Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62017TA0628

    Cás T-628/17: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Meitheamh 2022 – Aeris Invest v an Coimisiún agus an Bord Réitigh Aonair (BRA) (Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – Aontas baincéireachta – Sásra Réitigh Aonair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe (SRA) – Nós imeachta réitigh is infheidhme i gcás go bhfuil ag cliseadh ar eintiteas nó gur dócha go gclisfidh air – Scéim réitigh i leith Banco Popular Español arna ghlacadh ag BRA – Tarmligean na cumhachta – Ceart chun éisteacht a fháil – Ceart chun maoine – Oibleagáid cúiseanna a thabhairt – Airteagail 14, 18 agus 20 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014)

    IO C 294, 1.8.2022, p. 19–20 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    1.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 294/19


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Meitheamh 2022 – Aeris Invest v an Coimisiún agus an Bord Réitigh Aonair (BRA)

    (Cás T-628/17) (1)

    (Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta - Aontas baincéireachta - Sásra Réitigh Aonair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe (SRA) - Nós imeachta réitigh is infheidhme i gcás go bhfuil ag cliseadh ar eintiteas nó gur dócha go gclisfidh air - Scéim réitigh i leith Banco Popular Español arna ghlacadh ag BRA - Tarmligean na cumhachta - Ceart chun éisteacht a fháil - Ceart chun maoine - Oibleagáid cúiseanna a thabhairt - Airteagail 14, 18 agus 20 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014)

    (2022/C 294/27)

    Teanga an cháis: an Spáinnis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Aeris Invest Sàrl (Lucsamburg, Lucsamburg) (ionadaithe: M. Roca Junyent, R. Vallina Hoset, G. Serrano Fenollosa, E. Galán Burgos agus M. Varela Suárez, Dlíodóirí)

    Cosantóirí: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Flynn agus A. Steiblytė, i gcáil Gníomhairí), an Bord Réitigh Aonair (ionadaithe: J. King agus M. Fernández Rupérez, i gcáil Gníomhairí, agus cúnamh acu ó B. Meyring, S. Schelo, F. Fernández de Trocóniz Robles, T. Klupsch agus S. Ianc, Dlíodóirí)

    Idiragraithe, mar thaca leis na cosantóirí: Ríocht na Spáinne (ionadaithe: L. Aguilera Ruiz agus J. Rodríguez de la Rúa Puig, i gcáil Gníomhairí), Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: P. López Carceller, M. Martínez Iglesias, L. Visaggio, J. Etienne, M. Menegatti agus M. Sammut, i gcáil Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. de Gregorio Merino, J. Bauerschmidt, H. Marcos Fraile agus A. Westerhof Löfflerová, i gcáil Gníomhairí), Banco Santander, SA (Santander, an Spáinn) (ionadaithe: J. Rodríguez Cárcamo, A. Rodríguez Conde, D. Sarmiento Ramírez Escudero agus J. Remón Peñalver, Dlíodóirí)

    Maidir le:

    Iarraidh bunaithe ar Airteagal 263 CFAE go gcuirfear, de pháirt amháin, Cinneadh SRB/EES/2017/08 de Sheisiún Feidhmiúcháin BRA an 7 Meitheamh 2017, maidir le scéim réitigh le haghaidh Banco Popular Español, SA a ghlacadh, agus, den pháirt eile, Cinneadh (AE) 2017/1246 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2017 lena bhformhuinítear an scéim réitigh le haghaidh Banco Popular Español, SA (IO 2017, L 178, lch. 15) ar neamhní.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don chaingean.

    2)

    Ordaítear do Aeris Invest Sàrl a chostais féin a ioc chomh maith le costais an Choimisiúin Eorpaigh, an Bhoird Réitigh Aonair agus Banco Santander, SA.

    3)

    Ordaítear do Ríocht na Spáinne, Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh a gcostais féin a íoc.


    (1)  IO C 374, 6.11.2017.


    Top