EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0055

Cás C-55/21: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 9 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad – an Bhulgáir) – Direktor na Agentsia “Mitnitsi” v “IMPERIAL TOBACCO BULGARIA” EOOD (Tarchur chun réamhrialú – Cánachas – Dleachtanna máil – Treoir 2008/118/CE – Airteagal 11 – Aisíoc na ndleachtanna máil is infheidhme ar earraí máil a scaoileadh lena dtomhailt – Treoir 2011/64/AE – Airteagal 17(1)(b) – Aisíocaíocht na dleachta máil a íocadh cheana, trí bhíthin marcálacha cánach, arna ngreamú de thobac monaraithe arna scriosadh faoi mhaoirseacht riaracháin – Oibleagáid na mBallstát rialacháin a ghlacadh lena bhforáiltear d’aisíoc dleachtanna máil ar thobac monaraithe a scaoiltear lena thomhailt agus a scriostar faoi mhaoirseacht chustaim – Neamhláithreacht)

IO C 294, 1.8.2022, p. 10–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

1.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 294/10


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 9 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad – an Bhulgáir) – Direktor na Agentsia “Mitnitsi” v “IMPERIAL TOBACCO BULGARIA” EOOD

(Cás C-55/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Cánachas - Dleachtanna máil - Treoir 2008/118/CE - Airteagal 11 - Aisíoc na ndleachtanna máil is infheidhme ar earraí máil a scaoileadh lena dtomhailt - Treoir 2011/64/AE - Airteagal 17(1)(b) - Aisíocaíocht na dleachta máil a íocadh cheana, trí bhíthin marcálacha cánach, arna ngreamú de thobac monaraithe arna scriosadh faoi mhaoirseacht riaracháin - Oibleagáid na mBallstát rialacháin a ghlacadh lena bhforáiltear d’aisíoc dleachtanna máil ar thobac monaraithe a scaoiltear lena thomhailt agus a scriostar faoi mhaoirseacht chustaim - Neamhláithreacht)

(2022/C 294/12)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Varhoven administrativen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Direktor na Agentsia “Mitnitsi”

Cosantóir:“IMPERIAL TOBACCO BULGARIA” EOOD

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 11 de Threoir 2008/118/CE ón gComhairle, an 16 Nollaig 2008, maidir leis na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil agus lena n-aisghairtear Treoir 92/12/CEE, agus Airteagal 17(1)(b) de Threoir 2011/64/AE ón gComhairle, an 21 Meitheamh 2011, maidir le struchtúr agus rátaí na ndleachtanna máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac monaraithe, a léirmhíniú sa chiall nach gceanglaítear leis na forálacha sin ar Bhallstáit foráil a dhéanamh maidir le dleacht máil ar earraí atá faoi réir dleachta máil a aisíoc, lena n-áirítear tobac monaraithe, atá scriosta faoi mhaoirseacht chustaim, a scaoileadh cheana lena thomhailt.


(1)  IO C 128, 12.04.2021


Top