EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022IP0068

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2022 ar chreat straitéiseach nua de chuid an Aontais maidir leis an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair i ndiaidh 2020 (lena n-áirítear oibrithe a chosaint, ar bhealach níos fearr, ar nochtadh do shubstaintí díobhálacha, ar strus ag an obair agus ar ghortuithe athghluaisne) (2021/2165(INI))

IO C 347, 9.9.2022, p. 122–138 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 347, 9.9.2022, p. 111–127 (GA)

9.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 347/111


P9_TA(2022)0068

Creat straitéiseach nua AE maidir leis an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair i ndiaidh 2020

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2022 ar chreat straitéiseach nua de chuid an Aontais maidir leis an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair i ndiaidh 2020 (lena n-áirítear oibrithe a chosaint, ar bhealach níos fearr, ar nochtadh do shubstaintí díobhálacha, ar strus ag an obair agus ar ghortuithe athghluaisne) (2021/2165(INI))

(2022/C 347/10)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

ag féachaint d’Airteagail 153 agus 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

ag féachaint d’Airteagal 3 de Chairt Shóisialta na hEorpa de Chomhairle na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagal 3 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do choinbhinsiúin agus moltaí na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair,

ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe do 2030, go háirithe sprioc 8.8 dar teideal “Cearta saothair a chosaint agus timpeallachtaí oibre sábháilte a chur chun cinn”,

ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD) a bhfuil AE agus a Bhallstáit uile mar pháirtithe ann,

ag féachaint don tuarascáil ó Phainéal Idir-Rialtasach na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (IPCC) dar teideal AR6 Climate Change 2021: the Physical Science Basis [AR6 Athrú Aeráide 2021: Bunús na hEolaíochta Fisiciúla],

ag féachaint do Chreat Eorpach na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) um Ghníomhaíocht ar Mheabhairshláinte 2021-2025 (1),

ag féachaint do Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (2),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2021 dar teideal Europe’s Beating Cancer Plan [Plean na hEorpa chun Ailse a Chloí] (COM(2021)0044),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 dar teideal “Creat Straitéiseach AE maidir leis an tSláinte agus an tSábháilteacht ag an Obair, 2021-2027 – Sábháilteacht agus sláinte cheirde i saol oibre atá ag athrú” (COM(2021)0323),

ag féachaint don tuairim ó Phainéal Saineolaithe an Choimisiúin an 23 Meitheamh 2021 ar bhealaí éifeachtacha chun infheistiú sa tsláinte dar teideal Supporting mental health of health workforce and other essential workers [Ag tacú le meabhairshláinte an lucht saothair sláinte agus oibrithe riachtanacha eile],

ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, go háirithe prionsabail 5 go 10 de, a d’fhógair an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún (an Colún) go comhpháirteach an 17 Samhain 2017,

ag féachaint do phlean gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, an 4 Márta 2021,

ag féachaint do Dhearbhú Porto ón gComhairle Eorpach an 8 Bealtaine 2021,

ag féachaint do na Conclúidí ón gComhairle i mí Dheireadh Fómhair 2019 maidir le “Geilleagar na Folláine”, agus béim á leagan ar a thábhachtaí atá sé an mheabhairshláinte a chur chun cinn san ionad oibre,

ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal “Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair – Creat Straitéiseach AE (2021-2027)”,

ag féachaint do chreat gníomhaíochta AE um ghníomhaíocht ar mheabhairshláinte agus folláine, a glacadh ag an gcomhdháil dheireanach um Ghníomhaíocht Chomhpháirteach ar Mheabhairshláinte agus Folláine an 21-22 Eanáir 2016 (3),

ag féachaint do straitéis AE maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030,

ag féachaint don chéad tuarascáil chomhpháirteach maidir le cur chun feidhme Chreat-Chomhaontú Chomhpháirtithe Sóisialta na hEorpa maidir leis an Digitiú (2021),

ag féachaint do threoirlínte na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) an 24 Aibreán 2020 dar teideal “COVID-19: ar ais chuig an ionad oibre – ionaid oibre a chur in oiriúint agus oibrithe a chosaint”,

ag féachaint do thuarascáil EU-OSHA an 22 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal Telework and health risks in the context of the covidovid-19 pandemic: evidence from the field and policy implications [Teilea-obair agus rioscaí sláinte i gcomhthéacs phaindéim COVID-19: fianaise allamuigh agus impleachtaí beartais].

ag féachaint don rún uaithi an 11 Meán Fómhair 2018 maidir le conairí d’oibrithe atá ag téarnamh ó ghortú agus ó thinneas a athimeascadh i bhfostaíocht d’ardchaighdeán (4),

ag féachaint do rún uaithi an 19 Meitheamh 2020 maidir le cosaint Eorpach d’oibrithe trasteorann agus séasúracha i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19 (5),

ag féachaint do rún uaithi an 17 Nollaig 2020 maidir le hEoraip shóisialta láidir don Aistriú Cóir (6),

ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 ina bhfuil moltaí don Choimisiún maidir leis an gceart chun dícheangail (7),

ag féachaint do rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le dálaí oibre cothroma, cearta agus cosaint shóisialta d’oibrithe ardáin – cineálacha nua fostaíochta atá nasctha leis an bhforbairt dhigiteach (8),

ag féachaint dá rún an 20 Deireadh Fómhair 2021 maille le moltaí don Choimisiún maidir le hoibrithe a chosaint ar aispeist (9),

ag féachaint d’Airteagal 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0023/2022),

A.

de bhrí gur gá ardleibhéal cosanta le haghaidh sláinte an duine a áirithiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí uile an Aontais;

B.

de bhrí, de réir Bhunreacht EDS, gur “staid iomlán fhisiceach, intinne agus folláine sóisialta í an tsláinte agus ní hé amháin galar nó breoiteacht a bheith in easnamh” (10);

C.

de bhrí, de réir EDS, gur “staid folláine í an tsláinte mheabhrach ina réadaíonn daoine a gcumas féin agus inar féidir leo dul i ngleic le gnáthstruis an tsaoil, oibriú go táirgiúil agus rannchuidiú lena bpobal” (11);

D.

de bhrí go raibh níos mó ná 3 300 tionóisc mharfach agus 3.1 milliún tionóisc neamh-mharfach in AE-27 in 2018; de bhrí go bhfaigheann níos mó ná 200 000 oibrí bás gach bliain de dheasca tinnis a bhaineann leis an obair (12); de bhrí nach n-áirítear leis na sonraí sin gach tionóisc a tharla de bharr obair neamhdhearbhaithe, rud a fhágann gur sochreidte glacadh leis go bhfuil an fíorlíon i bhfad níos airde an staidreamh oifigiúil (13); de bhrí, de réir an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), go raibh 20 % de na poist san Eoraip “ar dhroch-cháilíocht” agus gur chuir siad sláinte fhisiciúil nó mheabhrach oibrithe i mbaol méadaithe; de bhrí gur nochtadh 14 % de na hoibrithe do leibhéal ard rioscaí síceasóisialta (14); de bhrí go gcreideann 23 % d’oibrithe na hEorpa go mbíonn a sábháilteacht nó a sláinte i mbaol mar gheall ar a n-obair; de bhrí go bhfuarthas sa Suirbhé Eorpach ar Dhálaí Oibre (EWCS) in 2015 gur “poist thábhachtacha” a bhí in 21 % de na poist san Eoraip (15); de bhrí gur cuireadh obair allamuigh EWCS siar in 2020 mar gheall ar an ráig de phaindéim COVID-19 ach gur athsheoladh í i mí Iúil 2021 d’fhonn í a fhoilsiú faoi dheireadh 2022;

E.

de bhrí go bhfuil an baol a bhaineann le gortuithe ag an obair níos mó ná trí huaire níos airde i gcás oibrithe atá ag obair ina bpost le breis agus ceithre seachtaine anuas ná iad siúd a atá ag obair ina bpost le breis agus bliain anuas (16);

F.

de bhrí nach ionann treochtaí anuas i líon na dtionóiscí agus na mbásanna san áit oibre i ngach tír;

G.

de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag Plean Sáraithe Ailse na hEorpa an t-ualach ailse ar othair, a dteaghlaigh agus córais sláinte a laghdú; de bhrí go bhfuil an ailse ina príomhchúis le básanna a bhaineann leis an obair, agus í ina siocair le 52 % de na básanna uile a bhaineann leis an obair in AE; de bhrí gur siocair iad carcanaiginí le tuairim is 100 000 bás ailse ceirde san ionad oibre gach bliain (17); de bhrí go bhfuil idir 50 agus 70 substaint nó grúpa substaintí sainaitheanta ag gníomhaireachtaí éagsúla, ag geallsealbhóirí éagsúla agus ag an EDS i liostaí tosaíochta de charcanaiginí, só-ghineacha agus substaintí atá tocsaineach maidir le síolrú agus a bhfuil teorainnluachanna ceangailteacha ag teastáil ina leith; de bhrí gur féidir oibrithe a nochtadh do mhanglam substaintí san áit oibre, rud a fhéadann rioscaí sláinte a mhéadú, a fhéadann a bheith ina chúis le héifeachtaí díobhálacha, ar a gcórais atáirgthe lena n-áirítear torthúlacht lagaithe nó neamhthorthúlacht, agus a fhéadann tionchar diúltach a imirt ar fhorbairt féatais agus ar lachtadh;

H.

de bhrí gur siocair é nochtadh d’aispeist le bás tuairim is 88 000 duine san Eoraip gach bliain, gurb é is cúis le 55-75 % d’ailsí na scamhóg arna dteacht ar dhaoine ag an obair, agus de bhrí gurb í aispeist an phríomhchúis le hailse na scamhóg, agus í ina siocair le 45 % de na cásanna (18); de bhrí go meastar go leanfaidh na rátaí básmhaireachta ón nochtadh sin de bheith ag méadú amach sna 2020idí agus sna 2030í (19); de bhrí cé go bhfuil cosc ar aispeist in AE ó 2005 i leith, is minic a bhíonn ann di i bhfoirgnimh riaracháin, i scoileanna, i dtithíocht, i mbonneagar, i saoráidí iompair phoiblí agus i líonraí soláthair uisce; de bhrí go bhfuil baint ag aispeist le 80 % d’ailsí ceirde a aithnítear sna Ballstáit;

I.

de bhrí go bhfuil fachtóirí amhail radaíocht, strus, eagrú na hoibre agus dálaí oibre go léir nasctha le hailse a bhaineann leis an obair; de bhrí go bhfuil cásanna ailse chraicinn, atá ar cheann de na galair cheirde is leithne, ag dul i méid mar gheall ar thosca éagsúla amhail an t-athrú aeráide, agus nach n-aithnítear mar ghalair cheirde ach cion an-bheag de shiadaí craicinn atá bainteach leis an obair; de bhrí go bhfuil baol suntasach ann d’oibrithe allamuigh, go háirithe iad siúd atá ag obair in earnálacha na talmhaíochta, na foraoiseachta, na tógála agus na turasóireachta, ailse chraicinn nach meileanóma í (NMSC) a fhorbairt mar gheall ar leibhéil ardaithe nochta do radaíocht ultraivialait (UVR); de bhrí go mbíonn ar oibrithe san earnáil cúraim sláinte agus éigeandála, a bhfuil ról bunúsach acu maidir le hullmhacht agus freagairt i gcás éigeandála, amhail comhraiceoirí dóiteáin agus altraí, dul i ngleic le neamhchosaintí comhchosúla chomh maith le strus breise mar gheall ar ualach oibre méadaithe a d’fhéadfadh cur le rioscaí síceasóisialta; de bhrí nach bhfuil cur chuige comhchoiteann Eorpach ann go fóill maidir le nochtadh do UVR a chosc (20); de bhrí go bhfuil easpa sonraí iontaofa agus inchomparáide ar leibhéal an Aontais faoi láthair maidir le nochtadh san ionad oibre d’fhachtóirí riosca ailse (21); de bhrí gur féidir 2 % d’ualach ailse AE a chur i leith radaíocht ianúcháin agus gurb é nochtadh don radón laistigh agus a táirgí meatha an dara cúis is mó le hailse scamhóg san Eoraip (22) (23);

J.

