This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0356
Case T-356/22: Action brought on 16 June 2022 — LG Chem v Commission
Cás T-356/22: Caingean arna tabhairt an 16 Meitheamh 2022 – LG Chem v an Coimisiún
Cás T-356/22: Caingean arna tabhairt an 16 Meitheamh 2022 – LG Chem v an Coimisiún
IO C 294, 1.8.2022, p. 41–41
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
1.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 294/41 |
Caingean arna tabhairt an 16 Meitheamh 2022 – LG Chem v an Coimisiún
(Cás T-356/22)
(2022/C 294/57)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: LG Chem, Ltd. (Seoul, an Chóiré Theas) (ionadaithe: P. Vander Schueren agus T. Martin-Brieu, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
An caingean a dhearbhú mar inghlactha: |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/547 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí polaiméirí sár-ionsúiteacha de thionscnamh Phoblacht na Cóiré (1) (“an Rialachán a chonspóidtear”) a neamhniú, a mhéid a bhaineann leis an iarratasóir; |
— |
A ordú don chosantóir na costais a thabhaigh an t-iarratasóir i ndáil leis na himeachtaí seo a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre saincheisteanna dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an cosantóir earráidí follasacha measúnaithe, gur sháraigh sé Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint in aghaidh allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (2) (“an bun-Rialachán”), agus gur sháraigh sé cearta cosanta an iarratasóra le linn anailís a dhéanamh ar éifeacht praghais ar allmhairí ón gCóiré. |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an cosantóir earráidí follasacha measúnaithe, gur sháraigh sé Airteagail 3(2), 3(5), 3(6) agus 3(7) den bhun-Rialachán agus gur mhainnigh sé cúiseanna a chur in iúl trí anailís a dhéanamh ar chás díobhála tháirgeoirí an Aontais ar bhealach claonta agus tríd an díobháil líomhnaithe a chur i leith allmhairí ón gCóiré, seachas fachtóirí aitheanta eile. |
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an cosantóir earráidí follasacha measúnaithe, gur sháraigh sé Airteagail 3(3) agus 9(4) den bhun-Rialachán chomh maith le cearta cosanta an iarratasóra tríd an gcorrlach díobhála a chinneadh bunaithe ar uimhir rialaithe táirge simplithe, trí mhainneachtain achoimrí leordhóthanacha neamhrúnda a sholáthar ar ríomhanna an chorrlaigh díobhála agus trí mhainneachtain fachtóirí aitheanta díobhála eile a chur in iúl ina chinneadh maidir leis an gcorrlach díobhála. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an cosantóir cearta cosanta an iarratasóra agus an ceart chun dea-riaracháin le linn an imscrúdaithe. |