EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0327

Cás T-327/22: Caingean arna tabhairt an 31 Bealtaine 2022 – PS v SEGS

IO C 284, 25.7.2022, p. 53–53 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 284, 25.7.2022, p. 52–52 (GA)

25.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 284/52


Caingean arna tabhairt an 31 Bealtaine 2022 – PS v SEGS

(Cás T-327/22)

(2022/C 284/73)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: PS (ionadaithe: S. Rodrigues agus A. Champetier, Dlíodóirí)

Cosantóir: An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh an 23 Iúil 2021 ón gCosantóir lena mbunaítear aguisín le conradh an Iarratasóra agus trína modhnaíodh a áit fostaíochta ó Washington go dtí an Bhruiséil amhail an 1 Meán Fómhair 2021 a chur ar neamhní agus, a mhéid is gá, Cinneadh an 22 Feabhra 2022 ón gCosantóir, ag diúltú do ghearán an Iarratasóra a comhdaíodh an 20 Deireadh Fómhair 2021, faoi Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne an Aontais a chur ar neamhní;

a ordú go ndéanfar na costais go léir a thabhaigh dlíodóirí an Iarratasóra maidir leis an achomharc a aisíoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Chun tacú leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal chun leas na seirbhíse

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal sannachán do phost coibhéiseach.


Top