de bhrí go raibh éifeachtaí díobhálacha ag an athrú aeráide cheana féin ar shláinte an duine, ar an tsábháilteacht ag an obair agus ar dhálaí oibre agus go mbeidh amach anseo; de bhrí, de réir na tuarascála is déanaí ó IPCC, go mbeidh tionchar níos mó ag athruithe suntasacha ar phatrúin aimsire, amhail teasthonnta agus báisteach throm, ar dhálaí oibre; de bhrí gur measa na rioscaí a bhaineann le béim teasa, díhiodráitiú, tuirse, easpa airde agus castachtaí galar ainsealach, mar gheall ar nochtadh méadaithe do theochtaí arda san ionad oibre; de bhrí go bhfuil tionchar ag an athrú aeráide ar ghalair a bhaineann leis an obair agus atá nasctha le hoibreáin bhitheolaíocha, ós rud é gur féidir le teochtaí atá ag dul i méid, mar shampla, difear a dhéanamh do dháileadh geografach veicteoirí oibreán bitheolaíoch (sceartáin, muiscítí), rud a éascaíonn leathadh galar atá nua do réigiún; de bhrí go bhfuil sé riachtanach cleachtais oibre a chur in oiriúint chun éifeachtaí an athraithe aeráide a chur san áireamh (24);

K.

de bhrí go gcuireann timpeallacht oibre shíceasóisialta mhaith le folláine intinne agus fhisiciúil oibrithe; de bhrí gur féidir le rioscaí síceasóisialta eascairt as drochdhearadh, drocheagrú agus drochbhainistíocht oibre, chomh maith le droch-chomhthéacs sóisialta oibre, agus gur féidir torthaí diúltacha síceolaíocha, fisiciúla agus sóisialta, amhail strus, imní, cloíteacht agus dúlagar, a bhaineann leis an dara grúpa is mó d’fhadhbanna sláinte féintuairiscithe a bhaineann leis an obair, a bheith mar thoradh orthu (25); de bhrí gur féidir le strus a bhaineann leis an obair cur go suntasach leis an riosca go ndéanfar neamhoird mhatánchnámharlaigh (MSDanna), galar croí, galair uath-imdhíonacha nó galair athlastacha réamatacha/ainsealacha a spreagadh nó a ghéarú (26); de bhrí, de réir Eurofound agus EU-OSHA, go bhfuil 25 % d’oibrithe san Eoraip faoi strus iomarcach a bhaineann leis an obair; de bhrí go ndeir 51 % d’oibrithe AE gur coitianta an strus ina n-ionad oibre agus go bhfuil beagnach 80 % de bhainisteoirí buartha faoin strus a bhaineann leis an obair (27), a léiríonn gur cúis bhuartha iad rioscaí síceasóisialta do thromlach cuideachtaí (28); de bhrí gur strus a bhaineann leis an obair is cúis le breis agus leath de na laethanta oibre a chailltear in AE (29); de bhrí go bhfuil difríocht shuntasach ann i mBallstáit éagsúla maidir le cuir chuige i leith rioscaí síceasóisialta agus reachtaíocht a bhaineann leo; de bhrí gur féidir tionchar dearfach a imirt ar mheabhairshláinte agus ar fholláine dhaonra na hEorpa trí aird a thabhairt ar straitéisí a chuirtear chun feidhme san áit oibre; de bhrí, ach cosc a chur ar fhadhbanna meabhairshláinte agus an mheabhairshláinte a chur chun cinn, go rannchuideofaí le laghdú a dhéanamh ar iompar ar rioscaí sláinte gaolmhara amhail úsáid alcóil, drugaí agus tobac, neamhghníomhaíocht choirp agus drochaiste bia; de bhrí go bhfuil baint dhíreach ag leibhéil fheabhsaithe folláine síceolaíche agus fisiciúla le feidhmíocht níos fearr san áit oibre;

L.

de bhrí gur féidir ról tábhachtach a bheith ag áiteanna oibre sa tsláinte phoiblí, ag brath ar a n-acmhainní lóistíochta, trí stíleanna maireachtála sláintiúla a chur chun cinn, trí chleachtadh spórt agus gníomhaíochtaí coirp a spreagadh agus trí gach gné den tsláinte a chur chun cinn ar bhonn níos leithne i measc fostaithe;

M.

de bhrí go bhfuil ról bunúsach ag feasacht maidir leis an tsláinte i dtaobh tionchar bagairtí sláinte a chosc agus a mhaolú, agus cur le tuiscint níos fearr an phobail ar fhrithbhearta agus ar mheasúnú riosca na mbagairtí sláinte éagsúla.

N.

de bhrí gur léir ó phaindéim COVID-19 gur gá sábháilteacht agus cosaint oibrithe a áirithiú, lena n-áirítear a meabhairshláinte; de bhrí gur leag an phaindéim béim ar an tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh sa tsláinte phoiblí; de bhrí gur tháinig mórbhorradh faoin teilea-obair de bharr phaindéim COVID-19, agus beagnach leath de na fostaithe uile in AE ag obair ón mbaile ar a laghad cuid dá n-am oibre (30) le linn na dianghlasála, agus freagrachtaí méadaithe cúraim á nglacadh acu orthu féin ag an am céanna; de bhrí go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil tionchar láidir ag an gcianobair ar eagrú an ama oibre toisc go méadaíonn sí an tsolúbthacht mar aon le soghluaisteacht leanúnach na n-oibrithe (31), rud a mbíonn coimhlint oibre is saoil mar thoradh air go minic; de bhrí go meastar go mbeidh glacadh na teilea-oibre fós níos airde ná mar a bhí sé roimh ghéarchéim COVID-19 nó go dtiocfaidh méadú breise air fiú (32); de bhrí go raibh an chianobair mar a bheadh maolán ann le linn na géarchéime agus gur caomhnaíodh poist a d’fhéadfadh a bheith caillte murach í (33); de bhrí go gcuireann an teilea-obair an tsaoirse ar fáil d’oibrithe a n-uaireanta oibre agus a sceidil a chur in oiriúint chun freastal ar a riachtanais phearsanta agus teaghlaigh féin (34); de bhrí go dtugann roinnt staidéar le fios go bhfuil feabhas suntasach tagtha ar dhearcthaí ar an gcianobair ó thús na paindéime, rud fhágann go bhfuil fabhar ginearálaithe ann do shocruithe oibre hibrideacha (35);

O.

de bhrí go bhfuil níos mó ná dhá oiread seans ann go n-oibreoidh daoine a bhíonn ag obair go rialta ón mbaile níos mó ná 48 uair an chloig in aghaidh na seachtaine agus go bhfuil baol ann go nglacfaidh siad sos go ceann tréimhse is giorra ná 11 uair an chloig idir laethanta oibre; de bhrí go dtuairiscíonn nach mór 30 % de theilea-oibrithe go mbíonn siad ag obair le linn a gcuid ama shaoir gach lá nó roinnt babhtaí sa tseachtain, i gcomparáid le níos lú ná 5 % de na hoibrithe atá “lonnaithe in oifigí” agus gur mó seans go n-oibríonn siad uaireanta mírialta chomh maith; de bhrí gurb iad rioscaí síceasóisialta na rioscaí sláinte is forleithne a bhaineann leis an teilea-obair (36); de bhrí go bhfuil leitheadúlacht níos airde d’fhadhbanna fisiciúla, amhail MSDanna, i dtaca le hiompar neamhaistreach, drochdhálaí eirgeanamaíocha, uaireanta fada oibre agus strus a bhaineann leis an obair, mar thoradh ar leitheadúlacht níos airde de theilea-obair;

P.

de bhrí gur féidir tionchar a bheith ag margadh saothair atá ag athrú ar shláinte agus ar shábháilteacht ag an obair agus ar dhálaí oibre trí fhorbairtí déimeagrafacha, teicneolaíochtaí nua amhail nanaiteicneolaíochtaí agus intleacht shaorga a thabhairt isteach, mar aon le glúnta d’uirlisí nó innealra atá ann cheana, substaintí agus táirgí ceimiceacha nua a bheith ann agus cineálacha nua post; de bhrí go bhfuil níos mó oibrithe ag dul isteach in obair ardáin, obair neamhthraidisiúnta nó fostaíocht neamhthipiciúil;

Q.

de bhrí gur nocht géarchéim COVID-19 leochaileacht oibrithe neamhchaighdeánacha, lena n-áirítear iad siúd a oibríonn trí shaothar digiteach nó trí ardáin agus oibrithe féinfhostaithe; de bhrí gur rídhócha go leanfaidh an sciar d’obair ardáin sa mhargadh saothair de bheith ag fás; de bhrí go n-eisiatar oibrithe féinfhostaithe ó raon feidhme an chreata straitéisigh don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair, ós rud é nach bhfuil siad cumhdaithe faoi reachtaíocht AE um shláinte agus sábháilteacht ceirde; de bhrí gur féidir le hoibrithe ardáin a bheith thíos le rioscaí breise sláinte agus sábháilteachta nach bhfuil teoranta do shláinte fhisiciúil ach ar féidir leo dochar a dhéanamh don tsláinte shíceasóisialta freisin mar thoradh ar uaireanta oibre dothuartha, déine na hoibre, timpeallachtaí iomaíocha, ró-ualach faisnéise agus leithlisiú; de bhrí go bhfuil dúshláin nua ag baint le bainistiú algartamach ó thaobh thodhchaí na hoibre de, ar dúshláin iad a d’fhéadfadh brú iomarcach luais agus éifeachtúlachta a chruthú d’oibrithe; de bhrí gur féidir leis an stíl bhainistíochta sin sábháilteacht oibrithe ardáin san earnáil iompair agus seachadta ar bhóithre a chur i mbaol, go háirithe rothaithe agus iad ina n-úsáideoirí soghonta bóithre, chomh maith le sábháilteacht úsáideoirí eile bóithre a chur i mbaol; de bhrí gur féidir le hoibrithe ardáin mná, go háirithe tiománaithe mná agus mná a chuireann seirbhísí glantacháin agus cúraim ar fáil in áiteanna cónaithe príobháideacha, a bheith ina n-íospartaigh gnéaschiaptha agus foréigin agus go bhféadfaidís staonadh ó tharluithe den sórt sin a thuairisciú mar gheall ar easpa uirlisí tuairiscithe nó easpa teagmhála le bainisteoir daonna, nó toisc eagla a bheith orthu go bhfaighidh siad drochrátálacha agus go gcaillfidh siad obair amach anseo; de bhrí go ndéantar ganntuairisciú ar chiapadh gnéasach agus ar an bhforéigean in obair ardáin (37);

R.

de bhrí gur léirigh paindéim COVID-19 gur féidir le háiteanna oibre a bheith ina lárionaid mhóra chun tógálacht a leathadh; de bhrí go ndearnadh a fhorbhásaí agus atá dálaí oibre agus maireachtála oibrithe séasúracha san Eoraip, go háirithe in earnáil na talmhaíochta, a dhoiciméadú go maith cheana féin roimh ghéarchéim COVID 19 (38); de bhrí gur léirigh tuairiscí scáfara ar sháruithe ar chearta oibrithe trasteorann agus séasúracha ó thaobh dálaí oibre agus maireachtála de gur tháinig meath bhreise ar a staid le linn na paindéime; de bhrí gur minic a bhíonn oibrithe atá ar sannadh gearrthéarmach ina gcónaí i gcóiríocht ghrúpa, inar deacair scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm agus ina gcuirtear leis an riosca go mbeadh ionfhabhtú orthu; de bhrí gur tharla ráigeanna móra d’ionfhabhtuithe COVID-19 i dtionscail amhail an tioscal próiseála bia; de bhrí go ndéanann cineálacha fostaíochta forbhásaí amhail obair eatramhach, féinfhostaíocht bhréagach nó obair i slabhraí fochonraitheoireachta oibrithe a eisiamh go rialta ó sheirbhísí agus oiliúint sábháilteachta agus sláinte ag an obair; de bhrí gurb é cuspóir an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) soghluaisteacht chothrom an lucht saothair a áirithiú trí chúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus don Choimisiún maidir le dlí an Aontais a bhaineann le soghluaisteacht lucht saothair a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach agus maidir le comhordú córas slándála sóisialta laistigh de AE, lena n-áirítear tuairisciú ar mhírialtachtaí amhrasta amhail sáruithe ar dhálaí oibre agus rialacha sláinte agus sábháilteachta, má fhoghlaimíonn siad faoi neamhrialtachtaí den sórt sin agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu;

S.

