Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AE0264

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dhlí na mBallstát, lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle (COM(2021) 782 final — 2021/0411 (COD)) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú sonraí uathoibrithe le haghaidh comhar póilíneachta (“Prüm II”), lena leasaítear Cinntí 2008/615/CGB agus 2008/616/CGB ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2021) 784 final — 2021/0410 (COD)) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar aghaidh ar staideanna an ionstraimithe i réimse na himirce agus an tearmainn (COM(2021) 890 final — 2021/0427 (COD)) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir le Cód an Aontais i dtaca leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (COM(2021) 891 final — 2021/0428 (COD))

    EESC 2022/00264

    IO C 323, 26.8.2022, p. 69–76 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    26.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 323/69


    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dhlí na mBallstát, lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle

    (COM(2021) 782 final — 2021/0411 (COD))

    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú sonraí uathoibrithe le haghaidh comhar póilíneachta (“Prüm II”), lena leasaítear Cinntí 2008/615/CGB agus 2008/616/CGB ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (COM(2021) 784 final — 2021/0410 (COD))

    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar aghaidh ar staideanna an ionstraimithe i réimse na himirce agus an tearmainn

    (COM(2021) 890 final — 2021/0427 (COD))

    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir le Cód an Aontais i dtaca leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha

    (COM(2021) 891 final — 2021/0428 (COD))

    (2022/C 323/12)

    Rapóirtéir:

    Krzysztof BALON

    Comhairliúchán

    An Coimisiún Eorpach, 2.5.2022

    Bunús dlí

    Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    Rannóg atá freagrach

    Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

    Dáta a glactha sa rannóg

    3.5.2022

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    18.5.2022

    Seisiún iomlánach Uimh.

    569

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    210/3/4

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Cor cinniúnach nach léir cén toradh a bheidh air is ea ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin, i ngarchomharsanacht theorainneacha seachtracha an Aontais. I bhfianaise a fhairsinge is atá a thionchar cuimsitheach agus, más fíor, fadmharthanach ar gach leibhéal, a bhfuil líon dídeanaithe a leithéid nach bhfacthas cheana ina thoradh air freisin — an líon is mó dídeanaithe ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann — is éard atá ann ná an bhagairt is mó riamh ar fheidhmiú limistéar Schengen agus ar shlándáil an Aontais Eorpaigh ina iomláine.

    1.2.

    Is mór ag CESE gur gníomhachtaíodh den chéad uair Treoir 2001/55/CE ón gComhairle (1) (“an Treoir um Chosaint Shealadach”) i gcomhthéacs ionsaí na Rúise ar an Úcráin (2). De bhreis air sin, molann an Coiste don Choimisiún féachaint an bhféadfaí cur le húsáid agus gníomhachtú na Treorach ó thaobh náisiúnaigh tríú tír i gcás géarchéimeanna tromchúiseacha práinneacha amach anseo. D’fhéadfadh sé go bhféadfaí gníomhachtú na Treorach atá i bhfeidhm faoi láthair a úsáid chun sásraí dlúthpháirtíochta a fhorbairt idir na Ballstáit.

    1.3.

    Sa chomhthéacs sin, creideann CESE go bhfuil géarghá le comhrialacháin Eorpacha a bheadh éifeachtach, dáiríre, daonnachtúil agus daonnúil maidir le himirce, tearmann agus comhar slándála i limistéar Schengen ar limistéar oscailte ach slán freisin é, rialacháin a bheadh i gcomhréir iomlán leis an gCairt um Chearta Bunúsacha. Teastaíonn go mór ón gCoiste go gcuirfí dálaí níos fearr ar fáil do na dídeanaithe go léir.

    1.4.

    Bagairt is ea iarmhairtí an chogaidh freisin ar shamhail Eorpach an gheilleagair shóisialta mhargaidh agus ar shaoirse agus cearta shaoránaigh an Aontais agus daoine eile a bhfuil cónaí orthu san Aontas. Molann CESE limistéar Schengen a chaomhnú agus a choinneáil mar atá sé i láthair na huaire, ní hamháin chun saorghluaiseacht daoine daonna a áirithiú ach feidhmiú an Mhargaidh Aonair freisin.

    1.5.

    Le linn ghéarchéim COVID-19, thug go leor Ballstát rialuithe teorann agus srianta eile ar shaorghluaiseacht isteach gan aon iarracht an méid sin a chomhordú ná údar cuí a thabhairt leis ar an leibhéal Eorpach, cé go bhfuil sé ríthábhachtach, mar a luadh cheana i dtuairim roimhe seo, teorainneacha a choinneáil ar oscailt ar mhaithe le lánfheidhmiúlacht an Mhargaidh Aonair, ar mhaithe leis an teacht aniar a chur ar bun arís agus a fhorbairt a thuilleadh, agus ar mhaithe leis an dlúthpháirtíocht agus an fhéiniúlacht Eorpach a chothú. Léirítear leis sin freisin an gá atá le sásra cinnteoireachta “fíor-ama” ar an leibhéal idirinstitiúideach in aimsir ghéarchéime. Ar aon chuma, tá CESE go hiomlán i bhfách le seasamh an Choimisiúin teorainneacha inmheánacha a choinneáil ar oscailt, fiú amháin in aimsir ghéarchéime. Maidir le srianta taistil arna bhforchur idir stáit Schengen de dheasca cásanna géarchéime, ba cheart iad a bheith sealadach agus níor cheart iad a bheith ní ba dhéine ná na srianta arbh fhéidir a chur i bhfeidhm laistigh de na Ballstáit féin.

    1.6.

