Válassza ki azokat a kísérleti funkciókat, amelyeket ki szeretne próbálni

Ez a dokumentum az EUR-Lex webhelyről származik.

Dokumentum 62022TN0343

    Cás T-343/22: Caingean arna tabhairt an 9 Meitheamh 2022 – Mozelsio v an Coimisiún

    IO C 284, 25.7.2022., 58—59. o. (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 284, 25.7.2022., 57—58. o. (GA)

    25.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 284/57


    Caingean arna tabhairt an 9 Meitheamh 2022 – Mozelsio v an Coimisiún

    (Cás T-343/22)

    (2022/C 284/79)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Muriel Mozelsio (Enghien, an Bheilg) (ionadaithe:: D. Grisay agus A. Ansay, Dlíodóirí)

    Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    an t-iarratas seo maidir le cealú/ dliteanas seach-chonarthach/ measúnú teagmhasach ar bhailíochta a ghlacadh;

    a dhearbhú go bhfuil sé inghlactha agus, uime sin,

    go príomha

    a dhearbhú go bhfuil an chaingean le haghaidh neamhniú inghlactha ó tharla nár seoladh doiciméad lena gcruthaítear go bhfuil cearta chun aisíocaíochta ag an iarratasóir, doiciméad lena bhféadfaí gearán a dhéanamh;

    cinneadh ón gCoimisiún an 11 Márta 2022 a chur ar neamhní;

    an comhad a tharchur chuig AHCC ionas go socródh sé an suim le haisíoc don iarratasóir;

    mar mhalairt rogha

    a dhearbhú nach bhfuil bunús leis an gcaingean le haghaidh cúitimh mar gheall ar shaibhriú éagórach;

    a ordú don Choimisiún an méid ar chaill an t-iarratasóir a chúiteamh, méid arna measúnú ag dáta an iarratais seo a chomhdaithe ag EUR 15 051,38 i gcaipiteal;

    mar phointe is tánaistí

    a iarraidh ar an gCoimisiún a mhodh ríofa agus cuir i bhfeidhm sa chás seo a shoiléiriú;

    a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

    Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

    1.

    An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil Airteagal 77(1) agus Airteagal 11(2) d’Iarscríbhinn VII den Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“an rialachán”) neamhdhleathach. Chun teacht le neamhdhleathacht na bhforálacha thuasluaite, áitíonn an t-iarratasóir nach mór d’oifigeach nó do ghníomhaire a bheith in ann rogha fheasach a dhéanamh maidir lena chuid cearta pinsin náisiúnta a aistriú go córas na hEorpa agus a phinsean á thógáil aige agus ní roimhe sin. Tá éagsúlacht sa bhealach a gcaitear le hoifigeach ar chaith a ghairm ar fad sa chóras Eorpach nó oifigeach a tháinig i mbun gairme sna hinstitiúidí Eorpacha gan a chuid chearta a fhuair sé cheana féin i gcóras pinsin Ballstáit a aistriú faoi mar a chuirtear an riail i bhfeidhm i láthair na huaire. Mar sin, tá an t-iarratasóir den tuairim go bhfuil prionsabal an neamh-idirdhealaithe á shárú, rud a fhágfadh go bhfuil na forálacha atá faoi chonspóid neamhdhleathach.

    2.

    An dara saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil an dualgas cúraim atá ann i leith leas na foirne agus an dualgas cúnaimh dá dtagraítear in Airteagal 24 den rialachán á sárú. Agraíonn an t-iarratasóir nár tugadh aon tábla dó lena soiléirítear go ndlitear di a gcomhionann achtúireach neamhlaghdaithe de na suimeanna arna n-íoc isteach ina córas náisiúnta bunaidh nár cláraíodh i gcóras pinsin an Aontais a aisíoc di agus a chuid cearta pinsin á n-aistriú.

    3.

    An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil prionsabal na córa comhionainne agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe á sárú. Dar leis an iarratasóir, tá prionsabal na córa comhionainne á shárú agus idirdhealú gan údar á dhéanamh ó tharla go n-aisíoctar d’oifigigh áirithe agus a gcuid cearta pinsin á n-aistriú agus nach n-aisíoctar oifigigh eile.

    4.

    An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gurb ann do shaibhriú éagórach chun dochar an iarratasóra. Áitíonn an t-iarratasóir nach ndearnadh breis agus a chomhionann achtúireach den mhéid nach gcuirtear san áireamh agus an bónas sinsearachta a aisíoc ar aistriú a gcuid cearta náisiúnta go córas pinsin de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh.


    Az oldal tetejére