Agħżel il-karatteristiċi sperimentali li tixtieq tipprova

Dan id-dokument hu mislut mis-sit web tal-EUR-Lex

Dokument 62022TN0349

    Cás T-349/22: Caingean arna tabhairt an 10 Meitheamh 2022 – Hacker-Pschorr Bräu v EUIPO – Vandělíková (HACKER SPACE)

    IO C 284, 25.7.2022, p. 59–60 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 284, 25.7.2022, p. 58–59 (GA)

    25.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 284/58


    Caingean arna tabhairt an 10 Meitheamh 2022 – Hacker-Pschorr Bräu v EUIPO – Vandělíková (HACKER SPACE)

    (Cás T-349/22)

    (2022/C 284/80)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Hacker-Pschorr Bräu GmbH (München, an Ghearmáin) (ionadaithe: C. Tenkhoff agus T. Herzog, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Jana Vandělíková (Prág, Poblacht na Seice)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

    Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “HACKER SPACE” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 144 157

    Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

    Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 1 Aibreán 2022 i gCás R 1268/2021-1

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

    a ordú do EUIPO na costais a íoc.

    Saincheisteanna dlí arna maíomh

    Sárú ar Airteagal 47(5) agus Airteagal 46 i gcomhar le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa;

    Sárú ar Airteagal 2(c) agus 7(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún;

    Sárú ar phrionsabal na córa comhionainne agus ar an dea-riaracháin, lena n-áirítear an prionsabal maidir le gontacht nós imeachta, agus ar Airteagal 41(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.


    Fuq