    Tá CESE ag teacht go hiomlán le seasamh an Choimisiúin go bhféadfadh sé go mbeadh an toradh céanna air dá rachfaí i muinín seiceálacha agus comhar póilíneachta, malartú faisnéise agus cumarsáid san áireamh, in áit rialuithe teorann inmheánaí sealadacha a thabhairt isteach, agus nach gcuirfeadh sé sin isteach an oiread céanna ar shaorghluaiseacht daoine, earraí ná seirbhísí. Sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh don Choiste gur bunaíodh grúpa neamhfhoirmiúil saineolaithe ina mbeidh saineolaithe ó gach Ballstát chun comhairle agus tacaíocht a thabhairt don Choimisiún maidir le faireachán agus cur i bhfeidhm na Treorach maidir le malartú faisnéise idir údaráis na mBallstát um fhorfheidhmiú an dlí; molann CESE go n-áireofaí eagraíochtaí ábhartha agus ionadaíocha na sochaí sibhialta, mar aon leis an gCoiste féin, in obair an tsainghrúpa neamhfhoirmiúil sin.

    1.7.

    Sa chomhthéacs sin freisin, tá béim á leagan ag CESE ar an ngéarghá atá le neamhspleáchas na mbreithiúna a choimeád, go háirithe i gcásanna ina mbíonn na comhlachtaí breithiúnacha i láthair go fisiciúil ag suíomh an Phointe Teagmhála Aonair. Thairis sin, ba cheart do Phointí Teagmhála Aonair cosaint speisialta a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta (go háirithe eagraíochtaí maoirseachta nó iad siúd a bhíonn ag obair chun grúpaí leochaileacha, imircigh san áireamh, a chosaint) agus faisnéis á soláthar acu.

    1.8.

    Aithníonn CESE na gníomhaíochtaí uaillmhianacha bailithe sonraí atá le forbairt ag na Ballstáit faoi chuimsiú Prüm II. Téann Prüm II céim shuntasach níos faide ná Prüm I, agus ceangal á chur ar na Ballstáit ann suiteálacha teicniúla a thógáil le haghaidh próifíliú aghaidhe. Sa chomhthéacs sin, is údar imní don Choiste an baol a bhaineann le tionchar a imirt ar mhalartú sonraí digiteacha, go háirithe i bhfianaise an chogaidh is déanaí san Eoraip agus an easpa trédhearcachta a bhaineann leis.

    1.9.

    Tá CESE ag iarraidh go dtabharfaí isteach sásraí rialaithe níos críochnúla agus níos minice chun ardchaighdeáin eiticiúla a áirithiú agus sonraí á mbailiú agus á stóráil ag Europol, go háirithe i dtaca le tríú tíortha, agus go socrófaí teorainneacha ama soiléire maidir le stóráil na sonraí sin. Molann CESE go ndéanfadh eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus gníomhaithe ábhartha eile a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh faireachán rialta ar ghníomhaíochtaí Europol.

    1.10.

    Aithníonn CESE go hiomlán cearta bunúsacha na ndaoine a shroicheann teorainneacha na hEorpa agus Schengen, agus an buncheart atá acu cead isteach a iarraidh agus iarratas a dhéanamh ar thearmann. Ba mhaith leis an gCoiste a chur in iúl arís gur gá aird a thabhairt ar phrionsabal an non-refoulement.

    1.11.

    Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit freagracht chomhroinnte a ghlacadh orthu féin, mar a tugadh isteach leis an sásra solúbtha dlúthpháirtíochta atá sa Chomhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann. Ba cheart dóibh a bheith réamhghníomhach ó thaobh cúnamh dlúthpháirtíochta a thairiscint do Bhallstáit eile, go háirithe i gcás géarchéime.

    1.12.

    Tá CESE á thabhairt dá aire go háirithe ról dearfach riachtanach na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta siúd a chuireann cabhair dhaonnúil ar fáil d’imircigh a bhfuil tríú tíortha ag teacht i dtír orthu chun críoch leithleach agus, ina theannta sin, ról na n-eagraíochtaí siúd a thacaíonn le cearta na n-imirceach agus na n-iarrthóirí tearmainn agus a chuireann faisnéis ar fáil faoi na cearta céanna sin. Ba cheart a ráthú go mbeidh teacht i gcónaí ag na heagraíochtaí sin ar na himircigh agus na hiarrthóirí tearmainn sna limistéir theorann lena mbaineann. Ba cheart go mbeadh eagraíochtaí den sórt sin i dteideal tacaíocht airgeadais atá éifeachtach agus simplithe a fháil faoi chistiú Eorpach amhail Cúnamh Éigeandála don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF).

    1.13.

    Molann CESE cláir oideachais agus cláir mhúscailte feasachta mhóra a chur ar bun, a chomórdófaí go lárnach agus a chuirfeadh gach Ballstát chun feidhme, chun an pobal a chur ar an eolas gur rud atá dearfach ar an iomlán don phobal óstach í an imirce.

    2.   Barúlacha ginearálta

    2.1.

    Dréachtaíodh an Tuairim seo le linn don bhagairt is mó riamh ar fheidhmiú limistéar Schengen agus ar shlándáil an Aontais Eorpaigh a bheith ann, bagairt arb é is cúis léi ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin i ngarchomharsanacht theorainneacha seachtracha an Aontais. Mar gheall ar an gcogadh sin, ar rud é a chruthaigh líon imirceach agus dídeanaithe a leithéid nach bhfacthas ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann, is léir arís a thábhachtaí agus atá slándáil na teorann seachtraí agus seasmhacht limistéar Schengen mar réamhchoinníoll na slándála inmheánaí agus, thairis sin, an gá atá le comhrialacháin Eorpacha éifeachtacha dháiríre dhaonnachtúla dhaonnúla maidir le himirce agus tearmann.

