Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0632

    Cás T-632/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Meitheamh 2022 – OG v AED (“Seirbhís shibhialta – Foireann shealadach – Foireann GEC – Fógra folúntais – Post mar Cheann Aonaid – Iarratas a dhiúltú – An oibleagáid cúiseanna a thabhairt – Cóir chomhionann – Trédhearcacht – Oibiachtúlacht – Prionsabal an dea-riaracháin – Sárú ar an bhfógra folúntais – Earráid fhollasach measúnaithe – Freagracht – Damáiste neamhábhartha”)

    IO C 284, 25.7.2022, p. 27–28 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    25.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 284/27


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Meitheamh 2022 – OG v AED

    (Cás T-632/20) (1)

    (“Seirbhís shibhialta - Foireann shealadach - Foireann GEC - Fógra folúntais - Post mar Cheann Aonaid - Iarratas a dhiúltú - An oibleagáid cúiseanna a thabhairt - Cóir chomhionann - Trédhearcacht - Oibiachtúlacht - Prionsabal an dea-riaracháin - Sárú ar an bhfógra folúntais - Earráid fhollasach measúnaithe - Freagracht - Damáiste neamhábhartha”)

    (2022/C 284/33)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: OG (ionadaithe: S. Pappas agus N. Kyriazopoulou, Dlíodóirí)

    Cosantóir: An Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (ionadaithe: C. Ribeiro, Gníomhaire, le cúnamh ó B. Wägenbaur, Dlíodóir)

    Ábhar

    Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 270 CFAE, iarann an t-iarratasóir go ndeanfar, ar an gcéad dul síos, Cinneadh na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC) an 13 Nollaig 2019 lenar fágadh í as an bpainéal don phost mar Cheann Aonaid an Aonaid um Theicneolaíocht Faisnéise sa Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Comhtháite a chur ar neamhní agus, ar an dara dul síos, cúiteamh as an damáiste a d’fhulaing sí mar thoradh ar an gcinneadh sin.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don chaingean.

    2)

    Ordaítear do OG na costais a íoc.


    (1)  IO C 19, 18.1.2021.


    Top