Dan id-dokument hu mislut mis-sit web tal-EUR-Lex
Dokument 62020TA0723
Case T-723/20: Judgment of the General Court of 1 June 2022 — Prigozhin v Council (Common foreign and security policy — Restrictive measures taken in view of the situation in Libya — Freezing of funds — List of persons and entities subject to the freezing of funds and economic resources — Restrictions on entry into and transit through the territory of the European Union — List of persons subject to restrictions on entry into and transit through the territory of the European Union — Initial inclusion and maintenance of the applicant’s name on the lists of persons concerned — Obligation to state reasons — Errors of assessment — Rights of the defence — Proportionality — Foreseeability of acts of the European Union)
Cás T-723/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Meitheamh 2022 – Prigozhin v an Chomhairle (An comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa Libia – Cistí a reo – Liosta de dhaoine agus d’eintitis lena mbaineann reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha – Srianta maidir le teacht isteach ar chríoch an Aontais Eorpaigh nó idirthuras a dhéanamh tríd – Liosta de dhaoine atá faoi réir srianta maidir le teacht isteach ar chríoch an Aontais Eorpaigh nó idirthuras a dhéanamh tríd – Cead liostú agus coinneáil ainm an iarratasóra ar liostaí na ndaoine lena mbaineann – Oibleagáid cúiseanna a lua – Earráidí measúnaithe – Cearta cosanta – Comhréireacht – Intuarthacht na ngníomhartha de chuid an Aontais Eorpaigh)
Cás T-723/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Meitheamh 2022 – Prigozhin v an Chomhairle (An comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa Libia – Cistí a reo – Liosta de dhaoine agus d’eintitis lena mbaineann reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha – Srianta maidir le teacht isteach ar chríoch an Aontais Eorpaigh nó idirthuras a dhéanamh tríd – Liosta de dhaoine atá faoi réir srianta maidir le teacht isteach ar chríoch an Aontais Eorpaigh nó idirthuras a dhéanamh tríd – Cead liostú agus coinneáil ainm an iarratasóra ar liostaí na ndaoine lena mbaineann – Oibleagáid cúiseanna a lua – Earráidí measúnaithe – Cearta cosanta – Comhréireacht – Intuarthacht na ngníomhartha de chuid an Aontais Eorpaigh)
IO C 284, 25.7.2022, p. 28–28
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/28 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Meitheamh 2022 – Prigozhin v an Chomhairle
(Cás T-723/20) (1)
(An comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa Libia - Cistí a reo - Liosta de dhaoine agus d’eintitis lena mbaineann reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha - Srianta maidir le teacht isteach ar chríoch an Aontais Eorpaigh nó idirthuras a dhéanamh tríd - Liosta de dhaoine atá faoi réir srianta maidir le teacht isteach ar chríoch an Aontais Eorpaigh nó idirthuras a dhéanamh tríd - Cead liostú agus coinneáil ainm an iarratasóra ar liostaí na ndaoine lena mbaineann - Oibleagáid cúiseanna a lua - Earráidí measúnaithe - Cearta cosanta - Comhréireacht - Intuarthacht na ngníomhartha de chuid an Aontais Eorpaigh)
(2022/C 284/34)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Yevgeniy Viktorovich Prigozhin (Cathair Pheadair, an Rúis) (ionadaí: M. Cessieux, Dlíodóir)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M.C. Cadilhac agus V. Piessevaux, i gcáil Gníomhairí)
Maidir le:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, Yevgeniy Viktorovich Prigozhin, Rúiseach, go ndéanfar, ar an gcéad dul síos, Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/1483 ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2020 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia (IO 2020 L 341, lch. 16) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1481 ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia (IO 2020 L 341, lch. 7), a mhéid is go bhfuil an t-iarratasóir ar áireamh sna liostaí de dhaoine agus eintitis in Iarscríbhinn II agus IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (IO 2015 L 206, lch. 34), agus in Iarscríbhinn III de Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (IO 2016 L 12, lch. 1) (“na liostaí atá i gceist”) agus, ar an dara dul síos, tar éis an t-iarratas a mhodhnú, Cinneadh (CBES) 2021/1251 ón gComhairle an 29 Iúil 2021 lena leasaítear Cinneadh 2015/1333 (IO 2021 L 272, lch. 71) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1241 an 29 Iúil 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 (IO 2021 L 272, lch. 1), sa mhéid gur coinníodh a ainm ar na liostaí atá i gceist, a neamhniú.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don achomharc. |
2) |
Iocfaidh Yevgeniy Viktorovich Prigozhin as na costais. |