Válassza ki azokat a kísérleti funkciókat, amelyeket ki szeretne próbálni

Ez a dokumentum az EUR-Lex webhelyről származik.

Dokumentum 62021TB0676

    Cás T-676/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 10 Bealtaine 2022 – Target Brands v EUIPO – The a.r.t. company b&s (art class) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Tarraingt siar an fhreasúra – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

    IO C 284, 25.7.2022., 41—41. o. (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 284, 25.7.2022., 40—40. o. (GA)

    25.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 284/40


    Ordú na Cúirte Ginearálta an 10 Bealtaine 2022 – Target Brands v EUIPO – The a.r.t. company b&s (art class)

    (Cás T-676/21) (1)

    (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Tarraingt siar an fhreasúra - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

    (2022/C 284/55)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Target Brands, Inc. (Minneapolis, Minnesota, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: R. Kunze, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Śliwińska agus D. Gája, Gníomhairí)

    Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: The a.r.t. company b&s, SA (Quel, an Spáinn)

    Maidir le:

    Caingean arna tabhairt i gcoinne an chinnidh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 9 Lúnasa 2021 (Cás R 1596/2019-5), maidir le himeachtaí freasúra idir The a.r.t. company b&s agus Target Brands.

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Ní gá breith a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh.

    2.

    Ordaítear do Target Brands, Inc. na costais a íoc.


    (1)  IO C 502 an 13.12.2021.


    Az oldal tetejére