Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XC0810(01)

    Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún 2022/C 305/07

    PUB/2022/598

    IO C 305, 10.8.2022, p. 12–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    10.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 305/12


    Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

    (2022/C 305/07)

    Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1)

    TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH LENA MODHNAÍTEAR AN DOICIMÉID AONAIR

    “Vin Santo del Chianti Classico”

    PDO-IT-A1514-AM02

    Dáta teachtaireachta: 27.5.2022

    TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

    1.   Meascán cineálacha - liosta cineálacha

    Tuairisc: Liostaítear cineálacha Malvasia (Malvasia Bianca Lunga, Malvasia Bianca di Candia). Anuas ar Trebbiano Toscano, is iad 60 % den mheascán cineálacha.

    Cúiseanna: Rinneadh an leasú sin chun sonrú a thabhairt ar chineálacha fíonchaor Malvasia a cheadaítear sa mheascán cineálacha a úsáidtear chun an táirge a dhéanamh, i gcomhréir leis an liosta de na cineálacha fíonchaor a mheastar a bheith oiriúnach lena saothrú i Réigiún na Tuscáine.

    Baineann an leasú le hAirteagal 2 den tsonraíocht táirge agus le Roinn 7 [Príomhchineálacha fíonchaor] den doiciméad aonair.

    2.   Rialacha maidir le fíonsaothrú - suíomh na bhfíonghort

    Tuairisc: Baineadh an aidiacht “cnocach” den roinn ina dtugtar tuairisc ar shuíomh na bhfíonghort agus cuireadh an focal “nochtadh” in ionad an fhocail “treoíocht”.

    Cúiseanna: Is ag airde 150/200 m ar a laghad atá limistéar Chianti ina iomláine agus, dá bhrí sin, tá sé oiriúnach go nádúrtha chun fíonchaora a tháirgeadh atá beartaithe lena rísíniú. Is amhlaidh an cás freisin maidir leis na fíonghoirt atá lonnaithe i gcodanna níos ísle den chríoch, ós rud é go bhfuil a n-airde fós comhoiriúnach leis an gcineál táirgthe atá i gceist. Cúis eile leis an leasú sin is ea measúnuithe suibiachtúla a sheachaint ar chríoch atá cnocach ina hiomláine agus, dá bhrí sin, atá oiriúnach chun fíonta a tháirgeadh dá mbíonn próisis rísínithe ag teastáil.

    Baineann an leasú sin le hAirteagal 4.2 den tsonraíocht táirge ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

    3.   Cleachtais saothraithe –– uisciú éigeandála

    Tuairisc: Rinneadh foráil maidir le huisciú éigeandála féideartha.

    Cúiseanna: Tá dochar á dhéanamh don séasúr fáis fíniúnacha mar gheall ar thionchar an athraithe aeráide ar fud na críche le níos mó ná 10 mbliana anuas, le teochtaí a bhíonn ag dul in airde go síoraí agus báisteach íseal. Ráthaítear leis an gcleachtas saothraithe seo go mairfidh na fíonghoirt agus go gcaomhnófar cáilíocht na bhfíonchaor. Go deimhin, laghdaítear paraiméadair cháilíochta go suntasach maidir le fíonchaora a bhaintear ó fhíonghoirt a ndéantar dochar dóibh mar gheall ar bhrú uisce.

    Baineann an leasú sin le hAirteagal 4.5 den tsonraíocht táirge ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

    4.   Cleachtais saothraithe - tagairt do shórtáil chúramach na bhfíonchaor

    Tuairisc: I gcomhthéacs na teorann maidir le huastoradh fíonchaor in aghaidh an heicteáir, scriosadh an tagairt do “shórtáil chúramach na bhfíonchaor”.

    Cúiseanna: Scriosadh an tagairt don oibríocht sin toisc go bhfuil na paraiméadair toraidh leagtha síos sa tsonraíocht táirge cheana.

    Baineann an leasú sin le hAirteagal 4.6 den tsonraíocht táirge ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

    5.   Cleachtais saothraithe - tagairt do réamhshórtáil na bhfíonchaor

    Tuairisc: A mhéid a bhaineann leis an íosneart alcóil nádúrtha de réir toirte a fháil, scriosadh an tagairt do “réamhshórtáil na bhfíonchaor” a chur i bhfeidhm.

    Cúiseanna: Scriosadh an tagairt don oibríocht sin toisc go bhfuil na saintréithe táirgeachta agus cáilíochta teicniúla atá le comhlíonadh ag na fíniúnacha leagtha síos sa tsonraíocht táirge cheana.

