Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0338

    Cás T-338/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Meitheamh 2022 – F I S I v EUIPO – Verband der Deutschen Daunen- und Federnindustrie (ECODOWN) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí maidir le neamhbhailíocht – Focalmharc an Aontais Eorpaigh “ECODOWN” – Dearbhfhorais le diúltú – Easpa saincháilíochta – Cineál tuairisciúil – Airteagal 7(1) (b) agus (c) de Rialachán (CE) Uimh. 40/94 (Airteagal 7(1) (b) agus (c) de Rialachán 2017/1001 anois) – Easpa saincháilíochta trína úsáid – Airteagal 7(3) de Rialachán Uimh. 40/94 (Airteagal 7(3) de Rialachán 2017/1001) anois)

    IO C 294, 1.8.2022, p. 28–29 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    1.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 294/28


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Meitheamh 2022 – F I S I v EUIPO – Verband der Deutschen Daunen- und Federnindustrie (ECODOWN)

    (Cás T-338/21) (1)

    (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí maidir le neamhbhailíocht - Focalmharc an Aontais Eorpaigh “ECODOWN” - Dearbhfhorais le diúltú - Easpa saincháilíochta - Cineál tuairisciúil - Airteagal 7(1) (b) agus (c) de Rialachán (CE) Uimh. 40/94 (Airteagal 7(1) (b) agus (c) de Rialachán 2017/1001 anois) - Easpa saincháilíochta trína úsáid - Airteagal 7(3) de Rialachán Uimh. 40/94 (Airteagal 7(3) de Rialachán 2017/1001) anois)

    (2022/C 294/41)

    Teanga an cháis: an Iodáilis

    Páirtithe

    Iarratasóir: F I S I Fibre sintetiche SpA (Oggiono, an Iodáil) (ionadaithe: G. Cartella agus B. Cartella, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: R. Raponi agus J. Crespo Carrillo, i gcáil Gníomhairí)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Verband der Deutschen Daunen- und Federnindustrie eV (Mayence, an Ghearmáin) (ionadaithe: M. Travostino agus N. Bottero, Dlíodóirí)

    Maidir le:

    Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 13 Aibreán 2021 (Cás 216/2020-1), a neamhniú nó a athrú.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don chaingean.

    2)

    Ordaítear do F I S I Fibre sintetiche SpA a chostais féin a íoc.


    (1)  IO C 320 9.8.2021.


    Top