de bhrí gur féidir torthaí dearfacha a bheith ann maidir le feabhas a chur ar shláinte fostaithe agus deiseanna nua fostaíochta nó saorálaíochta a chur ar fáil mar thoradh ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le cosc, ardú feasachta agus folláine agus ar chur chun cinn cultúr sláinte agus sábháilteachta ag an obair;

T.

de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag cigireachtaí saothair i gcur chun feidhme beartas sláinte agus sábháilteachta ag an obair ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil; de bhrí go moltar le moladh EIS go mbeadh cigire saothair amháin ann in aghaidh gach 10 000 oibrí chun cigireachtaí éifeachtacha agus tráthúla a dhéanamh atá ceaptha chun deireadh a chur le gach cineál mí-úsáide; de bhrí, de réir taighde EU-OSHA, go ndearbhaíonn 88 % d’fhostóirí gurb é comhlíonadh na reachtaíochta an phríomhchúis a ndéanann siad sláinte agus sábháilteacht ag an obair a bhainistiú (39);

U.

de bhrí gur chuir paindéim COVID-19 éilimh urghnácha ar oibrithe cúraim sláinte; de bhrí gur bhain tionchar diúltach síceolaíoch le timpeallacht oibre éilitheach agus le heagla maidir le sábháilteacht phearsanta agus teaghlaigh; de bhrí go bhfuil leibhéil níos airde struis, imní agus dúlagair ann i measc gairmithe cúraim sláinte i gcomparáid le gairmithe in earnálacha eile (40); de bhrí nach mór don Aontas Eorpach foghlaim ó ghéarchéim COVID-19 agus córas éifeachtach a chur ar bun chun comhordú a dhéanamh ar an bhfreagairt d’aon chineál bagartha don tsláinte phoiblí amach anseo, lena n-áirítear cosc, ullmhacht agus pleanáil freagartha ag an obair;

V.

de bhrí gur chaith paindéim COVID-19 solas ar éagothromaíochtaí inscne agus gur chuir sí leo; de bhrí gur mná iad formhór na n-oibrithe bunriachtanacha túslíne sna hearnálacha sláinte, sóisialta, oideachais agus cúraim; de bhrí, le linn an bhuaic den phaindéim, go raibh uaireanta fada oibre roimh na n-oibrithe mná sin agus gur thuairiscigh siad go raibh deacrachtaí acu an saol oibre agus príobháideach a thabhairt le chéile; de bhrí, cé go meastar iad a bheith bunriachtanach, go bhfuil na gairmeacha sin fós ar chuid de na poist is lú luach agus is lú pá in AE; de bhrí go bhfuil mná, go háirithe, tar éis a bheith i mbaol mór ghéarchéim COVID-19 agus gur measa an tionchar a bhí ag an ngéarchéim orthu mar gheall ar an titim eacnamaíoch agus shóisialta a d’eascair aisti (41);

W.

de bhrí go bhfuil sé tábhachtach gné na hinscne a chur i bhfeidhm maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair mar gur féidir go nochtfaí oibrithe níos mó do chineálacha éagsúla substaintí nó rioscaí nó go mbeidís níos leochailí ina leith ag brath ar a n-inscne; de bhrí gur cheart dul i ngleic le gnéithe inscne i gcomhthéacs an chirt chun dícheangail;

X.

de bhrí go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le dul i ngleic le nochtadh do shubstaintí guaiseacha agus le fachtóirí eile riosca san áit oibre maidir le haghaidh a thabhairt ar neamhionannais sláinte, toisc gur féidir le catagóirí áirithe oibrithe atá i measc na ndaoine is leochailí a bheith thíos le nochtadh méadaithe d’fhactóirí riosca den sórt sin; de bhrí go bhfuil daoine faoi mhíchumas, daoine óga agus daoine scothaosta an-leochaileach i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19; de bhrí gur dócha go mbeidh siad ag fulaingt go díréireach agus go mbeidh riachtanais tacaíochta ar leith acu nach mór a chur san áireamh i straitéis maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair agus freagairt á tabhairt ar an bpaindéim; de bhrí gur féidir le daoine atá faoi mhíchumas nó a bhfuil galair ainsealacha orthu, nó iad siúd atá ag téarnamh ó ghortú nó ó bhreoiteacht, tacaíocht aonair agus oiriúnú na háite oibre a iarraidh más mian leo páirt a ghlacadh sa mhargadh saothair; de bhrí go léiríonn taighde go bhfuil baol mór ann go bhforbródh na grúpaí sin fadhbanna meabhairshláinte; de bhrí gur féidir a bheith mar thoradh ar easpa soláthair do choigeartuithe san ionad oibre agus do chóiríocht réasúnta, lena n-áirítear nósanna imeachta aslonnaithe éigeandála, go háirithe d’oibrithe faoi mhíchumas, go mbeadh strus fisiceach, meabhrach agus síceolaíochta ann a d’fhéadfadh sláinte agus sábháilteacht na n-oibrithe sin a chur i mbaol, go háirithe nuair nár baineadh amach rochtain iomlán ar uirlisí digiteacha a bhaineann leis an obair do dhaoine faoi mhíchumas go fóill;

Y.

de bhrí go luaitear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, a tháinig i bhfeidhm in AE in 2011, go “nglacfaidh Stáit is Páirtithe bearta éifeachtacha agus iomchuí, lena n-áirítear trí thacaíocht piaraí, chun a chur ar chumas daoine faoi mhíchumas an neamhspleáchas is mó is féidir, cumas iomlán fisiceach, meabhrach, sóisialta agus gairme, agus cuimsiú agus rannpháirtíocht iomlán i ngach gné den saol a bhaint amach agus a chothabháil”, agus “go n-aithnítear an ceart atá ag daoine atá faoi mhíchumas obair a dhéanamh ar bhonn comhionann le daoine eile, lena n-áirítear an ceart chun an deis a fháil slí bheatha a shaothrú trí obair a roghnaítear go hoscailte nó a nglactar go hoscailte léi i margadh saothair agus i dtimpeallacht oibre atá oscailte, cuimsitheach agus inrochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas”;

Z.

de bhrí go bhfuil saoránaigh AE, de réir Eurofound (42), neamhchothrom ina gcumas filleadh ar an obair le linn nó tar éis gortú nó tinnis; de bhrí nár thuairiscigh ach duine amháin as triúr oibrithe in AE a bhfuil a gcuid gníomhaíochtaí laethúla teoranta go mór nó beagán teoranta ag galar ainsealach gur cuireadh a n-áit oibre in oiriúint chun freastal ar a gcuid fadhbanna sláinte; de bhrí gur thug Eurofound le fios freisin go bhfuil níos mó seans ann go mbeidh galar ainsealach agus srianta taithí ina ngníomhaíochtaí laethúla ar oibrithe a bhfuil leibhéal íseal oideachais bainte amach acu agus acu siúd atá i ngairmeacha ar bheagán oiliúna ach gur lú an seans freisin go mbainfidh siad tairbhe as cóiríocht san áit oibre;

AA.

de bhrí go bhfuil méadú suntasach tagtha le blianta beaga anuas ar an eolas eolaíoch maidir leis an nochtadh do ghuaiseacha éagsúla; de bhrí gur cheart liosta AE de ghalair cheirde a thabhairt cothrom le dáta dá bhrí sin; de bhrí go moltar i Moladh 2003/670/CE ón gCoimisiún an 19 Meán Fómhair 2003 maidir leis an Sceideal Eorpach um Ghalair Cheirde (43) go ndéanfadh na Ballstáit, a luaithe is féidir, rialacháin nó forálacha riaracháin maidir le galair cheirde le haghaidh cúitimh a thabhairt isteach ina ndlíthe náisiúnta; de bhrí gur cheart do na Ballstáit a ráthú ina ndlíthe náisiúnta go bhfuil an ceart ag gach oibrí cúiteamh a fháil i leith galar ceirde má tá tinneas air nó uirthi ar féidir a chruthú gur de bhunús agus de chineál ceirde atá sé. de bhrí go bhféadfadh idirdhealú i leith roinnt oibrithe in AE, a bhfuil leibhéil níos airde nó níos ísle ina dtíortha maidir le haitheantas do ghalair cheirde, a bheith mar thoradh ar an easpa comhchuibhithe atá ann faoi láthair maidir le haitheantas a thabhairt do ghalair cheirde;

AB.

de bhrí go bhféadfadh ardchaighdeáin sláinte agus sábháilteachta ceirde, cothromaíocht oibre is saoil, timpeallacht oibre atá oiriúnach ó thaobh aoise de, níos lú éilimh chainníochtúla agus neamhspleáchas ama oibre daoine scothaosta a chumasú agus a spreagadh chun fanacht go deonach i margadh an tsaothair; de bhrí gur gá aird shonrach a thabhairt ar riachtanais oibrithe atá i bpoist atá an-deacair go fisiciúil nó go síceolaíoch;

AC.

de bhrí gur san áit oibre agus le linn tiomána a bhaineann leis an obair a tharlaíonn tuairteanna bóthair mótarfheithiclí a bhaineann leis an obair, agus go mbaineann siad le feithicil chuideachta den chuid is mó; de bhrí go ndéantar tionóiscí agus básanna ar na bóithre a bhaineann leis an obair a thuairisciú ar bhealach difriúil i measc na mBallstát, rud a fhágann gur deacair staidreamh maidir le tuairteanna a bhaineann leis an obair a chur i gcomparáid lena chéile; de bhrí go meastar go gcuimsíonn tuairteanna a bhaineann leis an obair idir aon cheathrú agus aon trian de na básanna a bhaineann leis an obair; de bhrí nach ann do shainmhíniú caighdeánaithe AE ar bhás ar na bóithre a bhaineann leis an obair; de bhrí go bhfuil roinnt spriocanna uile-Eorpacha ann chun básmhaireacht ó thuairteanna bóthair a laghdú, ach nach mbaineann aon cheann acu go díreach le tionóiscí bóthair a bhaineann leis an obair;

AD.

de bhrí go bhfuil rioscaí traidisiúnta don tsláinte, amhail ualaí troma a láimhseáil de láimh, torann, iompar coirp míchompordach ag an obair agus gluaiseachtaí láimhe agus géige atriallacha, fós ina mbagairt do go leor oibrithe agus gur tugadh chun suntais gur amhlaidh atá sa chúigiú suirbhé ar dhálaí oibre de chuid Eurofound (44); de bhrí go n-áirítear creathadh, meáchan trom a chrochadh, obair le trealamh scáileán taispeána, innealra a úsáid agus trealamh trom i measc na bhfactóirí riosca maidir le galair réamatacha agus mhatánchnámharlaigh (RMDanna) san áit oibre; de bhrí gurb iad RMDanna is cúis leis an gcaillteanas táirgiúlachta is airde as measc na bhfadhbanna ceirde uile (45);

AE.

de bhrí gurb é galar cardashoithíoch agus riospráide a bhaineann leis an obair an dara rud is mó a chuireann le básanna a bhaineann leis an obair; de bhrí go bhfuil baint dhíreach ag éilimh arda shíceolaíocha, brú post, uaireanta fada oibre, neamhoird mheabhracha, neamhshláine post agus neamhghníomhaíocht choirp leo (46);

AF.

de bhrí nach mór sláinte agus sábháilteacht ag an obair a mheas mar dhualgas eiticiúil agus sóisialta chomh maith le dianriachtanas reachtúil a bheidh le comhlíonadh ag fiontraithe;

1.

