Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0355

    Cás T-355/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Meitheamh 2022 – Polo Club Düsseldorf v EUIPO – Company Bridge and Life (POLO CLUB DÜSSELDORF EST. 1976) [Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh POLO CLUB DÜSSELDORF EST. 1976 – Marc fíortha náisiúnta níos luaithe POLO CLUB – Foras coibhneasta le diúltú – Riosca mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001]

    IO C 294, 1.8.2022, p. 29–29 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    1.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 294/29


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Meitheamh 2022 – Polo Club Düsseldorf v EUIPO – Company Bridge and Life (POLO CLUB DÜSSELDORF EST. 1976)

    (Cás T-355/21) (1)

    (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh POLO CLUB DÜSSELDORF EST. 1976 - Marc fíortha náisiúnta níos luaithe POLO CLUB - Foras coibhneasta le diúltú - Riosca mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

    (2022/C 294/42)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Polo Club Düsseldorf GmbH & Co. KG (Düsseldorf, an Ghearmáin) (ionadaí: C. Weil, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: T. Frydendahl agus J. Crespo Carrillo, i gcáil Gníomhairí)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Company Bridge and Life, SL (Elche, an Spáinn) (ionadaithe: J. Gracia Albero agus D. Gómez Sánchez, Dlíodóirí)

    Ábhar

    Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, go bunúsach, go neamhneofaí agus go n-athrófaí an cinneadh ón gcéad Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 26 Aibreán 2021 (Cás R 1667/2020-1).

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don chaingean.

    2)

    Ordaítear do Polo Club Düsseldorf GmbH & Co. KG na costais a íoc, lena n-áirítear na costais riachtanacha arna dtabhú ag Company Bridge and Life, SL chun críocha na n-imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO).


    (1)  IO C 329, 16.8.2021.


    Top