EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0347

Cás T-347/22: Caingean arna tabhairt an 9 Meitheamh 2022 – Rauch Furnace Technology v EUIPO – Musto et Bureau (Breogán um leá)

IO C 294, 1.8.2022, p. 35–35 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

1.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 294/35


Caingean arna tabhairt an 9 Meitheamh 2022 – Rauch Furnace Technology v EUIPO – Musto et Bureau (Breogán um leá)

(Cás T-347/22)

(2022/C 294/50)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Rauch Furnace Technology GmbH (Gmunden, an Ostair) (ionadaí: M. Traxler, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Musto et Bureau Srl (Osteria Grande, an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an dearaidh atá faoi cheist: Iarratasóir

Dearadh atá faoi cheist: Dearadh Comhphobail Uimh. 7 737 143-0001 (Breogán um leá)

Imeachtaí os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

An cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón tríú Bord Achomhairc de EUIPO an 29 Márta 2022 i gCás R 1697/2021-3

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

An cinneadh faoi chonspóid a chur ar neamhní, mar aon leis an Dearbhú Neamhbhailíochta maidir le Dearadh Comhphobail Uimh. 7 737 143-0001;

A ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí

Sárú ar cheanglais fhíor-riachtanacha nós imeachta;

Sárú ar Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle.


Top