    2.2.

    Tá níos mó ná 420 milliún duine ina gcónaí i limistéar Schengen, mar a bhfuil 26 thír. Cuid lárnach de dhóigh bheatha na nEorpach is ea rialuithe teorann inmheánaí a bheith ar lár: tá beagnach 1,7 milliún duine ann a bhfuil cónaí orthu i mballstát amháin de chuid limistéar Schengen ach a bhíonn ag obair i mballstát eile dá chuid. Tá saol na ndaoine bunaithe ar na saoirsí a chuireann limistéar Schengen ar fáil, agus 3,5 milliún duine ag dul ó bhallstát Schengen amháin go ballstát Schengen eile gach aon lá.

    2.3.

    Ghlac an Coiste a Thuairim maidir leis an Straitéis ón gCoimisiún i dtreo limistéar Schengen lánfheidhmiúil agus athléimneach (3) an 20 Deireadh Fómhair 2021. Chuir an Coiste in iúl gur dhíol sásaimh dó an Straitéis sin, óir tá sé den bharúil gur cheart don Choimisiún seasamh níos láidre a ghlacadh ar son an taistil gan teorainn san Eoraip. Chuir CESE i bhfáth gur fearr is féidir aghaidh a thabhairt ar ábhair imní slándála na mBallstát le comhar breise agus neartaithe idir údaráis forfheidhmithe an dlí, seachas rialuithe a thabhairt isteach athuair ar na teorainneacha inmheánacha.

    2.4.

    Mar sin féin, ba mhaith leis an gCoiste a chur in iúl arís gur údar imní dó go bhfuil an Rómáin, an Bhulgáir agus an Chróit á n-eisiamh i gcónaí ó acquis Schengen a chur i bhfeidhm ina iomláine. Tá sé á éileamh ar an gComhairle ag CESE in éineacht leis an gCoimisiún, beart cinntitheach a dhéanamh ina thaobh sin gan mhoill. Thairis sin, tá an Coiste á mholadh don Choimisiún an mheastóireacht ar chur i bhfeidhm acquis Schengen ó thaobh na Cipire de a thabhairt chun críche freisin. Mheabhraigh an Coiste an athuair freisin, agus beartas an Aontais maidir le bainistiú teorainneacha, idir-inoibritheacht, imirce agus bainistiú tearmainn á chur chun feidhme agus i gcás comhar póilíneachta agus ceartais choiriúil, go bhfuil an tAontas agus a Bhallstáit faoi cheangal i gcónaí ag an gCairt um Chearta Bunúsacha.

    2.5.

    Faoi chuimsiú chur chun feidhme na Straitéise, mhol an Coimisiún Eorpach i mí na Nollag 2021 rialacha nuashonraithe chun rialachas limistéar Schengen a threisiú (4). De bharr na n-athruithe spriocdhírithe sin, déanfar comhordú níos mó san Aontas agus cuirfear ar chumas na mBallstát aghaidh níos fearr a thabhairt ar na dúshláin atá ag teacht chun cinn agus comhtheorainn sheachtrach an Aontais agus teorainneacha inmheánacha laistigh de limistéar Schengen araon á mbainistiú acu. Féachtar leis an nuashonrú lena áirithiú gurb é an rogha dheiridh é rialuithe a chur ar bun an athuair ar na teorainneacha inmheánacha. Tugtar isteach leis na rialacha nua uirlisí coiteanna chun na teorainneacha seachtracha a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla i gcás géarchéim sláinte poiblí, uirlisí a ceapadh i bhfianaise ar foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19. Tá ionstraimiú na n-imirceach ar cheann de na hábhair a dtugtar aghaidh orthu freisin sa nuashonrú ar rialacha Schengen agus i dtogra comhthreomhar le haghaidh rialacháin ina dtugtar aghaidh ar bhearta is féidir leis na Ballstáit a dhéanamh i réimsí an tearmainn agus an fhillte i gcás den sórt sin (5).

    2.6.

    Foilsíodh na rialacha nuashonraithe i bhfoirm cúig thogra a bhaineann leis an Aontas Slándála agus le Comhaontú Schengen. I bhfianaise gur togra neamhreachtach ceann de na tograí, dírítear sa tuairim seo ar cheithre thogra, eadhon treoir maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dhlí na mBallstát (6), rialachán maidir le malartú sonraí uathoibrithe le haghaidh comhar póilíneachta (7), rialachán lena dtugtar aghaidh ar staideanna an ionstraimithe i réimse na himirce agus an tearmainn (8) agus maidir le rialachán lena leasaítear Cód an Aontais i dtaca leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (9).

    2.7.

    Mar sin féin, creideann CESE go láidir go n-urramófar leis na bearta agus na leasuithe breise, sonracha agus sealadacha a tugadh isteach i ngach cuid de phacáiste Schengen, agus atá dírithe ar theorainneacha a bhainistiú go héifeachtach, an ceart agus na prionsabail a leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an tsaoirse gluaiseachta agus cónaithe (Airteagal 45), mar aon leis an gceart chun tearmainn (Airteagal 18) agus prionsabal an non-refoulement (Airteagal 19), mar a cuireadh béim shoiléir orthu sna tograí.

    2.8.

    Mar a luadh cheana (10), ní mór dearcadh an phobail i leith na himirce agus na slándála atá intuigthe sna doiciméid atá beartaithe a athstruchtúrú go cúramach. Nuair a chaitear leis an imirce mar bhagairt agus nuair a chuirtear imircigh i láthair mar a bheadh baol ann, níl á dhéanamh ach daoine daonna a dhídhaonnú agus níl tairbhe le baint as sin ach amháin acu siúd ar mian leo teacht i dtír ar na himircigh chun críoch geostraitéiseach nó chun críocha na polaitíochta náisiúnta. Ní mór a mheas gur gné dhearfach í an imirce. Tá inimircigh fíorthábhachtach anois agus tá an méid a rannchuidíonn siad lenár sochaithe agus lenár ngeilleagair ag teastáil níos mó ná riamh.

