This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62019CA0697
Case C-697/19 P: Judgment of the Court (Fourth Chamber) of 16 June 2022 — Sony Corporation, Sony Electronics Inc. v European Commission (Appeal — Competition — Agreements, decisions and concerted practices — Optical disk drives — Decision finding an infringement of Article 101 TFEU and Article 53 of the Agreement on the European Economic Area of 2 May 1992 — Single and continuous infringement — Definition — Collusive agreements relating to procurement events concerning optical disk drives for notebook and desktop computers organised by two computer manufacturers)
Cás C-697/19 P: Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 16 Meitheamh 2022 – Sony Corporation, Sony Electronics, Inc v an Coimisiún Eorpach (Achomharc – Iomaíocht – Cairtéil – Tiomántáin dioscaí optúla – Cinneadh lena gcinntear go raibh sárú ar Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch an 2 Bealtaine 1992 – Sárú aonair agus leanúnach – Coincheap – Comhaontuithe claonpháirteacha a bhaineann le glaonna ar thairiscintí maidir le tiomántáin dioscaí optúla do ríomhairí glúine agus ríomhairí deisce arna n-eagrú ag dhá mhonaróir ríomhairí)
Cás C-697/19 P: Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 16 Meitheamh 2022 – Sony Corporation, Sony Electronics, Inc v an Coimisiún Eorpach (Achomharc – Iomaíocht – Cairtéil – Tiomántáin dioscaí optúla – Cinneadh lena gcinntear go raibh sárú ar Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch an 2 Bealtaine 1992 – Sárú aonair agus leanúnach – Coincheap – Comhaontuithe claonpháirteacha a bhaineann le glaonna ar thairiscintí maidir le tiomántáin dioscaí optúla do ríomhairí glúine agus ríomhairí deisce arna n-eagrú ag dhá mhonaróir ríomhairí)
IO C 294, 1.8.2022, p. 2–3
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
1.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 294/2 |
Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 16 Meitheamh 2022 – Sony Corporation, Sony Electronics, Inc v an Coimisiún Eorpach
(Cás C-697/19 P) (1)
(Achomharc - Iomaíocht - Cairtéil - Tiomántáin dioscaí optúla - Cinneadh lena gcinntear go raibh sárú ar Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch an 2 Bealtaine 1992 - Sárú aonair agus leanúnach - Coincheap - Comhaontuithe claonpháirteacha a bhaineann le glaonna ar thairiscintí maidir le tiomántáin dioscaí optúla do ríomhairí glúine agus ríomhairí deisce arna n-eagrú ag dhá mhonaróir ríomhairí)
(2022/C 294/03)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Sony Corporation, Sony Electronics, Inc (ionadaithe: E. Kelly, N. Levy agus R. Snelders, Dlíodóirí)
Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Dawes, M. Farley, F. van Schaik agus L. Wildpanner, i gcáil Gníomhairí)
An chuid oibríochtúil
1) |
Cuirtear breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 12 Iúil 2019, Sony agus Sony Electronics v an Coimisiún (T-762/15, EU:T:2019:515) ar neamhní. |
2) |
Cuirtear Airteagal 1(f) de Chinneadh C(2015) 7135 final ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2015 a bhaineann le himeacht de bhun Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE (cás AT.39639 — Tiomántáin dioscaí optúla) ar neamhní a mhéid a chinntear leis gur sháraigh Sony Corporation agus Sony Electronics Inc. Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch an 2 Bealtaine 1992 trí sáruithe éagsúla ar leithligh a dhéanamh ón 23 Lúnasa 2004 go dtí an 15 Meán Fómhair 2006. |
3) |
Diúltaítear don achomharc maidir leis an gcuid eile de. |
4) |
Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin a bhaineann leis na himeachtaí ag an gcéad chéim agus leis na himeachtaí achomhairc araon a íoc, agus na costais uile a thabhaigh Sony Corporation agus Sony Electronics Inc. san achomharc seo agus leath na gcostas a thabhaigh siad ag an gcéad chéim a íoc. |
5) |
Ordaítear do Sony Corporation agus Sony Electronics Inc. leath dá gcostais féin a bhaineann leis na himeachtaí ag an gcéad chéim a íoc. |