á chur in iúl gur geal léi creat straitéiseach an Choimisiúin agus, go háirithe, gur tugadh isteach cur chuige na físe nialais i leith tionóiscí agus galair a bhaineann leis an obair, lena n-áirítear an táscaire nua scórchláir shóisialta atá ar na bacáin maidir le tionóiscí marfacha ag an obair; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach gcomhfhreagraíonn leibhéal uaillmhéine na straitéise maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair dá cuspóir físe nialais agus á iarraidh ar an gCoimisiún tograí a chur ar aghaidh a bheidh ag teacht leis an uaillmhian sin; á iarraidh go mbunófaí treochlár chun tionóiscí agus básanna ag an obair a laghdú, agus maoiniú leordhóthanach ó AE agus ar an leibhéal náisiúnta do na Ballstáit chun an t-aistriú i dtreo líon na mbasanna a laghdú go nialas a thabhairt chun críche; á chur i bhfáth nár cheart go mbeadh tearcthuairisciú tionóiscí agus galar a bhaineann leis an obair mar thoradh ar fhís nialais; á iarraidh ar an gCoimisiún gach gortú agus gach tionóisc chomh maith le meath coirp agus meabhrach a chumhdach san fhís nialais; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a bhfócas ar straitéisí coisctheacha a mhéadú go suntasach, mar shampla trí chigireachtaí saothair, seirbhísí sláinte agus sábháilteachta náisiúnta agus idirphlé comhpháirtithe sóisialta a neartú chun a áirithiú go mbeidh an ceart ag gach fostaí, gan beann ar chineál nó ar mhéid an fhostóra, an leibhéal cosanta sláinte agus sábháilteachta is airde is féidir a fháil; á iarraidh go gcuirfí chun feidhme go huaillmhianach an creat straitéiseach nua maidir le sábháilteacht agus sláinte ag an obair 2021-2027 agus go ndéanfaí faireachán air, i bhfianaise thionchar phaindéim COVID-19; á iarraidh go ndéanfaí an creat straitéiseach a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus go bhfeabhsófaí na straitéisí náisiúnta atá ann faoi láthair i gcomhréir le forás margaí saothair agus leis an aistriú digiteach agus an t-aistriú glas araon; á chreidiúint go bhfuil gá le comhar láidir leis na comhpháirtithe sóisialta agus le gníomhaíocht reachtach i ndáil le roinnt gnéithe de bheartas AE a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht ag an obair chun na bearta boga dá bhforáiltear a chomhlánú chun fís nialais a bhaint amach; á iarraidh go ndíreofar go soiléir ar rannpháirtíocht oibrithe agus ar chomhairliúchán leis na comhpháirtithe sóisialta a neartú i gcur chuige na físe nialais; á chur in iúl gur geal léi go ndíreofar go háirithe ar an dul chun cinn ar chur chuige na físe nialais ag an gcruinniú mullaigh maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair in 2023;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún a uaillmhianta a mhéadú maidir le hailse a bhaineann leis an obair a chomhrac i bPlean Sáraithe Ailse na hEorpa; á iarraidh go ndéanfaí Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (47) a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach agus i dtréimhse ama uaillmhianach, lena n-áirítear trí theorainnluachanna nochta ceirde a bhunú le haghaidh 25 shubstaint tosaíochta bhreise ar a laghad sa treoir gan mhoill, tar éis an plean gníomhaíochta a thíolacadh agus faoi dheireadh 2022, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair; á chur i bhfáth gur gá don Choimisiún dóthain foirne a áirithiú, lena n-áirítear sna haonaid agus sna húdaráis ábhartha; á chur i bhfáth go bhféadfaí bailiú sonraí ar fud na hEorpa maidir le gach carcanaigin ábhartha a chumasú trí chláir chuimsitheacha náisiúnta a bhunú do na Ballstáit uile; á iarraidh go mbeadh dlúthchomhar idir institiúidí agus gníomhaireachtaí ábhartha AE, na Ballstáit agus na geallsealbhóirí ábhartha, agus go mbeadh baint láidir ag na comhpháirtithe sóisialta maidir leis na sonraí a bhailítear a úsáid go gníomhach chun obair leantach a dhéanamh i ndáil leis na bearta reachtacha agus neamhreachtacha is gá chun ailsí a bhaineann leis an obair a chomhrac; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an ceart ag gach oibrí stop a chur le hobair nuair a bhíonn orthu aghaidh a thabhairt ar gharchontúirt agus ar dhálaí oibre atá sárghuaiseach, i gcomhréir leis na cleachtais náisiúnta;

3.

á chur in iúl gur geal léi an gealltanas a thug an Coimisiún i dTreoir 2004/37/CE athbhreithniú a dhéanamh ar na teorainnluachanna nochta do luaidhe chomh maith lena comhdhúile agus a dé-isicianáití; ag tabhairt dá haire, cé go molann Coiste na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) um Measúnú Rioscaí an teorainnluach atmaisféarach de 4 μg/m3 agus theorainnluach bitheolaíoch de 150 μg luaidhe in aghaidh an lítir fola, arb ionann sin agus céim sa treo cheart, nach ndéantar mná agus go háirithe mná atá torrach a chosaint i gceart leis an teorainnluach bitheolaíoch atá beartaithe (48); á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú gur cheart go mbunófaí le haon togra le haghaidh teorainnluachanna athbhreithnithe do nochtadh do luaidhe agus dá comhdhúile cosaint chomhionann do gach oibrí gan beann ar inscne; á chur in iúl gur geal léi an gealltanas a thug an Coimisiún suaiteoirí inchríneacha a chur isteach mar chatagóir substainte ar cúis mhór imní í faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (49) (Rialachán REACH) chomh maith lena n-aicmiú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 (50) (Rialachán CPL); á chur i bhfáth gur cheart, le reachtaíocht an Aontais, oibrithe a chosaint ar nochtadh do shuaiteoirí inchríneacha; ag tabhairt le fios go bhféadfadh uathoibriú agus róbatú gníomhaíochtaí áirithe laghdú suntasach a dhéanamh ar an riosca go nochtfaí oibrithe do charcanaiginí in áiteanna oibre; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le tuilleadh gníomhaíochta chun ailsí ceirde a bhaineann le sealobair oíche a chosc, a bhrath agus a aithint ar bhealach níos fearr; á iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar ghrúpaí a nochtar go háirithe do cheimiceáin ghuaiseacha amhail oibrithe i dtionscail na gceimiceán agus na talmhaíochta, nó oibrithe atá an-leochaileach amhail mná torracha nó mná atá ag cothú linbh ar an gcíoch;

4.

á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choimisiúin togra reachtach a thíolacadh chun nochtadh oibrithe d’aispeist a laghdú tuilleadh in 2022; á iarraidh ar an gCoimisiún a uaillmhian a mhéadú agus straitéis Eorpach a chur i láthair maidir le gach aispeist a bhaint i gcomhréir leis an rún ón bParlaimint lena ngabhann moltaí don Choimisiún maidir le hoibrithe a chosaint ar aispeist; á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith uaillmhianach ina chuid iarrachtaí chun deireadh a chur le gach aispeist agus athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2009/148/CE (51) maidir le híoscheanglais le haghaidh oiliúint dheimhnithe d’oibrithe a nochtar d’aispeist, agus, mar ábhar tosaíochta, an teorainn nochta d’aispeist, ar cheart é a shocrú ag 0.001 snáithíní/cm3 (1 000 snáithín/m3), a thabhairt cothrom le dáta; á iarraidh ar an gCoimisiún togra a chur ar aghaidh le haghaidh creat-treoir de chuid an Aontais maidir le straitéisí náisiúnta chun aispeist a bhaint; á iarraidh ar an gCoimisiún nuashonrú a dhéanamh ar Threoir 2010/31/AE (52) maidir le scagadh éigeantach foirgneamh agus aispeist agus substaintí guaiseacha eile a bhaint ina dhiaidh sin sula bhféadfar tús a chur le hoibreacha athchóirithe, agus ar an gcaoi sin toirmeasc a chur ar ábhair ina bhfuil aispeist, a d’fhéadfaí a bhaint go teicniúil, a shéalú agus a imchochlú; á iarraidh ar an gCoimisiún togra reachtach a thíolacadh lena gcuirtear san áireamh na rialacháin náisiúnta atá ann cheana chomh maith le measúnú tionchair ar na samhlacha is éifeachtúla le haghaidh scagadh éigeantach foirgneamh, ina bhfuil diagnóis dromchla i ndáil le haispeist a bheith ann ag eintiteas gairmiúil ag a bhfuil na cáilíochtaí agus na ceadanna iomchuí roimh fhoirgnimh a dhíol nó a ligean ar cíos agus lena leagtar amach ceanglais íosta do dheimhnithe aispeiste le haghaidh foirgneamh a tógadh roimh 2005 nó roimh an mbliain inar cuireadh toirmeasc coibhéiseach ar aispeist náisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar galair a bhaineann le haispeist a aithint agus a chúiteamh níos fearr do na hoibrithe uile a nochtar di, d’fhonn sláinte oibrithe tógála agus oibrithe eile san aistriú glas a chosaint; á iarraidh go n-úsáidfear, nuair is féidir, micreascópacht leictreoin tarchurtha anailíseach (ATEM) nó modhanna comhchosúla ardfhorbartha chun snáithíní a chomhaireamh;

5.

á chreidiúint go bhféadfadh sé nach mbeadh Treoir 89/391/CEE ón gComhairle maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus sláinte oibrithe ag an obair (53) a spreagadh éifeachtach go leor don saol oibre sa 21ú haois agus do na forbairtí is déanaí i margaí saothair, lena n-áirítear measúnú agus bainistiú rioscaí síceasóisialta; á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart í a chomhlánú chun an ghné sin a neartú; á mheabhrú gur iarr sí ar an gCoimisiún an ceart chun dícheangail a chur san áireamh sa chreat straitéiseach um shábháilteacht agus sláinte cheirde agus, go sainráite, bearta síceasóisialta nua a fhorbairt mar chuid den chreat; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, dlús a chur le huaillmhian an chreata straitéisigh um shábháilteacht agus sláinte ceirde; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, treoir a mholadh maidir le rioscaí síceasóisialta agus folláine ag an obair lena ndírítear ar rioscaí síceasóisialta san áit oibre a chosc go héifeachtúil, amhail imní, dúlagar, cloíteacht agus strus, lena n-áirítear rioscaí a eascraíonn as fadhbanna struchtúracha amhail eagrú na hoibre (i.e. drochbhainistiú, drochdhearadh oibre nó gan eolas agus acmhainneachtaí oibrithe a mheaitseáil i gceart leis na cúraimí atá sannta dóibh); á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sásraí a bhunú chun na rioscaí sin a chosc agus chun fostaithe dá ndéantar difear a athimeascadh san ionad oibre, agus chun aistriú ó ghníomhaíochtaí ar an leibhéal aonair go cur chuige maidir le heagrú oibre i gcomhréir le prionsabail ghinearálta ordlathais an choiscthe a áirítear i dTreoir 89/391/CEE; á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte a ullmhú maidir leis an líon íosta pearsanra a sholáthraíonn seirbhísí sláinte ceirde is gá chun faireachas leordhóthanach ar shláinte cheirde a áirithiú (54); á mheas gur cheart cosaint agus cur chun cinn na meabhairshláinte a bheith mar chuid lárnach de phleananna ullmhachta sláinte agus sábháilteachta ag an obair i gcás géarchéimeanna sláinte amach anseo; á chur i bhfáth gur cheart aird ar leith a thabhairt ar mheabhairshláinte oibrithe cúraim sláinte agus oibrithe riachtanacha eile; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, rannchuidiú an phainéil saineolaithe maidir le bealaí éifeachtacha chun infheistíocht a dhéanamh sa tsláinte (EXPH) ina thuairim maidir le tacú le meabhairshláinte an lucht saothair sláinte agus oibrithe riachtanacha eile; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na mBallstáit a áirithiú go ndéanfar obair leantach leordhóthanach maidir leis na moltaí sin agus go gcuirfear chun feidhme go leordhóthanach iad.

6.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé roghanna cuí maidir le héileamh ar chúiteamh a áirithiú d’oibrithe i gcás galair cheirde; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh, i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, ar Mholadh 2003 ón gCoimisiún maidir le Sceideal Eorpach na nGalar Ceirde le nithe breise amhail neamhoird mhatánchnámharlaigh a bhaineann leis an obair, neamhoird mheabhairshláinte a bhaineann leis an obair, go háirithe dúlagar, tnáitheadh, imní agus strus, na galair uile a bhaineann le haispeist agus ailsí craicinn agus athlasadh réamatach agus ainsealach; á iarraidh ar an gCoimisiún treoir a dhéanamh den mholadh sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, ar treoir í lena gcruthófaí liosta íosta de ghalair cheirde agus lena ndéanfaí íoscheanglais maidir lena n-aithint agus cúiteamh leordhóthanach do na daoine aonair lena mbaineann a leagan amach;

7.