    3.   Barúlacha sonracha maidir le Pacáiste an Aontais Slándála

    3.1.   Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dhlí na mBallstát (COM(2021) 782 final)

    3.1.1.

    Is é cuspóir foriomlán an togra seo reachtaíocht a rith maidir le gnéithe eagraíochtúla agus nós imeachta den mhalartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí san Aontas d’fhonn rannchuidiú le malartú éifeachtach agus éifeachtúil na faisnéise sin, agus ar an gcaoi sin limistéar Schengen a fheidhmíonn go hiomlán agus a bhfuil teacht aniar ann a chosaint.

    3.1.2.

    Aontaíonn CESE go hiomlán le seasamh an Choimisiúin go bhféadfadh seiceálacha póilíneachta agus an comhar, lena n-áirítear malartú faisnéise agus cumarsáid, na torthaí céanna a bhaint amach agus rialuithe sealadacha ag teorainneacha inmheánacha, agus nach bhfuil an oiread cur isteach ar shaorghluaiseacht daoine, earraí agus seirbhísí ag baint leo. Ag an am céanna tacaíonn CESE le dearcadh an Choimisiúin nach mór do na bearta sin cearta bunúsacha a chomhlíonadh ina n-iomláine, lena n-áirítear ceanglais maidir le cosaint sonraí i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana. Mar a luadh cheana (11), ní mór cothromaíocht níos fearr a bheith ann idir cearta bunúsacha daoine aonair a chumhdaítear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus an gá atá le forfheidhmiú níos fearr an dlí maidir leis an gcoireacht a chomhrac agus a ionchúiseamh, chun timpeallacht slándála agus ceartais a áirithiú ar fud an Aontais. Ba cheart do ghníomhaireachtaí AE agus do ghníomhaithe seachtracha faireachán agus tuairisciú cúramach a dhéanamh ar aon mhíchothromaíocht nó sárú ar chearta bunúsacha.

    3.1.3.

    Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE gur bunaíodh grúpa saineolaithe neamhfhoirmiúil a bheidh comhdhéanta de shaineolaithe ó gach Ballstát, chun comhairle agus tacaíocht a thabhairt don Choimisiún maidir le faireachán agus cur i bhfeidhm na Treorach, lena n-áirítear nuair a bheidh treoirpháipéir ón gCoimisiún á n-ullmhú. Sa chomhthéacs sin, molann CESE eagraíochtaí ábhartha agus ionadaíocha na sochaí sibhialta chomh maith le CESE féin a áireamh in obair an tsainghrúpa neamhfhoirmiúil.

    3.1.4.

    Is mian le CESE a athdhearbhú gur cheart bonnlíne na faisnéise atá le malartú a bhreithniú agus a áireamh san fhaireachán a dhéanfar ar mhalartú sonraí: na sainmhínithe ar chion coiriúil (tromchúiseach) (12) agus a áirithiú go leanfaidh gach taobh, iad siúd atá ag iarraidh, agus iad siúd atá ag freagairt, na sainmhínithe céanna agus na bonnlínte céanna ina leith.

    3.1.5.

    I gcomhthéacs chumas na bPointí Teagmhála Aonair, lena n-áirítear údaráis bhreithiúnacha atá inniúil chun údaruithe breithiúnacha riachtanacha a dheonú i gcónaí, leagann CESE béim ar an dearbhghá agus ar an oibleagáid atá ann neamhspleáchas na mbreithiúna a chothabháil. Go praiticiúil, d’fhéadfadh sé sin a bheith an-tábhachtach i gcásanna ina mbíonn comhlachtaí breithiúnacha nó a n-ionadaithe i láthair go fisiciúil ag suíomh an Phointe Teagmhála Aonair.

    3.1.6.

    Ba cheart cosaint speisialta a bheith ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, go háirithe iad siúd amhail “forais faire” nó a oibríonn i réimse na cosanta ar ghrúpaí leochaileacha, lena n-áirítear imircigh, i ndáil le faisnéis ó Phointí Teagmhála Aonair a chur ar fáil, mar gheall ar dhóchúlacht ard go ndéanfaí díobháil mhíchuí do leasanna ríthábhachtacha na ndaoine dlítheanacha sin.

    3.2.   Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú sonraí uathoibrithe le haghaidh comhar póilíneachta (“Prüm II”) (COM(2021) 784 final)

    3.2.1.

    Ag tógáil ar chreat Prüm atá ann cheana (Cinntí 2008/615/CGB (13) agus 2008/616/CGB (14) ón gComhairle, lena n-áirítear Coinbhinsiún Prüm), is é is aidhm don togra maidir le Prüm II athchóiriú agus treisiú “an chreata lena bhféadfaí idir-inoibritheacht le córais faisnéise eile de chuid an Aontais Eorpaigh a dhéanamh”. Sa deireadh, ba cheart go gcruthófaí leis an tionscnamh seo ailtireacht nua “lena bhféadfar sonraí a mhalartú ar bhealach níos éasca agus níos tapúla idir na Ballstáit agus lena n-áiritheofar ardleibhéal cosanta do chearta bunúsacha”.

    3.2.2.

