Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0738

    Cás T-738/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Meitheamh 2022 – Deutschtec v EUIPO – Group A (HOLUX) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarraidh ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “HOLUX” – Clárú idirnáisiúnta níos luaithe an fhocalmhairc “HOLUX” – Forais coibhneasta maidir le diúltú – Riosca mearbhaill – Airteagal 8(1)(a) agus (b), de Rialachán (AE) 2017/1001)

    IO C 294, 1.8.2022, p. 26–26 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    1.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 294/26


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Meitheamh 2022 – Deutschtec v EUIPO – Group A (HOLUX)

    (Cás T-738/20) (1)

    (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarraidh ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “HOLUX” - Clárú idirnáisiúnta níos luaithe an fhocalmhairc “HOLUX” - Forais coibhneasta maidir le diúltú - Riosca mearbhaill - Airteagal 8(1)(a) agus (b), de Rialachán (AE) 2017/1001)

    (2022/C 294/37)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Deutschtec GmbH (Petershagen/Eggersdorf, an Ghearmáin) (ionadaí: R. Arnade, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: R. Raponi agus J. Ivanauskas, i gcáil Gníomhairí)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Group A NV (Hasselt, an Bheilg)

    Maidir le:

    Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 7 Deireadh Fómhar 2020 Cás R 223/2020-4 a neamhniú.

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Diúltaítear don chaingean.

    2.

    Ordaítear do Deutschtec GmbH na costais a íoc.


    (1)  IO C 53, 15 Feabhra 2021.


    Top