á chur i bhfáth go bhfuil dúshláin mhéadaithe le sárú ag oibrithe ar mná iad maidir le sláinte agus dea-bhail cheirde, go háirithe in earnálacha na sláinte agus an chúraim; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an cur chuige inscne-fhreagrúil maidir le sábháilteacht agus sláinte ceirde á neartú ag an gCoimisiún; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gné na hinscne a phríomhshruthú agus difríochtaí inscne a chur san áireamh ar fud bhearta sláinte agus sábháilteachta ceirde; á iarraidh ar an gCoimisiún an tionscnamh reachtach atá ar na bacáin maidir le foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac a bhunú ar an gcreat-chomhaontú maidir le ciapadh agus foréigean ag an obair; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil feidhm, i gcás inarb infheidhme, ag na bearta coisctheacha agus cosanta arb é is aidhm leo an foréigean, an t-idirdhealú agus an ciapadh i saol na hoibre, lena n-áirítear foréigean agus ciapadh tríú páirtí (i.e. arna dhéanamh ag custaiméirí, cliaint, cuairteoirí nó othair), a dhíothú, gan beann ar an gcúis ná ar an tsiocair atá leis an gciapadh, agus nach bhfuil siad teoranta do chásanna atá bunaithe ar fhorais idirdhealaitheacha; á iarraidh ar na Ballstáit Coinbhinsiún EIS Uimh. 190 agus Moladh Uimh. 206 maidir le foréigean agus ciapadh a dhaingniú chun na dlíthe agus na bearta beartais is gá a chur i bhfeidhm chun an foréigean agus an ciapadh i saol na hoibre a thoirmeasc agus a chosc, agus chun aghaidh a thabhairt orthu;

8.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit straitéisí a fhorbairt chun ullmhú do lucht saothair atá ag dul in aois, do leitheadúlacht níos airde fostaithe a bhfuil galair ainsealacha orthu agus don ghá an t-ionad oibre a chur in oiriúint do riachtanais na bhfostaithe atá faoi mhíchumas, tacú go gníomhach le hathimeascadh agus le neamh-idirdhealú, agus dálaí oibre a chur in oiriúint do dhaoine atá faoi mhíchumas nó a bhfuil galair ainsealacha orthu, agus dóibh siúd atá ag téarnamh ó ghalair; á chur i bhfáth gur gá straitéisí saincheaptha pearsantaithe a shainiú agus a chur chun feidhme chun próisis téarnaimh agus athshlánaithe oibrithe a éascú; á chur i bhfios go láidir gur cheart cur chun cinn an oideachais, na hoiliúna agus na foghlama ar feadh an tsaoil do dhaoine idir óg agus aosta, chomh maith le cothromaíocht oibre is saoil níos fearr agus cur chun cinn malartuithe idirghlúine san ionad oibre, a áirithiú leis na straitéisí sin; á chur i bhfáth gur cheart aird ar leith a thabhairt freisin ar chúramóirí;

9.

á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte soiléire uaillmhianacha a thairiscint do na Ballstáit agus d’fhostóirí, faoi chuimsiú Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030, maidir le coigeartuithe a dhéanamh san ionad oibre agus le freastal ar bhealach réasúnach do dhaoine faoi mhíchumas san ionad oibre; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú uaillmhianach a dhéanamh ar Threoir 2000/78/CE maidir le cóir chomhionann i ndáil leis an méid sin; á áitiú go bhfuil sé chomh tábhachtach céanna aird a thabhairt ar staid na n-oibrithe a bhfuil galair ainsealacha orthu;

10.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar oibrithe óga ina gcuid straitéisí OSH agus béim ar leith a leagan ar oibrithe faoi bhun 18 mbliana d’aois; á mheabhrú go léirítear leis an staidreamh gurb é is dóichí go mbíonn tionóisc thromchúiseach ag an obair ag daoine idir 18 agus 24 bliana d’aois, seachas ag daoine fásta atá níos sine, mar gheall ar thaithí, oiliúint agus maoirseacht neamhleor, droch-fheasacht ar a gcearta agus ar dhualgais na bhfostóirí, a laghad a aithníonn fostóirí a gcuid riachtanas agus neamhchosaint ar dhálaí forbhásacha oibre, rud is siocair, dá bhrí sin, le tinnis cheirde a bheith á bhforbairt ag na daoine sin agus iad fós óg nó ag tráth níos faide anonn sa saol (55);

11.

á mheabhrú go bhféadfadh níos mó rioscaí sláinte agus sábháilteachta a bheith ann d’oibrithe ardáin, bídís ag obair ar an láthair nó ar líne; á chur i bhfáth nach bhfuil na rioscaí sin teoranta do shláinte fhisiciúil ach gur féidir leo dochar a dhéanamh don tsláinte shíceasóisialta freisin, agus go bhfuil uaireanta oibre dothuartha, déine na hoibre, timpeallachtaí iomaíocha, ró-ualach faisnéise agus leithlisiú ag teacht chun cinn mar thosca riosca; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin chun feabhas a chur ar dhálaí oibre oibrithe ardáin; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh gach oibrí ardáin i dteideal cúiteamh a fháil i gcás tionóiscí oibre agus galair cheirde, agus gur cheart cosaint shóisialta a thabhairt dóibh, lena n-áirítear cumhdach árachais breoiteachta agus easláine, trí thoimhde infhrisnéise a thabhairt isteach maidir le caidreamh fostaíochta a bheith ag oibrithe ardáin, i gcomhréir leis na sainmhínithe náisiúnta a leagtar amach i reachtaíocht nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna na mBallstát faoi seach; á athdhearbhú, maidir leis an méid sin, gur thug sí moltaí i rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le dálaí oibre cothroma, cearta agus cosaint shóisialta d’oibrithe ardáin – cineálacha nua fostaíochta atá nasctha leis an bhforbairt dhigiteach,

12.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcumhdaítear le reachtaíocht agus beartais OSH na hoibrithe uile a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu, mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó i gcleachtas, lena n-áirítear oibrithe neamhchaighdeánacha (56), mar aon le hoibrithe fíor-fhéinfhostaithe agus oibrithe féinfhostaithe bréagacha, agus oibrithe taistil; á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach atá ag an gcómhargáil maidir leis na caighdeáin sláinte agus sábháilteachta ceirde is airde a áirithiú; á chur i bhfáth go ráthaítear le cearta daonna Eorpacha agus idirnáisiúnta go bhfuil sé de cheart ag na hoibrithe ar fad eagrú, ceardchumann a bhunú agus dul i bpáirt leis, dul i mbun cómhargála, gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh chun a gcearta a chosaint agus cosaint faoi chomhaontuithe comhchoiteanna a theachtadh, gan beann ar a stádas fostaíochta (57);

13.

á iarraidh ar an gCoimisiún sláinte agus sábháilteacht a áireamh i straitéisí agus beartais ábhartha uile an Aontais maidir leis na haistrithe glasa agus digiteacha, lena n-áirítear iad siúd maidir leis an intleacht shaorga (IS); á chur i bhfáth nach mór do réitigh IS san ionad oibre a bheith eiticiúil agus duinelárnach, trédhearcach agus cothrom, agus gur gá aon impleachtaí diúltacha ar shláinte agus sábháilteacht oibrithe a sheachaint leo; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar thionscnamh reachtach a thíolacadh, tar éis dó dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, chun dliteanais agus freagrachtaí OSH a shoiléiriú i ndáil le córais IS agus le bealaí nua oibre; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hoideachas agus oiliúint d’oibrithe agus le bearta chun straitéisí OSH éifeachtacha a áirithiú ionas go ndéanfar IS a thabhairt isteach san ionad oibre agus go mbeidh sí á úsáid ag oibrithe san ionad oibre; á thabhairt chun suntais go ndéantar éascú le dealramh ar shineirgí idir an duine agus an meaisín a bhuí le IS agus leis an digiteáil, agus go dtairiscítear tairbhí eacnamaíocha agus sochaíocha leo, mar aon le deiseanna nua gnó, agus á thabhairt chun suntais freisin go bhfuil ábhair bhuartha aici a mhéid a bhaineann le OSH, amhail teacht chun cinn cineálacha nua faireacháin agus bainisteoireachta ar oibrithe bunaithe ar mhéideanna móra sonraí fíor-ama a bheith á mbailiú, rud ar féidir leis a bheith ina shiocair le ceisteanna dlí, rialála agus eitice; á iarraidh, go háirithe, go dtabharfar isteach coimircí i gcoinne dhrochthionchair an bhainistithe algartamaigh ar shláinte agus sábháilteacht oibrithe; á chur i bhfáth nach mór d’algartaim a mbaintear feidhm astu i réimsí na hoibre a bheith trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus eiticiúil, agus nach mór do chinntí algartamacha a bheith cuntasach, inchoimhlinte agus, i gcás inarb ábhartha, inchúlaithe, agus, dá bhrí sin, nach mór iad a chur faoi réir formhaoirseacht dhaonna; á chur i bhfáth go bhfuil ról ag na comhpháirtithe sóisialta maidir le rioscaí ceirde atá ag teacht chun cinn agus a eascraíonn as forbairt teicneolaíochtaí suaiteacha a thuar roimh ré;

14.

á mheabhrú go bhfuil tionchair dhíreacha sláinte ag an athrú aeráide ar oibrithe; á mheabhrú gurb é a bheidh mar thoradh ar theagmhais adhaimsire a bheith ag dul i ndéine gur mó gortuithe fisiciúla a bheidh ann, agus go bhféadfadh sé gur mó a bheadh riosca na hailse craicinn agus an nochta do dheannach, mar aon le rioscaí síceasóisialta, i ngeall ar an athrú aeráide; á áitiú go bhféadfadh sé gur measa a bheadh an staid i ngeall ar obair a bheith á heagrú ar bhealach nach bhfuil sách maith; á chur i bhfáth go bhfuil ról ag na comhpháirtithe sóisialta maidir le rioscaí ceirde atá ag teacht chun cinn i ngeall ar an athrú aeráide a thuar roimh ré; á mheabhrú gur inniúlacht de chuid an Aontais iad sláinte agus sábháilteacht oibrithe agus gur cheart, i gcomhréir le Treoir 89/391/CEE, oibrithe a chosaint ar aon rioscaí, lena n-áirítear rioscaí atá ag teacht chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú críochnúil a dhéanamh, mar ábhar práinne, ar na rioscaí nua agus ar na rioscaí atá ag teacht chun cinn don tsláinte agus an tsábháilteacht cheirde i ngeall ar an athrú aeráide chun cosaint níos fearr a thabhairt d’oibrithe ar nochtadh do theochtaí níos airde, do radaíocht UV nádúrtha agus do ghuaiseacha gaolmhara agus sábháilteachta eile;

15.

á iarraidh go dtreiseofar leis an gcosaint ar nochtadh do radaíocht UV ar leibhéal an Aontais, go háirithe faoi chuimsiú reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta ceirde d’oibrithe amuigh faoin aer; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2006/25/CE maidir le nochtadh oibrithe do rioscaí ó oibreáin fhisiceacha (radaíocht optúil shaorga) (58) agus radaíocht ghréine a áireamh ina raon feidhme; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme agus éifeachtacht na mbeart reatha maidir le cosaint a thabhairt d’oibrithe a nochtar do radaíocht ianúcháin, amhail criúnna aerlínte, oibrithe stáisiún núicléach, gairmithe i suíomhanna tionsclaíocha ábhartha, taighdeoirí agus gairmithe cúraim sláinte agus tréidliachta a oibríonn in earnálacha na raideolaíochta, na radaiteiripe nó an leighis núicléach, agus athbhreithniú a dhéanamh orthu, i gcás inar gá, chun bearta comhréireacha a shocrú;

16.

á iarraidh ar an gCoimisiún sásra luathrabhaidh a bhunú faoi chuimsiú an struchtúir idirinstitiúidigh reatha chun a bhrath cá bhfuil gá le coigeartuithe agus athbhreithnithe ar na treoracha OSH atá ann cheana agus lena ndéileáiltear le réimsí atá i staid síor-athraithe, agus a bhfhéadfadh sonraí eolaíochta nua maidir le táirgí guaiseacha nó le forás na margaí saothair agus dálaí oibre faoin aistriú digiteach agus faoin aistriú glas tionchar a imirt orthu; á chur i bhfios go láidir gur gá, go háirithe, páirt a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta earnála sa sásra sin, ós iad is túisce a mbíonn orthu dul i ngleic le staideanna iomlaoideacha;

17.

á iarraidh ar na Ballstáit beartais náisiúnta a fhorbairt chun sláinte agus sábháilteacht ag an obair a choimirciú mar chuid bhunúsach den soláthar poiblí;

18.

