na n-iarrachtaí go léir a rinneadh go dtí seo chun beartas maidir le ciapadh nialasach a áirithiú, go bhfuil cásanna gnéaschiaptha fós sa Pharlaimint agus gur cheart iarrachtaí a mhéadú chun gnéaschiapadh a chosc; á athdhearbhú, dá bhrí sin, ar a iarraidh ar na bearta seo a leanas a chur chun feidhme chun beartais frith-chiaptha a fheabhsú:

    (a)

    an measúnú seachtrach a rinneadh ar an gCoiste Comhairleach a dhéileálann le gearáin faoi chiapadh a bhaineann le Comhaltaí a fhoilsiú;

    (b)

    meastóireacht neamhspleách a dhéanamh, ag iniúchóirí seachtracha a roghnófar go trédhearcach, ar Choiste Frithchiaptha reatha na Parlaiminte a dhéileálann le gearáin faoi ghnéaschiapadh i measc na foirne maidir lena héifeachtacht agus, más gá, go ndéantar aon mhodhnuithe atá le moladh a luaithe is féidir agus roimh dheireadh an téarma reachtaigh seo chun neamhspleáchas ó thionchar polaitiúil agus cothromaíocht inscne a chinntiú agus coinbhleachtaí leasa a sheachaint sna struchtúir atá ann cheana;

    (c)

    anailís níos cuimsithí agus iomlánaíoch ar ghearáin agus leigheasanna a áirithiú agus comhdhéanamh na gCoistí Comhairleacha agus Frithchiaptha a athrú chun a chinntiú go bhfuil saineolaithe neamhspleácha, a bhfuil an saineolas cruthaithe acu maidir le dul i ngleic le saincheisteanna ciaptha san áit oibre, lena n-áirítear dochtúirí, teiripeoirí agus saineolaithe dlí, ina gcomhaltaí foirmiúla le cearta vótála iomlána;

    (d)

    oiliúint fhrithchiapadh shainordaitheach a thabhairt isteach do na Comhaltaí go léir agus é a chur ar fáil sa chaoi go mbeidh teacht air go héasca, lena n-áirítear tríd an oiliúint a chur ar fáil i ngach teanga oifigiúil nó le hateangaireacht agus trí ghníomhaíochtaí for-rochtana a dhíriú ar thoscaireachtaí aonair agus ar ghrúpaí polaitiúla;

    (e)

    oiliúint éigeantach a thabhairt isteach ar bheartas na Parlaiminte maidir le ciapadh nialasach do gach duine a oibríonn ar áitreabh na Parlaiminte ar bhonn rialta, a sholáthróidh na huirlisí dóibh chun gach cineál ciapadh a aithint agus a thuairisciú, lena n-áirítear agus go háirithe, gnéaschiapadh, chomh maith le faisnéis saincheaptha faoi na struchtúir tacaíochta atá ar fáil, rud a chuirfidh eolas níos leithne ar fáil faoi na struchtúir thacaíochta seo agus rochtain níos éasca orthu;

    21.

    ag gealladh cothromaíocht mhaith oibre is saoil a ráthú do Chomhaltaí, do bhaill foirne an ghrúpa, do chúntóirí parlaiminte creidiúnaithe agus don fhoireann riaracháin, amhail trí uaireanta oibre a ghlacadh a chuidíonn le cothromaíocht oibre is saoil agus dul i dteagmháil leis an gCoimisiún agus leis an gComhairle chun réiteach comhchoiteann a bhunú le haghaidh cruinnithe a bhaineann leis na trí institiúid; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar na bearta um chothromaíocht oibre is saoil chun an creat atá ann faoi láthair a fheabhsú agus a neartú, agus éifeachtaí na teilea-oibre i ndiaidh na paindéime COVID-19 á gcur san áireamh, agus inter alia, struchtúir oibre solúbtha a chothromú le ceanglais de chuid Parlaimint a fheidhmíonn go maith agus atá láidir;

    22.

