Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0435

    Cás T-435/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Bealtaine 2022 – TK v an Coimisiún (Seirbhís Shibhialta – Oifigigh – Ardú céime – Cleachtadh um ardú céime 2020 – Cinneadh gan ardú céime a thabhairt don iarratasóir go grád AD 15 – Comparáid idir tuillteanais – Cóir chomhionann – Earráid fhollasach mheasúnaithe – Oibleagáid cúiseanna a lua)

    IO C 284, 25.7.2022, p. 31–31 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    25.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 284/31


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Bealtaine 2022 – TK v an Coimisiún

    (Cás T-435/21) (1)

    (Seirbhís Shibhialta - Oifigigh - Ardú céime - Cleachtadh um ardú céime 2020 - Cinneadh gan ardú céime a thabhairt don iarratasóir go grád AD 15 - Comparáid idir tuillteanais - Cóir chomhionann - Earráid fhollasach mheasúnaithe - Oibleagáid cúiseanna a lua)

    (2022/C 284/39)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    Páirtithe

    Iarratasóir: TK (ionadaí: S. Orlandi, Dlíodóir)

    Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Brauhoff agus L. Hohenecker, i gcáil Gníomhairí)

    Maidir le:

    Lena chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar, ar an gcéad dul síos, an cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 18 Samhain 2020 gan a ainm a chur ar liosta na n-oifigeach ar tugadh ardú céime go grád AD 15 dóibh faoin gcleachtadh um ardú céime de 2020 agus, ar an dara dul síos, na cinntí chun ardú céime go grád AD 15 a thabhairt d’oifigigh a bhaineann leis an mbaill foirne ardbhainistíochta arna tugadh ardú céime dóibh faoin gcleachtadh um ardú céime de 2020 a chur ar neamhní.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Déantar an chaingean a dhíbhe.

    2.

    Íocfaidh TK agus an Coimisiún Eorpach as a gcostais féin.


    (1)  IO C 349, 30.8.2021.


    Top