EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0354

Cás T-354/22: Caingean arna tabhairt an 9 Meitheamh 2022 – Bindl v an Coimisiún

IO C 294, 1.8.2022, p. 39–41 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

1.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 294/39


Caingean arna tabhairt an 9 Meitheamh 2022 – Bindl v an Coimisiún

(Cás T-354/22)

(2022/C 294/56)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Thomas Bindl (München, an Ghearmáin) (ionadaí: T. Herbrich, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an tarchur de shonraí pearsanta an iarratasóra a thionscain an cosantóir, de shárú ar Chaibidil V de Rialachán (AE) 2018/1725, chuig faighteoirí atá bunaithe i dtríú Stáit nach bhfuil leibhéal cosanta leormhaith ann, tráth a bhreathnaigh sé ar an suíomh Gréasáin “https://futureu.europa.eu” an 20 Márta 2022 agus an 8 Meitheamh 2022, agus le linn dó clárú don ócáid “GoGreen” an 30 Márta 2022, neamhbhailí;

a dhearbhú gur mhainnigh an cosantóir, go neamhdhleathach, freagairt ar iarraidh an iarratasóra an 1 Aibreán 2022 ar rochtain maidir lena shonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag an gcosantóir agus i dtaca leis na bearta cosanta leordhóthanacha de bhun Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2018/1725 i ndáil le tarchur na sonraí chuig faighteoirí atá bunaithe i dtríú Stáit;

a ordú don chosantóir damáiste ar luach EUR 1 200,00a chúiteamh, móide ús ar dhá phointe céatadáin os cionn an ráta úis arna shocrú ag an mBanc Ceannais Eorpach dá phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, ó lá fhógartha an bhreithiúnais, a bhain don iarratasóir mar gheall ar chur i bhfeidhm mícheart Rialachán (AE) 2018/1725;

a ordu don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí: cur i bhfeidhm mícheart na chéad abairte d’Airteagal 46 agus Airteagal 48(1) agus (2)(b) de Rialachán (AE) 2018/1725 (1)

Rinne an cosantóir sonraí pearsanta an iarratasóra a tharchur chuig faighteoirí atá bunaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá le linn dó a bheith ag breathnú ar an suíomh Gréasáin “https://futureu.europa.eu”. Is tríú Stát é Stáit Aontaithe Mheiriceá nach bhfuil cinneadh leordhóthanachta glactha ag an gCoimisiún ina leith.

In éagmais bearta cosanta breise teicniúla agus eagraíochtúla, ní ráthaíocht chuí go dtabharfar cosaint leordhóthanach i Stáit Aontaithe Mheiriceá é sonraí pearsanta an iarratasóra a tharchur chuig faighteoirí atá bunaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá ar bhonn clásail chonarthacha ghinearálta i gcomhréir le hAirteagal 48(2)(b) de Rialachán (AE) 2018/1725.

2.

An dara saincheist dlí: sárú ar chearta bunúsacha an iarratasóra de bhun Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha (an Chairt)

Níl na srianta ar chearta bunúsacha an iarratasóra de bhun Airteagail 7 agus 8 den Chairt atá ann de bharr gur féidir le húdaráis na Stát Aontaithe, de bhun dhlí na Stát Aontaithe, na sonraí a tarchuireadh ón Aontas Eorpach chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá a rochtain agus a úsáid, rialaithe ar bhealach atá ag teacht le riachtanais a bheadh coibhéiseach leis na riachtanais faoi dhlí an Aontais de réir an dara habairt d’Airteagal 52(1) den Chairt.

Ní thugtar le 50 U.S. Code § 1881a (Section 7022 FISA) ná le Executive Order 12333 na féidearthachtaí ná na cearta do shaoránaigh an Aontais chun iad féin a chosaint i gcoinne rochtain ar a sonraí pearsanta ná na cearta a eascraíonn ó Rialachán (AE) 2018/1725 a fheidhmiú go héifeachtach.

Is coinníoll é an ceart rochtana atá ag an iarratasóir de bhun Airteagal 17(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2018/1725 chun cearta bunúsacha an iarratasóra de bhun Airteagail 7 agus 8(1) den Chairt a fheidhmiú. De bharr gur mhainnigh ar an gcosantóir ó thaobh na hiarrata ar rochtain, baineann sé an fhéidearthacht den iarratasóir a chearta bunúsacha cosanta a fheidhmiú. Níl údar cuí leis an sárú ar na cearta bunúsacha de bhun Airteagail 7 agus 8(1) den Chairt a bhaineann le mainneachtain an chosantóra.

3.

An tríú saincheist dlí: sárú ar chearta bunúsacha an iarratasóra de bhun Airteagal 47 den Chairt

Ní fhoráiltear le dlí Stát Aontaithe Mheiriceá d’aon fhéidearthacht le haghaidh cosaint bhreithiúnach i gcoinne údaráis slándála agus sheirbhísí faisnéise na Stát Aontaithe teacht ar shonraí pearsanta shaoránaigh an Aontais.

Maidir le cláir faireacháin údaráis slándála agus sheirbhísí faisnéise na Stát Aontaithe – mar shampla, PRISM agus UPSTREAM – atá bunaithe ar 50 U.S. Code § 1881a (Section 702 FISA) agus ar Executive Order 12333 araon, ní thugtar do na hábhair sonraí le Presidential Policy Directive 28 ná Executive Order 12333 cearta a d’fhéadfadh siad a fheidhmiú os comhair na gcúirteanna i dtaca le húdaráis na Stát Aontaithe.

4.

An ceathrú saincheist dlí: cur i bhfeidhm mícheart Airteagal 17(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Airteagal 14(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2018/1725

Mhainnigh an cosantóir go neamhdhleathach a chur ar fáil don iarratasóir, i ndiaidh a iarrata ar rochtain an 1 Aibreán 2022, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe na bearta cosanta de bhun Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2018/1725, laistigh de theorainn ama míosa de bhun na chéad abairte d’Airteagal 14(3) de Rialachán 2018/1725.

Mhainnigh an cosantóir go neamhdhleathach, de bhun an dara habairt d’Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2018/1725, na cúiseanna a chur in iúl maidir le haon fhadú ar an tréimhse chun an fhaisnéis a chur in iúl don iarratasóir, nó, de bhun Airteagal 14(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2018/1725, na cúiseanna maidir le diúltú don iarraidh ar rochtain agus na leigheasanna dlí breithiúnacha agus seachbhreithiúnacha a chur in iúl dó laistigh d’aon mhí tar éis an iarraidh ar rochtain a thaisceadh.

5.

An cúigiú saincheist dlí: damáiste neamhábhartha a dhéanamh

De bharr gur diúltaíodh d’iarraidh an iarratasóra ar rochtain agus gur tarchuireadh a shonraí pearsanta ar bhealach neamhrialaithe chuig faighteoirí atá bunaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i ngeall ar an gcontúirt lena mbaineann i dtaca le faireachán neamhdhleathach ar mhalartuithe ar an idirlíon, bhain damáiste neamhábhartha EUR 1 200 don iarratasóir.


(1)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO 2018 L 295, lch. 39)


Top