    á iarraidh saoire mháithreachais agus atharthachta mhéadaithe neamh-inaistrithe d’fhoireann na Parlaiminte tar éis breith clainne, ar feadh sé mhí san iomlán do gach tuismitheoir a bheidh le glacadh le linn na chéad bhliana; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh na sé mhí de shaoire tuismitheora ar fáil laistigh de na chéad trí bliana de shaol an linbh; á chur in iúl gur oth léi nach bhfaigheann foireann institiúidí AE ach liúntas seasta seachas 100 % dá dtuarastal, agus iad ag tógáil saoire tuismitheora, rud atá ina dhídhreasacht mhór maidir le húsáid na saoire sin; á iarraidh go n-íocfáí saoire tuismitheora le luach saothair iomlán; á chur in iúl gur geal léi na liúntais atá ar fáil do theaghlaigh de chuid fostaithe na Parlaiminte;

    23.

    á éileamh, go háirithe, go n-aithneofaí saoire mháithreachais, atharthachta agus tuismitheora do Chomhaltaí na Parlaiminte trí leasú ar Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa; á iarraidh, ina theannta sin, go ndéanfaí réitigh a chur chun feidhme lena ráthaítear go mbeidh ar chumas na gComhaltaí leanúint ar aghaidh ag obair agus iad ar shaoire mháithreachais, atharthachta nó tuismitheora, amhail an deis vótála ó chian a choinneáil agus iad ar saoire nó féachaint an bhféadfaí an Comhalta a ionadú go sealadach, rud a chinnteodh nach mbeadh toghthóirí gan ionadaíocht fad a bheadh a gComhalta ar saoire agus nach mbeadh Comhaltaí faoi bhrú filleadh ar an obair láithreach; á chur i bhfáth go mbeadh an rogha ag an gComhalta ábhartha chun iad a ionadú go sealadach;

    24.

    á iarraidh ar sheirbhísí na Parlaiminte scrúdú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag sos míostraithe ar shaol oibre fhostaithe na Parlaiminte; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh sé seo bunaithe ar fhianaise agus go n-áireofaí ann treoir maidir le bainistiú leighis agus stíl mhaireachtála na hairíonna meánaoise agus sos míostraithe ag baint úsáide as treoirlínte náisiúnta agus idirnáisiúnta; á iarraidh go ndéanfaí sos míostraithe a mheas i mbeartais bhainistíochta breoiteachta agus tinrimh;

    An tábhacht a bhaineann le gné na hinscne i ngníomhaíochtaí parlaiminteacha

    25.

    á chur in iúl gur geal léi obair FEMM, agus an Ghrúpa Ardleibhéil um Chomhionannas Inscne agus Éagsúlacht agus an Líonra um Phríomhshruthú Inscne mar chomhlachtaí ceannaireachta chun príomhshruthú inscne a áirithiú sa Pharlaimint; á iarraidh, áfach, comhar agus comhordú níos dlúithe agus níos struchtúrtha idir na comhlachtaí sin, go háirithe in imthosca urghnácha amhail géarchéim COVID-19 agus ina dhiaidh sin, trí chruinnithe rialta chun faisnéis a roinnt agus tuarascálacha téamacha comhpháirteacha a eisiúint;

    26.

    á chur in iúl gur geal léi tionscnamh nua de chuid Chomhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí a thugann cuireadh do na toscaireachtaí uile comhaltaí a cheapadh le bheith i gceannas ar phríomhshruthú inscne agus molann sí an comhar idir an Líonra um Phríomhshruthú Inscne agus na Comhaltaí atá freagrach as inscne agus éagsúlacht sna toscaireachtaí;

    27.