    Aithníonn CESE na gníomhaíochtaí uaillmhianacha bailithe sonraí atá le forbairt ag na Ballstáit. Léirítear leis an taithí a fuarthas maidir le Prüm I a chur chun feidhme an méid ama a theastóidh ó na Ballstáit chun na huirlisí bailithe sonraí is gá a bhunú. Tá céim shuntasach bhreise á glacadh le Prüm II, ós rud é go gcuirtear de cheangal ar na Ballstáit suiteálacha teicniúla a thógáil le haghaidh próifíliú aghaidhe, rud nach bhfuil ann go dtí seo ach i bpáirt sna Ballstáit. D’fhéadfadh sé go mbeadh roinnt mhaith ama ag teastáil chun leibhéal inchomparáide bailithe sonraí sna Ballstáit uile a bhaint amach, agus d’fhéadfadh an méid sin deacrachtaí a chruthú maidir le hidir-inoibritheacht a áirithiú, ar ábhar imní é a luadh cheana (15). Thairis sin, is cúis mhór imní don Choiste an baol a bhaineann leis an tionchar ar mhalartú sonraí digiteacha i bhfianaise staid phráinneach, anordúil agus neamhthrédhearcach an chogaidh san Eoraip le déanaí.

    3.2.3.

    Mar a luadh cheana (16), ní mór cosaint sonraí pearsanta, faoi na creata dlíthiúla iomchuí, a urramú gach tráth, go háirithe i gcás sonraí a mbaineann ardleibhéal íogaireachta leo, amhail faoi Chinntí Prüm. Rinne an tAontas agus CESE trácht ar achoimre ghinearálta chun sonraí laistigh den Eoraip atá íogair go leor a láimhseáil (17).

    3.2.4.

    Leagann CESE béim ar an ngá atá ann a bheith fíorchúramach maidir le dul i ngleic le cruthú éigeantach na mbanc sonraí maidir le próifíliú aghaidhe, fiú i bhfoirm cláruimhreacha agus formáidí criptithe. Ina Rún 2020/2016(INI) (18), mhol Parlaimint na hEorpa céim siar a ghlacadh agus a bheith cúramach le huirlisí próifílithe aghaidhe, go háirithe ós rud é go bhfuil baol go n-aithneofaí duine má dhéantar íomhánna d’aghaidh daoine aonair a thaifeadadh agus a chomhroinnt. Dá bhrí sin, is cúis mhór imní do CESE an togra maidir le bainc náisiúnta sonraí a bhunú le haghaidh íomhánna den aghaidh, chomh maith leis na híomhánna sin a mhalartú ar fud an Aontais idir na Ballstáit rannpháirteacha. Tá gá le grinnscrúdú ardleibhéil a dhéanamh ar chomhréireacht agus ar rúndacht ó thaobh sonraí pearsanta a chosaint. Cé go n-aithníonn CESE go hiomlán cuspóir ginearálta an togra seo a eascraíonn as sprioc atá bunaithe ar na Conarthaí, is é sin rannchuidiú leis an tslándáil inmheánach san Aontas, d’fhéadfaí a mheas gur rud neamhéigeantach é cur i bhfeidhm an phróifílithe aghaidhe.

    3.2.5.

    Thairis sin, tá imní ar CESE faoin togra maidir le taifid phóilíneachta a mhalartú idir na Ballstáit go léir, fiú más rud é go ndéantar iad a anaithnidiú i bpáirt ó thaobh líon na dtaifead de agus go bhfuil siad criptithe agus iad á n-aistriú. Dealraíonn sé go bhfuil caighdeáin éagsúla ag na gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí sna Ballstáit éagsúla chun amhrastaigh agus coirpigh a shainmhíniú agus a chlárú. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh malartú sonraí, arna iarraidh sin chun comhsheasmhacht na sonraí a áirithiú, a bheith ag brath ar mheasúnú a dhéanann oifigeach póilíneachta aonair. D’fhéadfadh sé go dtiocfadh cásanna as sin ina bhféadfadh daoine ar amhrastaigh iad i mBallstát amháin, e.g. maidir le gníomhaíochtaí ar mhaithe le cearta dídeanaithe, a bheith cláraithe i dtaifead coiriúil Ballstáit eile. Sa chás sin, ní mór na cearta rochtana agus stórála a bheith faoi rún agus iad a shrianadh go soiléir ionas nach ndéanfar dochar do chearta bunúsacha ar bhealach díréireach. Thairis sin, ba cheart critéir dhaingne chomhroinnte a bheith ann chun coir (tromchúiseach) agus amhrastaigh choiriúla a shainmhíniú. Ní mór na rialacha a bunaíodh cheana a urramú agus a fhorfheidhmiú ina leith sin (19).

    3.2.6.

    Iarrann CESE sásraí rialaithe níos críochnúla agus níos minice a thabhairt isteach chun bailiú eiticiúil a áirithiú, thar aon ní eile i ndáil le tríú tíortha agus sonraí Europol a stóráil, chomh maith le teorainneacha soiléire ama a leagan síos maidir leis an stóráil sonraí sin. Mar a luadh roimhe seo, is díol sásaimh ról lárnach Europol san ailtireacht Eorpach maidir le cosc coiriúil trasteorann agus leis an gcoireacht a chomhrac, lena n-áirítear malartú sonraí; mar sin féin, ní mór athbhreithniú neamhspleách agus meastóireacht a dhéanamh ar an ról sin, lena n-áirítear ag an tsochaí shibhialta, ag na comhpháirtithe sóisialta agus ag na geallsealbhóirí ábhartha, go háirithe na grúpaí agus na daoine aonair sin a bhféadfadh gníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí difear a dhéanamh dóibh ar bhealach mícheart nó dochosanta (20). Cuireadh i leith Europol arís agus arís eile gur chuir sé sonraí amhrastach agus sonraí coirpeach le chéile le sonraí daoine príobháideacha eile (21). Go háirithe, ní mór a áirithiú nach bhfuil aon fhorluí ann maidir le saincheisteanna imirce agus tearmainn. Molann CESE go ndéanfadh eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus gníomhaithe ábhartha eile a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh monatóireacht rialta ar ghníomhaíochtaí Europol, agus molann sé go gcuirfí sásraí trédhearcachta i bhfeidhm.

