Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0325

    Cás T-325/22: Caingean arna tabhairt an 30 Bealtaine 2022 – Nurel v EUIPO – FKuR Property (Terylene)

    IO C 284, 25.7.2022, p. 52–53 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 284, 25.7.2022, p. 51–52 (GA)

    25.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 284/51


    Caingean arna tabhairt an 30 Bealtaine 2022 – Nurel v EUIPO – FKuR Property (Terylene)

    (Cás T-325/22)

    (2022/C 284/72)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Nurel, SA (Zaragoza, an Spáinn) (ionadaithe: M. Anadón Giménez agus J. Learte Álvarez, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: FKuR Property GmbH (Willich, an Ghearmáin)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

    Trádmharc faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc Terylene de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 088 348

    Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

    Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 30 Márta 2022 sa Chás R 1544/2021 – 4

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

    a ordú do EUIPO na costais a íoc, lena n-áirítear na costais arna dtabhú sna himeachtaí achomhairc.

    Saincheist dlí

    Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

    Níor cheart don chruthúnas maidir le húsáid arna thíolacadh ag an gcéile comhraic le linn na n-imeachtaí achomhairc a bheith glactha riamh agus, uime sin, ba cheart don chruthúnas arna thíolacadh le linn na n-imeachtaí freasúra agus an cruthúnas sin amháin a bheith curtha san áireamh sa chinneadh atá faoi chonspóid;

    Ní leor an cruthúnas arna thíolacadh ag an gcéile comhraic maidir le fíorúsáid na n-earraí “plaistigh neamhphróiseáilte” in Aicme 1 a bhí ann roimhe sin a chruthú, ar a mbunaítear an freasúra agus ba cheart don fhreasúra a bheith diúltaithe le linn na n-imeachtaí freasúra, uime sin.


    Top