    á iarraidh go n-áireofaí an Líonra um Phríomhshruthú Inscne sna Rialacha Nós Imeachta chun an ról atá aige maidir le príomhshruthú inscne a chur chun cinn i ngníomhaíochtaí na gcoistí agus na dtoscaireachtaí parlaiminteacha a léiriú; á iarraidh go ndéanfaí na hacmhainní is gá a chur chun feidhme chun a feidhmeanna a chomhlíonadh agus chun moltaí ábhartha a chur ar fáil; á iarraidh go n-áireofaí buanmhír plé ar chláir oibre chruinnithe coiste;

    28.

    á chur in iúl gur geal léi seisiún oiliúna EIGE do Chomhaltaí ar mheasúnuithe tionchair inscne agus ar bhuiséadú inscne, a saincheapadh don Pharlaimint; ag spreagadh obair níos dlúithe le EIGE trí oiliúint rialta a sholáthar ar phríomhshruthú inscne do Chomhaltaí, d’fhoireann ghrúpa, do chúntóirí parlaiminte, do sheirbhísí parlaiminte agus d’fhoireann rúnaíochtaí na gcoistí; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé cláir a thairiscint atá oiriúnaithe do na riachtanais nithiúla agus don eolas nithiúil ar an leibhéal polaitiúil agus ar an leibhéal riaracháin;

    29.

    á chur i bhfios go n-oibríonn FEMM, mar choiste lánfheidhme atá i gceannas ar chearta na mban agus an chomhionannais inscne, ar go leor saincheisteanna cothrománacha a bhaineann go minic le hobair na gcoistí eile; á thabhairt dá haire go n-athraíonn na moltaí ó FEMM a chuirtear san áireamh i bhfoirm tuairimí nó leasuithe i measc coistí eile; á chur in iúl gur geal léi tiomantas an treochláir do tháscairí soiléire a bhailiú, trí na seirbhísí agus na comhlachtaí ábhartha, chun a thomhas an bhfuil an t-ionchur ó FEMM á ionchorprú in obair na gcoistí eile agus i seasamh críochnaitheach na Parlaiminte; á iarraidh go ndéanfaí faireachán córasach, trédhearcach agus cuntasach ar chomhtháthú mholtaí FEMM, rud atá riachtanach chun a chinntiú go gcuirfear prionsabail an chomhionannais inscne agus an phríomhshruthaithe inscne chun feidhme i gceart;

    30.

    á chur i bhfáth a thábhachtaí atá na leasuithe a chuireann FEMM ar fáil ina tuairimí chun príomhshruthú inscne a áirithiú; á iarraidh, i gcomhthéacs tuarascálacha féintionscnaimh, go ndéanfaí feabhas a chur ar an gcomhar idir na coistí maidir le bunú an amchláir chun a chinntiú go mbeidh dóthain ama ann idir an tráth a mbeidh dréacht-tuarascáil an choiste cheannais ar fáil agus an uair a vótálfaidh an coiste chun go bhféadfaidh FEMM a seasamh a chur ar fáil i bhfoirm leasuithe ar an dréacht-tuarascáil; á chur i bhfáth go bhfuil na Comhaltaí sa Líonra um Phríomhshruthú Inscne freagrach as bearta príomhshruthaithe inscne a áireamh ina gcoistí; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an obair seo an-ad hoc go dtí seo agus go gcreideann sí gur cheart í a chur i bhfeidhm ar bhonn níos struchtúrtha;

    31.

    á iarraidh ar gach misean coiste agus toscaireachta a bheith cothrom ó thaobh inscne de agus go scrúdófaí gnéithe chomhionannais inscne agus chearta na mban; á iarraidh, ina theannta sin, go n-áireofaí cruinnithe le heagraíochtaí a chuireann an comhionannas inscne chun cinn i gcláir mhisin;

    32.

