Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0279

    Cás T-279/22: Caingean arna tabhairt an 17 Bealtaine 2022 – Biogen Netherlands v an Coimisiún

    IO C 284, 25.7.2022, p. 45–45 (GA)
    IO C 284, 25.7.2022, p. 46–46 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    25.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 284/45


    Caingean arna tabhairt an 17 Bealtaine 2022 – Biogen Netherlands v an Coimisiún

    (Cás T-279/22)

    (2022/C 284/63)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Biogen Netherlands BV (Badhoevedorp, an Ísiltír) (ionadaí: C. Schoonderbeek, Dlíodóir)

    Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 13 Bealtaine 2022 C(2022)3253 (final) lena ndeonaítear údarú margaíochta faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (1)“[d’]f[h]úmaráit démheitil Mylan – fúmáráit dé-mheitil”, ar táirge íocshláinte lena n úsáid ag an duine í; agus

    a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

    Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

    1.

    An chéad saincheist dlí lena n éilítear gur mainníodh córas na Treorach 2001/83/CE (2) i ndáil leis na rialacha maidir le cosaint rialála sonraí, lena n áirítear Airteagal 6(1) den Treoir sin agus na oibleagáidí atá ag iarratasóirí ar údaruithe margaíochta do tháirgí íocshláinte cineálach faoi Airteagal 10(1) den Treoir sin a chomhlíonadh.

    2.

    An dara saincheist dlí lena n éilítear gur mainníodh iarmhairtí Tuairim an Choiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine an 11 Samhain 2021 a aithint maidir le cibé an bhfuil tús inchurtha ag an táirge íocsláinte Fumaderm le húdarú idirnáisiúnta margaíochta don táirge íocsláinte Tecfidera i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 6(1) de Threoir 2001/83/CE.


    (1)  Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1).

    (2)  Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte le húsáid ag an duine (IO 2001 L 311, lch. 67).


    Top