á iarraidh ar an gCoimisiún ceist níos leithne na hoibre cuibhiúla a chur chun cinn i gcomhaontuithe trádála an Aontais amach anseo agus a áirithiú go gcuirfear caighdeáin sláinte agus sábháilteachta ceirde san áireamh i gceart mar chuid de ghealltanais cheangailteacha maidir le caighdeáin saothair agus shóisialta; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le tíortha is iarrthóirí a gcreataí dlíthiúla a ailíniú le acquis an Aontais maidir le OSH; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú i ndlúthchomhar le EIS agus le EDS chun an ceart chun dálaí oibre sábháilte agus sláintiúla a chur chun cinn faoi chuimsiú chroíphrionsabail agus chroíchearta saothair EIS agus chun urramú na bprionsabal sin ag gníomhaithe i slabhraí soláthair domhanda a choimirciú; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún a mholadh go gcuirfí toirmeasc uile-Aontais ar tháirgí ar de thoradh saothar éigeantais iad;

19.

á chur in iúl gur geal léi an aidhm an rannpháirtíocht le tíortha comhpháirtíochta an Aontais, le heagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta agus le fóraim idirnáisiúnta eile a neartú chun caighdeáin sláinte agus sábháilteachta ceirde a ardú ar fud an domhain; á iarraidh go mbeidh an Coimisiún rannpháirteach ar bhonn gníomhach a mhéid a bhaineann leis an gceart chun dálaí oibre sábháilte agus sláintiúla a chomhtháthú i gcreat EIS maidir le prionsabail bhunúsacha agus cearta bunúsacha san obair;

20.

á mheas gur cheart oiliúint trasteorann chomhpháirteach agus comhroinnt trasteorann chomhpháirteach dea-chleachtas d’fhoireann cúraim sláinte agus d’fhoireann sláinte poiblí a chur chun cinn i réigiúin trasteorann;

Plean ullmhachta do ghéarchéimeanna sláinte amach anseo: na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19 agus a tionchar ar an obair

21.

á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach ceachtanna a tharraingt ó phaindéim COVID-19 agus ullmhacht do ghéarchéimeanna sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a mhéadú; ag tacú leis an iarraidh ar na Ballstáit pleananna ullmhachta do ghéarchéimeanna amach anseo a chur i dtoll a chéile ina gcuid straitéisí náisiúnta OSH, i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta náisiúnta, lena n-áirítear chun treoirlínte agus uirlisí an Aontais a chur chun feidhme; á chur i bhfáth go bhfuil gá le sásraí éifeachtacha de chuid an Aontais chun na pleananna sin a chomhordú; á mheas gur cheart feabhsú chur in iúl faisnéise fíoraithe a bheith i gcroílár aon phlean ullmhachta sláinte; á mheas gur cheart cosaint agus cur chun cinn na meabhairshláinte a bheith ina gcuid lárnach de phleananna ullmhachta OSH maidir le géarchéimeanna amach anseo, agus á chur i bhfáth gur cheart aird ar leith a thabhairt ar mheabhairshláinte na n-oibrithe cúraim sláinte agus na n-oibrithe riachtanacha eile; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún grinn-mheasúnú a sheoladh ar éifeachtaí na paindéime agus ar éifeachtúlacht chreataí OSH an Aontais agus chreataí náisiúnta OSH chun nósanna imeachta agus treoir éigeandála a fhorbairt chun bearta a imscaradh go mear agus a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh orthu, i ndlúthchomhar le gníomhaithe sláinte poiblí, le linn géarchéimeanna sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo; á iarraidh ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar réigiúin trasteorann d’fhonn comhar a fheabhsú; á mheas gur cheart na bearta dá bhforáiltear i bpleananna ullmhachta OSH náisiúnta na mBallstát a chur chun feidhme agus gur cheart don Aontas iad a chomhordú ach staid éigeandála sláinte poiblí san Aontas a bheith fógartha, amhail dá bhforáiltear sa rialachán a bheidh ann amach anseo (59);

22.

á mheabhrú gur thug an Coimisiún gealltanas measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le gníomhaíochtaí breise chun feabhas a chur ar fheidhmiú chreat rialála reatha an Aontais maidir le sláinte agus sábháilteacht agus ar an ngá atá le Treoir 2000/54/CE maidir le gníomhairí bitheolaíocha san obair a leasú; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú spriocdhírithe a dhéanamh, gan mhoill, ar an Treoir sin trí tharraingt ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19, d’fhonn ullmhú ar bhealach níos fearr, freagairtí a phleanáil agus athléimneacht a mhéadú le linn géarchéimeanna i ngach ionad oibre; á chur i bhfios gur cheart a áirithiú leis an athbhreithniú go mbeidh an treoir oiriúnach chun freagairt do staideanna paindéime agus go ndéanfar éascú, a bhuí léi, ar bhunú pleananna éigeandála náisiúnta i gcás ráig paindéime agus ar threoracha i scríbhinn i dteangacha éagsúla arna mbunú ag an bhfostóir do gach oibrí maidir le rioscaí OSH, le bearta sláintíochta agus le eagrú na hoibre i gcás ráig den sórt sin; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún COVID-19 a áireamh sa mholadh maidir le sceideal Eorpach na ngalar ceirde;

23.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tosaíocht láidir a thabhairt do neartú an taighde agus an bhailithe sonraí maidir le sláinte agus sábháilteacht ceirde agus iad a chistiú ar bhealach leordhóthanach ar leibhéal an Aontais, go háirithe maidir leis na cúiseanna a bhíonn leis an meabhairshláinte, rioscaí síceasóisialta, rioscaí eirganamaíocha agus neamhoird mhatánchnámharlaigh, galair chardashoithíocha cheirde, ailse a bhaineann leis an obair agus galair athlastacha ainsealacha ó earnáil go chéile, agus maidir leis na tionchair a bhíonn acu, agus measúnú mionsonraithe a dhéanamh ar fhadhbanna agus ar thionchar an athraithe ar an saol oibre, lena n-áirítear na deiseanna agus na dúshláin atá ag roinnt leis an tsláinte agus an tsábháilteacht a bhaineann le cianobair agus teilea-obair agus leis an gceart chun dícheangail, d’fhonn anailís a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag inscne, aois agus míchumas; á iarraidh ar an gCoimisiún obair leantach a dhéanamh, tar éis dó dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, ar an taighde sin le bearta reachtacha agus neamhreachtacha chun sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint;

24.

á iarraidh ar an gCoimisiún taighde breise a dhéanamh ar na costais eacnamaíocha a bhaineann leis an eisiamh sláinte agus le heisiamh san ionad oibre;

25.

á iarraidh ar an gCoimisiún creat reachtach a mholadh d’fhonn íoscheanglais don teilea-obair ar fud an Aontais a bhunú, ar creat reachtach é nach ndéanfar difear do dhálaí fostaíochta teilea-oibrithe leis; ag tabhairt dá haire gur cheart an creat sin a fhorbairt i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha, agus lánurraim á tabhairt do shamhlacha náisiúnta mhargadh an tsaothair agus creat-chomhaontuithe na gcomhpháirtithe sóisialta maidir le teilea-obair agus leis an digiteáil á gcur san áireamh; á chur i bhfáth gur cheart dálaí oibre a shoiléiriú leis an gcreat sin, lena n-áirítear maidir le soláthar, úsáid agus dliteanas trealaimh, lena gcumhdaítear uirlisí digiteacha atá ann cheana agus uirlisí digiteacha nua, agus gur cheart a áirithiú leis go ndéantar an obair sin ar bhonn deonach agus go bhfuil cearta, cothromaíocht oibre is saoil, ualach oibre agus caighdeáin feidhmíochta teilea-oibrithe coibhéiseach le cearta, cothromaíocht oibre is saoil, ualach oibre agus caighdeáin feidhmíochta oibrithe ar an láthair atá inchomparáide; á chur i bhfáth gur cheart an tionscnamh reachtach sin a bhunú ar mheasúnú cuimsitheach, lena n-áirítear ar na rioscaí síceasóisialta a bhaineann le cleachtais oibre digití agus cianda agus le timpeallachtaí tréscaoileacha oibre; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú gur ann do bhearta maidir le hinrochtaineacht agus teicneolaíocht chuimsitheach do dhaoine faoi mhíchumas atá ag aistriú chuig teilea-obair agus/nó atá ag tabhairt faoi ghairmoiliúint ar bhonn cianda;

26.

á iarraidh ar an gCoimisiún treoir a mholadh, i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, maidir le caighdeáin agus coinníollacha íosta chun a áirithiú gur féidir leis na hoibrithe uile a gceart chun dícheangail a fheidhmiú go héifeachtach agus úsáid uirlisí digiteacha atá ann cheana agus uirlisí digiteacha nua chun críoch oibre a rialáil i gcomhréir le rún uaithi an 21 Eanáir 2021 ina raibh moltaí don Choimisiún maidir leis an gceart chun dícheangail, agus creat-chomhaontuithe na gcomhpháirtithe sóisialta maidir leis an digiteáil a chur san áireamh;

27.

á chur in iúl gur geal léi gealltanas an Choimisiúin nuachóiriú a dhéanamh trí athbhreithniú a dhéanamh ar Threoracha 89/654/CEE (60) agus 90/270/CEE (61) lena leagtar síos íoscheanglais sábháilteachta agus sláinte don ionad oibre agus d’obair le trealamh scáileán taispeána; á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith níos uaillmhianaí maidir leis an méid sin agus treoir níos leithne agus níos cuimsithí a mholadh, gan a thuilleadh moille, maidir le neamhoird mhatánchnámharlaigh a bhaineann leis an obair agus galair réamatacha a chosc agus a bhainistiú, agus á iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur lena dtaighde agus lena mbailiú sonraí; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcumhdaítear sa treoir gach riosca a bhaineann leis an obair agus a d’fhéadfadh a bheith ina shiocair le galair athlastacha agus mhatánchnámharlaigh réamatacha agus/nó ainsealacha, amhail tógáil meáchain throm, gluaiseachtaí atriallacha, creathadh nó seasamh agus/nó suí ar feadh tréimhsí fada ama; á mheabhrú gur mó seans atá ann go mbeidh neamhoird mhatánchnámharlaigh ar oibrithe ar mná iad; á mheabhrú don Choimisiún gur gá, a mhéid a bhaineann leis na galair sin a mheasúnú, a chosc agus a chóireáil, gné láidir inscne a áireamh i dtogra maidir le neamhoird mhatánchnámharlaigh a bhaineann leis an obair; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar sceidil oibre sholúbtha a thabhairt isteach d’oibrithe a bhfuil neamhord mhatánchnámharlaigh orthu nó atá i riocht athlastach réamatach agus/nó ainsealach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar rioscaí ceirde a bhaineann le galair chardashoithíocha;

28.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cuideachtaí a spreagadh gníomhú ar mhaithe le sláinte oibrithe a chur chun cinn trí na hacmhainní lóistíochta atá ar fáil dóibh a úsáid, trí mholtaí a dhéanamh maidir le stíleanna maireachtála sláintiúla, trí ghníomhaíocht choirp a spreagadh trí rochtain a thabhairt ar limistéir thiomnaithe ar na háitribh nó trí rochtain ar struchtúir sheachtracha thiomnaithe a éascú, trí chruthú foirne inmheánacha spóirt a spreagadh, garáistí rothar a chur ar fáil agus dea-chothú a spreagadh trí bhéilí sláintiúla, chothroma agus éagsúla agus dáileoirí deochanna nádúrtha a sholáthar i gceaintíní cuideachtaí, trí chomharthaí a dháileadh chun iarraidh ar fhostaithe na limistéir mórthimpeall ar bhealaí isteach agus amach a choinneáil saor ó shubstaintí guaiseacha amhail deatach ó thoitíní, agus leas á bhaint freisin as aon mhodhanna oideachasúla eile a d’fhéadfadh fónamh chuige sin, amhail an Cód Eorpach in aghaidh na hAilse a chur chun cinn; á chur i bhfáth go mbíonn tionchar dearfach ann ach oideachas agus oiliúint cheart a bheith á gcur ar bhainisteoirí agus oibrithe atá freagrach as pearsanra chun rioscaí síceasóisialta agus ciapadh ag an obair a chosc; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go bhfaigheann bainisteoirí agus oibrithe atá freagrach as pearsanra oiliúint ábhartha nó gur chuir siad oiliúint ábhartha i gcrích, lena n-áirítear oiliúint maidir le rioscaí síceasóisialta a chosc agus cúrsaí frithchiaptha, sula rachaidh siad i mbun a ndualgas san ionad oibre; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na comhpháirtithe sóisialta gabháil do thionscnaimh chun an oiliúint sláinte agus sábháilteachta a chuirtear ar ionadaithe agus ar bhainisteoirí a uasghrádú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le cleachtais náisiúnta; á iarraidh ar na Ballstáit tacú le rannpháirtíocht ghníomhach na bhfostaithe agus bearta coisctheacha OSH á gcur chun feidhme agus a áirithiú gur féidir le hionadaithe sláinte agus sábháilteachta oiliúint eile a fháil seachas sna modúil bhunúsacha;

29.