    á chur in iúl gur geal léi tiomantas an phlean gníomhaíochta inscne agus an treochlár chun a chinntiú go n-áireofaí ar gach coiste agus ar gach comhlacht eile a eagraíonn éisteachtaí, ceardlanna agus comhdhálacha painéil atá cothrom ó thaobh inscne de agus saineolaithe atá cáilithe chun gnéithe comhionannais inscne agus chearta na mban den réimse sonrach fócais a scrúdú; á iarraidh go ndéanfaí spriocanna soiléire a bhunú chun an fhoráil seo a chur i bhfeidhm;

    33.

    ag moladh na Seachtaine um Chomhionannas Inscne, a reáchtáladh den chéad uair in 2020 sa Pharlaimint, inar tugadh cuireadh do gach coiste parlaiminteach agus toscaireacht imeachtaí a reáchtáil a thugann aghaidh ar chomhionannas inscne ina réimsí inniúlachta; á chur in iúl gur geal léi go bhfuiltear ag leanúint leis an tionscnamh rathúil sin agus gur ghlac 16 choiste agus 6 thoscaireacht páirt ann agus gur eagraíodh 21 imeacht le haghaidh eagrán na bliana 2021; á iarraidh ar chomhlachtaí uile na Parlaiminte, lena n-áirítear na coistí agus na toscaireachtaí nach bhfuil sin déanta fós acu, a bheith páirteach sa tionscnamh sin agus rannchuidiú leis, tionscnamh a ardaíonn feasacht agus a dhéanann atreisiú ar chomhar, ar bhonn rialta;

    34.

    á iarraidh ar an Líonra um Phríomhshruthú Inscne, ar an nGrúpa Ardleibhéil um Chomhionannas Inscne agus Éagsúlacht, ar FEMM agus ar na Coistí um Buiséid agus Rialú Buiséid, treoirlínte tiomnaithe a fhorbairt agus a ghlacadh chun príomhshruthú inscne agus buiséadú inscne a chur chun feidhme;

    35.

    Á chur in iúl gur geal léi staidéar EPRS ar phríomhshruthú inscne sa Pharlaimint; á thabhairt dá haire, áfach, gur gá do EPRS an staidéar seo a athdhéanamh go rialta agus ar bhonn staidrimh inscne cainníochtúil agus cáilíochtúil agus sonraí inscne-dhíchomhiomlánaithe, agus ba cheart do sheirbhísí na Parlaiminte iad a bhailiú go córasach agus a chur ar fáil faoina plean gníomhaíochta inscne agus treochlár;

    36.

    á chur in iúl gur geal léi an t-aistriúchán a rinneadh ar na treoirlínte teanga atá neodrach ó thaobh inscne de, go dtí teangacha oifigiúla uile AE; á chur in iúl gur oth léi nár cuireadh chun feidhme na treoirlínte sin agus iarrann sí gníomhaíochtaí breise chun feasacht a mhúscailt agus oiliúint shonrach a chur ar dhlítheangeolaithe na Parlaiminte; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú rialta ar na treoirlínte agus ar a n-aistriúcháin chun a chinntiú go léiríonn siad forbairtí i ngach teanga agus go bhfanann siad cruinn;

    37.

    á chur in iúl go ngeallann sí a áirithiú go leithdháilfear dóthain cistí agus acmhainní daonna ar phríomhshruthú inscne agus feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an gcomhordú idir na comhlachtaí éagsúla a oibríonn ar chomhionannas inscne agus ar éagsúlacht sa Pharlaimint;

    Reachtaíocht a chur i gcrích a bhfuil gné na hinscne ag baint léi

    38.

