This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0088
Case T-88/22: Action brought on 18 February 2022 — Arhs developments v Commission
Cás T-88/22: Caingean arna tabhairt an 18 Feabhra 2022 – Arhs developments v an Coimisiún
Cás T-88/22: Caingean arna tabhairt an 18 Feabhra 2022 – Arhs developments v an Coimisiún
IO C 294, 1.8.2022, p. 31–32
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
1.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 294/31 |
Caingean arna tabhairt an 18 Feabhra 2022 – Arhs developments v an Coimisiún
(Cás T-88/22)
(2022/C 294/46)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Arhs developments SA (Belvaux, Lucsamburg) (ionadaithe: P. Teerlinck, M. Gherghinaru agus L. Panepinto, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh ARES (2022) 1027365 an 11 Feabhra 2022, lenar chinn an Coimisiún nár éirigh le tairiscint an iarratasóra sa nós imeachta Soláthair DIMOS V – Luchtóg 2 (BUDG. Ref: BUDG19/PO/04, COM. Ref: BUDG/2020/OP/0001) a chur ar neamhní; |
— |
a ordú don Choimisiún EUR 6 945 492,50 a íoc leis an iarratasóir, arna mhéadú le hús cúiteach ón dáta a glacadh an cinneadh a chonspóidtear go dtí dáta bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta ina mbeidh an measúnú breithiúnach ar méid an damáiste, agus ansin le hús mainneachtana ó dháta an bhreithiúnais lena mbunaítear an oibleagáid an damáiste a shlánú, go dtí go ndéanfar íocaíocht iomlán; |
— |
a ordú don Choimisiún a chostais féin chomh maith le costais an iarratasóra a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin lena n-éilítear sárú ar Airteagal 167(2) den Rialachán Airgeadais, (1) ar phrionsabail na trédhearcachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe atá leagtha síos in Airteagal 160(1) de, ar phointí 18.2 agus 20 d’Iarscríbhinn I (Soláthar) a ghabhann leis, agus ar an oibleagáid cúiseanna a thabhairt.
— |
Áitíonn an t-iarratasóir gur glacadh Cinneadh ARES (2022) 1027365 an 11 Feabhra 2022, de shárú ar Airteagal 167(2) den Rialachán Airgeadais, ar phrionsabail na trédhearcachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe a leagtar síos in Airteagal 160(1) den Rialachán Airgeadais agus ar phointí 18.2 agus 20 d’Iarscríbhinn I (Soláthar) a ghabhann leis an Rialachán Airgeadais, ós rud é gur úsáid an Coimisiún an comhaontú ar leibhéal seirbhíse (SLA) mar chritéar roghnúcháin, cé nach féidir leis na ceanglais dá bhforáiltear sa doiciméad sin a bheith mar chritéar roghnúcháin in imthosca ar bith. Tagraíonn SLAanna, de réir sainmhínithe, do cháilíocht na seirbhíse atá le déanamh agus ní do chumas na dtairgeoirí an tseirbhís a dhéanamh. Sa mhéid gur bhain an Coimisiún úsáid earráideach as an SLA mar chritéar roghnúcháin, tá an nós imeachta dámhachtana ar fad mídhleathach. |
— |
Ina theannta sin, áitítear gur sháraigh an Coimisiún na forálacha thuasluaite agus an oibleagáid cúiseanna a thabhairt, ós rud é go bhfuil na cúiseanna a thug sé maidir le cáilíocht an SLA mar chritéar roghnúcháin earráideach agus nach leor iad. |
— |
Dá bhrí sin, tá dhá chuid sa saincheist dlí seo:
Mar thaca leis an gcaingean le haghaidh damáistí, áitíonn an t-iarratasóir go ndearna mídhleathacht an chinnidh a chonspóidtear dochar dó, arb é atá ann: |
— |
An deis a chailleadh chun conradh a fháil chun seirbhísí lena mbaineann Luchtóg 2 de DIMOS V a sholáthar; |
— |
Na costais agus na caiteachais a bhaineann le rannpháirtíocht sa nós imeachta tairisceana. |
(1) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO 2018 L 193, lch. 1).