    Baineann an leasú sin le hAirteagal 4.8 den tsonraíocht táirge ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

    6.   Tagairt do bhuidéalú laistigh den limistéar geografach críochaithe - coigeartú ar fhoirm an choinníll atá ann cheana

    Tuairisc: Áiríodh an tagairt do bhuidéalú nó pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe sa doiciméad aonair, ós rud é go bhfuil sí ceadaithe cheana ó aithníodh an sonrúchán agus go raibh sí á háireamh in Airteagal 5(1) den tsonraíocht táirge cheana, dá bhrí sin.

    Cúiseanna: Is coigeartú é seo ar an bhfoirm, toisc nár áiríodh an coinníoll sin sa doiciméad aonair mar gheall ar easnamh tráth a rinneadh í a tharraingt suas.

    Leis an nuashonrú seo, ní dhéantar an nasc dá dtagraítear in Airteagal 93(1)(a)(i) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 neamhbhailí agus baineann sé le Roinn 9 [Coinníollacha fíor-riachtanacha breise] den doiciméad aonair.

    7.   Toirmeasc ar chleachtas an tsaibhrithe

    Tuairisc: Áiríodh an toirmeasc ar shaibhriú.

    Cúiseanna: Ní úsáideann táirgeoirí Vin Santo del Chianti Classico an cleachtas sin; ní mór an t-íosmhéid siúcra a bhaint amach trí rísíniú nádúrtha. Is é is aidhm leis an gcinneadh/rogha maidir le toirmeasc a chur ar an gcleachtas saibhrithe, dá bhrí sin, a áirithiú go mbítear i gcónaí ag cur feabhas ar an gcáilíocht táirge, atá le baint amach trí bhainistiú cúramach a dhéanamh ar na fíonghoirt agus cloí le próiseas fíonóireachta nádúrtha.

    Baineann an leasú sin le hAirteagal 5.4 den tsonraíocht táirge agus le Roinn 5.1 [Cleachtais fíoneolaíochta shonracha] den doiciméad aonair.

    8.   Saintréithe orgánaileipteacha

    Tuairisc: Maidir le cineál “Vin Santo del Chianti Classico”, cuireadh na focail “go donn” leis an bparaiméadar datha “dath ómra domhain”; Maidir le cineál “Occhio di Pernice”, leasaíodh an dath “idir dath bándearg domhain agus bándearg éadrom” agus tugtar an tuairisc a leanas air: “idir dath órga rósach agus ómra go donn”;

    Cúiseanna: Tá sé beartaithe leis na leasuithe sin dathanna níos doimhne a chur in iúl leis an tuairisc, ós rud é go mbíonn saothraithe fíona i limistéar Chianti, ina mbaineann tábhacht ar leith le fíonghoirt Sangiovese agus fíonchaor dearg, ag díriú níos mó ná riamh ar an gcineál fíonchaor sin, rud a mbíonn tionchar aige ar dhath fhíon Vin Santo.

    Tuairisc: Maidir leis an dá chineál, ó thaobh an bhlais de, luadh na paraiméadair “idir tirim agus milis”.

    Cúiseanna: Is é is cuspóir leis an leasú sin an raon blais a leathnú i gcomhréir leis na sonraí anailíseacha maidir leis na táirgí. Sainaithnítear fíon Vin Santo níos mó ná riamh mar fhíon milis agus, dá bhrí sin, is fearr blas milis a bheith air. Maidir le cineál Occhio di Pernice, is táirge Tuscánach tipiciúil é sin a úsáidtear go háirithe agus gnáth-oidis feola agus géim á n-ullmhú, a mbíonn táirge ina bhfuil méid íseal siúcra (i.e. tirim) ag teastáil ina leith.

    Baineann an leasú sin le hAirteagal 6 den tsonraíocht agus Roinn 4 den doiciméad aonair.

    9.   Saintréithe ceimi-fhisiceacha

    Tuairisc: Maidir leis an dá chineál, laghdaíodh an t-íosneart alcóil iomlán de réir toirte, maidir le luach an “nirt alcóil iarbhír”, ó 12,00 % go 10,50 % de réir toirte.

    Cúiseanna: Tá an leasú sin i gcomhréir leis an gcinneadh maidir leis an táirge a dhéanamh níos milse, rud a mhéadódh an leibhéal siúcra iarmharaigh, dá réir sin.