    á chur i bhfáth a thábhachtaí atá measúnuithe tionchair inscne maidir le tograí reachtacha a leagan amach agus meastóireachtaí inscne-fhreagrúla ar thionscnaimh reachtacha; á chur in iúl gur oth léi gur annamh a dtugtar aghaidh ar thionchair inscne mar chuid de mheasúnuithe tionchair an Choimisiúin agus go moltar i dtreoirlínte measúnaithe tionchair an Choimisiúin do chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 (CAI) nár cheart comhionannas inscne a chur san áireamh agus beartais á gceapadh, ach amháin nuair atá sé “comhréireach” é sin a dhéanamh; á iarraidh ar an gCoimisiún a cur chuige a athrú, measúnú tionchair inscne a dhéanamh agus a fhoilsiú le haghaidh gach togra reachtach agus cuspóirí agus táscairí feidhmíochta a bhaineann go sonrach le hinscne a áireamh ina chuid tograí; á chur in iúl go ngeallann sí measúnú tionchair inscne a dhéanamh le haghaidh gach tuarascáil féintionscnaimh reachtach agus é mar aidhm gné na hinscne a áireamh; á chur in iúl go ngeallann sí taighde a dhéanamh ar mhodhanna agus uirlisí nua chun príomhshruthú inscne a fheabhsú sa phróiseas reachtach;

    39.

    á chur in iúl gur oth léi, ar an iomlán, nár cuireadh príomhshruthú inscne i bhfeidhm fós ar fud bhuiséad AE agus nach bhfuil faireachán leordhóthanach déanta ar rannchuidiú an bhuiséid chun comhionannas inscne a bhaint amach; á iarraidh go ndéanfaí príomhshruthú inscne a chur chun feidhme go córasach i mbuiséad AE; á chur i bhfios go láidir nach mór gné na hinscne a chomhtháthú ar gach leibhéal den phróiseas buiséadach chun ioncaim agus caiteachais a úsáid chun spriocanna comhionannais inscne a bhaint amach; á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí atá beartaithe i bplean gníomhaíochta inscne agus treochlár na Parlaiminte maidir le buiséadú inscne agus iarrann sí go gcuirfí chun feidhme iad a luaithe is féidir;

    40.

    ag moladh idirbheartaithe na Parlaiminte maidir le príomhshruthú inscne a áireamh mar phrionsabal cothrománach i CAI 2021-2027; á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, gealltanas an Choimisiúin maidir le modheolaíocht a chur ar bun chun caiteachas ábhartha na gclár arna gcistiú trí CAI 2021-2027 a thomhas faoi dheireadh na bliana 2022 ar a dhéanaí; á iarraidh ar an gCoimisiún cuntasacht agus trédhearcacht bhuiséadach a fheabhsú, an mhodheolaíocht nua a chur i bhfeidhm ar gach clár maoinithe AE agus buiséadú inscne a chur chun feidhme san athbhreithniú meántéarma ar CAI reatha; á áitiú ar an gCoimisiún gníomhú ar na moltaí ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa i dtaca leis seo;

    41.

    á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh san áireamh an cuspóir ginearálta maidir le tionchar sóisialta agus eacnamaíoch na géarchéime COVID-19 a mhaolú, go háirithe ar mhná, agus an ceanglas go n-áireofaí míniú ar an gcaoi a chuideodh na bearta sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta le comhionannas inscne, sa Rialachán um Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (18); á chur in iúl gur oth léi, áfach, nár cuireadh glao FEMM chun caibidil shonrach ar chomhionannas inscne a áireamh i bpleananna náisiúnta, san áireamh; á thabhairt chun suntais nach féidir rianú sóisialta agus infheistíochtaí sóisialta amháin a chur in ionad bearta tuairiscithe inscne-fhreagrúla agus príomhshruthaithe inscne; á chreidiúint go bhfuil modheolaíocht phríomhshruthaithe dá chuid féin tuillte ag an gcomhionannas inscne mar chuid den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus meabhraíonn sí go bhfuil modheolaíocht oiriúnach forbartha ag EIGE;

    42.

