EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0255

Cás T-255/22: Caingean arna tabhairt an 11 Bealtaine 2022 – Cham Wings Airlines v an Chomhairle

IO C 294, 1.8.2022, p. 32–33 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

1.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 294/32


Caingean arna tabhairt an 11 Bealtaine 2022 – Cham Wings Airlines v an Chomhairle

(Cás T-255/22)

(2022/C 294/47)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Cham Wings Airlines LLC (an Damaisc, an tSiria) (ionadaí: L. Cloquet, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/307 ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (1), a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, a chur ar neamhní;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/300 ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (2), a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, a chur ar neamhní; agus

a ordú don Chomhairle costais uile na n-imeachtaí, lena n-áirítear iad siúd a thabhaigh an t-iarratasóir, a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach i measúnú na bhfíoras ag an gcosantóir sa mhéid is go raibh sí den tuairim go rannchuidíonn an t-iarratasóir le gníomhaíochtaí de chuid réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais, cé gur léir go bhfuil an tuairim sin gan bhunús.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal ginearálta na comhréireachta, sa mhéid is go bhfuil iarmhairtí eacnamaíocha na mbeart sriantach arna ndéanamh i gcoinne an iarratasóra tubaisteach agus díréireach i gcomparáid leis na críocha a bhfuil sé i gceist leis na gníomhartha a chonspóidtear a bhaint amach, rud a dteipeann orthu a dhéanamh.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a thabhairt, a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 296 CFAE, sa mhéid is gur foirmiúlacht amháin atá sa réasúnaíocht a thugtar maidir leis na gníomhartha a chonspóidtear.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart cosanta agus ar an gceart chun trialach córa sa mhéid nach raibh an t-iarratasóir in ann éisteacht a fháil sular forchuireadh na bearta sriantacha a chonspóidtear, agus sa mhéid nach raibh sé in ann a cheart cosanta a fheidhmiú i gceart, lena n-áirítear a cheart chun trialach córa, a ráthaítear go háirithe le hAirteagal 6(3) den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus le hAirteagal 48(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha. Dá ndéanfaí an réamhéisteacht sin go tráthúil, bheadh an t-iarratasóir in ann an Chomhairle a chur ar an eolas faoina theachtaireacht an 13 Samhain 2021 chuig Coimisiún AE agus faoi dhúnadh a ghníomhaíochtaí i Minsc.


(1)  IO 2022 L 46, lch. 97.

(2)  IO 2022 L 46, lch. 3.


Top