    4.   Barúlacha sonracha maidir le Pacáiste Schengen

    4.1.   Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir le Cód an Aontais i dtaca leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (COM(2021) 891 final)

    4.1.1.

    Is éard atá i limistéar Schengen limistéar inar féidir le saoránaigh den Aontas Eorpach agus saoránaigh neamh-AE atá ag fanacht go dleathach ar an gcríoch, chomh maith le hearraí agus seirbhísí, taisteal gan a bheith faoi réir rialuithe ag teorainneacha inmheánacha Is gné bhunriachtanach den limistéar saoirse, slándála agus ceartais é Schengen agus is príomhghné é d’fheidhmiú an Mhargaidh Aonair. De bharr a chruthaithe, tá buntáistí suntasacha sóisialta agus eacnamaíocha ag baint le sochaí na hEorpa.

    4.1.2.

    Cé gur féidir a mheas gur bagairt thromchúiseach don bheartas poiblí iad éigeandálaí sláinte poiblí mórscála, amhail paindéimí, níor cheart iad a mheas mar chúis le rialuithe teorann i limistéar Schengen a athbhunú. Ní cosúil gur beart cuiditheach atá i ngníomhaíocht den sórt sin. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid céanna maidir le feidhmiú cumhachtaí póilíneachta nó cumhachtaí poiblí eile i limistéir na teorann inmheánaí, atá coibhéiseach leis na rialuithe teorann sin. Níor cheart aon srianta taistil idir stáit Schengen ar bhonn éigeandálaí sláinte poiblí mórscála a bheith níos déine ná srianta taistil féideartha laistigh de na Ballstáit. Mura n-áirithítear an méid sin, bainfear an bonn den choincheap iomlán maidir le limistéar gan rialuithe ag a theorainneacha inmheánacha, ar cuid de “DNA na hEorpa” (22) é. Thairis sin, d’fhéadfadh sé go lagófaí le rialacháin den sórt sin iarrachtaí chun comhbheartas sláinte Eorpach a áirithiú, go háirithe i réimse an rialaithe eipidéime.

    4.1.3.

    Is díol sásaimh do CESE an iarracht a rinne an Coimisiún coimircí nua nós imeachta a thabhairt isteach i gcás ina n-athbhunófaí rialuithe ag teorainneacha inmheánacha go haontaobhach. Is é is aidhm don togra soiléiriú agus leathnú a dhéanamh ar liosta na n-eilimintí nach mór do Bhallstát a mheasúnú agus cinneadh á dhéanamh aige maidir le hathbhunú sealadach nó síneadh rialuithe teorann. Beidh ar an gCoimisiún tuairim a eisiúint maidir le comhréireacht agus riachtanas na gcinntí sin agus próiseas comhairliúcháin a sheoladh leis na Ballstáit. Áitíonn CESE go ndéanfaí tuilleadh soiléirithe ar na coimircí nós imeachta a thugtar isteach, go háirithe trí theorainn ama shoiléir a shainiú maidir le síntí a d’fhéadfaí a dhéanamh.

    4.1.4.

    Sa chomhthéacs sin, measann CESE go bhfuil an t-idirdhealú idir taisteal “riachtanach” agus taisteal “neamhriachtanach” i limistéar Schengen ina bhagairt thromchúiseach freisin do bhonn Schengen.

    4.1.5.

    Tacaíonn CESE go hiomlán leis an smaoineamh gur cheart cearta na náisiúnach tríú tír a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu a chur san áireamh go hiomlán i gcás teorannú na bpointí trasnaithe teorann nó a n-uaireanta oscailte, agus iarrann sé ar an gCoimisiún a sheasamh i ndáil leis an méid sin a chur in iúl. Ní mór rochtain éifeachtach ar phointí teorann a áirithiú, chomh maith le cosaint éifeachtach ar an gceart chun tearmainn.

    4.1.6.

    Baineann an méid sin leis an imní atá ar CESE gur cheart caitheamh le daoine a ghabhtar ag na teorainneacha inmheánacha le dínit agus iad a chur ar an eolas faoina gcearta seachas cineálacha brú siar inmheánach a dhlisteanú. Le cur chuige den sórt sin, tá riosca ard ann go réiteofaí an bealach do phróifíliú ciníoch neamhrialaithe. Ba cheart tús áite a thabhairt do shaorghluaiseacht daoine laistigh de limistéar Schengen a áirithiú. Ba cheart do phearsanra údaraithe atá oilte go leordhóthanach, agus an pearsanra sin amháin, rialuithe a dhéanamh. Ba cheart faireachán neamhspleách a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí go randamach.

    4.1.7.

    Cuireann CESE i bhfios go láidir gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar chomhréireacht na seiceálacha a dhéantar laistigh de réimsí inmheánacha agus ag limistéir teorann seachtraí lena n-úsáidtear teicneolaíochtaí faireacháin agus faireachais. D’fhéadfadh eagraíochtaí um chearta sibhialta tacú le gníomhaíochtaí athbhreithnithe agus faireacháin.

    4.1.8.