    á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán géar a dhéanamh ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, go háirithe maidir leis na forálacha atá ann cheana a bhaineann le comhionannas inscne, agus táscairí ábhartha a áireamh sa scórchlár téarnaimh agus athléimneachta chun faireachán a dhéanamh ar thionchar na bpleananna náisiúnta ar chomhionannas inscne agus an méid cistí a leithdháiltear agus a chaitear chun tacú leis an sprioc seo; á thabhairt chun suntais an gá atá le comhionannas inscne a phríomhshruthú in ailtireacht rialachais eacnamaíoch AE agus an tSeimeastair Eorpaigh;

    43.

    á chur in iúl gur oth léi nár chuir roinnt clár maoinithe AE, a bhfuil acmhainneacht shuntasach acu rannchuidiú le comhionannas inscne, amhail cistí struchtúracha agus infheistíochta na hEorpa, an comhbheartas talmhaíochta agus Erasmus, comhionannas inscne san áireamh go héifeachtach;

    44.

    á chur i bhfáth gur príomhionstraim é an t-idirphlé sóisialta do na páirtithe uile a bhfuil baint acu leis na próisis chinnteoireachta agus go bhfuil sé ríthábhachtach mar sin chun an comhionannas inscne a fheabhsú ar fud institiúidí AE;

    45.

    á iarraidh ar an gCoimisiún an creat institiúideach, chun tacú le príomhshruthú inscne, a neartú agus a thiomantas do phríomhshruthú inscne a aistriú ina ghníomhaíochtaí sonracha; á iarraidh ar an gCoimisiún plean cur chun feidhme a ghlacadh maidir le príomhshruthú inscne i ngach réimse beartais;

    46.

    á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil straitéis iomlán ag an gCoimisiún maidir le hoiliúint ar phríomhshruthú inscne, agus nach dtairgtear ach cúrsa tosaigh amháin, atá neamhéigeantach, dá fhoireann; á áitiú ar an gCoimisiún straitéis oiliúna a fhorbairt maidir le príomhshruthú inscne, a chinntiú go bhfuil oiliúint ar fáil don fhoireann ar fad agus úsáid iomlán a bhaint as uirlisí agus saineolas EIGE maidir le príomhshruthú inscne;

    47.

    á iarraidh ar an gCoimisiún sonraí a dhí-chomhiomlánú go córasach de réir inscne nuair a bhailítear iad agus gné na hinscne a chur san áireamh nuair a dhéantar meastóireacht agus tuairisciú ar chláir an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún a áireamh, i dtograí reachtacha atá le teacht, an ceanglas maidir le sonraí inscne-dhíchomhiomlánaithe agus táscairí ábhartha um chomhionannas inscne a bhailiú go córasach do gach clár agus ceanglais faireacháin agus meastóireachta atá inscne-fhreagrúil a áireamh; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá faireachán agus meastóireacht inscne-fhreagrúil chun spriocanna an phríomhshruthaithe inscne a bhaint amach ar bhealach níos fearr;

    48.

    á chur in iúl gur oth léi easpa tiomantais na Comhairle do reachtaíocht a sheachadadh a bhfuil gné na inscne ag baint léi agus athdhearbhaíonn sí a hiarrataí an bac a bhaineann le daingniú Choinbhinsiún Iostanbúl ag AE a réiteach, an treoir chothrománach i gcoinne an idirdhealaithe, lena chinnteofar go gcuirfear an ghné thrasnach san áireamh agus idirdhealú inscne á chomhrac, agus an treoir maidir le mná ar bhoird;

    49.

    á iarraidh ar na Ballstáit an treoir um chothromaíocht oibre is saoil a thrasuí go hiomlán agus a chur chun feidhme agus iarrann sí ar an gCoimisiún faireachán éifeachtach a dhéanamh uirthi;

    50.