    Tuairisc: Maidir le “Vin Santo del Chianti Classico”, méadaíodh an aigéadacht iomlán íosta ó 4,0 g/l go 4,5 g/l.

    Cúiseanna: Úsáidtear cineálacha fíonchaor dearg sa mheascán cineálacha, go háirithe Sangiovese, a mbíonn sé de nós aige go háirithe aigéadacht na bhfíonta ina n-úsáidtear é a mhéadú. Tá na leasuithe sin go hiomlán i gcomhréir le treochtaí margaidh freisin.

    Baineann na leasuithe sin le hAirteagal 6 den tsonraíocht agus le Roinn 4 den doiciméad aonair.

    10.   Coigeartuithe ar an bhfoirm

    Tuairisc: Luaitear na cineálacha fíonchaor atá ionadaíoch ar an gcríoch: Trebbiano Toscano, Malvasia Bianca Lunga, Malvasia Bianca di Candia, Sangiovese agus Canaiolo (geal agus dubh), agus rinneadh roinnt tagairtí d’fhíonta.

    Cúiseanna: Rinneadh oiriúnú ar an téacs i bhfianaise na leasuithe a bhaineann leis na cineálacha fíonchaor atá liostaithe sa mheascán cineálacha cheana agus saintréithe ceimi-fhisiceacha agus orgánaileipteacha na dtáirgí.

    Baineann an coigeartú seo ar an bhfoirm le hAirteagal 8 den tsonraíocht táirge ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

    11.   An raon teochtaí - athrú ar an aidiacht

    Tuairisc: A mhéid a bhaineann leis an áitreabh ina ndéantar rísíniú ar na fíonchaora, maidir leis an ngá le raon teochtaí “maith” (seachas raon teochtaí “suntasach”) agus leis an timpeallacht a bheith dea-aeráilte, meastar é a bheith leordhóthanach na nithe sin a lua.

    Cúiseanna: Meastar go bhfuil an sainmhíniú sin níos cruinne agus níos ábhartha i leith an phróisis rísínithe.

    Baineann an leasú sin le hAirteagal 8 den tsonraíocht táirge ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

    DOICIMÉAD AONAIR

    1.   Ainm an táirge

    Vin Santo del Chianti Classico

    2.   Cineál an táisc gheografaigh

    STFC – Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

    3.   Catagóirí táirgí fíniúna

    1.

    Fíon

    4.   Tuairisc ar an bhFíon nó ar na fíonta

    1.   Vin Santo del Chianti Classico

    Tuairisc théacsúil ghairid

    Dath: idir dath buí amhail tuí agus buí órga, agus ómra domhain agus donn;

    Boladh: boladh d’éitir, domhain, suaithinseach;

    Blas: comhchuibheach, veilbhitiúil, dea-struchtúrtha, idir tirim agus milis;

    Íosneart alcóil iomlán de réir toirte: 16.00 %, le neart iarbhír alcóil 10.5 % ar a laghad;

    Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 23.0 g/l.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

    4.5 gram in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar aigéad tartarach

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

    30

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    2.   Vin Santo del Chianti Classico Occhio di Pernice

    TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

    Dath: idir dath órga rósach agus ómra agus donn;

    Boladh: boladh d’éitir, domhain;

    Blas: bog, veilbhitiúil agus lán, idir tirim agus milis;

    Íosneart alcóil iomlán de réir toirte: 16.00 %, le neart iarbhír alcóil 10.5 % ar a laghad;

    Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 26.0 g/l.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

    4.5 gram in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar aigéad tartarach

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

    30

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    5.   Cleachtais fíonóireachta

    5.1.   Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

    1.   STFC Vin Santo del Chianti Classico, lena n-áirítear leis an tásc Occhio di Pernice

    Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

    Is mar a leanas atá an modh fíonóireachta traidisiúnta:

    tar éis réamhshórtáil chúramach a dhéanamh orthu, ní mór na fíonchaora a chur faoi phróiseas rísínithe nádúrtha; ní mór rísíniú a dhéanamh ar na fíonchaora in áitreabh oiriúnach; ceadaítear díhiodráitiú páirteach le haer aeráilte agus ní mór méid siúcra suntasach a bheith sna fíonchaora sula mbrúitear iad; ní cheadaítear aon chleachtas saibhrithe. Fíonóireacht, leasú agus aosú Vin Santo del Chianti Classico, ní mór dóibh tarlú i gcoimeádáin adhmaid (a dtugtar “caratelli” orthu).

    5.2.   Uastáirgeacht

    1.