    Tuigeann an Coiste aidhm an Choimisiúin maidir le hAirteagal 13 i ndáil le nós imeachta coiteann a bhunú do na Ballstáit chun teorainneacha seachtracha an Aontais agus teorainneacha Schengen a rialú agus faireachán a dhéanamh orthu. Ní luaitear, áfach, rochtain ar nós imeachta dlisteanach maidir le tearmann a lorg nó foirmeacha eile rochtana d’imircigh, ná aon chomhairleoireacht dhlíthiúil a bhaineann leis sin. Áitíonn CESE go n-urramófar i gcónaí cearta bunúsacha na ndaoine a shroicheann teorainneacha an Aontais agus Schengen, an ceart cead isteach a iarraidh agus an ceart chun iarratas a dhéanamh ar thearmann. Go háirithe, ní mór glacadh le daoine leochaileacha, le daoine atá tinn agus le mionaoisigh, agus iad a aistriú, ar bhealach cúramach. Mar a luadh cheana, tá an-imní ar CESE faoi na sáruithe a thuairiscítear ag na teorainneacha seachtracha (23); ag an am céanna, aithníonn sé gníomhaíochtaí faireacháin neartaithe an Choimisiúin (24).

    4.1.9.

    Molann an Coiste arís don Choimisiún a bheith gníomhach i mbun a chuid cumhachtaí forfheidhmiúcháin faoi na Conarthaí a fheidhmiú i gcásanna nach ndéantar obair leantach ar na heasnaimh a aithníodh le linn Mheastóireachtaí Schengen (25). Ba cheart tosaíocht a thabhairt do chleachtais shistéamacha faoina sáraítear noirm na gceart bunúsach. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin ó thaobh imircigh leochaileacha de. Go háirithe, níor cheart don Choimisiún brath ar thorthaí Shásra Meastóireachta Schengen amháin, ach ba cheart dó freisin faireachán gníomhach a dhéanamh ar staid na gceart bunúsach féin i ndáil leis an dlí idirnáisiúnta agus le tacaíocht ó eagraíochtaí um chearta sibhialta. Thairis sin, ba cheart foireann thiomnaithe de chuid Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA), chomh maith le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) a bheith gníomhach ag na teorainneacha seachtracha chun maoirseacht a dhéanamh ar urramú na gceart bunúsach.

    4.2.   Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar aghaidh ar staideanna an ionstraimithe i réimse na himirce agus an tearmainn (COM(2021) 890 final) (26)

    4.2.1.

    I bhfianaise na géarchéime a bhí ann in áiteanna áirithe ag teorainn sheachtrach an Aontais in 2021 agus roimhe sin, is é is aidhm don togra seo nós imeachta sonrach éigeandála i ndáil le bainistiú tearmainn a chur ar bun, agus i gcás inár gá, tacaíocht agus bearta dlúthpháirtíochta a chur ar fáil chun teacht isteach na ndaoine a ndearna tríú tíortha ionstraimiú orthu a bhainistiú ar bhealach atá daonnúil, ordúil agus díniteach, agus lánurraim á tabhairt dá gcearta bunúsacha. Aithníonn CESE na himthosca sonracha a d’fhág go raibh ar an gCoimisiún gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh; mar sin féin, athdhearbhaíonn sé gur údar imní dó bearta tapa a thabhairt isteach agus a normalú maidir leis an gcaoi a gcaitear le daoine imirceacha leochaileacha gan dóthain ama agus spáis a bheith ann chun a gcearta a áirithiú (27).

    4.2.2.

    Thairis sin, aithnítear i rialacha athbhreithnithe Schengen an ról tábhachtach atá ag na Ballstáit ag na teorainneacha seachtracha, thar ceann na mBallstát uile agus thar ceann an Aontais ina iomláine, i gcásanna ina ndéantar imircigh a ionstraimiú chun críoch polaitiúil. Aithníonn CESE an ról sin, ach cuireann sé i bhfios go láidir nach féidir leis na Ballstáit cosaint theorainneacha an Aontais nó theorainneacha Schengen a chomhlíonadh ag na teorainneacha seachtracha amháin. Iarrann sé ar na Ballstáit tacú go réamhghníomhach leis an sásra dlúthpháirtíochta a mholtar, ach thar aon ní eile, freagracht chomhroinnte a ghlacadh orthu féin, mar a tugadh isteach leis an sásra dlúthpháirtíochta solúbtha sa Chomhshocrú Nua um Thearmann agus Imirce.

    4.2.3.

    Cé go n-aithníonn an Coiste gur gá treoir shonrach a chur ar fáil le haghaidh cásanna de chineál ar leith, ní mór a chur in iúl go láidir go bhfuil an sainmhíniú atá beartaithe ar “ionstraimiú” sách doiléir. Áitíonn an Coiste go ndéanfaí grinnscrúdú ar an gcur chuige sin d’fhonn mí-úsáid fhéideartha an choincheapa a sheachaint ó thaobh cur i bhfeidhm rófhada de. Thairis sin, meabhraítear dó go bhforáiltear treoirlínte agus bearta bunúsacha sna conarthaí maidir le tearmann agus cásanna géarchéime. Leagann CESE béim ar a phráinní atá sé cearta bunúsacha daoine a áirithiú agus, thar aon ní eile, prionsabal an non-refoulement a urramú i ngach uile chás.

    4.2.4.