    ag athdhearbhú a éilimh ar an gComhairle agus ar an gComhairle Eorpach cumraíocht de chuid na Comhairle a bhunú maidir le comhionannas inscne, toisc go dteastaíonn ardán AE le haghaidh malartú idir-rialtasach ar chomhionannas inscne agus fóram foirmiúil do na hairí agus do na rúnaithe stáit atá freagrach as an gcomhionannas inscne, d’fhonn príomhshruthú inscne a neartú ar fud bheartais agus reachtaíocht uile AE, idirphlé agus comhar a fhorbairt idir na Ballstáit, dea-chleachtais agus reachtaíocht a mhalartú, an bac a bhaint den chaibidlíocht ar na príomhchomhaid a bhaineann le comhionannas inscne, freagairtí comhcoiteanna a sholáthar ar fhadhbanna ar fud AE agus a chinntiú go bpléitear saincheisteanna comhionannais inscne ar an leibhéal polaitiúil is airde;

    51.

    á iarraidh go ndéanfaí príomhshruthú inscne a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr agus ar bhealach níos éifeachtaí sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, trí chomhordú méadaithe idir na comhlachtaí parlaiminteacha ábhartha chun an ghné inscne de rannchuidiú na meithleacha agus de na ndíospóireachtaí agus de thograí na comhdhála iomlánach a neartú;

    52.

    á iarraidh, ina theannta sin, bearta chun príomhshruthú inscne a áirithiú agus bearta sonracha spriocdhírithe chun comhionannas inscne a bhaint amach, amhail reachtaíocht, moltaí agus beartais a bhaineann le foréigean inscne, trédhearcacht pá agus cúram;

    Comhionannas inscne agus éagsúlacht i bhfeidhm shiombalach na Parlaiminte

    53.

    á chur i bhfáth, chun go mbeidh an Pharlaimint inscne-íogair, ba cheart di a bheith feasach agus aird a thabhairt ar na bríonna siombalacha a chuirtear in iúl laistigh agus ag an institiúid trína straitéis cumarsáide agus leagan amach spásanna fisiceacha; á iarraidh go ndéanfaí dlús a chur leis na hiarrachtaí sna réimsí sin;

    54.

    á iarraidh go nglacfaí le spriocanna nithiúla chun cothromaíocht inscne a áirithiú agus foirgnimh, seomraí agus spásanna fisiceacha eile na Parlaiminte á n-ainmniú agus á n-athainmniú;

    55.

    á chur in iúl gur geal léi an tiomantas sa treochlár d’anailís a dhéanamh ar na spásanna atá tiomnaithe do chúram leanaí laistigh d’áitribh na Parlaiminte, lena n-áirítear spásanna cothaithe cíche, agus iarrann sí gealltanas go ndéanfaí iad a athdhearadh más gá a luaithe a bheidh an anailís a comhaontaíodh roimhe seo ar a stádas reatha curtha ar fáil;

    56.

    á iarraidh go ndéanfaí anailís ar dháileadh agus ar dhearadh leithris na Parlaiminte chun measúnú a dhéanamh ar an ngá iad a oiriúnú do riachtanais gach inscne, lena n-áirítear trí bhearta amhail leithris atá neodrach ó thaobh inscne a thabhairt isteach agus líon na leithreas a bhfuil boscaí bruscair agus doirtil aonair iontu a mhéadú chun úsáid cupáin mhíosta agus táirgí sláintíochta eile a éascú;

    57.

    á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar straitéis chumarsáide na Parlaiminte, lena n-áirítear trí bhearta amhail prótacal a bhunú chun íospartaigh na feimeamharaithe a chaoineadh agus athbhreithniú a dhéanamh ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte chun roinn shonrach ar chomhionannas inscne a áireamh ar an roghchlár baile, agus faisnéis ábhartha faoi phríomhchomhaid, amhail próiseas daingniúcháin AE maidir le Coinbhinsiún Iostanbúl, agus nuashonrú ar an bhfaisnéis maidir le stair agus comhdhéanamh na Parlaiminte chun inscne a chur san áireamh;

    Focal scoir

    58.

