This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62017TA0570
Case T-570/17: Judgment of the General Court of 1 June 2022 — Algebris (UK) and Anchorage Capital Group v Commission (Economic and monetary union — Banking Union — Single Resolution Mechanism for credit institutions and certain investment firms (SRM) — Resolution procedure applicable where an entity is failing or is likely to fail — Adoption by the SRB of a resolution scheme in respect of Banco Popular Español — Delegation of power — Obligation to state reasons — Principle of good administration — Article 20 of Regulation (EU) No 806/2014 — Right to be heard — Right to property)
Cás T-570/17: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Meitheamh 2022 – Algebris (UK) agus Anchorage Capital Group v an Coimisiún (Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – Aontas baincéireachta – Sásra Réitigh Aonair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe (SRA) – Nós imeachta réitigh is infheidhme i gcás go bhfuil ag cliseadh ar eintiteas nó gur dócha go gclisfidh air – Scéim réitigh le haghaidh Banco Popular Español arna ghlacadh ag BRA – Tarmligean na cumhachta – Oibleagáid cúiseanna a thabhairt – Prionsabal an dea-riaracháin – Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 – Ceart chun éisteacht a fháil – Ceart chun maoine)

IO C 294, 1.8.2022, p. 19–19
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
1.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 294/19 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Meitheamh 2022 – Algebris (UK) agus Anchorage Capital Group v an Coimisiún
(Cás T-570/17) (1)
(Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta - Aontas baincéireachta - Sásra Réitigh Aonair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe (SRA) - Nós imeachta réitigh is infheidhme i gcás go bhfuil ag cliseadh ar eintiteas nó gur dócha go gclisfidh air - Scéim réitigh le haghaidh Banco Popular Español arna ghlacadh ag BRA - Tarmligean na cumhachta - Oibleagáid cúiseanna a thabhairt - Prionsabal an dea-riaracháin - Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 - Ceart chun éisteacht a fháil - Ceart chun maoine)
(2022/C 294/26)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Algebris (UK) Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe), Anchorage Capital Group LLC (Nua-Eabhrac, Nua-Eabhrac, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: T. Soames, N. Chesaites, Dlíodóirí agus R. East, Solicitor)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Flynn agus A. Steiblytė, i gcáil Gníomhairí)
Idiragraithe, mar thaca leis an gcosantóir: An Bord Réitigh Aonair (ionadaithe: J. King agus M. Fernández Rupérez, i gcáil Gníomhairí agus cúnamh acu ó B. Meyring, S. Schelo, F. Fernández de Trocóniz Robles, T. Klupsch agus S. Ianc, Dlíodóirí), Banco Santander, SA (Santander, an Spáinn) (ionadaithe: J. Rodríguez Cárcamo, A. Rodríguez Conde, D. Sarmiento Ramírez-Escudero, Dlíodóirí, agus G. Cahill, Barrister)
Ábhar
Iarraidh bunaithe ar Airteagal 263 CFAE ag iarraidh go ndéanfaí Cinneadh (AE) 2017/1246 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2017 lena bhformhuinítear an scéim réitigh le haghaidh Banco Popular Español, SA (IO 2017, L 178, lch. 15) a neamhniú.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do Algebris (UK) Ltd agus Anchorage Capital Group LLC a gcostais féin a íoc chomh maith le costais an Choimisiúin Eorpaigh agus Banco Santander, SA. |
3) |
Ordaítear don Bhord Réitigh Aonair a chostais féin a íoc. |