    Cuireann CESE i bhfios go láidir go bhféadfadh sé a bheith deacair faireachán a dhéanamh ar sheachtrú cuasach an nóis imeachta tearmainn chuig teorainn sheachtrach an Aontais ar bhealach ad hoc,mar aon le cur chun feidhme a dhéanamh air, trí ghrinnscrúdú leordhóthanach agus cur chuige atá dírithe ar chearta bunúsacha, go háirithe i bhfianaise acmhainní scagtha réamhiontrála na mBallstát, a cáineadh cheana féin (28). Ní mór a áirithiú go mbeidh an acmhainn agus na suiteálacha is gá ag an mBallstát atá buailte chun an staid éigeandála a bhainistiú ar bhealach leordhóthanach. Dá bhrí sin, ba cheart tacaíocht ó Bhallstáit eile tríd an sásra dlúthpháirtíochta, ó ghníomhaireachtaí lárnacha AE, go háirithe EUAA, mar aon le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha amhail UNHCR, a thairiscint agus a ghlacadh ar bhealach réamhghníomhach seachas ar iarratas a fháil ón mBallstát lena mbaineann amháin.

    4.2.5.

    Tugann CESE dá aire go háirithe an ról dearfach ríthábhachtach atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chuireann cabhair dhaonnúil ar fáil d’imircigh a bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ag tríú tíortha orthu, lena n-áirítear maidir le bia, uisce, éadaí, cúram liachta leordhóthanach agus dídean shealadach a chur ar fáil, agus thairis sin, maidir le tacú le cearta na n-imirceach agus na n-iarrthóirí tearmainn agus faisnéis a chur ar fáil fúthu. Ba cheart a ráthú go mbeidh teacht i gcónaí ag na heagraíochtaí sin ar na himircigh agus na hiarrthóirí tearmainn sna limistéir theorann lena mbaineann. Ba cheart eagraíochtaí den sórt sin a bheith i dteideal tacaíocht airgeadais atá éifeachtach agus simplithe a fháil faoi chistiú Eorpach, amhail Cúnamh Éigeandála ón gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF).

    4.2.6.

    Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach gan an bonn a bhaint de phrionsabal an non-refoulement, ach cearta daoine agus rochtain ar thacaíocht dhlíthiúil a áirithiú, mar aon le nós imeachta cearta-bhunaithe arna chur chun feidhme ag pearsanra eolach agus cumasach faoi bhreathnóireacht UNHCR agus EUAA. Mar a luadh cheana, is cúis mhór imní don Choiste an aird atá á tabhairt ag an gCoimisiún ar an imirce neamhrialta agus ar fhilleadh deonach nó éigeantach, mar a thugtar air (29).

    4.2.7.

    Thairis sin, ba cheart a áirithiú go gcuirfear san áireamh cúiseanna malartacha maidir le cead isteach, amhail athaontú teaghlaigh.

    4.2.8.

    Tá imní ar leith ar CESE faoi chóiríocht na n-imirceach agus na n-iarrthóirí tearmainn le linn a bpróiseas clárúcháin. Ní mór a áirithiú go mbeidh na Ballstáit in ann freastal ar dhaoine ar an mbealach is cuí agus is dínití gan iad a choinneáil mar ghnáthchleachtas. Ba cheart srian ollmhór ar shaorghluaiseacht na ndaoine lena mbaineann a sheachaint. Ba cheart rochtain a cheadú don tsochaí shibhialta agus d’eagraíochtaí daonnúla chun faireachán a dhéanamh.

    An Bhruiséil, 18 Bealtaine 2022.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Christa SCHWENG


    (1)  IO L 212, 7.8.2001, lch. 12.

    (2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1).

    (3)  COM(2021) 277 final.

    (4)  COM(2021) 891 final.

    (5)  COM(2021) 890 final.

    (6)  COM(2021) 782 final.

    (7)  COM(2021) 784 final.

    (8)  COM(2021) 890 final.

    (9)  COM(2021) 891 final.

    (10)  Tuairim SOC/707 ó CESE (IO C 290, 29.7.2022, lch. 90).

    (11)  IO C 367, 10.10.2018, lch. 84.

    (12)  IO C 367, 10.10.2018, lch. 84, mír 4.3.

    (13)  IO L 210, 6.8.2008, lch. 1.

    (14)  IO L 210, 6.8.2008, lch. 12.

    (15)  IO C 105, 4.3.2022, lch. 108.

    (16)  IO C 105, 4.3.2022, lch. 108

    (17)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. An Straitéis Eorpach maidir le Sonraí (COM(2020) 66 final) (níl leagan Gaeilge ann), a glacadh an 18 Meán Fómhair 2020; agus Tuairim ó CESE (IO C 429, 11.12.2020, lch. 290).

    (18)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an intleacht shaorga sa dlí coiriúil agus a húsáid ag údaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha in ábhair choiriúla (2020/2016(INI)) (IO C 132, 24.3.2022, lch. 17)..

    (19)  IO L 119, 4.5.2016, lch. 89 agus IO L 194, 19.7.2016, lch. 1.

    (20)  IO C 341, 24.8.2021, lch. 66.

    (21)  A data “black hole”: Europol ordered to delete vast store of personal data, Fotiadis, Apostolis et al., “The Guardian”, 10 Eanáir 2022, https://www.theguardian.com/world/2022/jan/10/a-data-black-hole-europol-ordered-to-delete-vast-store-of-personal-data

    (22)  Teachtaireacht A strategy towards a fully functioning and resilient Schengen area [Straitéis i dtreo limistéar Schengen lánfheidhmiúil agus athléimneach] (COM(2021) 277 final) (Níl leagan Gaeilge ann)

    (23)  IO C 105, 4.3.2022, lch. 108.

    (24)  IO C 105, 4.3.2022, lch. 108.

    (25)  IO C 105, 4.3.2022, lch. 108.

    (26)  Chun tuilleadh eolais a fháil ar an ábhar seo, féach Tuairim REX/554 ó CESE (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (27)  IO C 123, 9.4.2021, lch. 15.

    (28)  IO C 123, 9.4.2021, lch. 15.

    (29)  IO C 517, 22.12.2021, lch. 86.


    Top