Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0293

    Cás T-293/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Meitheamh 2022 – Muschaweck v EUIPO – Conze (UM) [Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí maidir le cúlghairm – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh UM – Fíorúsáid an mhairc – Úsáid san fhoirm inar cláraíodh an marc – Airteagal 51(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 207/2009 [Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois] – Léiriú ar dhílseánach an trádmhairc – Cruthúnas úsáide curtha isteach laistigh den teorainn ama]

    IO C 294, 1.8.2022, p. 28–28 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    1.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 294/28


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Meitheamh 2022 – Muschaweck v EUIPO – Conze (UM)

    (Cás T-293/21) (1)

    (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí maidir le cúlghairm - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh UM - Fíorúsáid an mhairc - Úsáid san fhoirm inar cláraíodh an marc - Airteagal 51(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 207/2009 [Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois] - Léiriú ar dhílseánach an trádmhairc - Cruthúnas úsáide curtha isteach laistigh den teorainn ama)

    (2022/C 294/40)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Ulrike Muschaweck (München, an Ghearmáin) (ionadaí: C. Konle, Dlíodóir)

    Coasantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Walicka, i gcáil Gníomhaire)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Joachim Conze (München) (ionadaí: H. Bolte, Dlíodóir)

    Ábhar

    Caingean arna tabhairt i gcoinne an chinnidh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 15 mars 2021 (Cás R 2260/2019-2), maidir le himeachtaí cúlghairme idir U. Muschaweck agus J. Conze.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don chaingean.

    2)

    Ordaítear do Ulrike Muschaweck na costais a íoc.


    (1)  IO C 278, 12.7.2021.


    Top