    á athdhearbhú a iarraidh iniúchadh (19) a chur i gcrích chun an staid reatha a mhapáil ó thaobh comhionannas inscne agus príomhshruthú inscne agus moltaí a dhéanamh maidir le taobhanna polaitiúla agus riaracháin ghníomhaíochtaí na Parlaiminte; ag moladh gur cheart go gclúdódh an t-iniúchadh sin na réimsí agus na táscairí go léir a forbraíodh i sraith straitéisí EIGE maidir le “Parlaimintí atá inscne-íogair” agus go sainaithneofaí na rialacha a éascaíonn nó a chuireann bac ar chomhionannas inscne i ngach réimse anailíse, agus é mar aidhm plean gníomhaíochta inscne agus treochlár na Parlaiminte a nuashonrú; á iarraidh go n-áireofar san iniúchadh sin measúnú tionchair inscne ar cheanglas seasta um chothromaíocht inscne a chur chun feidhme ar fud na struchtúr parlaiminte go léir, lena n-áirítear coistí, toscaireachtaí agus misin;

    59.

    á chur i bhfios go bhfuil baint bhunúsach ag roinnt réimsí atá clúdaithe sa phlean gníomhaíochta inscne agus sa treochlár le heagrú polaitiúil na ngrúpaí agus dá bhrí sin go dteastaíonn plé polaitiúil ina mbeidh gach grúpa páirteach; á iarraidh go mbunófar meitheal sealadach faoi Chomhdháil na nUachtarán, comhdhéanta d’ionadaithe ó gach grúpa polaitiúil agus faoi chathaoirleacht rapóirtéirí seasta na Parlaiminte um phríomhshruthú inscne chun an obair sa réimse sin a stiúradh, an rún seo a chur chun feidhme agus comhordú a dhéanamh leis an nGrúpa Ardleibhéil maidir le Comhionannas Inscne agus Éagsúlacht, Biúró na Parlaiminte, FEMM agus an Líonra um Phríomhshruthú Inscne, nuair is iomchuí; ag spreagadh na grúpaí polaitiúla chun an meitheal sin a bhunú faoi lár na bliana 2022;

    o

    o o

    60.

    á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

    (1)  IO L 188, 12.7.2019, lch. 79.

    (2)  IO C 61 E, 10.3.2004, lch. 384.

    (3)  IO C 244 E, 18.10.2007, lch. 225.

    (4)  IO C 184 E, 8.7.2010, lch. 18.

    (5)  IO C 212 E, 5.8.2010, lch. 32.

    (6)  IO C 411, 27.11.2020, lch. 13.

    (7)  IO C 224, 27.6.2018, lch. 96.

    (8)  IO C 232, 16.6.2021, lch. 48.

    (9)  IO C 346, 27.9.2018, lch. 192.

    (10)  IO C 433, 23.12.2019, lch. 31.

    (11)  IO C 456, 10.11.2021, lch. 208.

    (12)  IO C 445, 29.10.2021, lch. 150.

    (13)  IO C 425, 20.10.2021, lch. 98.

    (14)  IO C 456, 10.11.2021, lch. 191.

    (15)  Ahrens, P., “Working against the tide? Institutionalizing Gender Mainstreaming in the European Parliament”, Gendering the European Parliament: Structures, Policies, and Practices, eds. P. Ahrens agus A. L. Rolandsen, Rowman & Littlefield International, 2019, lgh. 85-101.

    (16)  I gcomhréir le hAirteagal 223 den CFAE agus le dlí toghcháin AE mar atá sé leagtha síos in Acht Toghcháin 1976 maidir le toghadh ionadaithe do Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach 1976, arna leasú in 2002 (IO L 278, 8.10.1976, lch. 5).

    (17)  mar a tiomsaíodh i mbróisiúr na bliain 2021, Mná i bParlaimint na hEorpa.

    (18)  IO L 57, 18.2.2021, lch. 17.

    (19)  IO C 323, 11.8.2021, lch. 33.


    Top