á mheabhrú gurbh ann don iliomad cásanna inar sáraíodh cearta oibrithe le linn phaindéim COVID-19, go háirithe cearta oibrithe taistil, lena n-áirítear oibrithe trasteorann, oibrithe séasúracha agus oibrithe imirceacha, ar mífholláin nó neamhshábháilte na dálaí maireachtála agus oibre a bhí acu, amhail droch-chóiríocht nó cóiríocht phlódaithe, agus nár soláthraíodh faisnéis leormhaith dóibh maidir lena gcearta. á iarraidh ar an gCoimisiún an athuair gníomhú, mar ábhar práinne, chun feabhas a chur ar dhálaí fostaíochta, oibre agus sláinte agus sábháilteachta oibrithe taistil agus oibrithe imirceacha, amhail oibrithe trasteorann, oibrithe ar postú agus oibrithe séasúracha, lena n-áirítear trí athbhreithniú a dhéanamh ar ról na ngníomhaireachtaí oibre sealadaí, na ngníomhaireachtaí earcaíochta, idirghabhálaithe eile agus fochonraitheoirí d’fhonn bearnaí cosanta a shainaithint i bhfianaise phrionsabal na córa comhionainne agus na ndúshlán sláinte agus sábháilteachta ar leith a bhíonn le sárú ag oibrithe taistil agus ag oibrithe imirceacha, amhail rochtain ar threalamh agus saoráidí leormhaithe, cóiríocht ardchaighdeáin, iompar sábháilte agus béilí cuibhiúla (62), agus trí aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat reachtach atá ann cheana chun na bearnaí a sainaithníodh a dhúnadh agus chun díonadh ar phaindéimí a áirithiú, agus na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19 á gcur san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an chóiríocht atá ag oibrithe sábháilte agus cuibhiúil agus go gcomhlíonann sí caighdeáin íosta, nuair is é an fostóir a eagraíonn í; á chur i bhfáth go bhfuil ról ag an Údarás Eorpach Saothair (ELA) a mhéid a bhaineann le cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus don Choimisiún maidir le dlí an Aontais a bhaineann le soghluaisteacht an lucht saothair a bheith á chur i bhfeidhm agus á fhorfheidhmiú go héifeachtach, agus maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta laistigh den Aontas. á chur i bhfáth gur gá machnamh a dhéanamh ar shainordú ELA a athbhreithniú i gcomhthéacs na meastóireachta atá le déanamh in 2024, chun forálacha maidir le sláinte agus sábháilteacht ceirde a áireamh; á iarraidh ar EU-OSHA agus ar ELA oibriú le chéile chun tacú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit feabhas a chur ar shláinte agus sábháilteacht ceirde oibrithe taistil agus imirceacha; á iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir uirlisí digiteacha a úsáid chun forfheidhmiú trasteorann caighdeán sláinte agus sábháilteachta ceirde a neartú don uile oibrí taistil, lena n-áirítear náisiúnaigh fhéinfhostaithe agus thaistil tríú tír a chumhdaítear le rialacha an Aontais maidir le soghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas; á iarraidh ar an gCoimisiún togra a chur ar aghaidh, i ndlúthchomhar le ELA agus tar éis dó measúnú ceart a dhéanamh, le haghaidh pas Eorpach slándála sóisialta do gach oibrí taistil agus gach náisiúnach tríú tír a chumhdaítear le rialacha an Aontais maidir le soghluaisteacht laistigh den Aontas, lena soláthrófaí ionstraim do na húdaráis náisiúnta ábhartha agus do na comhpháirtithe sóisialta ábhartha chun feabhas a chur, ar bhealach cothrom agus éifeachtach, ar fhorfheidhmiú rialacha an Aontais maidir le soghluaisteacht an lucht saothair agus le comhordú na slándála sóisialta i margadh an tsaothair chun cothrom na Féinne a áirithiú san Aontas, lena n-áirítear maidir le cosaint sláinte agus sábháilteachta oibrithe taistil, i gcomhréir le rún uaithi an 25 Samhain 2021 maidir leis an bpas Eorpach slándála sóisialta a thabhairt isteach chun forfheidhmiú digiteach ceart slándála sóisialta agus soghluaisteacht chothrom a fheabhsú (63);

30.

á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go ndéantar OSH a phríomhshruthú sa soláthar poiblí, agus á iarraidh ar na Ballstáit, maidir leis sin, beartais náisiúnta a chur síos chun an méid sin a choimirciú; á iarraidh ar an gCoimisiún dea-chleachtais a chomhroinnt maidir leis an gcaoi ar féidir OSH a phríomhshruthú i rialacha maidir le soláthar poiblí agus maidir leis an gcaoi ar féidir clásail OSH a áireamh sa reachtaíocht náisiúnta i gcomhréir leis an Treoir maidir le Soláthar Poiblí;

Cur chun feidhme agus forfheidhmiú

31.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag cigireachtaí náisiúnta saothair i dtaobh comhlíonadh na reachtaíochta sláinte agus sábháilteachta a dhaingniú agus maidir le galair agus gortuithe a bhaineann leis an obair a chosc; á iarraidh ar na Ballstáit cistiú leormhaith a áirithiú do chigireachtaí náisiúnta saothair agus moladh EIS a chur i bhfeidhm maidir le cigire saothair amháin in aghaidh gach 10 000 oibrí a bheith ann, d’fhonn cigireachtaí a dhéanamh go pras agus go héifeachtach agus deireadh a chur le gach cineál mí-úsáide; á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanann cigireachtaí náisiúnta saothair a gcuid cigireachtaí agus ar raon feidhme agus ábhar na gcigireachtaí sin, agus torthaí an staidéir sin a scaipeadh, lena n-áirítear i dtaca leis an líon sáruithe a bhraitear agus le forchur pionós éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, chun mapáil a dhéanamh ar a gcumas na rialacha OSH atá ann cheana a fhorfheidhmiú agus é mar aidhm cothrom na Féinne a áirithiú ar mhaithe le cosaint leordhóthanach; á iarraidh ar an gCoimisiún meitheal thríthaobhach tiomnaithe um fhorfheidhmiú a bhunú faoi réimse freagrachta an Choiste Chomhairligh um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair chun an staidéar sin a leanúint; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit caighdeáin sláinte agus sábháilteachta ceirde a shruthlíniú i ngach beartas, mar aon le feabhas a chur ar bhearta coisctheacha agus ar fhorfheidhmiú na rialacha agus reachtaíochta atá ann cheana maidir le sláinte agus sábháilteacht ceirde; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag na comhpháirtithe sóisialta agus ag na seirbhísí sláinte agus sábháilteachta náisiúnta maidir leis an méid sin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú gur ann do chomhordú, comhar agus oiliúint níos fearr ar an leibhéal Eorpach;

32.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cistiú agus rochtain leormhaith ar shaoráidí oiliúna agus foghlama sláinte agus sábháilteachta a dhaingniú don uile oibrí chun tionóiscí agus tinnis ag an obair a chomhrac; á chur i bhfáth go bhfuil gá le dlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta maidir leis an méid sin;

33.

á iarraidh ar an gCoimisiún dul i ngleic leis na héagothromaíochtaí sa reachtaíocht náisiúnta maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair, ar éagothromaíochtaí iad as a n-eascraíonn iomaíocht éagórach, ní hamháin ar an margadh inmheánach ach freisin i ndáil le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad;

34.

á iarraidh ar an gCoimisiún tús a chur le measúnú ar obair na seirbhísí sláinte agus sábháilteachta agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh i réimse an tsoláthair seirbhísí seachtracha sláinte agus sábháilteachta ón uair a tugadh isteach forálacha Airteagal 7(3) de Threoir 89/391/CEE; ag tathant ar an gCoimisiún moltaí a tharraingt suas chun soláthar náisiúnta seirbhísí seachtracha sláinte agus sábháilteachta a neartú agus é mar aidhm feabhas a chur ar chosc rioscaí san ionad oibre;

35.

á iarraidh ar na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar na spriocanna a leagtar amach ina gcuid straitéisí náisiúnta OSH agus cistiú leormhaith a dhaingniú chun tacú lena gcur chun feidhme; á chur i bhfáth gur cheart páirt iomlán a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta i gcur chun feidhme na bpleananna náisiúnta OSH nó sna próisis leantacha a thagann ina ndiaidh; á chur i bhfáth gur gá aitheantas a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta agus do na hionadaithe sláinte agus sábháilteachta san ionad oibre agus páirt a thabhairt dóibh agus creat reachtach OSH á cheapadh, á chur chun feidhme agus á fhorfheidhmiú; á iarraidh ar an gCoimisiún tús a chur le taighde ar choincheapa agus cleachtais lena gcuirtear ar a gcumas d’oibrithe agus dá n-ionadaithe páirt níos fearr a ghlacadh i gceardchumainn agus i gcomhairlí oibreacha ag gach céim den mheasúnú riosca agus de bheartais OSH ar leibhéal na gcuideachtaí, agus cláir chistithe a sheoladh chun rannpháirtíocht oibrithe i ngníomhaíochtaí OSH cuideachtaí a fheabhsú; á iarraidh ar na Ballstáit deireadh a chur le haon reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear bac ar chómhargáil, lena n-áirítear trína áirithiú go bhfuil rochtain ag ceardchumainn ar ionaid oibre chun críoch eagraithe, comhroinnte faisnéise agus comhairliúcháin, trí ionadaíocht na n-oibrithe a neartú agus, ar an gcaoi sin, caighdeáin chearta sláinte agus sábháilteachta san ionad oibre a áirithiú;

36.

á thabhairt chun suntais gur féidir leis an bpacáiste soghluaisteachta agus leis na tionscnaimh atá ag gabháil leis, lena n-áirítear treoirlínte an Choimisiúin maidir le rialacha i ndáil le ham tiomána agus scíthe, feabhas a chur ar shláinte agus sábháilteacht ceirde; á iarraidh ar na Ballstáit an mhaoirseacht ar bhóithre a mhéadú agus a áirithiú go bhfuil na rialacha sin á gcomhlíonadh, lena n-áirítear a chinntiú go n-áirithíonn fostóirí go bhfuil sceidil chearta ag tiománaithe chun ualach iomarcach oibre a chosc, agus an tsábháilteacht ar bhóithre á méadú ar an gcaoi sin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit spriocanna soiléire a shocrú maidir le líon na mbásanna ar bhóithre a laghdú i gcás tionóiscí a bhaineann leis an obair; á iarraidh ar an gCoimisiún tionscnaimh chomhchosúla a thíolacadh chun sláinte agus sábháilteacht a fheabhsú d’oibrithe i dtionscal na heitlíochta agus sa tionscal muirí; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go dtuairiscíonn na Ballstáit ar thionóiscí a bhaineann leis an obair agus go soláthraíonn siad staitisticí maidir leo;

37.

á chur i bhfáth gur cheart cosaint leormhaith a thabhairt do gach oibrí, gan beann ar mhéid an fhiontair, agus gur cheart tacaíocht a thabhairt do mhicrifhiontair agus FBManna ach go háirithe chun cuidiú leo rialacha OSH a chur i bhfeidhm i gceart; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag EU-OSHA a mhéid a bhaineann leis na huirlisí agus na caighdeáin is gá a sholáthar do mhicrifhiontair agus do FBManna chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí dá lucht saothair agus chun bearta coisctheacha leormhaithe a chur chun feidhme; á mheas gur cheart EU-OSHA a neartú chun ionaid oibre fholláin shábháilte a chur chun cinn ar bhealach níos fearr ar fud an Aontais agus chun tionscnaimh a fhorbairt tuilleadh chun cosc san ionad oibre a fheabhsú i ngach earnáil ghníomhaíochta;

o

o o

38.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1)  Dréachtrún maidir le Creat Eorpach na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) um ghníomhaíocht ar mheabhairshláinte 2021-2025, an t-aonú Coiste Réigiúnach is seachtó don Eoraip, 13-15 Meán Fómhair 2021.

