Wybierz funkcje eksperymentalne, które chcesz wypróbować

Ten dokument pochodzi ze strony internetowej EUR-Lex

Dokument 62021TA0256

    Cás T-256/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Bealtaine 2022 – Domator24.com Paweł Nowak v EUIPO (Dearadh comhphobail – Imeachtaí neamhbhailíochta – Dearadh Comhphobail cláraithe lena léirítear cathaoir – Dearadh Comhphobail a bhí ann cheana – Fianaise faoin nochtadh – Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 – Foras neamhbhailíochta – Easpa saincháilíochta – Airteagal 25(1)(b) agus Airteagal 6(1)(b) de Rialachán Uimh. 6/2002)

    IO C 284, 25.7.2022, str. 30—30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    25.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 284/30


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Bealtaine 2022 – Domator24.com Paweł Nowak v EUIPO

    (Cás T-256/21) (1)

    (Dearadh comhphobail - Imeachtaí neamhbhailíochta - Dearadh Comhphobail cláraithe lena léirítear cathaoir - Dearadh Comhphobail a bhí ann cheana - Fianaise faoin nochtadh - Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 - Foras neamhbhailíochta - Easpa saincháilíochta - Airteagal 25(1)(b) agus Airteagal 6(1)(b) de Rialachán Uimh. 6/2002)

    (2022/C 284/37)

    Teanga an cháis: an Pholainnis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Domator24.com Paweł Nowak (Zielona Góra, an Pholainn) (ionadaí: T. Gawliczek, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: J. Ivanauskas agus E. Śliwińska, Gníomhairí)

    Páirtithe eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Piotr Siwek (Gdańsk, an Pholainn), Sebastian Didyk (Gdańsk) (ionadaí: W. Gierszewski, Dlíodóir)

    Maidir le:

    Caingean arna tabhairt i gcoinne chinneadh an Tríú Bord Achomhairc de EUIPO an 15 Márta 2021 (Cás R-1275/2020 3), maidir le imeachtaí maidir le neamhbhailíocht idir Piotr Siwek agus Sebastian Didyk i bpáirt, agus i bpáirt eile, Domator24.com Paweł Nowak.

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Diúltaítear don chaingean.

    2.

    Ordaítear do Domator24.com Paweł Nowak na costais a íoc.


    (1)  IO C 278, an 12.7.2021.


    Góra