    STFC Vin Santo del Chianti Classico, lena n-áirítear leis an tásc Occhio di Pernice

     

    8 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

    2.

    STFC Vin Santo del Chianti Classico, lena n-áirítear leis an tásc Occhio di Pernice

     

    28 heictilítear in aghaidh an heicteáir

    6.   Limistéar geografach críochaithe

    Tá an limistéar ina dtáirgtear STFC “Vin Santo del Chianti Classico” comhdhéanta de 71 800 heicteár i lár Réigiún na Tuscáine, lena n-áirítear cuid de chríoch chúigí Fhlórans (30 400 heicteár) agus Siena (41 400 heicteár). Go sonrach, áirítear bardais Greve in Chianti, Castellina in Chianti, Radda in Chianti agus Gaiole in Chianti sa limistéar sin. Áirítear bardais San Casciano in Val di Pesa, Barberino Tavarnelle, Castelnuovo Berardenga agus Poggibonsi go pointe áirithe.

    7.   Cineálacha fíonchaoire

    Malvasia Bianca Lunga B. - Malvasia

    Malvasia Bianca di Candia B. - Malvasia

    Sangiovese N. - Sangioveto

    Trebbiano Toscano B. - Trebbiano

    8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

    STFC Chianti Classico, lena n-áirítear leis an tásc Occhio di Pernice

    Tá fíon Vin Santo ina ghné thábhachtach i limistéar Chianti Classico ó na Meánaoiseanna ar aghaidh. Cuireadh tús leis chomh fada siar le 1400. Is ceird ar leith é Vin Santo a tháirgeadh agus is gá taithí a bheith air. Is é an chéad chéim sa phróiseas na fíonchaora is oiriúnaí a bhaint, amhail Trebbiano Toscano, Malvasia Bianca Lunga, Malvasia Bianca di Candia, Sangiovese agus Canaiolo (geal agus dubh), a threoraítear trí úsáid a bhaint as teicnící traidisiúnta sa limistéar (“áirse Thuscánach”). Is nádúrtha an próiseas rísínithe mar thoradh ar an raon teochtaí sa limistéar. Tá amanna coipthe, aistrithe agus modhanna aosaithe nasctha le taithí na saothróirí fíona áitiúla. Le linn na fíonóireachta, úsáidtear an gnáthmhodh áitiúil “madre” [máthair]. Is éard atá i gceist leis sin síolú le giostaí a roghnaíonn gnóthais aonair le himeacht ama.

    9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

    Vin Santo del Chianti Classico - buidéalú

    Creat dlíthiúil:

    Reachtaíocht an Aontais

    An cineál coinníll bhreise:

    Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe

    Tuairisc ar an gcoinníoll:

    Ní mór oibríochtaí fíonóireachta, leasaithe, aosaithe agus buidéalaithe a dhéanamh laistigh de limistéar Vin Santo del Chianti Classico dá dtagraítear in Airteagal 3 den tsonraíocht táirge.

    I gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta agus reachtaíocht an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair, ní mór buidéalú nó pacáistiú a dhéanamh laistigh den limistéar geografach críochaithe chun cáilíocht agus cáil fhíon Vin Santo del Chianti Classico a chosaint agus chun éifeachtacht na seiceálacha ábhartha a ráthú.

    Vin Santo del Chianti Classico - fíonóireacht

    Creat dlíthiúil:

    Reachtaíocht an Aontais

    An cineál coinníll bhreise:

    Maolú ar tháirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

    Tuairisc ar an gcoinníoll:

    Faoi réir údarú ón Aireacht um Bheartas Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta agus i ndiaidh breithmheasa ó Réigiún na Tuscáine, ceadaítear oibríochtaí fíonóireachta, leasaithe, aosaithe agus buidéalaithe ag fíonlanna atá lonnaithe lasmuigh den limistéar geografach críochaithe, ach nach bhfuil níos faide ná 10 km óna theorainn. Is iad na coinníollacha nach mór go raibh na fíonlanna ann cheana féin tráth a tháinig an tsonraíocht táirge i bhfeidhm agus nach mór iad a bheith faoi úinéireacht gnóthas a tháirgeann fíonchaora go haonarach nó i dteannta a chéile atá oiriúnach chun “Vin Santo del Chianti Classico” a tháirgeadh agus a bhaintear ó fhíonghoirt atá faoi úinéireacht nó faoi bhainistiú na ngnóthas sin.

    Nasc chuig an tSonraíocht táirge

    https://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/18197


    (1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


    Top