(2)  IO L 303, 2.12.2000, lch. 16.

(3)  https://ec.europa.eu/research/participants/data/ref/h2020/other/guides_for_applicants/h2020-SC1-BHC-22-2019-framework-for-action_en.pdf

(4)  IO C 433, 23.12.2019, lch. 9.

(5)  IO C 362, 8.9.2021, lch. 82.

(6)  IO C 445, 29.10.2021, lch. 75.

(7)  IO C 456, 10.11.2021, lch. 161.

(8)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0385.

(9)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0427.

(10)  https://www.who.int/about/governance/constitution

(11)  Bileog eolais EDS dar teideal Mental health: strengthening our response [Meabhairshláinte: ár bhfreagairt a neartú’, Márta 2018. https://www.who.int/news-room/fact-sheets/detail/mental-health-strengthening-our-response

(12)  Preaseisiúint ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an tsábháilteacht agus an tsláinte ag an obair i saol oibre atá ag athrú, 28 Meitheamh 2021. https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/IP_21_3170

(13)  Eurostat, accidents at work statistics [staidreamh maidir le tionóiscí ag an obair], Samhain 2020.

(14)  Eurofound, Sixth European Working Conditions Survey – Overview report (2017 update), [An séú suirbhé ar dhálaí oibre san Eoraip – Tuarascáil forléargais (nuashonrú 2017)], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2017.

(15)  Tugann patrúin i gcáilíocht poist le fios go bhfuil an pictiúr níos caolchúisí ná polarú simplí idir poist ar ardcháilíocht agus ar cháilíocht íseal. Déanann an anailís oibrithe a ghrúpáil i gcúig phróifíl cáilíochta poist: poist “thábhachtacha” (a chuimsíonn 21 % d’oibrithe); poist “dea-fheidhmithe” (25 %); poist “láimhe ghníomhacha” (21 %); poist “faoi bhrú” (13 %); poist “droch-cháilíochta” (20 %); Tá patrún na scóranna cáilíochta poist idir na próifílí neamhchosúil, rud a threisíonn an prionsabal go mbaineann gnéithe difriúla le cáilíocht poist.

(16)  https://www.safetyandhealthmagazine.com/articles/14053-new-workers-higher-risk

(17)  EU-OSHA, An international comparison of the cost of work-related accidents and illnesses [Comparáid idirnáisiúnta idir costas na dtionóiscí agus na ngalar a bhaineann leis an obair], 2017.

(18)  Takala, J., páipéar oibre – Eliminating occupational cancer in Europe and globally [An ailse cheirde a dhíothú san Eoraip agus ar fud an domhain], 2015, lch. 6.

(19)  Global Asbestos Disaster, [Tubaiste Dhomhanda Aispeiste], International Journal of Environmental Research and Public Health, 2018.

(20)  https://www.euractiv.com/section/health-consumers/infographic/the-economic-impact-of-non-melanoma-skin-cancer-on-the-society-and-the-welfare-system/

(21)  EU-OSHA, suirbhé oibrithe maidir le nochtadh d’fhactóirí riosca ailse, 20 Bealtaine 2020.

(22)  Bileog eolais EDS dar teideal Radon and health [Radón agus an tsláinte], 2 Feabhra 2021. https://www.who.int/news-room/fact-sheets/detail/radon-and-health

(23)  Parlaimint na hEorpa, AS IPOL, Strengthening Europe in the fight against cancer – Going further, faster [An Eoraip a neartú sa chomhrac in aghaidh na hailse – dul níos faide, níos tapúla], Iúil 2020. https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2020/642388/IPOL_STU(2020)642388_EN.pdf

(24)  IPCC, an séú tuarascáil mheasúnachta, bileog eolais réigiúnach – an Eoraip. https://www.ipcc.ch/report/ar6/wg1/downloads/factsheets/IPCC_AR6_WGI_Regional_Fact_Sheet_Europe.pdf

(25)  Eurostat, self-reported work-related health problems and risk factors – key statistics [fadhbanna sláinte féintuairiscithe a bhaineann leis an obair agus fachtóirí riosca – príomhstaidreamh], Meán Fómhair 2021.

(26)  EU-OSHA, Musculoskeletal disorders: association with psychosocial risk factors at work [Neamhoird mhatánchnámharlaigh: ceangal le fachtóirí riosca síceasóisialta ag an obair], 2021.

(27)  Eurofound agus EU-OSHA, Psychosocial risks in Europe: Prevalence and strategies for prevention [Rioscaí síceasóisialta san Eoraip: leitheadúlacht agus straitéisí coisc], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg.

(28)  EU-OSHA, Psychosocial risks and stress at work [Rioscaí síceasóisialta agus strus ag an obair]. https://osha.europa.eu/en/themes/psychosocial-risks-and-stress

(29)  EU-OSHA, OSH figures: stress at work – facts and figures [Figiúirí OSH: strus ag an obair – fíricí agus figiúirí], 2009.

(30)  Eurofound, Living, working and COVID-19, [Maireachtáil, Obair agus COVID-19], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2020.

(31)  Eurofound agus an Oifig Idirnáisiúnta Saothair, Working anytime, anywhere: The effects on the world of work [Ag obair am ar bith, áit ar bith: Éifeachtaí ar shaol na hoibre], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, agus an Oifig Idirnáisiúnta Saothair, an Ghinéiv, 2017.

(32)  Institiúid Eorpach na gCeardchumann, Teleworking in the aftermath of the Covid-19 pandemic: enabling conditions for a successful transition [An teilea-obair sa ré i ndiaidh phaindéim COVID-19: na coinníollacha a bheith ann d’aistriú rathúil], 2021.

(33)  Eurofound agus Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh, What just happened? COVID-19 lockdowns and change in the labour market [Cad a tharla? Dianghlasáil COVID-19 agus athrú ar an margadh saothair], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2021.

(34)  Eurofound, Telework and ICT-based mobile work: Flexible working in the digital age [An teilea-obair agus obair il-ionaid bunaithe ar TFC: Obair sholúbtha sa ré dhigiteach], New forms of employment series [Sraith maidir le cineálacha nua fostaíochta], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2020.

(35)  Innéacs Treochtaí Oibre Microsoft, The next great disruption is hybrid work – are we ready? [Obair hibrideach is ea an chéad suaitheadh mór eile – an bhfuilimid réidh?], 2021.

(36)  EU-OSHA, Telework and health risks in the context of the COVID-19 pandemic: evidence from the field and policy implications [Teilea-obair agus rioscaí sláinte i gcomhthéacs phaindéim COVID-19: fianaise allamuigh agus impleachtaí beartais], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2021.

(37)  An Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, World Employment and Social Outlook 2021, The role of digital labour platforms in transforming the world of work [Fostaíocht Dhomhanda agus Ionchas Sóisialta 2021: Ról na n-ardán digiteach saothair maidir leis an saol oibre a chlaochlú]. https://www.ilo.org/global/research/global-reports/weso/2021/lang--en/index.htm

https://eige.europa.eu/publications/gender-equality-index-2020-digitalisation-and-future-work

(38)  Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann, Nóta faisnéise dar teideal National measures targeting seasonal workers to address labour shortages (particularly in the agricultural sector) [Bearta náisiúnta a dhíríonn ar oibrithe séasúracha chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanas saothair (go háirithe in earnáil na talmhaíochta)], 29 Bealtaine 2020. https://www.etuc.org/sites/default/files/publication/file/2020-05/Covid-19%20Briefing%20Seasonal%20Workers%20Final_updated%2029%20May%202020.pdf

(39)  EU-OSHA, Third European Survey of Enterprises on New and Emerging Risks (ESENER 3) [An tríú suirbhé Eorpach ar fhiontair ar rioscaí nua agus ar rioscaí atá ag teacht chun cinn (ESENER 3)], 2019; https://www.enshpo.eu/pdfs/news01.pdf

(40)  da Silva Neto, AM et al, Psychological effects caused by the COVID-19 pandemic in health professionals: A systematic review with meta-analysis, Progress in neuro-psychopharmacology & biological psychiatry [Éifeachtaí síceolaíocha de bharr phaindéim COVID-19 i ngairmithe sláinte: Athbhreithniú córasach le meitea-anailís, Dul chun cinn sa néarai-shícea-chógaseolaíocht & síciatracht bhitheolaíoch]. 10 Eanáir 2021.

(41)  Grafaic faisnéise ó Pharlaimint na hEorpa, Understanding Covid-19’s impact on women [Tionchar Covid-19 ar mhná a thuiscint], 1 Márta 2021. https://www.europarl.europa.eu/news/en/headlines/society/20210225STO98702/understanding-the-impact-of-covid-19-on-women-infographics; an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne. https://eige.europa.eu/covid-19-and-gender-equality/essential-workers

(42)  Eurofound, alt nua dar teideal Just one in three workers with limiting chronic disease in adapted workplace [Níl ach duine amháin as gach triúr oibrithe ar a bhfuil galar ainsealach teorantach in áit oibre oiriúnaithe], 15 Deireadh Fómhair 2019, https://www.eurofound.europa.eu/news/news-articles/just-one-in-three-workers-with-limiting-chronic-disease-in-adapted-workplace

(43)  IO L 238, 25.9.2003, lch. 28.

(44)  Eurofound, European working conditions survey 2021 [Suirbhé ar dhálaí oibre san Eoraip 2021] https://www.eurofound.europa.eu/surveys/2021/european-working-conditions-survey-2021)

(45)  https://eular.org/myUploadData/files/eular_vision_paper_on_eu_health_policy_ branded.pdf

(46)  Niedhammer I, Bertrais S, Witt K (2021), Psychosocial work exposures and health outcomes: a meta-review of 72 literature reviews with meta-analysis [Nochtadh síceasóisialta ag an obair agus torthaí sláinte: meitea-athbhreithniú ar 72 athbhreithniú litríochta le meitea-anailís], Scand J Work Environ Health 2021; 47(7):489-508.

(47)  Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (IO L 158, 30.4.2004, lch. 50).

(48)  Institiúid Eorpach na gCeardchumann, Occupational Exposure Limits (OELs) for lead and lead compounds & equality of treatment of women and men at work [Teorainnluachanna Ceirde (OELanna) do luaidhe agus do chomhdhúile luaidhe & cóir chomhionann idir mná agus fir ag an obair], 14 Nollaig 2020.

(49)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(50)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 ar aicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(51)  Treoir 2009/148/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le bheith faoi lé aispeiste ar an láthair oibre (IO L 330, 16.12.2009, lch. 28).

(52)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(53)  IO L 183, 29.6.1989, lch. 1.

(54)  Moladh EIS Uimh. 171 maidir le Seirbhísí Sláinte Ceirde. https://www.ilo.org/dyn/normlex/en/f?p=NORMLEXPUB:12100:0::NO::P12100_INSTRUMENT_ID:312509

(55)  https://osha.europa.eu/en/themes/young-workers

(56)  https://www.ilo.org/global/topics/non-standard-employment/lang--en/index.htm

(57)  Luaitear in Airteagal 23 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine go bhfuil “an ceart ag gach duine ceardchumainn a bhunú agus dul i bpáirt leo chun a leasanna a chosaint”; Coinbhinsiún Uimh. 87 EIS maidir le saoirse comhlachais agus cosaint an chirt chun an eagraithe, 1948; agus Coinbhinsiún Uimh. 98 EIS maidir leis an gceart chun an eagraithe agus na cómhargála.

(58)  Treoir 2006/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (radaíocht optúil shaorga) (IO L 114, 27.4.2006, lch. 38).

(59)  Togra ón gCoimisiún an 11 Samhain 2020 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (COM(2020)0727). Ghlac an Pharlaimint leasuithe ar an togra an 14 Meán Fómhair agus an 11 Samhain 2021 (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0377 agus P9_TA(2021)0449).

(60)  Treoir 89/654/CEE ón gComhairle an 30 Samhain 1989 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte don láthair oibre (IO L 393, 30.12.1989, lch. 1).

(61)  Treoir 90/270/CEE ón gComhairle an 29 Bealtaine 1990 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte d’obair le trealamh scáileán taispeána (IO L 156, 21.6.1990, lch. 14).

(62)  https://www.ilo.org/global/about-the-ilo/newsroom/news/WCMS_075505/lang--en/index.htm

(63)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0473.


Top